2019-08-31

Haiku le Issa ón mbliain 1807

Takahashi Shotei (1871 -1945)
chun a mhuineál a thochas
dar leis an bpónaí  . . .
crann plumaí faoi bhláth

.馬の子の襟する梅の咲にけり
uma no ko no eri suru ume no saki ni keri

2019-08-30

Briathra an Bhúda

Atītaṃ nānusocanti,
nappajappanti nāgataṃ,
paccuppannena yāpenti,
tena vaṇṇo pasīdati.

Éist leis an mbun-Pháilis:

http://download.pariyatti.org/dwob/samyutta_nikaya_1_10.mp3
 
Ní chaoineann siad na seanlaethanta,
ní bhíonn siad ag tnúth leis na laethanta a thiocfaidh,
maireann siad san am i láthair,
dá réir sin is suaimhneach dá snua

2019-08-29

Gandhi agus Géarchéim ár Linne

Gníomhaí míorúilteach ab ea Mohandas K. Gandhi (1869 - 1948) a bhfuil comóradh agus ceiliúradh á dhéanamh air i mbliana, 150 bliain ó rugadh é.

Dá mbeadh sé beo inniu, chuirfeadh an nualiobrálachas masmas air. Agus cad faoin teicneolaíocht? An mbeadh Gandhi i gcoinne na bhfón cliste agus an trealaimh eile go léir atá ag daoine a mhaireann sa domhan 'forbartha'?

Déarfainn go mbeadh sé sásta go maith le trealamh dua-sheachanta, trealamh ar bith a dhéanann obair na mban tí níos éasca (nó pé duine atá i mbun ghlanadh an tí!) - an folúsghlantóir, abair. Ach bheadh sé in aghaidh trealamh ar bith a chruthódh dífhostaíocht. Sa tslí sin, Luddach ab ea é.

Samhlaítear masla go minic leis an bhfocal Luddach ach cuimhnigh gur loit na Luddaigh innealra ar an gcúis go raibh jabanna á gcailliúint seachas á gcruthú de dheasca an innealra chéanna.

Ina leabhar Vedic Ecology: Practical Wisdom for Surviving the 21st Century (Novato, California: Mandala, 2002), deir Ranchor Prime linn gur thaitin saol na sráidbhailte go mór le Gandhi, comhar na gcomharsan ach go háirithe, an fhealsúnacht sin a bhí i réim in Éirinn, leis, sa ré réamhthionsclaíoch:
  “Mohandas Gandhi, called by his people Mahatma, which means ‘great soul’, loved India’s villages. He believed that they were the key to its happiness and prosperity. In the face of powerful political and economic forces, he tried courageously to  preserve their simple way of life . . ."

Bheadh alltacht ar Gandhi dá bhfaigheadh sé amach ní hamháin go bhfuil  meath ar chomhar na gcomharsan ach nach bhfuil aithne ag daoine ar a gcomharsana a thuilleadh, go háirithe sna mórchathracha. Bheadh alltacht air dá bhfeicfeadh sé na céadta mílte feirmeoirí san India agus lámh á cur acu ina mbás féin: in áit lotnaidicíd a spraeáil ar a gcuid barr, glacann siad fein an lotnaidicíd mar nach bhfuil ar a gcumas iasachtaí a aisíoc leis an mbanc, nó leis an gcomhlacht eachtrannach a dhíol síolta leo!

Tuigeadh do Gandhi go raibh dóthain acmhainní ann do gach duine - agus dóthain bia - agus gur thosaigh na fadhbanna móra nuair nach rabhamar sásta maireachtáil ar bhonn orgánach, neamhspleách a thuilleadh; ní bheadh aon bhochtaineacht ann dá dtógfadh gach duine againn an méid a bhí riachtanach agus gan dul thairis sin, dar leis.

Chreid Gandhi sa dílárú. Nach aisteach go dtugann an Foclóir Gaeilge-Béarla ar líne an sampla seo den fhocal 'dírlárú' dúinn: decentralisation turned out to be a failure : tharla gur theip ar an dílárú.

Cén fáth nach 'decentralisation turned out to be a success' an sampla a tugadh? Lá de na laethanta seo, caithfear anailís a dhéanamh ar na habairtí samplacha go léir a thugann na foclóirí dúinn, ar eagla go mbeadh teachtaireacht rúnda laistiar díobh!

Ar aon chuma, dá dtabharfadh Gandhi cuairt ar Éirinn inniu, táim cinnte go gcuirfeadh bánú na tuaithe brón agus imní air. Ar nós Tolstoy agus Kropotkin a bhí léite go maith aige, chreid sé nach mbeadh againn in éagmais an díláraithe ach cumhacht níos mó a bheith ag an stát láraithe agus ní hé sin a bhí uaidh ach a mhalairt. Ainrialaí ab ea Gandhi sa mhéid sin.

Meath na Teanga

Chuirfeadh meath na teanga agus meath an chultúir in Éirinn alltacht agus uafás air. Theastaigh ó Gandhi  go mbeadh an India saor ó chuing na Breataine, mar fhórsa polaitíochta, eacnamaíochta agus cultúrtha. Deir Prime:
"He had always said that real independence for India was not just to become free from British rule. It was also to become free of British culture  . . ."

Tá fáil anois ar phóstaeir dhátheangacha a dhéanann ceiliúradh ar Gandhi, haiku le Gabriel Rosenstock maisithe ag an gCaismíreach Masood Hussain:

Haiku Posters by GandhiHaikuPosters



Foilseofar leabhar Rosenstock Walk with Gandhi: Bóthar na Saoirse i mí Dheireadh Fómhair.

2019-08-28

Nick Drake - Bheith mar sin ón dTús ( One of These Things First)

Bheith mar sin ón dTús

D'fhéadfainn bheith im' mhairnéalach, im' chócaire fiú
Im' leannán dílis, nó im' leabhar arú.
D'fhéadfainn bheith i mo chomhartha, d'fhéadfainn bheith im' chlog
Chomh simplí leis an gciteal, nó carraig nár bhog.
D'fhéadfainn bheith
Anseo beo
Ba cheart dom, is d'fhéadfainn
Go deo.
D'fhéadfainn a bheith . . .
Bheith mar sin ón dtús
D'fhéadfainn a bheith . ..
Bheith mar sin ón dtús.

D'fhéadfainn bheith i mo cholún, do dhoras, a stór
D'fhéadfainn bheith in aice leat, le go bhfaighinn níos mó.
D'fhéadfainn bheith im' dhealbh, do chara go héag,
Mo shaol ar fad a chaitheamh leat gan bhréag.
Is bheith le d'ais go brách
Sea d'fhéadfainn, ba cheart dom sea, a ghrá
D'fhéadfainn a bheith . . .
Bheith mar sin ón dtús
D'fhéadfainn a bheith . ..
Bheith mar sin ón dtús.

Sea d'fhéadfainn bheith i m'fheadóg, d'fhéadfainn bheith im' fhliúit,
Im' ghaiscíoch foirtil, seanbhróg, a rún.
D'fhéadfainn bheith i mo chomhartha, d'fhéadfainn bheith im' chlog
Chomh simplí leis an gciteal, nó carraig nár bhog.
Is d'fhéadfainn bheith id' ghaobhar
Ba cheart dom, ba cheart is le faobhar
D'fhéadfainn a bheith . . .
Bheith mar sin ón dtús
D'fhéadfainn a bheith . ..
Bheith mar sin ón dtús.


One of These Things First

I could have been a sailor, could have been a cook
A real live lover, could have been a book.
I could have been a signpost, could have been a clock
As simple as a kettle, steady as a rock.
I could be
Here and now
I would be, I should be
But how?
I could have been
One of these things first
I could have been
One of these things first.

I could have been your pillar, could have been your door
I could have stayed beside you, could have stayed for more.
Could have been your statue, could have been your friend,
A whole long lifetime could have been the end.
I could be yours so true
I would be, I should be through and through
I could have been
One of these things first
I could have been
One of these things first.

I could have been a whistle, could have been a flute
A real live giver, could have been a boot.
I could have been a signpost, could have been a clock
As simple as a kettle, steady as a rock.
I could be even here
I would be, I should be so near
I could have been
One of these things first
I could have been
One of these things first.

2019-08-27

Nick Drake - Crann Torthaí (Fruit Tree)



Crann Torthaí

Crann torthaí 'tá sa cháil
Ní seasmach í
Níl i ndán di bláthú
'Dtí go mbeidh a stoc sa chill.
Fir lán de chlú
Ní thiocfaidh siad ar shlí
Go n-éalóidh am
Ó lá a mbáis faraor.
Dearúdta is tú beo
Beidh cuimhne ort, beagán,
I d'fhothrach breá nua
I stíl ón seana am.

Níl sa saol ach cuimhne
Tharla sé fadó
Amharclann mhór an uaignis
Agus dearmad ar an seó.
Ana éasca
Ligint dó imeacht ar fán
Stopann tú le hiontas
Mar nár cheistigh tú cén fáth.

Slán 'stigh sa bhroinn
Broinn na n-oícheanta síoraí
Faigheann tú sa doircheacht
Solas nach n-imíonn.
Slán insan áit, domhain domhain sa chré
Feicfidh siad fá dheoidh gile do ré.
Dearúdta is tú beo
Beidh cuimhne ort, beagán,
I d'fhothrach breá nua
I stíl ón seana am.

Crann torthaí 'tá sa cháil
Ní seasmach í
Níl i ndán di bláthú
'Dtí go mbeidh a stoc sa chill.
Fir lán de chlú
Ní thiocfaidh siad ar shlí
Go n-éalóidh am
Ó lá a mbáis faraor.
Dearúdta is tú beo
Beidh cuimhne ort, beagán,
I d'fhothrach breá nua
I stíl ón seana am.

Crann, crann torthaí
Níl eolas ort ach ag báisteach is aer.
Ná bí buartha
Feicfidh siad go léir ar ball.

Crann, crann torthaí
Oscail do shúile, bliain eile romhat
Tuigfidh siad
Gach aon ní fút, sea, ar ball.

Fruit Tree

Fame is but a fruit tree
So very unsound.
It can never flourish
'Till its stock is in the ground.
So men of fame
Can never find a way
'Till time has flown
Far from their dying day.
Forgotten while you're here
Remembered for a while
A much updated ruin
From a much outdated style.

Life is but a memory
Happened long ago.
Theatre full of sadness
For a long forgotten show.
Seems so easy
Just to let it go on by
'Till you stop and wonder
Why you never wondered why.


Safe in the womb
Of an everlasting night
You find the darkness can
Give the brightest light.
Safe in your place deep in the earth
That's when they'll know what you were really worth.
Forgotten while you're here
Remembered for a while
A much updated ruin
From a much outdated style.

Fame is but a fruit tree
So very unsound.
It can never flourish
'Till its stock is in the ground.
So men of fame
Can never find a way
'Till time has flown
Far from their dying day.

Fruit tree, fruit tree
No one knows you but the rain and the air.
Don't you worry
They'll stand and stare when you're gone.

Fruit tree, fruit tree
Open your eyes to another year.
They'll all know
That you were here when you're gone.


  
  

2019-08-26

Nick Drake - Deireadh leis an lá (Day is done)

Deireadh leis an lá

Deireadh leis an lá
Grian ag titim amhail bláth
Chomh maith le gach aon ní a bhí láidir tráth -
Deireadh leis an lá.

Deireadh leis an lá
Deireadh leis an rás ní gá a rá
Léim tú isteach róluath, á,
Siar leat arís go tús an rás'.

Deireadh leis an lá, tá an oíche fuar,
Daoine 'g éirí sean monuar
Níl ór ar bith faoi bhun an tuair
Tá an oíche fuar

D'eitil uait an t-éan
Níl aon neach agat faoin spéir
Gan baile agat faoin ngréin
D'eitil uait an t-éan

Tá an cluiche thart
An nuachtán séidte thar an gcúirt
Cailleadh é roimh am i bhfad róluath
Tá an cluiche thart

Cóisir is clabhsúr
Tá tú lán de bhrón is buairt
Ní raibh ann ach am á chur amú
Cóisir is clabhsúr

Deireadh leis an lá
Grian ag titim amhail bláth
Chomh maith le gach aon ní a bhí láidir tráth -
Deireadh leis an lá.

2019-08-25

Dán le Nirendranath Chakravarti

Coimhthíos, agus


[1]
Tá caonach díreach faoi dhromchla an uisce,
is féidir é a fheiscint ach síneadh beagán;
ach ní mian léi síneadh, tá a hamharc curtha aici
sa tóir ar rós dearg.
Bímse ag breathnú, breathnaím ó dhubh go dubh
faoi mar a ghluaiseann an caonach uisce de shíor
mar thnúthán, mar ghrá nach bhfuil ann níos mó.

[2]
An té a bhfuil lann cúig bheangán imithe trí cheartlár a chroí,
an grá is ainm dó.
An té atá iompaithe gorm, mar a bheadh plaic bainte as ag cobra, an grá is ainm dó.
Deireadh mo Mhamó, an té a shracann an ghrian ón spéir
chun lampa a lasadh i mbothán atá faoi bhrón,
an grá is ainm dó.

Nirendranath Chakravarti

2019-08-24

Graifítí an Lae - Bob Marley

b'fhearr bás a fháil ag troid ar son na saoirse ná a bheith i do chime gach lá de do shaol.

Bob Marley

2019-08-22

Haris Vlavianos

NICCOLÒ MACHIAVELLI, 1469–1527

an meatachán thú?
déanfar léirscrios ort.
bíodh eagla orthu romhat

JEAN-JACQUES ROUSSEAU, 1712–1778

tá daoir déanta
ag an tsibhialtacht dínn.
ar ais chun na dufaire!

NOAM CHOMSKY, 1928–

tá gramadach uilíoch
ag an uile theanga.
labhair le do leanaí

2019-08-21

Koichi Okumura

samhradh in yashima - Koichi Okumura
samhradh in yashima...
maolaíonn na giúiseanna
seanbhréantas cró
summer at yashima...
the pines relieve an ancient stench
of gore
simmer it yashima...
fume o the firs owercums
the auncient guff o gore

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
屋島の夏
松は古え
血の気配

Leagan seapáiníse: mariko sumikura

2019-08-20

Ceol na Seacht Seacra

An meafar é Seacht gCatha na Féinne do na Seacht Seacra? Tá rud éigin ag baint le seacht, nach bhfuil, agus beidh orainn ár seacht ndícheall a dhéanamh chun é a oibriú amach! Chualamar trácht ar na seacht saoi, seacht n-iontas an domhain, Seacht dTíolaicí an Spiorad Naoimh agus mar sin de. Seacht lá atá sa tseachtain. Torc allta seacht mbliana d'aois an churadhmhír a d'ith an laoch Cúchulainn!

2019-08-19

Póstaeir Haiku mar Chomóradh ar Gandhi

Haiku Posters by GandhiHaikuPosters

Tá póstaeir dhátheangacha ar fáil anois chun ceiliúradh a dhéanamh ar aspal na heasumhlaíochta sibhialta, Mahatma Gandhi.
150 bliain ó shin a rugadh é.

2019-08-18

Haiku le Issa ón mbliain 1823

leasleanbh...
is leis an eitleog
atá clúdaithe le paistí


.ままつ子やつぎだらけなる凧

mamakko ya tsugi darake naru ikanobori


2019-08-17

Na Dánta Seo

Na dánta seo
is rudaí iad a dheinimse
sa dorchadas
ag síneadh chugatsa
pé thú féinig
agus
an bhfuil tú réidh?

Na briathra seo
is clocha san uisce iad
ar a dteitheadh

Na línte creatlaí seo
géaga baothdhána mo mhianta is mo ghrá iad.

Is strainséir mé
ag foghlaim conas na strainséirí atá timpeall orm
a adhradh

Pé duine atá ionatsa
pé duine a bheidh ionam féin

June Jordan

2019-08-16

2019-08-15

Briathra an Bhúda

Sabbapāpassa akaraṇaṃ,
kusalassa upasampadā,
sacittapariyodapanaṃ --
etaṃ buddhāna sāsanaṃ.

Éist leis an mBun-Pháilis anseo:
http://download.pariyatti.org/dwob/dhammapada_14_183.mp3

An t-olc a sheachaint,
an mhaith a chothú,
agus an aigne a ghlanadh -
teagasc na mBúdaí

2019-08-14

NICK DRAKE: WAY TO BLUE / AN BEALACH GO DTÍ GORM

AN BEALACH GO DTÍ GORM


Nach bhfuil siolla ann a léireodh dom an tslí
Nach bhfuil eolas ann faoin mbealach 'dtí an ghrian
Inis domsa gach aon ní
Léirigh domsa gan imní
Tar is abair liom
An bealach go dtí gorm.

Chonaic tú an tír, maireann sí ar bhríos
Féach an dtuigeann tú an solas ins na crainn
Inis domsa gach aon ní
Léirigh domsa gan imní
Abair liom inniu
An bealach go dtí gorm.

Féach trí am is aimsigh rím
Abair cad tá ann
Beimid ann, sin mar 'bhíonn,
Dóchasach mar dhall

Bhfuil sé ann mar scáil, gach a raibh id' cheann
An bhfuil fód le fáil
Is an oíche ann?
Inis domsa gach aon ní
Léirigh domsa gan imní
Tar is abair liom
An bealach go dtí gorm.


WAY TO BLUE


Don't you have a word to show what may be done
Have you never heard a way to find the sun
Tell me all that you may know
Show me what you have to show
Won't you come and say
If you know the way to blue?

Have you seen the land living by the breeze
Can you understand a light among the trees
Tell me all that you may know
Show me what you have to show
Tell us all today
If you know the way to blue?

Look through time and find your rhyme
Tell us what you find
We will wait at your gate
Hoping like the blind.

Can you now recall all that you have known?
Will you never fall
When the light has flown?
Tell me all that you may know
Show me what you have to show
Won't you come and say
If you know the way to blue?

2019-08-13

NICK DRAKE - CELLO SONG / AMHRÁN NA DORDVEIDHLE

AMHRÁN NA DORDVEIDHLE


Gnúis ait, is na súil'
Mílítheach gan bhréag
Tuigeann tú go rímhaith
Nach bhfuil aon ghá le scaoll
Mar na haislingí 'tháinig is tú óg
Dhein siad cur síos
Ar thír na rós.

Ó nach lag a bhís
Is an oíche-an fhuar
Agus airm na mothúchán
Ag troid monuar
Ach má tá an domhan ag dul sa chré
Tá tusa ag léim suas
ar thonnta geala glé

Déan dearmad ar an saol seo
A bhfuilim ann
Suífead is fanfad
Canfad m'amhrán
Is má fheiceann tú lá éigin mé sa phlód
Tabhair lámh chúnta domsa
Is ardaigh mé ón bhfód.

CELLO SONG


Strange face, with your eyes
So pale and sincere
Underneath you know well
You have nothing to fear
For the dreams that came to you when so young
Told of a life
Where spring is sprung

You would seem so frail
In the cold of the night
When the armies of emotion
Go out to fight
But while the earth sinks to its grave
You sail to the sky
On the crest of a wave

So forget this cruel world
Where I belong
I'll just sit and wait
And sing my song
And if one day you should see me in the crowd
Lend a hand and lift me
To your place in the cloud

2019-08-12

NICK DRAKE: RIVER MAN / FEAR NA hABHANN

FEAR NA hABHANN


Beití ag teacht faoi mo dhéin
is do chuala óna béal
faoi inniu is inné
is duilleoga.

Ní raibh cloiste aici faoin nuacht
ní raibh am aici roghnú
is dul amú
tá sí cróga.

Labhróidh mé le fear na habhann
labhróidh mé amach go lom
mar tá sé in am
do líológa.

Má insíonn sé dom a rún
rún mór na habhann a ritheann fúinn
pléaráca chugainn
roimh theacht an fhómhair.

Beití is í ag guí go tréan
go n-imeoidh an spéir i gcéin
nó fanacht linn
cá bhfios, ar sí

Mar nuair a thit an fhearthainn mhín
'glaoch uirthi arís go binn
chaill sí an phian
ag súil le brí.

Labhróidh mé le fear na habhann
labhróidh mé amach go lom
mar tá sí gann -
an tsaoirse a bhí!

Má insíonn sé dom a rún
rún mór na habhann a ritheann fúinn
is am amú
an scéal dom chroí

Ó - tagaid is imíd
Ó - tagaid is imíd


RIVER MAN


Betty came by on her way
Said she had a word to say
About things today
And fallen leaves.

Said she hadn't heard the news
Hadn't had the time to choose
A way to lose
But she believes.

Going to see the river man
Going to tell him all I can
About the plan
For lilac time.

If he tells me all he knows
About the way his river flows
And all night shows
In summertime.

Betty said she prayed today
For the sky to blow away
Or maybe stay
She wasn't sure.

For when she thought of summer rain
Calling for her mind again
She lost the pain
And stayed for more.

Going to see the river man
Going to tell him all I can
About the ban
On feeling free.

If he tells me all he knows
About the way his river flows
I don't suppose
It's meant for me.

Oh, how they come and go
Oh, how they come and go.

  
  
  

2019-08-11

Smaoineamh an Lae

Saor atá an t-aingeal de bharr a chuid eolais,
saor atá an bhrúid de bharr a chuid aineolais.
Eatarthu streachailt an duine.

2019-08-10

August Sander : Jahrmarkt-Zauberer

things God never imagined
in his case...
carnival magician


nithe nár shamhlaigh Dia riamh
sa chás aige...
draíodóir carnabhail

2019-08-09

Mná Rialta is Manaigh / Nuns & Monks

I.11 — Mutta {v. 11} 

So freed! So thoroughly freed am I! —
from three crooked things set free:
          from mortar, pestle,
          & crooked old husband.
Having uprooted the craving
that leads to becoming,
I'm set free from aging & death.

Nach mé atá saor! Saor go hiomlán!
saor ó thrí rud chama:
              tuairgnín is moirtéal
              is mo shean-chéile cam.
Bhaineas-sa na mianta óna bpréamh
mianta is cúis le teacht chun bheith,
saor atáim ón tseanaois is ón mbás
 

7 — Dhamma {v. 17} 

Wandering for alms —
weak, leaning on a staff,
with trembling limbs —
I fell down right there on the ground.
Seeing the drawbacks of the body,
my mind was then
                             set free.

Ar fán is ag lorg déirce –
lag, cromtha ar bhachall,
mé ar ballchrith –
nár thiteas ansin i mo phleist.
Nuair ba léir dom míbhuntáistí na colainne,
saoradh m’aigne
              fá dheoidh.

 

Vimala: The Former Courtesan 

translated from the Pali by Thanissaro Bhikkhu © 1998


Intoxicated with my complexion
figure, beauty, & fame;
haughty with youth,
          I despised other women.
Adorning this body
embellished to delude foolish men,
I stood at the door to the brothel:
          a hunter with snare laid out.
I showed off my ornaments,
and revealed many a private part.
I worked my manifold magic,
laughing out loud at the crowd.

Today, wrapped in a double cloak,
          my head shaven,
          having wandered for alms,
I sit at the foot of a tree
and attain the state of no-thought.
All ties — human & divine — have been cut.
Having cast off all effluents,
cooled am I,          unbound.

 

Iar-Bhean Luí

Ar meisce ag mo shnua,
ag mo chruth dea-chumtha, m’áilleacht is mo chlú,
mórtas na hóige orm,
       an ghráin agam ar mhná eile.
Mhaisíos an cholainn seo
chun cluain a chur ar amadáin,
Im’ sheasamh i ndoras na drúthlainne:
       Fiagaí is dol.
Léiríos m’ornáidí do chách,
mo sheoda agam á nochtadh.
D’imríos cleasa draíochta ar an domhan,
is mé ag gáire os ard faoin slua.

Inniu, tá clóca dúbailte umam,
       mo cheann bearrtha,
       déirc á lorg agam sna ceithre hairde,
suímse anois faoi chrann
gan smaointe í an staid seo.
Gearradh an uile cheangal – daonna is diaga araon.
Ní theagmhaíonn salachar ar bith liom,
táim úr,         gan chuing.
 

Belatthasisa (Thag 1.16)   {Thag 16}

Just as a fine thoroughbred steed,
with swishing tail & mane
runs with next-to-no effort,
so my days & nights
run with next-to-no effort
now that I've gained a happiness
             not of the flesh.

Faoi mar a rithfeadh each folaíochta
gan dua dá laghad
a ruball is a mhoing á luascadh,
is mar sin a ritheann gan dua
mo chuid laethanta is oícheanta
anois agus an ríméad sin orm
       nach den cholainn é.
 

 Cittaka (Thag 1.22)   {Thag 22}

           Peacocks,
crested, blue, with gorgeous necks,
          cry out
in the Karamvi woods,
thrilled by the cold wind.
They awaken the sleeper
          to meditate.

       Péacóga,
círíneach, gorm, lena bpíb gleoite,
       scairteann amach
sna coillte Karamvi:
is aoibhinn leo an ghaoth fhuar.
dúisíd an codlatán
       chun machnaimh.
 

Sumangala (Thag 1.43)   {Thag 43}


So freed! So freed!
So thoroughly freed am I
from three crooked things:
my sickles, my shovels, my plows.
Even if they were here,
             right here,
I'd be done with them,
             done.
Do jhana, Sumangala.
Do jhana, Sumangala.
Sumangala, stay heedful.

Nach saor atáim! Nach saor!
Saor go hiomlán atáim
ó na nithe cama sin:
an corrán, an tsluasaid, an céachta.
Fiú dá mbeidís anseo,
       díreach anseo,
bheinnse réidh leo,
       réidh.
Do jhana, Sumangala.
Do jhana, Sumangala.
Sumangala, bí aireach.
 

Vappa (Thag 1.61)   {Thag 61}


One who sees
          sees who sees,
          sees who doesn't.
One who doesn't see
             doesn't
          see who sees
          or who doesn't

An té a fheiceann
       feiceann sé cé a fheiceann
       feiceann cé nach bhfeiceann
An té nach bhfeiceann
       ní fheiceann
       an té a fheiceann
       nó nach bhfeiceann

                   

Makala

translated from the Pali by Thanissaro Bhikkhu © 2005


This swarthy woman*
           — crow-like, enormous —
breaking a thigh & then the other
          thigh,
breaking an arm & then the other
                 arm,
cracking open the head,
          like a pot of curds,
she sits with them heaped up beside her.

Whoever, unknowing,
makes acquisitions
           — the fool —
returns over & over
to suffering & stress.
So, discerning,
don't make acquisitions.
          May I never lie
          with my head cracked open
             again.

*[preparing a corpse for cremation]

An bhean chrón seo*
       í ar nós préacháin ollmhóir –
briseann ceathrú is ansin an ceann
                      eile,
géag á briseadh aici is ansin an ceann
                     eile,
an cloigeann á scoilteadh aici,
       mar a bheadh pota grutha ann,
suíonn sí agus iad ina gcarn taobh léi

An té, gan fhios dó féin,
a shantaíonn seilbh ar rud
-     an gamal –
tiocfaidh ar ais arís is arís eile
chuig fulaingt is strus.
Mar sin bí aireach
is ná santaigh seilbh ar aon ní.
       Ní mian liomsa luí ansin arís
       agus mo chloigeann
       pléasctha.


*[corp á ullmhú aici le haghaidh a chréamtha]

2019-08-08

Graifítí an Lae

Creidimse go diongbháilte go bhfuil daoine in ann cinneadh a ghlacadh ar bhonn áitiúil, ar bhonn chomhar na gcomharsan. Ainrialachas an bealach chun é sin a chur i gcrích.

scott crow


2019-08-07

Na Briogáidí Idirnáisiúnta

Nach eol duit cérbh iad?
Nár éist tú, a mhacaoimh an iontais,
Nár éist tú leis na “scéalta”?
Nó an é nár chuala tú
I dtaobh na “mionchathanna” . . .?
Níorbh aon mhionchathanna iad ach éachtaí!
Ó, cén t-eolas atá agatsa ar na hógánaigh úd
A thug aghaidh ar an Spáinn ar an 7ú Samhain?
Calma lúfar a bhíodar.
Tá an Spáinn i mbaol, caithfear í a tharrtháil!
D’imíodar faoi na bratacha seo againne
Is throideadar linn
Gualainn le gualainn
Mar rósanna i ngaotha an áir do thit
Ar ár ndomhan leonta
Ina síolta torthúla ar thalamh a treabhadh go dian.
Nuair a chuala tú:

Jaen, Andujar, Teruel is Belchite.
Guadalajara, Siguenza,
Maidrid, Universitaria,
Casa de Campo agus Brunete…
Nár bhraithis lasracha id’ chuisle?
Is ann a bhí acu an bua, nó is ann
A d’fhágadar i gcró-locháin chuilitheacha
Ar chlaiseanna na gcnoc
Agus ar mhánna sléibhe
Fuil is colainn
Thaelmann is Rakosi,
Lincoln, Garibaldi agus Andre Marty, is Nanetti,
Beimler, is Lukacz, is Togliatti,
Agus Gallo is Hans is Walter
Agus Longo, is Carlos, an Ceannasaí.

Cinnte tá a fhios agat cé hiad!
Nach minic a chanais a ngaisce,
Gan smaoineamh mórán ina thaobh,
An t-amhráinín a deir:
“…An Cúigiú, an Cúigiú, an Cúigiú
An Cúigiú Reisimint,
Faoin gCeannasaí Carlos, is na milicianos ann
Gan eagla!”

An dtuigeann tú anois é?
Is í do mháthair atá á rá leat.
Iad siúd is a thuilleadh nach iad
B’in iad na hIdirnáisiúnaigh.
“Níl síth i ndán dúinn agus a fhios againn
Go bhfuil saoránaigh á ndúnmharú.”
“Ár n-onóir í saoirse na Spáinne
Idirnáisiúnta atá ár gcroí.”


Flor Cernuda - (Transcreated in Irish by Gabriel Rosenstock)

2019-08-06

Haiga le Lidia Rozmus

dúch (sumi) ar pháipéar ríse
2014
oifig inimirce
mo mhéarlorg á fheiscint agam
den chéad uair

2019-08-05

Fritz Eichenberg

Fritz Eichenberg
tá seisean leis
ar an ngannchuid...
mac an duine
he too stands
in the breadline...
impoverished son of man
he stauns i the
breidline an aw...
povereest son o man

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
立ちつづけ
パンの配給
貧しい息子

Leagan Seapáinise: mariko sumikura

2019-08-04

Ito Sozan

Ito Sozan
ón mbáisteach an ceol...
fáinleoga ag éisteacht
sna crainn sailí
it's the rain that's warbling...
swallows listening
among willows
it's the weet thit's jirblin...
swallaes takkin tent
amang the sauchs

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
雨の歌
柳に休み
聴くツバメ

Leagan seapáiníse: mariko sumikura

2019-08-03

Rip Van Winkle

N.C. Wyeth
Dhúisíos
tar éis fiche bliain
is ní raibh aon ní athraithe.
Táim chun an leaba a thabhairt orm féin arís.
Múscail mé nuair a bheidh athrú ann.
Déarfaidh mé leat ansin
conas mar a bhí an saol
sa tslí go dtabharfá rud ar bith
le bheith ar ais ann.

K. Satchidanandan

1992


2019-08-02

traein oíche

gabhann an traein oíche
tríd an mbaile
duilleoga aici á scaipeadh
is mo bhrionglóidí, leis,
an t-iarnród síos

the nicht train
blaws throuch the toon,
skailin leaves,
ma drames an aw,
doon the airn rails

John McDonald