2022-01-04

Paindéim

Dá samhlófá í
mar a shamhlaíonn na Giúdaigh an tSabóid -
an t-am is beannaithe ar fad.
Éirigh as taisteal a dhéanamh.
Éirigh as díol is ceannach.
Éirigh as bheith ag iarraidh
an domhan a athrú, éirigh as go fóill.
Can. Guigh. Ná teagmhaigh le héinne
ach leo siúd a bhfuil tú tiomanta dóibh.
Socraigh síos id' lár.

Agus nuair a bheidh do cholainn socair,
sín romhat le do chroí.
Tuig go bhfuilimid ceangailte
ar bhealaí atá scanrúil álainn.
(Ba dheacair sin a shéanadh anois).
Is i lámha a chéile
atáimid ar fad.
(Caithfidh gur léir sin faoin dtráth seo).
Ná sín do lámha chugainn.
Sín chugainn do chroí.
Sín chugainn do bhriathra.
Sín chugainn teannóga úd
na hatrua a bhogann, dofheicthe,
agus nach féidir méar a leagan orthu.

Geall do ghrá don domhan seo -
bíodh sé le do leas nó d'aimhleas,
más tinn nó más slán,
fad agus is beo dúinn go léir.


Bunleagan foilsithe i Beshara Magazine