2021-04-30

Feartlaoi

Níor shéan sé pléisiúr de phléisiúir uile an domhain;
File agus súmaire.

Déanaimis gairdeas! arsa na foilsitheoirí. Tá an boc marbh.
Ní fheicfimid a thuilleadh san oifig é go bagrach,
Gléasta i gcomhair ócáide, dleachta á n-éileamh aige:
An t-airgead, a chunúis, nó cuirfidh mé an áit trí thine.

Mar sin leagadh ar an mbreocharn é – file, fear achrainn,
ainniseoir.

Shakti Chattopadhyay




2021-04-29

An Duilleog Dheireanach

 
Cad atá
       Ag an duilleog dheireanach
       Le bheith ag maíomh as?
 
       Bhuel –
       Samhlaigh
       Seangán beag
       Ar fán leis féin
       Faoin gcrann.
       Samhlaigh
       Go dtugann sí scáth don seangán
       Ón ngrian loiscneach
       Is í ag luascadh go fiáin sa ghaoth.
       Is cuma
       Má shracann an ghaoth
       Ón gcrann í.
 
       Nár mhéanar dá dtitfeadh sí ar an seangán beag
       Go séimh
       Ar nós scáth fearthainne mór glas
       Is fanacht
       Le miongháire mioscaiseach
       Go dtiocfadh máthair an tseangáin
       Is í ag tabhairt amach
       Gur ceileadh a páiste uirthi –
 
       Cad eile a theastódh ó dhuilleog?

       Veerankutty

2021-04-28

Kyoshi Takahama

 

 

 

 

 

i mo sheasamh dom
faoin gcrann giúise seo
is braon drúchta mé

2021-04-27

Bás sagairt

An Caitliceach nach réabhlóidí é, múchta i bpeaca marfach atá sé.

An tAthair Camilo Torres Restrepo (1929 - 1966)


Bhíos fós ar scoil
nuair a d'fheallmharaigh
fórsaí an rialtais thú

Bhí 50 bliain ó tharla 1916 á cheiliúradh againn.
(mar dhea!)

Cén fáth nár fógraíodh do bhás ón bpuilpid
cén fáth nach raibh lá oifigiúil dobróin againn?

Bheinnse tar éis deora a shileadh i do dhiaidh
cinnte!
Bheinn tar éis tú a chaoineadh go géar goirt, a Athair
cén fáth nach ndúradh linn gur feallmharaíodh thú?

Nó an mbeinn tar éis a rá liom féin
nach scannalach an ní é go mbeadh sagart
ina throdaí Marxach -
ar leac na bpian atá sé siúd anois, chomh cinnte le hIfreann!


Death of a Priest

A Catholic who is not a revolutionary is steeped in mortal sin.

Fr. Camilo Torres Restrepo (1929 - 1966)


I was still at school
when government forces
assassinated you

We were celebrating the 50th anniversary of the 1916 Rising
(yeah, sure  . . .)

Why was your death not announced from the pulpit
why was there not an official day of mourning?

I would have shed tears for you
be sure of it!
I would have wept bitterly for you, Father
why were we not told of your assassination?

Or would I have said to myself
what a scandal! A Marxist fighter - and he a priest . . .
he's suffering for it now - as sure as Hell!
...

2021-04-26

Is Mise É Sin

Níl scrupall agam maidir le hathrú ná eagla roimh bhás,
Níor saolaíodh riamh mé,
Ní raibh tuismitheoirí riamh agam.
Is mé an Bheithsine Iomlán, Eolas Iomlán, Ríméad Iomlán.
Is mise É Sin, is mise É Sin.
 
Ní mé is cúis le dearóile ar bith, is nílimse dearóil,
Níl namhaid ar bith agam is ní namhaid mé.
Is mé an Bheithsine Iomlán, Eolas Iomlán, Ríméad Iomlán.
Is mise É Sin, is mise É Sin.
 
Táimse gan fhoirm, gan teorainn,
Lastall de spás agus am,
Táimse i ngach rud, gach rud ionamsa
Is mé ríméad na cruinne,
Táim gach áit.
Is mé an Bheithsine Iomlán, Eolas Iomlán, Ríméad Iomlán.
Is mise É Sin, is mise É Sin.
Táim gan cholainn, gan athrú ar an gcolainn
Ní mé na céadfaí ná a n-ábhar san
Is mé an Bheithsine Iomlán, Eolas Iomlán, Ríméad Iomlán.
Is mise É Sin, is mise É Sin.
 
Ní peaca mé ná suáilce
Ná teampall ná adhradh
Ná oilithreacht ná leabhair
Is mé an Bheithsine Iomlán, Eolas Iomlán, Ríméad Iomlán.
Is mise É Sin, is mise É Sin.
Swami Rama Thirtha

2021-04-25

2021-04-24

Tanka


The third preview on YouTube of Boatman! take these songs from me,
 a bilingual tanka sequence, comes with an appreciation from poet-critic Waqas Khwaja.
Text: Gabriel Rosenstock. Artwork and Film: Masood Hussain

It only gets better and better! A poet at the height of his powers, and an artist in complete command of his medium, his imagination on fire—what happens when they come together in electrifying collaboration? Of stray pieces and objects is great art made, and poetry, but the unreflecting ordinary eye would not know it until the metamorphic creative imagination reorders the vision, rearranges words, images, and objects for us. Masood Hussain’s movingly wrought reliefs, in heart-rending earth colors of impassioned blues, metallic greens, ochres, rust, and stanched crimson, and Gabriel Rosenstock’s chiseled latticework of sublime tanka, melodic and polyphonic at the same time in conversation with each other, are steeped in sorrow, yet improbably uplifting in an aesthetic experience crafted and shaped out of life’s wilderness of travails and tragedies gratuitously inflicted on a people caught in an ancient struggle for self-liberation and self-realization. The Irish and the Kashmiri, inextricably bonded and blended in their toils, their pains, their struggles and longings, in their creative gusto, transport the reader to the domain of the mystical sublime. Boatman! take these songs from me captures the imagination as only great art can, to leave an enthralling, lasting impact.


Waqas Khwaja

2021-04-22

Grianghraf: Jason Symes

Rinsí, Rinsí
cá bhfuil a dtús?
cá bhfuil a ndeireadh?
whorls, whorls
where do they begin?
where do they end?

Shankha Ghosh (1932-2021)

 

Ar meisce

Cuir ar meisce níos mó fós é
nó conas a sheasfaidh sé
an domhan seo in aon chor.
Tá sé fós óg, a Thiarna!
Déan níos críonna anois é, mar sin -
nó conas a sheasfaidh
an domhan seo in aon chor é.

(Cailleadh an file Beangálach ar an gCéadaoin, 21 Aibreán. Covid a mharaigh é. 89 bl. d'aois a bhí sé)

2021-04-20

Irish Language and Identity in Contemporary Irish Poetry

Marlena Gawlik

University of Szczecin, Poland, Department of English,

Redefining the Fringes in Celtic Studies. Essays in Literature and Culture, 2019

This chapter presents a close reading and analysis of a single poem, "ScnØd: míniú," by Gabriel Rosenstock. The poem is read against the background of the decline of the Irish language, even as it remains an important marker of national identity with a substantial symbolic and culture-forming role. The efficacy and the ambiguity of the Irish language in playing this role, Gawlik argues, is the subject matter of this poem, which also explores issues of untranslatability.


Read here:

2021-04-19

Sheeffry Hills

Ron Rosenstock
'fadó fadó . . .'
scéal á insint ag an ngaoth
ar Chnoic Shíofra
' a long time ago . . .'
the wind tells a story
in Sheeffry Hills

2021-04-18

Cinnte faoi do Thrócaire Atáim

Bíodh is nach bhfuil ionam ach peacach neamhghlan,
Cinnte faoi do thrócaire atáim.
Bítear ag fonóid fúm ar an tsráid
Clúdaithe le deannach an pheaca atáim.
Briste atá an croí i mo chliabh,
Dealg i súil na ndaoine mé
Ar strae ar chonair an ghrá atáim
is neach monuar, gan éifeacht mé.
Féach orm, is leigheasfar mé,
Táim ag tnúth go mór le grásta Uait
Is is cinnte faoi do thrócaire atáim.

Ahmad Jam (1048 -1141)

Confident of Your Mercy

I may be nothing but an unclean sinner
yet I am confident of Your mercy.
They make fun of me on the street
besmirched as I am by the dust of sin.
My heart is ruined within
I'm a thorn in humanity's eye.
Lost am I on the path of Love
A feckless creature, if the truth be told.
Look upon me now and I shall be made whole
How I long for Your grace
And confident I am of Your mercy.

2021-04-17

Ahmed Morsi

Ahmed Morsi
Untitled,
Acrylic on canvas,
150 X 196 cm. 2010

dá mbeadh fhios againn
cé sinn féin nó cad as dúinn
táim ar strae, a chuid
        deir fear ar an raidió
        gurb as áit i gcéin dúinn
if only we knew
who we are and where we are
Beloved, i'm lost
        a man on the radio
        says we have come from afar

2021-04-15

Edmund Blair Leighton

Edmund Blair Leighton
Accolade
bhíos anseo cheana
ar mo ghlúine anseo romhat
táim dearmadta agat
        an t-aistear a chuireas díom
        le bheith anseo os do chomhair
i've knelt here before
and surely must kneel again
You've forgotten me
        the long journey i've made
        to kneel here now before You

2021-04-14

Bashō


seansráidbhaile . . .
níl tigh ann
gan a chrann dátphlumaí féin aige

2021-04-13

'Ní sibhse mo thuismitheoirí'

Fred Stein
Tráthnóna i bPáras, 1934.

 Tá grianghraf de chuid Fred Stein
Tráthnóna i bPáras, 1934.
Ar feadh soicind samhlaím gurb iad mo thuismitheoirí iad
ach ní hiad ar ndóigh

Agus sinn ag éirí aníos dúradh linn - gealladh dúinn -
go bhfeicfimis ár dtuismitheoirí arís ar neamh

An bhfeicfead iad mar a fheicimise anois
an lánúin thostmhar úd i ngrianghraf de chuid Fred Stein
an ndruidfidh mé níos gaire dóibh
agus an ndéarfaidh mé
'Ní sibhse mo thuismitheoirí'.

2021-04-12

Béile Deireanach an Bhúda

‘Fasting Buddha Shakyamuni’,
schist, sculpture, 3rd-5th century
Image courtesy Metropolitan Museum of Art
Ní ligfidh an ghaois, ná an abhainn,
Isteach thú
An dara huair.

Filleann deannach ar an Solas
Rud a thuig Siddhartha
Sular dhúisigh sé ina Bhúda.
Faoin am sin, bhí an choróin caillte aige
Agus impireacht gnóthaithe aige.

Fiú ansin
Níor thug
An píosa muiceola lofa

An dara seans dó.

Anand Haridas

2021-04-11

Ar Bhás Linbh Lá Amháin d'Aois


Cuirfidh leanaí lá amháin d'aois fáilte romhat, iad go léir marbh.
Canfaidh an ghaoth mo chuid suantraithe duit,
is an ghrian ag éag san áit a bhfásann an féar is uaigní.

Is tusa an tús is an solas lán de ghaois.
Beidh Dia mar gharda agat go Lá Philib an Chleite,
i dtír an mhanna, Éidin an aráin.

Ag súgradh a bheidh tú le gathanna is le scáileanna an lá go léir.
An fómhar ag cur thar maoil le doinne do shúl.
Caoinfidh an drúcht im' theanntasa go deo na ndeor.

Menke Katz (1906 -1991)

2021-04-10

Ní Gá Dhóibh Eagla a Bheith Orthu

 
The Last General Absolution of the Munsters at Rue du Bois
Fortunino Matania

Ní gá dhóibh eagla a bheith orthu
Fúisiléirí na Mumhan
dar fia, ní gá!

Nach bhfuil Aspalóid Choiteann faighte acu
ón Athair Ó Gliasáin

Beidh siad i gceart . . .
Níl srapnal in ann dochar a dhéanamh don anam
Gás ní raghadh ina ghaobhar
Ghabhadh piléar tríd in aon splanc ghlan amháin!

Nothing to Fear


They've nothing to fear now
the Munster Fusiliers
By God, no!

Hasn't Fr. Gleeson given them all
a General Absolution

They'll be grand . . .
Shrapnel cannot injure the soul
Gas can't come near it
Sure a bullet would fly clean through it!

2021-04-09

An Gabhar Bacach

 Chonaicís tréad gabhar
is iad ag triall ar an abhainn
chun braon a ól.

An gabhar bacach brionglóideach
chun deiridh.

Bhíothas buartha faoin ngabhar áirithe sin
ach tá aoibh an gháire anois ar chách

Mar féach, tá na gabhair ag filleadh
is an gabhairín sin chun tosaigh orthu!

Tá saghsanna éagsúla eolais ann.
Eolas an ghabhair bhacaigh sin
gabhann sé siar go dtí fréamhacha na láithreachta.

Foghlaim ón ngabhar bacach sin
agus treoraigh an tréad abhaile!

Rumi (1207 -1273)


The Lame Goat


You saw a herd of goats
on their way to the river
for a drink.

Bringing up the rear
a lame goat in a world of his own.

Everyone was concerned about him
but look at their smiling faces now

See, the goats return
and the little one leading them!

Knowledge has different branches
and that little goat's knowledge
has its roots in the art of presence.

Learn from that lame goat
and lead the herd home!


2021-04-08

2021-04-07

An Traein

Kanchan Chander,
‘Drawing 42’,
Acrylic and Pen on Paper, 2018,
4 X 6 inches

Tá an traein ag triall ar an sráidbhaile seo againne;
Ach nílimse ar bord
Tá na ráillí istigh ionam
Ar m'ucht atá na rothaí
Scréach uaimse í fead na traenach.

Ní bheidh mise ann
Nuair a fhillfidh sí chun mé a fháil
Ach taistealód m'anáil
In airde ar an díon,
Ag tabhairt aire dom chorp marbh.
 
Nuair a stopfaidh an traein sa sráidbhaile,
Raghaidh m'anáil isteach im' cholainn
Agus beidh mo rothar ag feitheamh liom
Chun dul síos na seanlánaí aithnidiúla.
Tiocfaidh mo chuid páistí is iad ag rith
Ar chloisteáil an chloigín dóibh:
“Tá Abbu tagtha!  Tá Abbu tagtha!"
 
Cén teanga a úsáidfidh mé chun a rá leo
Nach bhfuil tagtha ach an marbhán?
Teanga neimhe nó ifrinn?
Táimse áit éigin idir eatarthu.

Lig don tobar labhairt, nó an lochán.
Má dhiúltaíonn an t-uisce labhairt
Lig do m'anáil dul isteach i bpréachán
Ar an gcrann moringa sa chlós cúirte
Agus an fhírinne a insint dóibh.

K. Satchidanandan 

 തീവണ്ടി  

 
ആ തീവണ്ടി പോകുന്നത്
എന്റെ ഗ്രാമത്തിലേക്കാണ്
പക്ഷെ അതില്‍ ഞാനില്ല
എന്റെ ഉള്ളിലാണ് അതോടുന്ന റെയില്‍പാളം
അതിന്റെ ചക്രങ്ങള്‍ എന്റെ നെഞ്ചില്‍
എന്റെ നിലവിളി അതിന്റെ ചൂളം
 
അത് എന്നെ കൊണ്ടുപോകാന്‍
തിരിച്ചു വരുമ്പോള്‍  ഞാനുണ്ടാവില്ല
എങ്കിലും എന്റെ പ്രാണന്‍
ആ വണ്ടിയുടെ മേലെ ഇരുന്നു യാത്ര ചെയ്യും ,
എന്റെ ജഡം അരികില്‍ കിടത്തിക്കൊണ്ട്.
അത് ഗ്രാമത്തിലെത്തി  എന്റെ ഉള്ളില്‍ കയറി
പഴയ ഇടവഴികളിലൂടെ സൈക്കിള്‍ ഓടിക്കും
അതിന്റെ ബെല്‍ കേട്ട് എന്റെ കുട്ടികള്‍
ഓടി വരും, ‘അബ്ബു വന്നു! അബ്ബു വന്നു!’
 
വന്നത് എന്റെ ജഡമാണെന്ന്
ഞാനേതു ഭാഷയില്‍  അവരോടു പറയും?
നരകത്തിന്റെയോ സ്വര്‍ഗ്ഗത്തിന്റെയോ?
ഞാന്‍ അവയ്ക്കിടയിലാണല്ലോ.
 
കിണര്‍ സംസാരിക്കട്ടെ , അല്ലെങ്കില്‍ കുളം.
ജലം മിണ്ടുന്നില്ലെങ്കില്‍
മുറ്റത്തെ മുരിക്കുമരത്തിലെ കാക്കയുടെ
ഉള്ളിലിരുന്നു എന്റെ പ്രാണന്‍
അവരോടു സത്യം പറയട്ടെ.
(Aistrithe ón Mailéalaimis ag an bhfile san iris GUFTUGU)

2021-04-06

Airdeall an Linbh

 

Ealaín: Delacroix

Sular nocht ego
sular nocht aigne
is cuimhne
bhíothas dírithe
ar an uile ní
b'in airdeall
an linbh
ní raibh ionsaitheacht
ar bith
i dtafann na ngadhar
ná fearg
ná bagairt
ná uaigneas
ghabh grian
an tráthnóna
faoi
is ba den chéad uair
i gcónaí é

2021-04-05

Beir Bua

 

Is mise an bua
Éirímse go luath.
Cad is ainm dom? Tadhg!
Buí atá m'aghaidh.
Is mise an bua
Tá rud éigin am duitse  . . . fff-fuath!

[Obair ealaíne san fhearann poiblí ón Wildlife Conservation Society]

2021-04-03

scaoiltear saor pobal Dé!

Críost i Liombó
Fra Angelico

 

bíodh an diabhal
ag Sátan  . . . 
scaoiltear saor pobal Dé!


2021-04-02

Piontais Píoláit

Cristo torna da Ponzio Pilato (mionghné)
Duccio di Buoninsegna





tusa is mise . . .
cén duine againn
nach é Piontais Píoláit é

Cloigeann Críost

Cloigeann Críost
Petrus Christus





fásann sé  fós . . .
an crann jújúbé
ónar sracadh na dealga

2021-04-01