2021-05-25

Gibran: Lúcháir agus Buairt


 Is é is lúcháir ann ná do bhuairt is an masc bainte di.
An tobar céanna as a n-éiríonn do gháire, nach minic líonta le deora é.
Ní fhéadfadh sé a bheith ar aon slí eile.
Dá dhoimhne a ghearrann an bhuairt sin ionat is ea is mó slí a bheidh ann don lúcháir.
An corn ina mbíonn an fíon agat nach é an corn céanna é a dódh in oigheann an photaire?
Agus an liúit a shuaimhníonn d’anam, nach den adhmad céanna é a ghearr an scian?
Nuair a bhíonn lúcháir ort, breathnaigh go domhain isteach i do chroí agus feicfidh tú gurb é fáth do bhuartha é fáth do lúcháire.
Nuair a bhíonn buairt ort, breathnaigh isteach i do chroí arís, agus feicfidh tú le fírinne gurb é fáth do lúcháire atá á chaoineadh agat.

Deir cuid agaibh, ‘Is mó ná an bhuairt í an lúcháir,’ agus deir a thuilleadh agaibh, ‘Ní hea, is mó í an bhuairt.’
Ach deirimse libh gur doscartha atá siad.
Le chéile a thagann siad, agus má shuíonn ceann acu  leis féin chun boird leat, tá an ceann eile ina luí ar do leaba.

Go deimhin, ar crochadh ar nós scálaí atá tú idir an bhuairt agus an lúcháir.
Ní go dtí go mbíonn tú folamh a bheidh tú socair cothrom.
Nuair a ardóidh an cisteoir thú chun an t-ór is an t-airgead a mheá, ag titim nó ag éirí a bheidh do bhuairt nó do lúcháir.