2017-06-30

Frank Benson

Frank Benson
an t-anam
á aithint féin i ngach ní ...
corr bhán
the soul
knowing itself in all things...
white heron
σε όλα μέσα
διακρίνεται η ψυχή...
λευκός ερωδιός

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2017-06-29

Feitheamh

Agus tú fá shuan,
ar thairseach do chuid brionglóidí,
mé ag feitheamh is ag stánadh go ciúin ar do ghnúis
nuair a nochtann réalt na maidine ar dtús ag d'fhuinneog.
Mar a chéile, cois cladaigh,
an t-aiséiteach tumtha sa mhachnamh,
is é ag stánadh Soir -
a bhigil fhada caite aige in eacstais gan néal,
is é ag súil le breacadh an lae
á fholcadh.

Ólfadsa lem' dhá shúil
an chéad mheangadh
a bhláthóidh ar do liopaí leathoscailte
mar bhachlóg -
a mhian.

Rabindranath Tagore

Awaiting


In your sleep,
At the threshold of your dreams,
I wait and gaze silently on your face
As the morning star first appears at your window.
In the same way, by the seashore,
The ascetic plunged in meditation
Gazes towards the East -
His hours of vigil pass away in sleepless ecstasy,
As he looks forward to his immersion
In the first light of morning.

With mine eyes,
I shall drink the first smile
That blooms on your half-opened lips
Like a flower-bud -
This is my wish.

 Later Poems of Tagore (Orient Paperbacks, New Delhi)

2017-06-28

Diane Arbus

Diane Arbus
an bhrionglóid
cén bhrí a bhí léi…
cén cuspóir
the dream
what did it mean…
what was it for
το ενύπνιο
τι να σήμαινε…
για ποιο πράγμα να ήταν

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2017-06-27

Ar Mhullach Bhinn Éadair


Gháir tú nuair a bhánaigh na tonnta glasa
Ar charraigeacha i bhfad uait, á rá, “Scaoilfead
Saor mo chuid ribíní chun go gcloisfinn
Toirneach bhog na gaoithe im’ chuid gruaige.”

“Níl sa ghaoth ach bláthfhleasc an tsáile.
An fhuil ag cuisliú ionam – cuthach
Na n-aoiseanna – a chloiseann tú is ní an ghaoth
Mar thoirneach bhog i do chuid gruaige."
 

Baile Átha Cliath, 1966

Hubert Ribeiro Santana (de bhunadh Goa)


On Howth Head


Laughing to see the green waves pale
On far rocks, you said, “I will pull
Loose my ribbons, that I may hear
The wind’s soft thunder in my hair.”

“The wind is but the water’s wreath.
It is my beating blood – the wrath
Of ages – and not the wind you hear
Makes that soft thunder in your hair.”

Dublin, 1966

Hubert Ribeiro Santana

2017-06-26

THE EMIGRANT/ AN DEORAÍ

Nach minic, is mé cortha ag an ór nach raibh im’ lámh,
Gur éalaigh osna uaim, a Mháithrín ó
Ag taibhreamh dom faoi luí na gréine ar an trá
Nó sna goirt ríse is an ghaoth ag séideadh fadó!
Nach minic is an dóchas ionam ag éag
Gur chuas i bhfolach id’ bhrollachsa glas-aoibhinn án –
Ba thú an tearmann caol thug scíth dom ghéag’
Is mé ag teitheadh ón domhan ’bhí sioctha ina lár!

Tá séipéilín ina sheasamh ar chnocán liath:
Is ann a baisteadh mise im’ bhunóc
Is ann a luíonn mo mháthair, leis, le Dia
Is ghuífinn ann is d’éireoinn as an tóir.
A thír na sean! Lig don aos óg
Bheith bródúil as an bhfód seo i mo dhiaidh.
 

Armando Menezes (Goa)

The Emigrant
(1933)

How often, wearied with ungotten gold,
Have I, O Mother, dreamed and, dreaming, sighed
For the pure gold of thy sunsets and the tide
Of golden ricefields when the wind is bold!
How often, when sick hope has lost its hold,
Have I in thy green bosom yearned to hide—
Thou narrow haven from a world so wide,
Thou cosy shelter from a world so cold!

Upon a low gray hill there stands a church:
They say it was there that they christened me.
There, too, my mother sleeps; there I alone
Would pray — pray and forget this fruitless search.
Land of my fathers! May’st thou also be
The land my children shall be proud to own.

Armando Menezes (Goa)

2017-06-25

Teacht le Chéile

Bhí nós aisteach ag m’uncail daoine a thabhairt le chéile.
Thógfadh sé cúigear is fiche mura miste leat ar turas.

Abair: Aintín Perpetual a raibh a hucht gearrtha,
d’ardaíodh sí a t-léine i gcónaí chun an scéal a insint dúinn,
Avo a sheasadh agus a dhéanadh a mhún ar nós sioráif,
Milton, col ceathar, ag cur síos ar threabhsar daoine is brístíní,
Uncail Kaitaan a scar óna bhean sular chaill sé a radharc
agus cathrú air ar bhreathnú siar dó,

nó Aintín Bertha a raibh an oiread sin grá aici dá fear
go mba bhreá leo cithfholcthaí picnice dá gcolainn liobarnach tar éis 40 bliain
(an lánúin a fholcann le chéile...),

Aintín Nysa a staon ó bhia le bheith seang is a d’éirigh feosaí
mar nach ionann a bheith aon kg níos éadroime agus a bheith níos óige,
agus Aintín Alice a bhí colscartha nuair a bhain teir lena leithéid.

Uncail Wilfred a raibh nath cainte aige do gach ócáid
sa Choncáinis liriciúil
rud a d’imeallódh a chuid naimhde
faoi mar a imeallaíodh eisean toisc é a bheith beo bocht.

M’athairse ag cúlú leis i gcónaí ó rothaíocht
na bpáistí,
agus ó chiorcal na beatha is rothaí móra an tsaoil.

Bheadh cúpla uncail spártha suite i gcónaí ar chathaoireacha plaisteacha
leis na tiománaithe is na garraíodóirí
agus buidéil alcóil á n-oscailt go sollúnta acu.

Bheadh piollaí torthúlachta ag Aintín Cassandra
clocha míle páistí eile aici á gcomhaireamh
gaois loiteoige na dea-thuismitheoireachta á cleachtadh aici.

Aintín Matilda ar fithis le curaí, sorpotel,
is gríscíní a friochadh i seimilín is ola shaor lus na gréine.
Fuair daoine an-bhlas ar a cuid ofrálacha dea-mhéine
ach níor thugadar riamh cuireadh chun cóisire di.

Agus maidir leis na searbhóntaí!
Cothrom na féinne le plátaí dinnéir
a gcloigeann lan de mhíolta,
bríste gairid orthu, cíochbheart lasmuigh den t-léine.
Toitíní garbha á gcaitheamh acu, ag crochadh thart
ar chol ceathracha na gceathrún griandaite cruicéid,
ag scigireacht ar chol ceathrair Milton gur ainteagmhaíodh leo
is cuireadh abhaile iad.

M’aintín – bean m’uncail – bheadh spéis aici
i ngach anraith agus an t-oideas,
ba chuma cén tigh nó óstán ina rabhamar.

Ní éalódh aon ní uaithi
fiu agus nóibhéine laethúil ar siúl, clog an aingil nó an paidrín:
an ceangal idir Martha agus Rosie, aon chineál amháin iad,
an obair fhíolagráin ar bhráisléid óir Avo,
an tuarastal a thuill Uncail Jimmy,
na marcanna a thug Edith abhaile.
Ghiorraíodh m’uncail an bóthar
le jócanna luchanna eaglaise ar thraenacha go Goa
agus sos againn ag Miraj.
Chliceáladh sé pictiúir d’Eas Dudhsagar
leis an panache céanna sin
a mbuaileadh Uncail Fred agus Tony an cac as a a gcéile mná
agus d’fhuaigh Aintí Emma an taobh amuigh
de phóca a céile siúd
ionas nach dtabharfadh sé iasacht d’éinne níos mó.

Aon uair a mbíodh Edith ar bharr an ranga
bhí sé ina raic eadrainn – na páistí eile.
Nuair a fuair sí jab agus tuarastal ard,
bhí m’aintín ag lorg náideanna i ngach éinne
ar nós comhábhar in anraith.

Marcanna arda ná airgead ní raibh againne.
Íochtaráin ab ea sinn, pátrúin na bochtaineachta.

Níor linne riamh an lá
lascadh ár n-aintín sinn lena stánadh gormshúileach
i seomra lán de chomhluadar.

Rochelle Potkar (Goa)

Gathering

My uncle had a strange habit of gathering people.
Not less than 25 he would take on an outing.

Like: Aunty Perpetual with her breast cut
who would lift her t-shirt every time to show us her story,
Avo who would stand and take a piss like a giraffe,
Cousin Milton who would talk about everyone’s pants and panties,
Uncle Kaitaan who divorced his wife just before he turned blind
and regretted it in hindsight,

or Aunt Bertha who loved her husband so much
they still bathed under picnic showers and sagging flesh of 40 years
(a couple that bathes together…),

Aunt Nysa who starved to look thin and ended up haggard
because one kg less is not a year younger,
and Aunt Alice who was divorced when that was still a stigma.

Uncle Wilfred had one phrase for every occasion
in lyrical Konkani
aimed to marginalize his opponents
who had marginalized him because of his poverty.

My father would step further and further away
from the kids cycling,
as he would from the circle of life and everyone’s life cycles.

A few spare uncles would always sit on plastic chairs
with the chauffeurs and gardeners
inaugurating alcohol bottles.

Aunt Cassandra would be on a fertility pill
counting milestones of other’s children and
practising her lotus-like parenting wisdom.

Matilda aunt orbited around with curries, sorpotel,
and cutlets fried in rava and cheap sunflower oil.
People relished her friendship-offerings
but never invited her for their parties.

And the servants!
Equal of equals on the dinner plates
with their heads full of lice,
they wore shorts, and their bras outside their t-shirts.
They smoked beedis, hovered around the male cousins
with bronzed cricket thighs,
and giggled at cousin Milton until they were molested,
and shunted home.

My aunty – Uncle’s wife - would be interested
in every soup and its recipe,
never mind which house or hotel we were in.

Nothing escaped her sight
even in daily novenas, angelus, or rosaries:
the peas-in-the pulav bond between Martha and Rosie,
the filigreed work on Avo’s gold bangles,
the salary Jimmy uncle earned,
the marks Edith brought home.

My uncle would cut long journeys short
with church mouse jokes on trains to Goa
with break journeys at Miraj.
He would click pictures of Dudh-sagar
with as much panache
as Uncles Fred and Tony beat up their wives
and Aunty Emma stitched her husband’s pocket
from the opening outside
so he wouldn’t lend any more money.

Every time Edith topped her class
there would be mayhem for all of us - the other children.
When she got a job with a heavy pay packet,
my aunt searched for zeros in every person,
like ingredients in a soup.

We had neither high marks nor the money.
We were the pariahs, patrons of penury.

The day never belonged to us
as our aunt whipped us with her blue-eyed gaze
in this room full of people.

Rochelle Potkar (Goa)

2017-06-24

Haiku

a bhfuil fágtha
den oíche
dhá phréachán ar ghéag

all that's left
of the night
two crows on a branch

केवल यही बचा है
इस रात का
दो कौए एक टहनी पर


i m'aonar anocht
leis na torbáin
leis an gcruinne

alone tonight
with tadpoles
with the universe

अकेला हूँ आज रात
बैंगचीयों के साथ
ब्रह्मांड के साथ

caoirigh sléibhe
faoin gceo
ag cogaint na cruinne

mountain sheep
in mist
chewing the universe

पहाड़ी भेड़ें
धुंध में
विश्व को चबा रहीं

grian íseal
scáileanna ar a dteitheadh
thar pháirceanna catha

low sun
shadows fleeing
across battlefields

सूर्य नीचे हुआ
परछाइयाँ भागीं
रणक्षेत्रों के पार

Hiondúis/ Hindi: Angelee Deodhar


2017-06-23

Cead


Ar oileán Divar
uisce báistí
sa phúitse plaisteach
os cionn an ghlais
a dhúnann an t-áitreabh go daingean

cloigne fiosracha
na mbrobh féir
tríd an ngeata miotail

dhá bhumbóg
ina gcuar tríd an gclós cúirte
agus buíon seangán
ar fud scoilteanna an chabhsa
is a mhósáic breac le caonach

tarraingíonn damhán alla dearg
téada an phúca
ón ngeata miotail
go dtí tor monsúin

féileacán liathghorm
a sciatháin á n-oscailt is a ndúnadh aige
ar imeall an chláir

a gheallann
go mbeidh droch-chríoch
ar éinne a thagann isteach
gan chead

Salil Chaturvedi


2017-06-22

Do M’Athair Céad Bliain i ndiaidh a Bhreithe (1966)

Agus m’athairse ag saothrú an bháis, an glothar le clos
Agus mo dhá lámh timpeall air,
An chuid eile go léir ar a nglúine, ag osnaíl ghoil
Paidreacha na marbh acu á rá go creathánach –
‘Ar do ghlúine!’ ar sé faoi mar go raibh a anam ag brath air.
Is nuair a thiteas-sa ar mo ghlúine laga,
Tháinig séimhe iontach ar a ghnúis shuaite,
Na roic ag samhrú go bláth na hóige,
Le heite ghléineach do chuimil an bás leis.

A Athair, b’eol duit gur shléacht m’anamsa
Roimh gach ní, á n-adhradh le grá:
Bhraitheas ó m’óige i leith an Diagacht
Sa duine agus sa dúlra, bíodh is nárbh eol dom É Féin,
Agus leanas le hardlúcháir nó faoi shíocháin
An uile ní sofheicthe is dofheicthe a bhog.
Bhí an svae sin ar m’anam chomh tréan sin
Go mba pheaca im’ shúilese é gach gotha
Ar nós cuma liom is gach réchúis thámh.
Bhí an rud a bhí Fíor chomh fíor sin gur múchadh
Gach deasghnáth, gach nós, siombail is cleachtas
A raibh cuisle gheal na Fírinne sin in easnamh orthu.

Thuigeas-sa leis le blianta fada
Go raibh Cumhacht éigin a leath a fallaing orm,
Máthartha is athartha, grámhar nó cruaidh,
Ag oibriú ionam, maitrís na smaointe go léir,
Gach maitheas is gach áilleacht ag doirteadh trí m’aigne.
Is minic mé ag stánadh ar rud éigin a scríobhas
Ag déanamh iontais cad as a dtáinig sé; is thuigeas gan mhoill
Go mba leor mar bhuíochas an tsíocháin gan choinne.

Níor fhoghlaimíos-sa conas glúin na colainne a fheacadh –
Ró-umhal chun an umhlaíocht a chur ar paráid,
Nó eagla orm an ní neamhdhiaga a adhradh –
Ach im’ chroí istigh mé féin á ísliú agam
Roimh an bhFírinne ghlórmhar, thar aon uair eile
Im’ sheasamh suas caol díreach dom, dána, ceannairceach.

Mar sin ní raibh rath orm, sa chiall atá ag an saol
Don rath, ach go domhain istigh i m’anam
Tá tobar ríméid nach raghaidh i ndísc go deo,
Is an tsíocháin do mo ghríosú i gcogar, gan de neart ionam
Ach an neart sin a thagann as aigne mhacánta:
Níl slí anseo don rath ná don mhírath;
Leanann an saol ar aghaidh i nDia, agus sé Dia is fearr a thuigeann,
D’fhéadfadh duine i mbun urnaí a bheith baoth.

Mar sin más fiáin a bhí mo shaolsa
Ar mo ghlúine a bhíos de shíor roimh an gCumhacht sin
Atá timpeall orainn, ionainn agus trínn,
Is léir dúinn an lúcháir agus an tsíth a bhaineann léi
Nuair a chromtar os a comhair go domhain inár gcroí.
Tá a fhios agat le tríocha bliain é: táimse á rá anois.

Armando Menezes



To My Father,
On The Centenary of His Birth
(1966)


My father when he died, already when the rattle
Had set in and I held him in my arms,
While all the rest were kneeling and with sobs
The office for the dead was shivered, cried―
As if his soul were staked upon it―‘Kneel!’
And when I fell on trembling guilty knees,
A great peace came upon his troubled face,
Its furrows summered to the bloom of youth,
And death had brushed him with a luminous wing.

Father, you knew not that my soul had knelt
In worship and in love before all things:

From childhood have I felt Divinity
In man and nature, though I knew it not,
And followed with ecstatic peace or joy
Each seen or unseen motion of all things.
So strong has been this empire o’er my soul,
That every gesture of indifference,
Or dull complacence was to me a sin.
The Real was so real, that it drowned
All rites, conventions, symbols, practices
That lacked the bright pulsation of this Truth.

And I have also known, for long, long years,
A feeling of some Power that wrapped me round,
Maternal and paternal, fond or hard,
That worked through me, was matrix of all thoughts
Of good or beauty pouring through my mind.
Oft have I stared at something that I wrote
And wondered whence it came; but soon have guessed,
Until a sudden peace was thanks enough.


I have not learnt to bend the body’s knee―
Too humble to parade humility,
Or fearful to adore the undivine―
But ever in my heart abased myself
Before the glorious Truth, most when I seemed
To stand upright in rebel insolence.

Therefore I have not thrived, as the world knows
Of thriving, but within my deepest soul
There is a well of unexhausted joy,
And peace that whispers courage, with no strength
But what must issue from a sincere mind:
No room is here for failure or success;
For life in God goes on, and God knows best
A man can be most foolish when he prays.

Therefore my life, however wild, has been
Perpetual genuflection to that Power
That works around, within us and through us,
And gives us joy and peace as we have learnt
To bow before It in our inmost heart.
You have known it thirty years: I say it now.

2017-06-21

Óráit : Óid I. 11 [Horace]

Óid 1.11

A Leucóin, ní ceadmhach d'éinne a chinniúint a léamh,
tusa ná mise: ná fiafraigh, ná téigh sa tóir ar fhreagraí
i nduilleoga tae ná pailme. Bí foighneach lena dtagann.
D'fhéadfadh gurb é seo an geimhreadh deireanach againn, nó tuilleadh
ag teacht is Muir na Toscáine á radadh acu ar na carraigeacha seo:
déan a bhfuil le déanamh agat, bí gaoismhear, gearr na fíniúnacha
is déan dearmad ar dhóchas. Tá an t-am ar eite agus sinne ag caint.
Beir ar an am i láthair, ní bhaineann an todhchaí le haon neach beo.


Tu ne quaesieris - scire nefas - quem mihi, quem tibi
finem di dederint, Leuconoe, nec Babylonios
temptaris numeros. Ut melius quicquid erit pati,
seu pluris hiemes, seu tribuit Iuppiter ultimam,
quae nunc oppositis debilitat pumicibus mare
Tyrrhenum. Sapias, vina liques, et spatio brevi
spem longam reseces. Dum loquimur, fugerit invida
aetas: carpe diem, quam minimum credula postero.

Ode I. 11

Leucon, no one’s allowed to know his fate,
Not you, not me: don’t ask, don’t hunt for answers
In tea leaves or palms. Be patient with whatever comes.
This could be our last winter, it could be many
More, pounding the Tuscan Sea on these rocks:
Do what you must, be wise, cut your vines
And forget about hope. Time goes running, even
As we talk. Take the present, the future’s no one’s affair.

~ Horace ~
(The Essential Horace, edited and translated by Burton Raffel)


Muire na mBard: seoladh leabhair


2017-06-20

Laistigh is Lasmuigh

Leanfaidh buille do chroí,
leanfaidh buille mo chroíse
i gcéin.
Tiocfaidh is imeoidh an sonas
i gcéin.
Leanfaidh réaltaí dá ndrithle
i gcéin
Beidh gach aon ní mar a bhí
i gcéin.
Ach braistint seo do ghrása,
an tséis seo
fanfaidh im' chroíse
fiáin, gar dom, i láthair.


Meeraji

2017-06-19

Dhá haiku le Issa ón mbliain 1813

báisteach fhómhair -
cuirim an ruaig
ar dhreancaidí drogallacha


.秋の雨いやがる蚤をとばせけり

aki no ame iyagaru nomi wo tobase keri


dreancaidí díbeartha
tá siad ar ais  . . .
báisteach fhómhair

hanasetaru nomi no mata kuru aki no ame

2017-06-17

Is Leor Sin


Ithir do na cosa
Tua don lámh
Bláth do na súile
Éan do na cluasa
Muisiriún don tsrón
Meangadh don bhéal
Amhráin do na scamhóga
Allas don chraiceann
Gaoth don aigne

~ Nanao Sakaki ~


(What Book?!, in eagar ag Gary Gach agus Peter Coyote)

2017-06-16

Tráthnóna Samhraidh

Sa gharrán bambúnna láimh linn
      giolc tobann éan

An cat dubh ramhar sin
a chonaic mé go minic ar an uchtbhalla
a eireaball in airde
b'fhéidir go bhfuil sé ag dul thar an draein.


Vijay Deo Narayan Sahi

2017-06-15

Barraí

Más cás
atá uait, a stór
ní gá duit taisteal
i bhfad.
Más mian leat a bheith teanntaithe,
teanntaithe a bheidh tú.
Má lorgaíonn tú coilm
beidh tú lán de choilm.
An solas féin
d'fhéadfadh sé a bheith i gcás.
Seacht mbarra atá
 ag cás an tsolais.

 Keki Daruwalla

BARS

If you want
a cage, my dear
you do not have
to travel far.
If you want to feel
hemmed in, you’ll be hemmed in.
Look for scars
you’ll be full of scars.
Even light can turn
into a cage.
The cage of light
has seven bars.

Keki Daruwalla

2017-06-14

Neamhaird Sheasta

Deineadh neamhaird sheasta díom i dteaghlach de dheichniúr.
D'fhiafraíos de mo mháthair, 'An mac liom thú dáiríre?'
Stop sí ó bheith ag meilt spíosraí,
'Ní tú, cheannaíos ó bhacach thú
Ar bhuiséal ríse.'
Mo dheirfiúracha ag scigireacht laistiar díom.

Scrúdaíos aghaidheanna, dheineas spiaireacht ar bhacaigh,
Suas síos an clós cúil liom is mé ag smaoineamh
ar bhotháin i bhfad uainn, cinnte gur i gceann acu a bhí mo mháthair
chun mac eile léi a thrádáil
ar iasc - lena chur leis an mbuiséal sin.






G.S. Sharat Chandra


2017-06-13

Lang Ching-shan

Lang Ching-shan
na téir chun na giúise
lig don ghiúis teacht…
lig di teacht chugatsa
go not to the pine
let the pine come…
let it come to you
μην πας στο πεύκο
άσε το πεύκο νά 'ρθει...
νά 'ρθει σ' εσένα

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2017-06-12

Smaoineamh an Lae

Murach go bhfuil Dia ag cuidiú leis an nGaeilge, ba deacair di dul ar a haghaidh tá oiread seachmaill ar dhaoine 'na taobh.

An tAthair Peadar

2017-06-11

Sergio Larraín

Sergio Larraín
naoimh
is peacaigh...
sráidbhaile Corleone
saints
and sinners...
the village of Corleone
oι άγιοι και
οι αμαρτωλοί...
χωριό του Κορλεόνε

Leagan Gréigíse: Sarah Thilykou

2017-06-10

Bleá Cliath

Bleá Cliath
bleá cliath sa ré dhorcha…
spuaiceanna amháin
ag breathnú in airde
dublin in the dark ages…
only the spires
looked up

2017-06-09

An Búda

Babhtaí Breitheanna Go Leor

Babhtaí breitheanna go leor is mé ar fán
gan chúiteamh,
gan scíth,
sa tóir ar an tógálaí tí.
Is pianmhar í an bhreith
arís is arís eile.

A thógálaí tí, tá tú feicthe agam!
Teach ní thógfaidh tú go deo arís!
Tá na fraitheacha uile briste,
an maide mullaigh scriosta,
imithe go dtí an Neamhfhoirmithe,
tá deireadh sainte sroiste ag an aigne.

2017-06-08

D'aistritheoirí/ For translators

Gabhaimid buíochas leat

A Dhia
tá tú á aistriú againn,
foilsítear gach soicind thú
i ngach teanga ar domhan
láithreach bonn, ar fud an bhaill
i litríocht neamhfhoilsithe gach máthar

A Dhia,
níl an script ar eolas againn
i mbarróg ónár lámha
i bhfilleadh teann ár ngualainne
i gclais chliabhánach ár gceathrúna
i gcíocha lán de bhainne
agus roimhe sin, an fheoil sa bhroinn
beidh tú á aistriú againn
dílis i gcónaí don bhunbhriathar
tógtha le d'idéil go deo

A Dhia
ná déan báirseacha santacha dínn
bímis airdeallach i gcónaí i dtreo is
nach náireofaí an tagairt
ná héilímis cúiteamh ar an aistriúchán seo
ag do fhlaithiúlachtsa na cearta go léir

A Dhia
gabhaimid buíochas leat
as ucht sinne amháin a roghnú
mar aistritheoirí!

Lalita Siddabasavaiah

2017-06-07

Mo bhonn ocht n-anna

Chailleas
mo bhonn ocht n-anna.
Nuair a lorgaím é
tagaim ar rúipí airgid.
Ní liomsa an rúipí
ach tá mo chloigeann teasctha
greanta air.
Caithfidh go bhfuil an chuid eile díom
sa bhonn ocht n-anna sin,
agus sin an fáth mé a bheith
go géar á lorg.
Conas go mbeadh a fhios agamsa
go mbeinn chomh neamhiomlán sin
is mé sa tóir mar seo
ar airgead?

Vinod Kumar Shukla


2017-06-06

D’imigh an Óige

Tá m’ucht creimthe
ag cíocha na mban ag cuimilt ina aghaidh.
Mo chraiceann cruaite
ag na coilm ghrá a d’fhág a n-ingne ann.
D’imigh an óige, chuaigh amú
faoi bhrú an phaisin.
Tá mo chuid gruaige ag titim amach,
táim bréan den rud ar fad.
Nílim in ann dul ar aghaidh i nguairneán an tsaoil seo,
A Dhia Kalahasti, fág mé gan
                                                  dúil.

Dhurjati


Youth has Gone

My chest has been worn away
by the breasts of women rubbing against it.
My skin has been roughened
with love scars from their nails.
Lost in the straining of passion, youth
has gone.
My hair has started falling out,
I’m sick of it all.
I can’t go on in this circling world,
God of Kalahasti, make me
                                        desireless.


Dhurjati
(16th century)
(Trans. Hank Heifetz & V. Narayana Rao, For the Lord of the Animals: Poems from the Telegu, Berkeley, University of California Press, 1987)

2017-06-05

August Sander: Der junge General

August Sander
leánn ár gcroí
a Kaiser dhil!
. . . do bhreithlá
how our hearts melt
dear Kaiser!
. . . your birthday

2017-06-04

Wax before an unspent fire

He grabbed me
       lest I go astray.

Wax before an unspent fire,
       mind melted,
       body trembled.

I bowed, I wept,
       danced. And cried aloud,
       I sang. And I praised him.

Unyielding, as they say,
       as an elephant’s jaw
       or a woman’s grasp,
       was love’s unrelenting
       seizure.

Love pierced me
       like a nail
              driven into a green tree.

Overflowing, I tossed
       like a sea,

heart growing tender,
body shivering,

while the world called me Demon!
and laughed at me,

I left shame behind,

took as an ornament
       the mockery of local folk.
Unswerving, I lost my cleverness
       in the bewilderment of ecstasy.
 

Manikkavacakar (9th century)
Trans. A.K. Ramanujan

 

Céir Os Comhair Gríosaí

Rug sé orm
       ar eagla go raghainn amú.

Im’ chéir os comhair gríosaí,
       leáigh an aigne,
       colainn ar crith.

D’umhlaíos, ghoileas,
       dhamhsaíos, bhéiceas os ard,
       chanas, agus mholas é.

Chomh neamhghéilliúil, mar a deir siad
       le giall eilifinte
       nó greim docht mná
       a bhí síorghabháil
       an ghrá.

Tholl an grá mé
       mar thairne
       a thiomáinfí i gcrann glas.

Mé ag cur thar maoil, ag luascadh
       Ar nós farraige.

an croí ag éirí tláith,
an cholainn ar crith,

agus Deamhan a tugadh orm!
gach éinne ag gáirí fúm,

D’fhágas an náire im’ dhiaidh,

Ghlacas magadh mhuintir na háite
Mar ornáid.
Diongbháilte, chailleas an chlisteacht
       faoi iontas na heacstaise.

 Manikkavacakar

2017-06-03

David Seymour

David Seymour
i ndufair
Napoli...
féileacáin ar strae
in the jungle
of Naples...
lost butterflies
μέσα στη ζούγκλα
της Νεάπολης....
χαμένες πεταλούδες

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2017-06-02

Teacht Aniar: Cruinniú Poiblí 17 Meitheamh 2017

Cá bhfuil ár dTriall?


I bhfianaise torthaí an Daonáirimh inar léiríodh titim tubaisteach ar líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla sa nGaeltacht agus go deimhin lasmuigh dí  tá cruinniú poiblí á eagrú ag TEACHT ANIAR chun machnaimh neamh-achrannach, fuarchúiseach agus straitéiseach a dhéanamh ar staid reatha na Gaeilge agus cur chuige lucht na Gaeilge ina leith, féachaint an féidir linn moltaí nua fiúntacha a chur le chéile ag an gcruinniú fhéin nó ina dhiaidh.

Ag caint ag an gcruinniú beidh Conchúr Ó Giollagáin, Julien de Spáinn, Aoife Ní Shéaghdha, Breandán Mac Cormaic, Ben Ó Ceallaigh, Muireann Ní Mhóráin,agus Seán Tadhg Ó Gairbhí agus beidh plé oscailte ina dhiaidh na gcainteanna.    



IONAD; ÓSTÁN BUSWELLS, SRÁID MOLESWORTH, BAILE ÁTHA CLIATH 2 idir 10.00 r.n. am agus 13.30, Dé Sathairn an 17 Meitheamh 2017.



Breandán Mac Cormaic

Cathaoirleach Teacht Aniar

Teachtaniar.eu

Portráid


Ná hiompaigh uaim
A uisce
Fan i raon mo shúl
Ná bí ag plobaireacht ná sceith
Bí i do thost go hiomlán
Ciúin go hiomlán

Lig dom dul isteach go domhain ionat
Lig dom do ghuth a chlos ar a laghad
Lig dom tú a bhrath le mo lámha truamhéalacha
Lig dom' theanga do chosa a lí
Lig dom gach atá faoi cheilt i do chroí
A bhrath

A uisce
Athair máthair tiarna
Fan tamall
Is mian liom do phortráid a phéinteáil

Dinkar Manwar

Portrait

Don't turn away from me
Water
Stay within my sight
Don't babble or gush
Be utterly silent
Be utterly still

Let me enter deep into you
Let me at last hear your voice
Let me feel you with my desperate hands
Let my tongue lick your feet
Let me get a sense
Of what all you have been hiding in your heart

Water
My father my mother my lord
Wait for me for a while
I want to paint
Your portrait.

Dinkar Manwar

Translated from the Marathi by Sachin Ketkar