2021-12-31

Tanuki

 


an domhain seo
. . .cúr, sin uile.

this world. . .
froth,
nothing but froth.

2021-12-30

Henryk Siemiradzki

Noc w Pompei (Świętojański robaczek)
níor chreid éinne againn
ar feadh nóiméid, a ansacht
go mbeadh deireadh leis
        go luífimis faoin gcathair
        ab ansa linn tráth, Poimpé
not for one moment
did we believe, Belovèd
that it would all end
        that we would lie buried, cold
        under the ruins of Pompeii
oύτε μια στιγμή
δεν πιστέψαμε, Αγάπη
πως θα τελείωναν
        στα κρύα ερείπια όλα
        θαμμένοι στην Πομπηία

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise
一瞬でなく
僕らは信じたのか
終わりがあると
愛するポンペイに
埋もれ横たわることを

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura

2021-12-29

an bealach abhaile

 

Níor fhágais 
an tigh
riamh
is tá an bealach 
abhaile
á lorg agat.

Sri Nisargadatta Maharaj

2021-12-28

Giuseppe Arcimboldo

Leabharlannaí, 1566
deir an leabharlannaí
tá gearáin faighte againn
léitheoirí ag gol
        do chuid leabhar go léir báite
        rian na ndeor ar fud an bhaill
the librarian says
there have been many complaints
readers are weeping
        your books have become soggy
        there are tear stains everywhere

2021-12-27

Martin Aagaard

Sjöman med kikare
chuardaíos, a thaisce
'bhfuil áit ar bith ann gan tú
fuaim nach tusa í
        glór na n-éan mara inniu
        an t-éamh céanna amárach
Beloved, i've searched
is there somewhere You are not
a sound that's not You
        seabirds crying all day long
        the same story tomorrow
Aγάπη, έψαξα
κάπου που να μην Είσαι
έν' άλλο ήχο
        γλάροι κλαίνε όλη μέρα
        αύριο τα ίδια πάλι

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2021-12-26

Leatheite

 

if necessary a bird
will fly on one wing

Más gá, eitleoidh éan 
ar leatheite

2021-12-25

2021-12-24

An Réaltacht Bhunaidh

 
Ealaín: Raja Ravi Varma

Is tusa an Réaltacht Bhunaidh; ná bíodh aon amhras ort.
Níl eolas ag an aigne ar an bhFéin.
Is ag an bhFéin atá an t-eolas!
Conas a shífeá, mar sin, go raibh eolas agat ar an bhFéin?

An Tiarna Dattatreva, Gíta Avadhút

2021-12-23

Thich Nhat Hanh




Nuair a bheidh tú
saor ó dhearcadh
saor ón bhfocal,
nochtfar duit
an réaltacht
agus sin
is Nirbheána ann

2021-12-22

Piet Mondrian

Hout met beukenbomen, ca.1899
bhfuilim san áit cheart
cad a thug anseo arís mé
foraois na mbriathra
        tost ag sileadh go rialta
        cosáin nach mór dofheicthe
why am i back here
perhaps it’s where i belong
a forest of words
        silence dripping by the hour
        paths that are almost unseen
γιατί εδώ πάλι
ίσως εδώ ν' ανήκω
δάσος με λέξεις
        ώρες στάζει η σιωπή
        αόρατα μονοπάτια

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

Comhrá le Lí Hè: 10 gCeist

 

Cén saghas leabhair é Comhrá le Lí Hè/ Conversations with Li He?

Cnuasach filíochta, i nGaeilge agus i mBéarla

Cé a scríobh?

Gabriel Rosenstock

Cé a d’aistrigh go Béarla?

Garry Bannister

Cé a mhaisigh?

Tania Stokes

Cé a d’fhoilsigh?

An bhfuil eagrán crua ar fáil?

Tá eagrán bog agus crua ann

Cé atá á dháileadh?

ÁIS in Éirinn, SPD i Meiriceá agus scata mór eile ar líne, ar nós Book Depository (postas saor in aisce chuig áit ar bith ar domhan) 

Cad is brí leis an teideal?

Bhí Rosenstock ar leaba a bháis. Nuair a tháinig sé chuige féin, go míorúilteach, thosaigh sé ag caint le file Síneach, Lí Hè, a mhair sa naoú haois agus a cailleadh go hóg.

Dáiríre?

Dáiríre píre!

An fiú Comhrá le Lí Hè a léamh?

Deir Lí Hè gur fiú . . . agus is deacair Lí Hè a shásamh!

2021-12-21

Vilhelm Hammershøi

Spisestuen i Rahbeks Allé. Louis Seize. Stil
folús an tseomra
i d’éagmais agus an fuacht
loime an urláir
        leanann osna an scréach tholl
        ó chathaoireacha folmha
the grey emptiness
of every room without You
the bareness of floors
        a hollow shriek – then a sigh
        from all of the empty chairs
το γκρίζο κενό
χώρων χωρίς Εσένα
πάτωμα γυμνό
        κραυγή - και μετά λυγμός
        απ' τις άδειες καρέκλες

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2021-12-20

Ohara Koson

an caislín cloch . . .
go séimh! abair a ainm
go séimh
the stonechat . . .
softly! whisper its name
softly
ノビタキや・・・
そっと! 囁け
名をそっと

Leagan Seapáinise : Mariko Sumikura
the stanechat...
saftly! fusper'ts nem
saftly

Leagan Béarla na hAlban : John McDonald

2021-12-19

Wilhelm Leibl

Die Dorfpolitiker, Wilhelm Leibl, 1877
cad is fiú rialtais
is airm? oibreoimid gach rud amach
sinn fhéin
what do we want with governments
and armies? we'll work things out
ourselves
whit's the yuiss
o airmies'n governments
we'll sort theengs oot wirsels
何のぞむ
国に軍に?何でも
わしらはやり通す

2021-12-18

Jeff Koons

Michael Jackson & Bubbles, Jeff Koons
deirtear go raibh a gharda cosanta féin aige . . . bubbles
it's said he had his own bodyguard . . . bubbles
wurd is he hud his ain minder . . . bubbles
みずからのボディガード持つとや・・・あぶく

2021-12-17

Helen Allingham

Tennyson ag léamh
a chuid dánta féin arís
báite i bhfriotal
        tar isteach sa ghairdín, Maud
        ní hann di, áfach, an ann
Tennyson reading
his own poems again today
immersed in wordcraft
        come into the garden Maud
        but there is no Maud, is there

2021-12-16

Theodore Rousseau

Crépuscule en Sologne, Théodore Rousseau, 1867
fuaim an dorchadais ...
an préachán deireanach
imithe
the sound of darkness . . .
the last crow
has gone

2021-12-15

Fear Cánach

 


Seacht speal ina luí in aghaidh an bhalla.
Féasóg ar fhéasóg órga
An t-ualach deireanach eorna
Á luascadh tríd an gclós.
An corc á bhaint as buidéil leanna ag béithe.
Fidil is cosa ag bogadh le chéile.
Ansin idir choinleach is fraoch
Marcach ar séirse

George Mackay Brown

2021-12-14

Tanuki

 

Íomhá Don McCullin

Sa seanscéal "Cath Maige Mucrama" cuireann Rí Alban lucha ar fáil mar bhéile do Lughaidh Mac Con agus a fheara - ag iarraidh fáil amach cé acu an ceannaire. Bíonn fear amháin drogallach, ach tugann Lughaidh treoir dó (agus nochtann é féin dá réir) - Is ithi lochad coa lloss. Itear luch eireaball is uile!

2021-12-13

Tsuchiya Bunmei

aka-aka-ni
shimo no utaruru
mizugarashi
tonari no usagi
to Tsuchiya to kuu
go moch ar maidin
bíonn bricfeasta againn beirt
Tsuchiya (mise)
        agus mo chomharsa, coinín,
        cúpla luibh - blas seaca orthu
Tanka (5-7-5-7-7 siolla) de chuid Tsuchiya Bunmei (1890 -1990)

2021-12-12

Cluas Van Gogh / Van Gogh’s Ear

 


a bilingual rensaku (haiku sequence) 

 
I shall hang a few Japanese knick-knacks on my walls.
   The Letters of a Post-Impressionist: Being the Familiar  Correspondence of Vincent van Gogh (Project Gutenberg)
1

ag éisteacht liom
go géar anois
cluas van Gogh

listening intently
to me now
van Gogh’s ear

2

earrach  . . .
péacann rud éigin
as cluas van Gogh

spring  . . .
something shoots
out of van Gogh’s ear
 
3

níl faic
cloiste agat fós
cluas van Gogh

you ain’t heard
nothing yet
van Gogh’s ear

4

samhradh 
boladh an fhéir nuabhainte
i gcluas van Gogh

summer
the scent of newly mown hay
in van Gogh’s ear

Why do we not stick to what we have once discovered in our art, as the doctors and the engineers do? With them, when anything is discovered, the knowledge of it is carefully preserved. But in the wretched fine arts everything is forgotten; we hold fast to nothing . . .
The Letters of a Post-Impressionist: Being the Familiar Correspondence of Vincent van Gogh (Project Gutenberg)
 
5

Vincent, braithim uaim thú!
uaigneas chluas
van Gogh

Vincent, i miss you!
the loneliness
of van Gogh’s ear

6

amach san fhómhar
cluas van Gogh
ag éirí buí

autumn deepens
van Gogh’s ear
turning yellow

7

deir cluas van Gogh:
an té a bhfuil cluasa air
éisteadh sé

van Gogh’s ear says:
he that hath ears to hear
let him hear

8

cluas van Gogh amháin
a thuigeann í
an tseanmóir ón Athair Mac Coinnich
 
only van Gogh’s ear
gets it –
Fr. McKenzie’s sermon

The healthy man should be able to live on a piece of bread and keep at work all day. He should also be able to bear a pipe of tobacco and a good drink; for without these things nothing can be done. And withal he ought to have some feeling for the stars and the infinite heavens. Then it is a joy to live! 
The Letters of a Post-Impressionist: Being the Familiar Correspondence of Vincent van Gogh (Project Gutenberg)
 
9

cén fhuaim atá
ag leathchluas
is í ag éisteacht

what is the sound
of one ear 
listening

10

deir Boris Johnson
rud éigin ar an teilifís
preabann cluas van Gogh

Boris Johnson
says something on TV
van Gogh’s ear twitches

11

tuilleadh tinte
in Amazonia
cluas lasta van Gogh

more fires
in Amazonia
van Gogh’s ear burning

12

cluas van Gogh
is túisce a chloiseann é –
an Mistral

van Gogh’s ear
is the first to hear it –
the Mistral
 
13

an fharraige!
sliogán brúite 
in aghaidh chluas van Gogh

the sea!
a shell pressed
to van Gogh’s ear

14

ar fán
i réaltbhuíon éigin
cluas van Gogh

wandering
in some galaxy or other
van Gogh’s ear

15

ghabh síoladóir amach
chun cluas
a chur

a sower went out
to sow
an ear

16

prátaí á scamhadh
ag bean tuaithe . . .
craiceann i bhfoirm cluaise

a peasant 
peeling potatoes . . .
ear-shaped sliver
 
17

sound of absinthe
poured in a glass  . . .
his good ear

fuaim apsainte
á doirteadh i ngloine –
sa chluas mhaith

18

cuimhníonn sé 
ar na mianadóirí guail
cluasa chomh dubh le súiche

he remembers 
the coal miners
ears as black as soot

19

dhá choinín     a gcluasa ar bior

two rabbits      ears pricked

20

cluas ag briodarnach
ag fanacht
go mbeireoidh na prátaí

throbbing ear 
waiting for the potatoes
to boil

21

deir Gauguin rud éigin
a théann isteach i gcluas amháin
agus –

Gauguin says something
that goes in one ear
and –


22

páirc chruithneachta     na diasa go léir

a field of wheat     with all its ears

23

cloig na heaglaise
ag clingeadh
i leathchluas leis

church bells
ringing
in one ear

24

portráid
den Dr Gachet
a lámh gar dá chluas

portrait
of Dr Gachet
a hand close to his ear


25

asal is cairt
cluasa fada
an ainmhí

donkey and cart
the long ears
of the beast

26

grian an tráthnóna
ar dhath
chéir chluaise

evening sun
the colour
of earwax
 
27

portráid
den Dr Felix Rey
ar leathchluas

portrait
of Dr Felix Rey
only one ear


28

fear an phoist
chomh gruagach sin
gur deacair na cluasa a dhéanamh amach

postman *
you can barely see his ears
with all that hair

*  Joseph Roulin (1841 -1903)



29

trí chiocáda
an gcloiseann siad
a chéile

three cicadas
do they hear
one another

30

dhá fhéileacán bhána . . .
a compánach á lorg
ag cluas

two white butterflies . . .
an ear looking
for its companion

31

cathaoir shúgáin
gíoscán beag
uaithi

straw chair
the little squeak
it makes

32

corrán gealaí . . .
tá rud éigin in easnamh air
cad é féin

crescent moon . . .
he is missing something
what is it

33

geimhreadh . . .
cluas van Gogh
iompaithe dubh

winter . . .
van Gogh’s ear
has turned black

I have been and still am half dead, after my last week’s work. I cannot do anything yet but, as it happens, a terrific north wind is blowing at present, which whirls up clouds of dust and covers the trees from top to bottom in a coat of white. Willy-nilly, therefore, I am obliged to remain idle.
The Letters of a Post-Impressionist: Being the Familiar Correspondence of Vincent van Gogh (Project Gutenberg)
34

ag éisteacht
léi féin anois
cluas van Gogh

listening
to itself now
van Gogh’s ear
 
 



2021-12-11

Smaoineamh an Lae


Damhsaíonn deich milliún tonn.
Is cuma leis an aigéan
mar gheall orthu.
Ná bí buartha faoi smaointe
ag éirí 
is ag titim arís.

Papaji

2021-12-10

Dirty Old Town

creathán ina ghlór
amhránaí Bleá Cliathach
sa gheimhreadh

quavering . . .
a Dublin singer's voice
in winter

2021-12-09

Nuair a dhamhsaigh Krishna i mBeairic Bhriotanach

Nuair a dhamhsaigh Krishna i mBeairic Bhriotanach

Acadamh Míleata Dehradun
(Manna: Calmacht & Gaois).
Baineann Papaji a éide airm Bhriotanach de -
scileanna míleata á sealbhú aige
d'fhonn na Briotanaigh a chaitheamh amach -
agus cuireann uime róbaí gopi Krishna.
A thuarastal go léir caite aige
ar shárithe is ar sheodra.
É ag damhsa le Krishna
an oíche ar fad.

Maidin.
Luisne ina ghrua.
Arsa an t-oifigeach i gceannas:
'An ag ól a bhí an fear sin?'

When Krishna Danced in a British Army Barracks

Dehradun Military Academy
(Motto: Valour & Wisdom).
Papaji takes off his British Army uniform -
he is acquiring military skills
in order to turf the British out -
and dons the robes of a Krishna gopi.
He has spent all his salary
on saris and jewellery.
All night long
he dances with Krishna.

Morning.
Papaji is glowing.
His commanding officer asks:
'Has that man been drinking?'

Foilsithe i Poetry India

2021-12-08

Haiku :John McDonald

shooglie on'r bike
she disnae ken yit
she's on'r ain

guagach ar an rothar
níl fhios aici fós
gur léi féin atá sí

the suicide tree  -
it's brainch
hailt

crann an fhéinmharaithe -
cneasaíodh
an ghéag

furst Yule whigmaleeries  -
rodden
          berries

na chéad áilleagáin Nollag
caora
         caorthainn

dawn chorus  -
the yatter
o the bucket men

cór na camhaoire -
comhrá
na bhfear bruscair

hameless  -
doverin aneath the heidline:
IS THERE LIFE ON MARS?

duine gan dídean
ina chodladh faoin gceannlíne:
AN BHFUIL BEATHA AR MHARS?

lockdoon  -
the day a butterie
gaed by 

dianghlasáil -
ghabh féileacán thar bráid
inniu

frae the fitbaw perk
the ref's fussle  -
a bleckie repones

ón bpáirc peile
feadóg an réiteora
freagraíonn lon





2021-12-07

Cá bhfuil an Eoraip agus ceisteanna móra eile.

Cá bhfuil an Eoraip? Tá an Eoraip an-fhairsing agus an-ilghnéitheach. Cén teagmháil atá againn léi nó cén teagmháil a bhí againn léi i gcaitheamh na gcianta?

Dá ndéarfadh scríbhneoir Gaeilge go raibh lé aige leis an Eoraip, nó go samhlaíonn sé é féin mar Eorpach, bheadh orm fiafraí de, ‘Cén chuid den Eoraip – tuaisceart, oirthear, lár, nó deisceart na hEorpa? An t-iarthar? An t-imeall? Cé hiad na scríbhneoirí Eorpacha a chuaigh i bhfeidhm ort? An sa bhunteanga, nó sa Bhéarla, nó sa Ghaeilge a léigh tú an saothar sin? Ar chuala tú trácht ar Líonra Litríochta na hEorpa/ European Literature Network?

Cén fáth, dar leat, nach bhfuil guth na Gaeilge go láidir sa Líonra sin? An mbraitheann tú mar scríbhneoir Gaeilge go bhfuil eagrais ar nós PEN Éireann, Cultúr Éireann agus Litríocht Éireann, ag cur litríocht na Gaeilge chun cinn san Eoraip? An cara leis an nGaeilge é an 'Trinity Centre for Literary and Cultural Translation'?

Tá níos mó ceisteanna agamsa ná freagraí ach ní gá dhuit a bheith i d’Einstein ná i do Harry Statal chun tuairim a bheith agat cad iad na freagraí a bheadh agamsa ar chuid de na ceisteanna sin. Maidir leis an gceist, ‘An sa Ghaeilge a léigh tú an bunsaothar Eorpach sin?’ Is iontach an méid de litríocht na hEorpa a bhfuil fáil uirthi sa Ghaeilge. (Roimh m’amsa a deineadh formhór na n-aistriúchán sin). Ceist eile, mar sin, ar an scríbhneoir Gaeilge: an bhfuil tú cláraithe le Aistriú Litríochta

Ceist eile fós: cad faoi léann na hÉireann san Eoraip agus ionad na litríochta Gaeilge sa chóras sin, is é sin le rá an European Federation of Associations and Centres of Irish Studies – EFACIS. An spéis le EFACIS scríbhneoirí na Gaeilge? An spéis le scríbhneoirí na Gaeilge EFACIS?

Nuair a d’iarr EFACIS ormsa rud éigin a scríobh dóibh le haghaidh Kaleidoscope 2, chuireas haiku ar fáil sá dá theanga, haiku a bhí ag freagairt do ghrianghraif le Roman Vishniac, duine a bhí ina fhinné ar an bhfríth-Sheimíteachas san Eoraip agus na Naitsithe ag teacht chun cinn.

Is é Auschwitz bunchloch an Aontais Eorpaigh, de réir an úrscéil An Phríomhchathair/ Die Hauptstadt le Robert Menasse, súil ghéar á caitheamh aige ann ar an maorlathas buile sa Bhruiséil.

An bhfuil aistriúchán Gaeilge den úrscéal sin coimisiúnaithe ag foilsitheoir Gaeilge? Dá mbeimis inár nEorpaigh – rud nach bhfuil, i mo thuairimse – bheadh scéim ann chun aistritheoirí a fhostú go lánaimseartha chun litríocht chomhaimseartha na hEorpa a chur ar fáil i nGaeilge. Is cinnte go léifinnse cuid de na leabhair sin. Nílim chun cáipéisí na maorlathach a léamh! Níl aithne agam ar éinne a bhfuil fonn air na cáipéisí sin a léamh. 

2021-12-06

Mandela

Artwork: Peter Max
bogha ceatha
a foirmíodh as deora . . .
deora ag glioscarnach
a rainbow
fashioned from tears . . .
glistening tears
a watergaw
wrocht frae tears . . .
skimmerin tears

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
虹かかる
涙から生る
光る涙

Leagan Seapáinise: mariko sumikura

2021-12-05

George Henry

crainn . . .
ag cabhrú le daoine
bheith ar nós an bhúda
trees . . .
helping people
to become buddha-like
treen . . .
aidin fowk
tae cum buddha-lik

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
木たるもの
悟入求むる
衆を救いて

Leagan Seapáinise: mariko sumikura

2021-12-04

Carl Bloch

níl nóta fágtha
sheinneas iad go léir, a shearc
níl puth fágtha ionam
        sea, cad a dhéanfad anois?
        teacht ar scála nua, ab ea
there are no notes left
i’ve played them all, Belovèd
i have no breath left
        what to do now? i don’t know
        i must invent a new scale

2021-12-03

Smaoineamh an Lae / Thought for Today

 An bhfuil airm uainn chun cogaí a throid? Nó an bhfuil cogaí uainn chun margaí a chruthú d'airm? 

- Arundhati Roy, údar (r. 24 Samhain, 1961)



Do we need weapons to fight wars? Or do we need wars to create markets for weapons? 

-Arundhati Roy, author (b. 24 Nov 1961)

2021-12-02

Baiseō

Baiseō

Mise Baiseō
díoltóir tae sencha
is cuma liom má íocann tú
as an tae nó mura n-íocann
is é an dá mhar a chéile é.
Bí id' chaipitlí
nó bí frithchaipitlíoch
sé do ghnó féin é -
bain taitneamh as an tae:
Lá maith agat

Baiseō

I'm Baiseō
the tea-seller
you can pay for your tea
or not
it's all the same to me.
You can be a capitalist
or an anti-capitalist
that's your own business
enjoy your sencha tea:
Have a nice day.
Eίμαι ο Μπαϊσέο
ο πωλητής τσαγιού
μπορείς να πληρώσεις για το τσάι σου
ή να μην
το ίδιο μου κάνει
Μπορείς να είσαι ένας καπιταλιστής
η ένας αντικαπιταλιστής
αυτό είναι δική σου δουλειά -
απόλαυσε το πράσινο τσάι σου:
Καλή σου μέρα

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2021-12-01

Ceol Duilleoige /Leaf Music

Seinnimse an duilleog.
Éist go géar. 
Cloisfidh tú duilleog ag titim.
Ní hí an duilleog seo 
atá á seinm anois agam
ach gach aon duilleog a thit riamh
go talamh.
Is é seo ceol na nduilleog
ag titim.
Ceol brónach, ab ea, a deir tú?
Ceol áthasach?
Níl ann ach ceol na nduilleog.
Tá sé mar atá sé.

Leaf Music

I am Yokoyama Sodō
I play the leaf.
Listen carefully.
You will hear a leaf falling.
Not this leaf 
that I'm playing now
but all the leaves
that ever fell to the ground.
This is the music
of the falling leaf. 
Is it sad, you ask?
Is it joyous?
It is simply leaf music.
It is what it is.

2021-11-30

Balcóin

ón mbalcóin sléibhte as raon
sa balkona nedosegljive planine

ceo dlúth, mé ag léim ó chloch go cloch
magla, skacem sa kamena na kamen

cleitearnach éin a imíonn sa cheo
prhnuvsi, ptica nestaje u magli

i ngloine le haghaidh branda: sailchuacha
u casici od rakije: ljubicice

ar dhá thaobh an chlaí, fásann na caisearbháin mar a chéile
sa obe strane ograde maslacci jednako rastu

haiku aon líne 
le  Dimitar Anakiev
ar fáil ó Haiku Foundation

2021-11-29

Xu Beihong

an broigheall fiú
bréan dá chlúmh dubh
muir dhubh spéir dhubh
        é ag tnúth le do theacht
        a thaisce, soilsigh ár gcroí
even the cormorant
tired of its black plumage
black seas and black skies
        awaits Your appearance
        beloved, illuminate our hearts

2021-11-27

Burrow Beach

 

maidin gheal shamhraidh
scagtha ag samhraí
ó bhlianta eile

bright summer morning
filtered by mornings
of other years

2021-11-26

Kubota Utsubo

shinanobito
waga kyoosoo ni
matsuwarite
ooki yuki furu
Tookyo-no sora
tagann cumha orm
ag smaoineamh ar Shinano
mo ghaolta i gcéin
        sneachta ag titim gan stad
        clúdaítear spéartha Thóiceo
Tanka (5-7-5-7-7 siolla) de chuid Kubota Utsubo (1877 -1967)

2021-11-25

Robert Julian Onderdonk

Bluebonnets at Sunrise
Robert Julian Onderdonk
Date: 1917
dúisíonn na blátha
dúisíonn gach gas is peiteal
ag breacadh an lae
        dúisímse, a mhíle grá
        sa ghlóir atá ionatsa
the flowers awaken
each stem, each petal awakes
to the light of dawn
        i awaken, Belovèd
        to the glory that is You
τα άνθη ξυπνούν
βλαστοί, πέταλα ξυπνούν
στο φως της αυγής
        ξυπνώ, αγαπημένε
        στη δόξα που είσαι Εσύ

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2021-11-24

Albin Egger-Lienz

Toter Soldat aus der "Missa Eroica"
na saighdiúirí sin
cé sheolann chun a n-éaga iad
gan tú a fheiscint
        nocht do ghnúis dóibh, a lao dhil
        ligfidh siad a n-airm ar lár
tell me why they die
why do soldiers die and die
they could live for You
        Belovèd, show them Your face
        they will lay their guns aside

2021-11-23

Trí Dhán a Scríobhadh in Coorg *

'Satchi' agus Gabriel

 1. An Oíche Agus An Eilifint


In Coorg is deacair an eilifint a aithint
thar an oíche.
Ceapann tú go bhfuil sé ina oíche; ach
níl tú in ann teacht ar an ngealaigh.
Is dóigh leat gurb é an starrfhiaclach atá ann; ach
níl teacht agat ar na starrfhiacla.


An é gur chaill an oíche agus an eilifint iad
mar nach rabhadar in ann cuar na gealaí
a aithint thar chuar na starrfhiacaile?
 
Ach an chumhracht phlúchtach seo, meascán
de chána siúcra, caora fiáine agus Banríon
na hOíche is í faoi bhláth faoi sholas
na gealaí: an í cumhracht na hoíche í
nó cumhracht na heilifinte?

2. An  Kavery

Chuireamar an Kavery dínn cúpla uair.
Ní raibh inti tamall ach sruthán beag bídeach
i measc na gcarraigeacha,
lochán marbhuisce in áit eile agus
in áit eile fós í ina habhainn bhreá.

Ach ba iad na híomhánna céanna
a thit ar an uisce: bambúnna, crainn,
scamaill, sinne, droichead nár tógadh
bogha síne nach bhfacthas
i mbrionglóid órga aingil.
 
Ar nós íomhánna an domhain
a thiteann ar anam gach n-aon.

3. Foraoisí

Ghabh scata foraoisí trínn,
Scata éan ag eitilt, scata brúideanna ina dtáinrith.
Sheasamar gan chorraí, ag súil le gach leoithne,
go n-iompóimis inár gcrainn, go bpéacfadh duilleoga
ag súil go n-osclódh bláthanna
is go n-aibeodh torthaí.
 
Ghabh an Kavery tharainn, ár bhfréamhacha
a bhí dearmadta le fada againn á n-uisciú aici.

 K. Satchidanandan

 
*   Ceantar in Karnataka na hIndia is ea Coorg, nó Kodagu.
Sa Mhailéalaimis a scríobhadh na dánta seo.