2021-12-07

Cá bhfuil an Eoraip agus ceisteanna móra eile.

Cá bhfuil an Eoraip? Tá an Eoraip an-fhairsing agus an-ilghnéitheach. Cén teagmháil atá againn léi nó cén teagmháil a bhí againn léi i gcaitheamh na gcianta?

Dá ndéarfadh scríbhneoir Gaeilge go raibh lé aige leis an Eoraip, nó go samhlaíonn sé é féin mar Eorpach, bheadh orm fiafraí de, ‘Cén chuid den Eoraip – tuaisceart, oirthear, lár, nó deisceart na hEorpa? An t-iarthar? An t-imeall? Cé hiad na scríbhneoirí Eorpacha a chuaigh i bhfeidhm ort? An sa bhunteanga, nó sa Bhéarla, nó sa Ghaeilge a léigh tú an saothar sin? Ar chuala tú trácht ar Líonra Litríochta na hEorpa/ European Literature Network?

Cén fáth, dar leat, nach bhfuil guth na Gaeilge go láidir sa Líonra sin? An mbraitheann tú mar scríbhneoir Gaeilge go bhfuil eagrais ar nós PEN Éireann, Cultúr Éireann agus Litríocht Éireann, ag cur litríocht na Gaeilge chun cinn san Eoraip? An cara leis an nGaeilge é an 'Trinity Centre for Literary and Cultural Translation'?

Tá níos mó ceisteanna agamsa ná freagraí ach ní gá dhuit a bheith i d’Einstein ná i do Harry Statal chun tuairim a bheith agat cad iad na freagraí a bheadh agamsa ar chuid de na ceisteanna sin. Maidir leis an gceist, ‘An sa Ghaeilge a léigh tú an bunsaothar Eorpach sin?’ Is iontach an méid de litríocht na hEorpa a bhfuil fáil uirthi sa Ghaeilge. (Roimh m’amsa a deineadh formhór na n-aistriúchán sin). Ceist eile, mar sin, ar an scríbhneoir Gaeilge: an bhfuil tú cláraithe le Aistriú Litríochta

Ceist eile fós: cad faoi léann na hÉireann san Eoraip agus ionad na litríochta Gaeilge sa chóras sin, is é sin le rá an European Federation of Associations and Centres of Irish Studies – EFACIS. An spéis le EFACIS scríbhneoirí na Gaeilge? An spéis le scríbhneoirí na Gaeilge EFACIS?

Nuair a d’iarr EFACIS ormsa rud éigin a scríobh dóibh le haghaidh Kaleidoscope 2, chuireas haiku ar fáil sá dá theanga, haiku a bhí ag freagairt do ghrianghraif le Roman Vishniac, duine a bhí ina fhinné ar an bhfríth-Sheimíteachas san Eoraip agus na Naitsithe ag teacht chun cinn.

Is é Auschwitz bunchloch an Aontais Eorpaigh, de réir an úrscéil An Phríomhchathair/ Die Hauptstadt le Robert Menasse, súil ghéar á caitheamh aige ann ar an maorlathas buile sa Bhruiséil.

An bhfuil aistriúchán Gaeilge den úrscéal sin coimisiúnaithe ag foilsitheoir Gaeilge? Dá mbeimis inár nEorpaigh – rud nach bhfuil, i mo thuairimse – bheadh scéim ann chun aistritheoirí a fhostú go lánaimseartha chun litríocht chomhaimseartha na hEorpa a chur ar fáil i nGaeilge. Is cinnte go léifinnse cuid de na leabhair sin. Nílim chun cáipéisí na maorlathach a léamh! Níl aithne agam ar éinne a bhfuil fonn air na cáipéisí sin a léamh.