2020-01-31

Mantra na Síochána




शान्तिमान्त्रः

ॐ सह नाववतु
सह नौ भुनक्तु
सह वीर्यं करवावहै
तेजस्वि नावधीतमस्तु
मा विद्विषावहै ॥
ॐ शान्तिः शान्तिः शान्तिः ॥
             ~
OM, cosaint chugainn
Cothú chugainn
Ag obair le chéile le fuinneamh is le brí
Ár n-intleacht géar
Gan aon naimhdeas eadrainn
Om, go raibh an tsíocháin ionamsa
An tsíocháin sa dúlra
An tsíocháin sna fórsaí diaga
             ~
oM saha nAvavatu
saha nau bhunaktu
saha vIryaM karavAvahai
tejasvi nAvadhItamastu
mA vidviSAvahai
oM zAntiH zAntiH zAntiH

2020-01-30

Haiku le Issa ón mbliain 1810









gealach na gcoinleach
ag imeacht leis an taoide...
bád beag

.名月は汐に流るる小舟かな
meigetsu ya shio ni nagaruru kobune kana

2020-01-29

Tiziano


lig dom sampla an mhadra a leanúint -
an gadhar loirg dílis -
géim marbh á ghardáil aige
           samhlaigh an ghardáil a dhéanfainn ortsa
           tusa ar tú an bheatha féin


let me emulate the dog -
faithful retriever -
watching over dead game
                 how might I watch over You
                 You who are life itself

2020-01-28

Vincent van Gogh

bláth ag éag
cruinne ag éag
an dtiocfaidh a macasamhail ina n-áit
    blátha eile chun tú a mhaisiú
    cruinne chun dul sa tóir ort


a flower that dies
a universe that dies
will others take their place
             flowers to adorn You
             universes in which to explore You

2020-01-27

Shen Zhou

Shen Zhou: Poet on a Mountaintop


sheasas ar bhuaic an tsléibhe
chuas go dtí an gleann
agus fós go dtí an mhám
                 gan teacht ort aon áit
                 im' chroí istigh a bhís an t-am go léir

I have been to the mountain top
and to the valley
I have gone to the gorge
               nowhere could I find You
               You were within me all along

2020-01-26

scroblachóir

Debiprasad Mukherjee
téann an lá
ar aghaidh is ar aghaidh…
scroblachóir óg
the day
drags on and on…
young scavenger
η μέρα
δεν έχει τέλος…
μικρή ρακοσυλλέκτρια

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2020-01-25

Grá Meirgeach

Brádán gan stad ag titim ar ché seo an gheimhridh,
agus titeann, leis, ar aistir an tsaoil.
Thugas faoi d'ainm a rá os ard ach shlogas é.
Is leasc liom méar a leagan ar nithe
a laghdaíonn de réir a chéile go mbíonn ina mbior,
barr fiailí, guairí na heorna, solas tanaí.
Feicim crann a chruinníonn a chuid nirt go léir díreach chun créachtaí an tsaoil a leigheas.
An lá úd a scoilt stoirm thoirní an talamh,
agus léas caite go tobann ar nithe a bhí folaithe sa dorchadas.


Gu Baokai

Duck Yard Lyricists a dhein an leagan Béarla, Meifu Wang, Michael Soper, Peter Micic & Johan Ramaekers