2020-11-30

Solas na Gealaí

 

Nuair a dhúisíos as mo shuan aréir
chonac go raibh an ghealach ina seasamh sa seomra
agus barraí iarainn na fuinneoige
ina luí ar fud an urláir


Mohammed Alvi


2020-11-29

Seanaois

 
Jason Symes

.よるとしや涼しい月も直あきる
yorutoshi ya suzushii tsuki mo sugu akiru

old age -
tired of looking
at the cold moon

 

seanaois -
bréan de bheith ag breathnú
ar an ngealach fhuar

 

Issa (1812)

2020-11-28

D’fhéadfadh focal amháin an aghaidh a ghealadh

D’fhéadfadh focal amháin an aghaidh a ghealadh –
Aghaidh an té a thuigeann luach na mbriathra.
Nuair a aibíonn sé sa chiúnas
Tagann flosc chun saothair ar an mbriathar aonair.

D’fhéadfadh focal amháin deireadh a chur leis an gcogaíocht
Nó cneácha a leigheas
Agus tá focal ann a dheineann im is mil
Den nimh.

Lig don bhriathar aibiú ionat.
Tarraing siar an smaoineamh neamhaibí.
Seo leat, tuig an briathar
A dheineann deannach d’airgead is de mhaoin an tsaoil.

Tuig nuair a bhíonn géarghá le siolla
Agus tuig nuair nach ceart aon ní in aon chor a rá.
D’fhéadfadh an briathar ocht bparthas Dé
A dhéanamh den chruinne ifreanda.

Lean an tSlí. Ná lig don eolas atá cheana agat
Dallamullóg a chur ort.
Bí ar t’airdeall. Féach an abhainn
Sula dtéir ina cuilithe.

Is minic a bhris béal duine a shrón.
A Yunus, abair rud amháin eile
I dtaobh chumhacht an fhocail:
Mise an t-aon fhocal a thagann idir mé is Dia.

Yunus Emre

 

2020-11-27

Light in the forest, The imperial Palace Gardens, Tokyo

Ron Rosenstock
siúlann an tImpire
sa ghairdín . . .
dearmad déanta aige gur dia é
the Emperor
walks in the garden . . .
forgetting he is a god

2020-11-26

Finné

I dtús ama
chuimil an áilleacht sin
a shnasaigh scáthán na cruinne
gach uile adamh
le céad míle grian.

Ach ní raibh éinne ina fhinné
ar an nglóir sin.

Níor tuigeadh aon ní
gur nocht súil an duine.

Abdul-Qader Bedil


2020-11-25

Kit Williams

Kit Williams
Watching the Swallows Go
1979

scaoileadh leat ab ea
ach níl ciall ar bith leis sin
scaoileadh liom Féinig?
        fáinleoga ag bailiú leo
        táimse cheana ar imirce
should i let You go
but that makes no sense at all
let go of my Self?
        swallows fly to Africa
        i’ve migrated already

2020-11-24

An Mac Tíre

 

Le tamall anuas tá mac tíre ionam.
Níl áireamh ar na caoirigh is na ba atá tugtha agam dó;
Mura dtabharfainn a sháith dó, thosódh sé ag liú,
is stróicfeadh sé as a chéile mé.

  Cén fáth a gcoinnímse mac tíre ionam
  agus go mbíonn orm sclábhaíocht a dhéanamh    
  lá i ndiaidh lae d'fhonn é a chothú,
  agus gaois a thabhairt ar an rud is lú ar
  bith,
  om-mani-padme-hum á rá agam ar mhaithe le sólás?

An mac tíre seo ionam, níl sé uaim,
ach ní fhéadfainn díreach é a mharú.
Ligim dó mo chuid fola a ól, mo cholainn a ithe,
agus a fhios agam nach mbacfaidh sé leis na cnámha.

Yang Zi 杨梓

2020-11-23

a bhean Lót

 

Lot's Wife,
40 x 20 cm,
painting on wooden panel,
Julia Stankova
 




 

    a bhean Lót

    ná déan!

    ná féach siar . . .

2020-11-21

Deineadh uisce dhíom

 Deineadh uisce dhíom
is chonaic mé mé féin
mar mheabhalscáil 
Deineadh aigéan díom
is chonaic mé mé féin
mar ruainne cúir
Ghnóthaíos Airdeall
is ba léir dom
nach raibh i ngach ní ach díchuimhne
Dhúisíos
is fuaireas amach
go rabhas im’ chodladh

Binavi Badakhshani

2020-11-20

A Thiarna

A Thiarna, tabhair croí dhom
Is féidir a dhoirteadh amach le buíochas.
Tabhair saol dom
Chun go gcaithfinn é
Ag saothrú ar son shlánú an domhain.

Khwaja Abdullah Ansari


2020-11-19

Santoka

 



glór na dtonn
i gcéin, gar dom;
cén fhaid eile agam abhus?


2020-11-18

Ahmed Morsi

"Untitled"
Acrylic on canvas
113 x 61cm
New York City - 2005

gáireann abhlóirí fúm
is ritheann deora leo
an tóraitheoir, féach air
        ag cuardach thall is abhus
        an té úd as El Toboso
jesters laugh at me
tears roll down their cheeks
the seeker, there he goes
        still searching everywhere
        for the one from El Toboso

2020-11-17

Tugaigí grá dá chéile...




Tugaigí grá dá chéile, ach na déanaigí banna den ghrá:
Bíodh sé mar mhuir a ghluaiseann idir chladaigh bhur n-anama.
Líonaigí corn a chéile ach ná hólaigí as aon chorn amháin.
Tugaigí arán dá chéile ach ná hithigí den bhuilín céanna.
Canaigí agus damhsaígí le chéile, ach bíodh gach duine leis féin,
Faoi mar is leo féin iad sreanga na liúite cé go gcuireann an ceol céanna iad ar crith.
Tugaigí bhur gcroí dá chéile, ach ní le cur i dtaisce.
Lámh na Beatha amháin is coimeádán an chroí ann.
Agus seasaigí le chéile ach ní róghar dá chéile:
Mar is scartha óna chéile a sheasann colúin an teampaill
Agus ní ar scáth a chéile a fhásann an dair agus an chufróg.

Kahlil Gibran


2020-11-16

Graifítí an Lae: Dave Andrews

 

Ba é Íosa Críost an sampla ab fhearr den fhíor-ainrialachas - an t-ainrialaí cruthaitheach síochánta par excellence - agus é ag oibriú ní ón mbarr anuas ach ón mbun aníos leis na bochtáin, agus an chuid ba bhoichte de na boicht, d'fhonn daoine a chumasú i dtreo is go dtuigfidís a n-acmhainneacht mar fhir agis mná a cruthaíodh ar dheilbh Dé.

Dave Andrews


2020-11-15

Issa - 1803

arís inniu
Jason Symes

mé ag druidim leis an mbás…
blátha fiáine

.けふも死に近き入りて草の花
kyô mo shinu ni chikaki irite kusa no hana

and again today
death comes closer…
wild flowers

(1803)

2020-11-14

 

Pieter Brueghel the ElderTower of Babel,
originally from Google Art Project., Public Domain, Link

 

Túr Bháibil…
murach é
ní bheadh aon fhocal Gaeilge againn

2020-11-13

Okéanos

 

Gilles MAIRET, Public domain, via Wikimedia Commons
Petra, Jordan. Mosaic of the god Oceanus (Ωkεανός)

eaglais san Iordáin  . . .
tá dia na mara 
breá tirim

2020-11-12

Layla

Gar go leor dá háit chónaithe a bhíos
Nuair a chuala mé Layla ag glaoch.
An guth sin, d’fhéadfainn éisteacht leis go brách na breithe.
Thug sí taitneamh dom, tharraing chuici féin mé,
Thug isteach ina dúiche mé,
Labhair sí liom i mbriathra séimhe.
Chuir sí ina suí in aice léi féin mé, is dhruid níos gaire,
D’ardaigh an clóca a bhí idir mé agus í,
Is bhí alltacht orm is ionadh,
Chuir a háilleacht mearbhall orm.
Thóg sí mé is líon le hiontas mé,
Is chlúdaigh mé ina croí istigh,
Go dtí gur mheasas go mba ise mise,
Is bhíos i ngreim aici.
D’athraigh sí mé is chlaochlaigh mé,
Is d’fhág sí orm a sainchomhartha,
D’fháisc chuici mé, chuir uaithi mé,
D’ainmnigh mé mar a ainmníodh ise.
Chreach sí mé, dhein smidiríní díom,
A raibh fágtha díom á thumadh aici ina cuid fola.
Ansin, tar éis mo bháis, d’ardaigh mé:
Tá mo réaltsa ag lonrú san fhirmimint aici.
Cá bhfuilim idir chorp chleite is sciathán
Cá bhfuil m’anam uaim? Go deimhin, 
Is ag lonrú uaithise a bhí –
Rúin a bhí ceilte orm.
Ní fhaca mo shúile riamh ach í:
Níl fianaise acu ar aon ní eile.
Ise is brí le gach uile bhrí.
Glóir go deo dá Cruthaitheoir!
Más mian leat cur síos a dhéanamh ar an áilleacht
Glac chugat féin cuid dá gile anseo
Glac uaimse í. Is í mo chuid ealaíne í.
Ní baoth-nós agam é.
Ní bréag a d’inis mo Chroí
Nuair a nochtas ár gcumann rúnda.
Más scriosta atáim is mé an-an-ghar di
Is uirthi a mhairim fós i gcónaí.

Ahmad al-Alawi


2020-11-11

An Íoslainn / Iceland

Ron Rosenstock
21ú haois…
caoineadh ciúin
na n-oighearshruthanna croíbhriste
21st century…
silent keening
of broken-hearted glaciers

2020-11-10

Ag teacht trí sheans ar shneachta

Cuma álainn an luaithrigh atá ar shneachta.
Ceileann sé a scáil 
Ligeann sé air a bheith éadrom. 
Ní scríobhann sé faic
Ach fágann leathán páipéir ann
Don té a bhfuil fonn air scríobh.
 
Ligeann sé air nach raibh sé riamh ina thine,
Nó ina chrann
Roimis na tine,
Nó ina bhláth
Sula raibh sé ina chrann.
 
Ligeann sé air nárbh uisce riamh é,
Ar nos péarla
A bheadh idir
Na beola ag duine éigin.

 
(Meifu Wang & Michael Soper a chuir Béarla air)


2020-11-09

Karl Schrag


Karl Schrag, Coming of Fall
bhí na comharthaí ann
agus féach, go tobann -
tá an fómhar linn
the signs were there
and now suddenly, look -
autumn
aw the seegnals wur thayr
an nou suddent lik -
hairst
兆しありき
それみろ突如
秋になり

2020-11-08

Conair an Iontais

 Nílim in ann a rá cé me féinig
    Tá ionadh orm, tá alltacht orm!

Ni fhéadfainn ‘mé féin’ a thabhairt ar an bhféin seo
Tá ionadh orm, tá alltacht orm!

Cé atá im’ shúilese is a fheiceann?
Cé atá im’ chroíse ag teacht tríd?
Cé atá ag análú isteach is amach?
Tá ionadh orm, tá alltacht orm!

Cé a labhrann lem’ theangasa?
Cé a éisteann le mo chluasa-sa?
Cé a thuigeann le m’aignese?
Tá ionadh orm, tá alltacht orm!

Cé a shiúlann leis na cosa seo?
Cé a bhlaiseann lem’ bhéalsa?
Cé atá ag cogaint is cé atá ag slogadh?
    Tá ionadh orm, tá alltacht orm!

Cé a bheireann ina ghlac an saibhreas seo?
Cé hé sin a chaitheann uaidh é?
Cé atá ag díol is ag ceannach?
Tá ionadh orm, tá alltacht orm!

Cén fáth a bhfuil beatha ag borradh faoim’ chraiceann?
Cén fáth a bhfuil mo shúile dearg le deora?
Cén fáth an reiligiún seo, cén fáth an creideamh seo?
Tá ionadh orm, tá alltacht orm!

Ó, a Seyyid Nizamoğlu, éist leis seo:
Ón Aon a thagann gach ní.
Lig leat féin leis an áilleacht éachtach seo
Tá ionadh orm, tá alltacht orm! 

Seyyid Seyfullah Nizamoğlu


2020-11-07

Bhfuil slí éigin ann chun teacht ort?

Bhfuil slí éigin ann chun teacht ort?
Tús níl agat ná deireadh

Is mian liom do dhea-cháilíochtaí a mholadh
ach níl cáilíocht ar bith agat
tugaim faoi mhachnamh a dhéanamh ort
ach is i do shuí laistiar de gach smaoineamh atá tú
 
    Bhfuil slí éigin ann chun teacht ort?

Is mian liom tú a adhradh le mo lámha
ach tá tú ollmhór, líonann tú an domhan go léir
thabharfainn féirín duit ach cad nach bhfuil agat cheana?

      Bhfuil slí éigin ann chun teacht ort?

Is mian liom tú a fheiscint le mo dhá shúil
ní bhaineann foirm leat
a Dhia ar an gcnoc, tá tú i ngach aon ní
cad is féidir a rá? Is leat mé

       Bhfuil slí éigin ann chun teacht ort?


 Dán bhakti le Annamacharya (22 Bealtaine 1408 - 14 Feabhra 1503) 

2020-11-06

Eisí

Cá bhfuil cónaí orm?
Sa spás idir an Luan agus an Domhnach
I reitine shúil an phréacháin.
Craiceann colg mé faoi bhalún gorm
 
Doirteann an salann i gcónaí. Titeann
Scáileanna an chupaird trasna an urláir.

Sheena Blackhall

seanlochán/ old pond

 



seanlochán
na froganna ag dul in aois
ní léimid níos mó

2020-11-05

Gluaisrothar nó Eachtraí Paramhans Swami Pooranand ji Saraswati

 Gluaisrothar 5HP BSA atá inti
gan maolaire turrainge 
gan sprionga
ach a ghluaiseann go deas réidh mar sin féin
agus go leor dusta ina diaidh.
Cén gá atá le hEach-Chumhacht má tá Cumhacht Dé agat?
Tá na póilíní Briotanacha ag faire amach
ní hamháin san India -  nach ag spiaireacht ar leath an domhain atáid? 
Agus é ag druidim le chowk
scaoileann siad urchair leis.
Téann piléar trína ghualainn dheas
ach ní chuireann sé sin stop le Paramhans.
5HP agus Cumhacht shíoraí Dé anuas air sin?
Níl na Briotanaigh in ann déileáil lena leithéid.

Motorcycle or The Adventures of Paramhans Swami Poornand ji Saraswati

His motorcycle is a 5HP BSA
that has no shock absorbers
no springs
it trundles along nicely however
raising dust wherever it goes
Who needs HorsePower when you have GodPower?
British police are on the lookout
not just in India - are they not spying on half the world? - 
and as he nears a chowk
they open fire.
A bullet goes through his right shoulder
but Paramahans keeps on driving.
5 HP combined with infinite GodPower?
Too much for the British.

2020-11-04

Haiku le hIssa


Jason Symes - Morning Bus

taistealaithe ar an mbóthar
an ghrian ag éirí  . . .
drúcht na maidine 

.人は旅日は朝朗けさの露
hito wa tabi hi wa asaborake kesa no tsuyu

travelers on their way
as the sun rises . . .
morning dew

(1804)

2020-11-03

Ahmed Morsi - Recital

"Recital"
Acrylic on canvas
130 x 156 cm
New York City - 2007

ná cuardaigh brí
a chuid, sna laoithe seo
damhsa na gcoinnle cora sa ghaoth
        sin é an focal scoir
        fág brí faoi na scoláirí
why search for meaning
beloved, in these songs
bluebells wave in the wind
        that is the final word
        explanations are for scholars

2020-11-02

Reb Shayeleh Kerestirer

 





Coinnigh portráid den Raibí Shayeleh Kerestirer in aice leat agus ní bheidh lucha sa tigh agat arís go deo!

2020-11-01

Tá gealacha timpeall na gealaí

Tá gealacha timpeall na gealaí.
Conas breith uirthi
Le mo dhá lámh?
Tá mo cheann ina roithleán
Ag carnabhal na gealaí,
An ghealach nach féidir breith uirthi,
Is í ag lonrú i ngile
Na milliún ré.

Maisíonn torthaí na gealaí
Crann na gealaí,
Ag splancáil
I laom preabach.

Níl mo shúile
In ann breathnú níos mó;
Táim dallta
Ag gathanna na háilleachta.

Lalan