2018-12-23

Cártaí Poist ó Shean-Goa - Manohar Shetty

1

I gcré na cille atá colainn Naomh Xavier
Ach is úr fós í a shacraimint ar an teanga.
Is urramach an radharc ón Séipéal ar an gCnoc
Ar an gcathair is ar an abhainn
A bhí tráth ar maos le fuil.
 

2

Laistiar de bhallaí an chlochair chlabhstra
Is pléineáilte í aibíd na mban rialta bánghnúiseach.
Gnó ar dalladh ar siúl ag na stallaí faoin gcrann
Bainiain: maighdeana cré, hataí tuí,
Deochanna súilíneacha is coiscíní.
 

3

Faoina chasóg bhán muirníonn sagart
Paidrín, ag machnamh ar Leabhar na nOlagón.
Faoi íomhá chré-umha de Gandhi fógraíonn mangaire
Turasóireachta ionad na n-eiriceach nár dhein aithrí
In am is a dódh le linn na Cúistiúnachta.
 

 4

Titeann scáil Eaglais Naomh Peadar sa Róimh
Ar chruinneachán Eaglais Naomh Cajetan, líníocht
Linbh d’éirí na gréine  an t-oisteansóir.
Faoi leaca uaighe greanta ar an urlár
Tagraíonn íola scriosta do chreideamh eile.

5

Na faichí pioctha néata á dtéamh ag an iarnóin.
Buaileann cloig Ardeaglais Sé na Flaithis
Nó purgadóir; critheann altóra óir
Aithrígh na nglún brúite ag éirí,
Abhlanna caola ag cuimilt dá mbeola.

 

6

Easanálaíonn cillíní na manach móideanna
Geanmnaíochta i bhfothrach Naomh Agaistín.
Gearrann lánúineacha óga na spéaclaí gréine
Fíor na croise orthu féin sula dtiomáintear ar ais iad
Go dtí svuít mhí na meala.   
 

Postcards from Old Goa

1

St Xavier’s body is dust to dust but
His sacrament is still fresh on the tongue.
The Chapel on the Mount commands
A reverent view of a city and river
That once churned with blood.
 

2

Behind the walls of the cloistered convent 
Nuns adopt plain habits; they never blush.
Under a banyan tree stalls do brisk
Business in clay madonnas, straw hats,
Fizzy drinks, and contraceptives.
 

3

The priest in a white cassock fondles
A rosary, lost in the Book of Lamentations.
Under Gandhi’s bronze image the tourist tout
Ordains the spot where heretics repented
Too late in the flames of the Inquisition.
 

4

The shadow of St Peter’s in Rome falls
On the dome of St Cajetan, its monstrance
A child’s drawing of the rising sun.
Below headstones engraved on the floor
Razed idols speak of another faith.
 

5

Afternoons heat up the immaculate lawns.
The bells of Sé Cathedral ring out
Heaven or purgatory; golden altars tremble
As penitents rise on bruised knees,
Wafer-thin hosts brushing their lips.
 

6

The cells of monks breathe out vows
Of chastity in the ruins of St Augustine’s.
Young couples in dark glasses cross
Themselves before they’re driven
Back to their honeymoon suites.

2018-12-22

Leonor Rangel-Ribeiro / O Leque de Sonho (Dán Portaingéilise as Goa)

Fean na dTaibhreamh


D'osclaíos go mall é is níor chreideas
gur domsa a bhí,
fean na dtaibhreamh.

Níor d'eabhar é
Ach de lása dubh mín,
Is ag lonrú ann bhí
Splancacha óir a chuir na réaltaí
Trí thine i m'oíchese ollmhór dhorcha.

Is i ndeireadh na dála, ní domsa a bhí.

Leonor Rangel-Ribeiro


2018-12-21

Haiku le Issa (ní fios bliain a chumtha)

Warhol
.世の中は蝶も朝からかせぐ也

yo no naka wa chô mo asa kara kasegu nari


domhan maidin
go hoíche is ea é -
an féileacán féin ag saothrú leis

2018-12-20

Briathra an Bhúda

 Yassa nittiṇṇo paṅko,
maddito kāmakaṇṭako,
mohakkhayaṃ anuppatto,
sukhadukkhesu na vedhatī sa bhikkhū.

Éist leis an mbun-Pháilis anseo:
http://host.pariyatti.org/dwob/udana_3_22.mp3
An té atá gafa thar an láib
dealg na collaíochta basctha aige
deireadh seachmaill bainte amach aige
manach é beag beann ar arraing is ar aoibhneas

Éist leis an nGaeilge anseo. Cóipeáil is greamaigh briathra an Bhúda sa sintéiseoir:
http://www.abair.tcd.ie/

2018-12-19

Ion Theodorescu-Sion


Ion Theodorescu-Sion : Mocani
seanphort
nach seinntear ach do na caoirigh...
sleibhteánaigh
old tune
played only for sheep...
mountain folk
an auld err
anely daffit fir yowes...
muntain fowk

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
παλιό τραγούδι
μόνο για τα πρόβατα…
βουνού δημώδες

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou
古い曲
羊のためだけに
山の歌

Leagan Seapáinise:Mariko Sumikura

2018-12-18

Theodor Philipsen: Allé ved Kastrup, 1891


Theodor Philipsen: Allé ved Kastrup, 1891
tráth da raibh in Kastrup...
cearca ag tabhairt aire
dá ngnó féin
hens minding their own business...
once upon a time
in Kastrup
chookies haudin tae thair ain airt...
yince langsyne
in Kastrup

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
οι κότες τη δουλειά τους...
μια φορά κι έναν
καιρό στο Κάστρουπ

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou
雌鳥せわしなく
むかしむかしの
カストルプ

Leagan Seapáinise:Mariko Sumikura

2018-12-17

Paul Serusier


Paul Serusier
ár ndámh
ár n-amhráin – go maire siad –
ár n-orthaí rúnda
our poetry
our songs – may they live –
secret incantations
oor musardrie
oor sangs – mey they forder –
oor saicret cantrips

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
η ποίησή μας
τα άσματά μας – να ζήσουν –
μυστικά ξόρκια

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou
われらの詩
われらの歌―息してる―
われらの隠れた化身

Leagan Seapáinise:Mariko Sumikura

2018-12-16

Kon Markogiannis

Obair ealaíne: Kon Markogiannis
sconna ag sileadh...
duine éigin
á chéasadh ag an CIA
a tap drips...
someone's being tortured
by the CIA

2018-12-15

Leonor Rangel-Ribeiro / Um Dia Ele Virá

Tiocfaidh Sé Lá Éigin


Ná caoin
Munar léir duit fáth na ndeor.
Bain as d'anam gach seachmall
Is fan, mar a fhanann an crann acaicia,
A ghéaga loma á n-ardú aige chun na bhflaitheas.

Tiocfaidh sé lá éigin
Agus cuirfidh grian a láithreachta
Do chroíse faoi bhláth,
Á ghléasadh i ndathanna spleodracha
Ar nós an acaicia sa samhradh


Leonor Rangel-Ribeiro

[Porvorim, 19 Bealtaine, 1.30.am]


2018-12-14

Digambara

Sreang aonair
tarraingím go teann í
os cionn an talaimh shíoraí.

Bogha seo na spéire
ina dhá lámh aige
teann,
á ardú
ar nos an ama
ag teagmháil leis an mbeatha
gafa ag brionglóidí
le barr eagla
le barr dianghrá
beireann ar an mbogha
an tsíoraíocht ina targaid
is scaoileann san oíche
réaltaí gan áireamh.

Anitha Thampi

2018-12-11

Ceist nach n-ardaítear

B'fhiú liosta a dhéanamh de scríbhneoirí Éireannacha ar scríbhneoirí Sasanacha dáiríre iad ó thaobh meoin is stíle is dúchais de. Ar ndóigh, bheadh cuid acu ar an imeall! Liosta conspóideach a bheadh ann, gan amhras, ach nach fearr an t-imreas ná an t-uaigneas?

Taking Mr Ravenswood

Article continues after advertisement She turned off her own computer, and stayed a little longer in the quiet room. Downstairs, the security man let her out. "Stuff like that was what old guys got up to-getting whistled and getting girls whistled too, and afterwards nothing mentioned, nothing much remembered."

2018-12-10

Im' Ghairdínse

File: Emanuel von Geibel (1815 - 1884)
Emanuel von Geibel

Cumadóir: Arnold Schoenberg
Im' ghairdínse lus na gile
is réalta ina lár
i d'éagmais-se feofaidh uile
    mar níl tú ann.

Na lasracha 'tá sa tinteán
ró-aoibhinn b'ea iad tráth,
luaithreach is ea iad a ghrá geal
    mar níl tú ann.

Ní fhaighimse aon bhlas ar an saol
ní bheannaíonn réalt' dom ná bláth,
mo chroíse tá marbh is baol
    mar níl tú ann.

In meinem Garten die Nelken

In meinem Garten die Nelken
mit ihrem Purpurstern
müssen nun alle verwelken,
    denn du bist fern.

Auf meinem Herde die Flammen
die ich bewacht so gern,
sanken in Asche zusammen,
    denn du bist fern.

Die Welt ist mir verdorben,
mich grüßt nicht Blume nicht Stern,
mein Herz ist lange gestorben,
    denn du bist fern.

2018-12-09

Briathra an Bhúda

Taṃ nadīhi vijānātha:
sobbhesu padaresu ca,
saṇantā yanti kusobbhā,
tuṇhīyanti mahodadhī.

Éist leis an mbun-Pháilis anseo:
http://host.pariyatti.org/dwob/sutta_nipata_3_725.mp3
Foghlaim an méid seo ó na huiscí:
is glórach iad na srutháiníní
sna scoilteanna sléibhe agus sna haibhéisí,
na haibhneacha móra is séimh í a ngluaiseacht

2018-12-01

What frenzy is this? / Cén buile é seo?

Daem phuit chi gaemits myaen nazar
yoot matsar kyah?
mei rov labith lol shahar
yoot matsar kyah?

My gaze has been silenced
What frenzy is this?
I lost the city of love I’d found,
What frenzy is this?

M’amharc ina thost
Cén buile é seo?
Chailleas cathair an ghrá
Cén buile é seo?

Poozai karaan aes gaemits vaens me tsayen
aeyov ti mei ma vuch na sahar
yoot matsar kyah?
  
I worshiped shadows all my life
Did I alone miss
the arrival of the dawn
What frenzy is this?

Scáileanna a d’adhair mé ar feadh mo shaoil
An mise amháin a chaill
Teacht na camhaoire?
Cén buile é seo?


Mei khoon mailith sheesha patyan aaene baneyvim
aeseena panin paana khabar
yoot matsar kyah?

Smearas an ghloine le fuil
Chun scátháin a chruthú
M’íomhá féin – strainséir
Cén buile é seo?


I smeared the glass with blood
to make mirrors
My image – a stranger
What frenzy is this?

Mei togh na parun kya chu leekhit posh deewaran
kael gaem tavay laen ashar
yoot matsar kyah?

Ní fhéadfainn na litreacha a léamh
Ar na fallaí bláthbhreaca
Ba bhalbh iad línte na cinniúna
Cén buile é seo?

I couldn’t read
the writing on floral walls
my lines of fate turned mute
What frenzy is this?

Sukrath me ahsaan karith gav ne, galath cha?
tyem myan hisukh chav na zahar
yoot matsar kyah?

Ní haon ghar a dhein Sócraitéas dom
Ní ceart é a rá, ach
Níor ól sé mo sciarsa den nimh
Cén buile é seo?

Socrates did me no favour in leaving
I shouldn’t be saying this, but
He didn’t drink my share of poison
What frenzy is this?

Mei rov labith lol shahar
yoot matsar kyah?
daem phuit chi gaemits myaen nazar
yoot matsar kyah?

Chailleas cathair an ghrá
Cén buile é seo
M’amharc ina thost
Cén buile é seo?

I’ve lost the city of love I’d found,
What frenzy is this
My gaze has been silenced
What frenzy is this?

Zarif Ahmed

https://kashmirfilm.wordpress.com/from-the-film/poets/what-frenzy-is-this/