2024-05-03

Tá Gaza gach áit




                   Ranjit Hoskote, file

     Ag caint ag féile ealaíon agus litríochta i nGoa, Feabhra 2024


1.

Iarraim oraibh paidir a rá i mo theanntasa ar son páistí Gaza.
 
Páistí a sléachtadh ag bombardaíocht aeir agus sliogáin airtléire.
 
Páistí a adhlacadh ina mbeatha faoin smionagar ba bhaile dóibh tráth, nó faoi smionagar scoileanna, leabharlann, ospidéal.

Agus sinne bailithe le chéile anseo i dtearmann síochána agus dea-mhéine, tá páistí ag féachaint go heaglach ar na spéartha os cionn Rafah agus a fhios acu go bhfuil fórsaí cinedhíothacha láimh leo. Agus nach bhfuil cabhair ar bith le fáil.
 
Nuair a dhéanfar slad ar pháistí deireanacha Rafah, caillfear todhchaí na Palaistíne ina dteannta.

2.

Ná ceap ar feadh nóiméid go bhfuil Gaza i bhfad uainn. Tá Gaza gach áit. Tá Gaza san aer a análaímid. Tá Gaza inár gcroí inniu, i ndomhan atá idircheangailte ar bhealaí nár shamhlaíomar riamh; is bealaí bagracha go minic iad.
 
Machnaigh ar an méid seo: tá teicneolaíochtaí faireachais a forbraíodh in Iosrael in úsáid san India in aghaidh ghuthanna réasúnta easaontais agus frithbheartaíochta. 
 
Tá dróin a rinneadh san India in úsáid ag Fórsaí Cosanta Iosrael, an IDF, san ionsaí atá á dhéanamh acu ar dhaonra Gaza–leanaí, mná is fir. Tá maoiniú agus soláthar arm á chur ar fáil ag SAM d’Iosrael, ainneoin líon mór saoránach sa dá thír a bheith á cháineadh agus ag cur ina choinne go cróga, daoine a bhfuil brúidiúlacht an fheachtais scriosta seo tar éis uafás a chur orthu. Tá an Ghearmáin ag soláthar arm d’Iosrael agus ag argóint ar a shon; ceapann go leor ball de Pharlaimint na Gearmáine gurb é an bealach is fearr chun leorghníomh a dhéanamh ar an Shoah ná cabhrú agus neartú le Shoah eile, an Nakba.

Is cuma cá bhfuilimid, agus scartha óna chéile i dtéarmaí tíreolaíochta de, ciallaíonn ‘éifeacht an fhéileacáin’ go bhfuil ár gcinniúint dlúthcheangailte lena chéile. Is inmhalartaithe iad paiteolaíochtaí rialaithe, prótacail shrianta, meicníochtaí cos ar bholg agus teicnící díbeartha i nGaza, i gCaismír, i Manipur, i gceantair na dtreibheanna san India atá lán de mhianraí agus i mbruachbhailte Dheilí, áit a bhfuil feirmeoirí tagtha le chéile ag lorg a gcirt, agus sinne ag caint anseo–go hachomair, áit ar bith ar deighilt í an phríomh-pharaidím pholaitiúil, ar leitmóitíf chultúrtha é an díoltas, agus eascairdeas mar phríomhchaidreamh sóisialta. Agus áit ar bith a mbíonn an Führerprinzip, prionsabal an Führer, i réim: “Tagann údarás daingean anuas; tagann umhlaíocht dhaingean aníos.”

3.
Agus sinn ag guí anois go brónach ag an nóiméad dainséarach glórach agus trámatach seo, go stairiúil, ba mhaith liom ceann de na dánta is mó agus is corraithí sa Ghearmáinis a roinnt libh. Scríobhadh Grodek i mí na Samhna 1914 tar éis ceann de na cathanna ab fhuiltí den Chéad Chogadh Domhanda, cath a troideadh i dtús Mheán Fómhair 1914 ar an bhfronta thoir idir an Impireacht Ostra-Ungarách agus Impireacht na Rúise, an Ghailís, tráth, agus ar cuid den Úcráin inniu é, crios cogaíochta agus léirscriosta eile agus cumas an duine á chur amú ann ag foréigean gan chiall.
 
File Ostarach Georg Trakl (1887-1914) a chum Grodek, fear a bhí ina oifigeach leighis san arm Ostra-Ungárach. Ghlac sé páirt sa chath agus bhí sé ina fhinné ar na huafáis go léir. Ina ról oifigiúil, chonaic sé na saighdiúirí leonta ag teacht ó pháirc an áir agus d’fhreastail sé ar na hothair a raibh an-damáiste déanta dóibh. B’éigean dó líon na bhfear a thit a chomhaireamh, fir óga a raibh an saol ar fad fós os a gcomhair, saol nach bhfeicfeadh siad anois go deo.
 
Ba é Grodek an dán deireanach a scríobhfadh Trakl; ba chuid dá mhaoin phearsanta é ar thángthas air dhá mhí tar éis an chatha, scríofa ar chúl a uachta.
 
D’fhéadfá a rá go deimhin gurb é Grodek uacht agus tiomna deiridh an fhile, a oidhreacht ina huaill anama. Go gairid í ndiaidh dó é a chur chuig cara leis agus an pátrún a bhí aige, Ludwig von Ficker, in Vín, mharaigh Trakl é féin: is daor mar a d’íoc sé lena bheatha as a bheith ina fhinné ar uafás doshamhlaithe a thug dúshlán dá íogaireacht, a dhein magadh faoina mhothálacht, agus acmhainní na teanga á síneadh aige chun cur síos air:
*

 


4.
Mar scríbhneoirí, tuigimid an riachtanas a bhaineann le tearmann–an cumas atá againn chun machnamh agus cumadóireacht a dhéanamh, a bheith torthúil; tar éis dúinn a bheith ar gor ar feadh i bhfad. Tá cónaí orainn i ndomhan laistigh dínn féin, ag freagairt don saol lasmuigh dínn agus ag plé leis, ach mar sin féin an saol á choinneáil uainn. Is aoibhinn linn ár n-aonaránacht agus is riachtanas dúinn í chun go mbláthódh ár gcruthaitheacht gan bhac.
 
Cé go bhfuil an méid sin ar fad fíor, tá deacracht ag baint leis an dearcadh sin má théitear rófhada leis, is é sin go bhféadfadh sé iompó ina phríobháideachas a leagann béim ar shábháilteacht in aimsir shuaite, suaimhneachas a sheachnaíonn criticiúlacht–tréith atá riachtanach dár dtasc mar fhinnéithe.

Sin díreach an tasc a chuir Trakl roimhe sa dán Grodek, á chur in iúl ní trí sheanseamsáin ná trí mhanaí simplí, ach tríd an ngreim docht a choinnigh sé ar aird an léitheora–friotal á shuaitheadh aige, íomhánna á mbriseadh is á gcur le chéile arís aige, tírdhreacha rómánsacha na tuaithe á scriosadh agus á salú aige, rogha fhileata a fuair nod ó chnámha agus blaoscanna á réabadh ag urchair, fuil ina locháin, colainneacha stróicthe, ionathar ar fud na háite agus glár faoi bhuataisí–sin agaibh miotas an laochais gan aon bhréag.


Ní thig linn iompó ó mhandáid na criticiúlachta, an dualgas eiticiúil seo atá orainn chun gníomhú go criticiúil, nuair a éilíonn cúinsí práinneacha sa sféar poiblí go n-athróimis cúrsa d’fhonn a bheith gafa sa ghleo ar bhonn práinneach. Ná ceapaimis gur imeallach iad ár nguthanna, nach meánn siad brobh, nach dtugaimid sólás ná misneach ná bealach ar aghaidh dár gcuid léitheoirí.
 
Botún a bheadh ansin. Ní féidir sinn féin a shuaimhniú i miotas bogásach na neamhábharthachta–agus ár n-aidhmeanna proifisiúnta a chur chun cinn ag an am céanna–in áit foirmeacha, ócáidí agus ardáin a lorg chun ár rannpháirtíocht a chur in iúl go slachtmhar agus go práinneach.

Scríbhneoirí is ea sinn atá tiomanta go haireach do bhláthú ár gcuid aistear samhlaíochta féin; ach is saoránaigh chomh maith sinn i náisiún-stát a bhfuil Bunreacht laistiar de agus, níos mó ná sinn, saoránaigh i ndomhan atá idircheangailte (ainneoin nach bhféachann sé mar sin i gcónaí) trí mhontáis de bhuntáistí agus d’easnaimh, de mhalartú agus a mhalairt, preabanna míthaitneamhacha agus iontais ár slánaithe.
Ní féidir an tsaoirse chruthaitheach a shantaímid chomh géar sin mar scríbhneoirí a scaradh ó na saoirsí eile a roinnimid lenár gcomhshaoránaigh, saoirsí a chosnaíonn ár saol, ár saoirse, ár scóip chun ár gcuid aislingí a leanúint–saoirsí is gá a chosaint.

Mar scribhneoirí-shaoránaigh mar sin is é ár ndualgas é seasamh leis an mandáid chun fianaise a thabhairt in aghaidh shaobhadh agus threascairt na saoirse, ár gcuid roghanna agus ár n-indibhidiúlachta ag meicníocht na Cumhachta.


Mar a deir Mir Taqi Mir (1723-1810), mórfhile Urdúise
[Divan-e Panjum: V.1706.5]:

shāʿir ho mat chupke raho ab chup meñ jāneñ jātī haiñ
bāt karo abyāt paṛho kuchh baiteñ ham ko batāte raho

Is file thú, ná bí i do thost, cailltear daoine faoi bhrat an chiúnais.
Labhair amach, aithris cúpla líne dúinn, aithris véarsaí, lean ort ag caint linn.


Is fiú a thabhairt faoi deara go n-úsáidtear an focal Urdúise bait anseo (ón Araibis) chun véarsa nó dán a chur in iúl; ‘baile’ is brí leis go litriúil. Úsáideann Mir faoi dhó anseo é san iolra; d’úsáid sé an fhoirm uasaicmeach de, abyāt, agus gnáthchaint na ndaoine baiten; cuimsíonn sé uasal is íseal, an boc mór agus an ceardaí, iad go léir buailte ag an gcos ar bholg agus an tost éigeantach.

Tá Mír á ra leis féin, trí ghuthanna na n-éisteoirí, gan éirí as dualgas na saorchainte go deo, saorchaint gan eagla, agus daoine ag fáil bháis fad is atá daoine ina dtost–baile a thabhairt dóibh siúd a éistfidh, agus innealra na Cumhachta tar éis a dtearmann sábháilteachta a bhaint díobh agus teifigh déanta díobh, teifigh nach mbaineann le háit ar bith.
 
5.
Fós féin, tá daoine ann agus deir siad nach mbíonn an t-am ceart riamh ann chun dul i ngleic le práinn na huaire; an rud is gá a rá a nochtadh; an fhírinne a chur os comhair na Cumhachta.

Bíonn ceisteanna cigilteacha eitneacha nó comhphobail i gceist. Ní hé seo an t-am ceart. Beidh frithfhreagairt ghéar pholaitiúil ann.

Tá an pobal ina choinne. Ní hé seo an t-am ceart.
 
Tá ceisteanna taidhleoireachta i gceist. Ní hé seo an t-am ceart.
 
Níl bonn sách daingean againn, ní thabharfaidh éinne aird ar bith ar ár n-agóid. Ní hé seo an t-am ceart.

Cathain a thiocfaidh an t-am ceart? Táim ag féachaint ar m’uaireadóir agus deir sé 6:55. Tá sé 6:55 anois. Agus anois, anois, is é anois an t-aon am ceart atá ann, agus a bheidh ann, chun do ghuth a ardú in aghaidh na tíorántachta. Chun ár nguth a ardú, mar is Ilfhóine sinn le chéile, le chéile is Pobal sinn, Tionól is ea sinn, Dlúthpháirtíocht. Chun ár nguth a ardú in aghaidh na tíorántachta. Chun ár nguth a ardú in aghaidh na héagóra. Chun ár nguth a ardú in aghaidh na cinsireachta agus in aghaidh threascairt an easaontais dhaonlathaigh, agus in aghaidh agóid a chur ina tost, agus gach aon chleas agus straitéis a úsáideann an Chumhacht chun srian a chur ar eachtra iontach seo na saoirse ag daoine–srian a chur ar ár gceart chun a bheith fiosrach, ár gcruthaitheacht a aclú; ár n-oscailteacht chun caidrimh nua a dhéanamh a bheadh bunaithe ar ghean, ar mhuinín, ar dhiongbháilteacht eiticiúil agus ar mhisneach; an saincheart atá againn chun níos mó ná leagan amháin den am atá thart a bheith againn agus níos mó ná saghas amháin todhchaí a shamhlú, agus gan a bheith brúite isteach i leagan idé-eolaíoch amháin den stair ná de thodhchaí lárphleanáilte.

Anois an t-am.