2018-04-20

Cill Iníon Léinín/ Killiney

Jason Symes
Cill Iníon Léinín
iascaire ag súil le ceann mór...
néalta taistil
Killiney
a fisherman waits for the big one...
passing clouds

2018-04-19

Haiku - McClintock





éanbhreathnú
nuair is lom iad na crainn
sa gheimhreadh

2018-04-18

Haiku - McClintock

nach uaigneach é
tintreach chiúin
ar an bhféarmhá

2018-04-17

2018-04-16

Graifítí an Lae - Bob Marley

B’fhearr bás a fháil ag troid ar son na saoirse ná a bheith i do chime ar feadh do shaoil.

Bob Marley

2018-04-15

DYLAN - NO TIME TO THINK/ LE hAGHAIDH SMAOINTE NÍL AM

LE hAGHAIDH SMAOINTE NÍL AM

Sa bhás, tá an bheatha an bhean is an leanbh
Ag suansiúl ‘n aghaidh balla ’d bhrionglóid
Id’ shaighdiúir na trócaire, do mhallacht is fuar
“Mura bhfuil sé le trust, slán go deo.”

Uaigneas, cineáltas, an uasaicme, clú, fuilibiliú,
Troid na corónach is taisteal go brónach
Ag imeacht is tú gan cháil
Le haghaidh smaointe níl am.

Sa Chathair Fheidearálach sea do léiríodh duit tláithe
Go rúnda, le haghaidh pinginí
Is geal leat an ceannaire ach ní maith leat an leatrom
Agus braitheann tú lán d’imní.

Cuimhní, sceitimíní, easpa dlí, is easpa croí
Bheith díolta ag póg is an oíche go hóg
Sa ghleanntán úd is an lúb ar lár
Le haghaidh smaointe níl am.

Breithiúna cráite, i mbansagart a bheith sáite,
N’fhaca tú riamh a leithéid
Buaileadh gach bob orm trí shúile atá turcaidghorm
Tá mé dulta i léig.

Bábóigín,
braon poitín, an dúbailteacht, an uaigh ghlas,
Mearcair i gceannas, an chinniúint dod’ leanacht
Nós na plá, agus caochadh súl cam
Le haghaidh smaointe níl am.

Do thréig do choinsias thú, tíoránach a lig síos thú
Áit a luíonn an leon leis an uan
Bheadh an fealltóir sin íoctha, is marbh ’n dhiaidh sin
Ach sin mar atáimse monuar.

Tír na nÓg, íobairt fós, an bhásmhaireacht, an cás mar tá,
Ach is gasta é an draíodóir is a chleasa
Is íogaire ná fuil, ná dúch i do pheann
Le haghaidh smaointe níl am.


Éad agus fearg, a chlaíomh atá dearg
Beidh sé sásta má tá tú faoi bhrú,
Gealta ’na choinne, is tusa an duine
A cheansóidh é trí bheith ciúin.

Liberté, égalité, an umhlaíocht chaoin, an tsimplíocht íon
Féach tríd an scáthán ar na súile ag stánadh
Agus ólann tú braon beag go fann
Le haghaidh smaointe níl am.

Taoisigh an dóláis is ríonacha sóláis
A gcloigeann á n-ofráil ar ghuí
 Níl teacht agat ar shlánú, tá do shaolsa á bhánú
 Ins gach áit, gach aon uair, i ngach slí.

Mearcair, sea, gravité, an uaisleacht, sea, an umhlaíocht, sea,
Ní féidir í choinneáil, tá tú cóngarach don imeall
Is ní fada go seasfaidh tú ann
Le haghaidh smaointe níl am

Tá deireadh le vanité, is do shlánchiall sa chré
Droim láimhe anois le pléisiúr
Géilleann leannáin duit, ach níl siad sách láidir
Ní heol dóibh an ann duitse fiú.

An sóisialaí, an hiopnóisí, an rapparee, an t-ábharaí,
Dlíthe sea mhuise, chun gialla a bhriseadh
Agus clingeadh na n-eochrach’ is toll
Le haghaidh smaointe níl am

Is tabharfaidh an ród seo ‘dtí an ainnir ón mBablóin thú
Agus rós ina gruaig
Réaltaí sa spéir thoir, tú saortha ón daorbhroid
I sáinn ach tá gach aon ní amú

Fidélité, unité, eiseamláir ó bhun go barr
Casann tú timpeall, a dhiabhail, is radharc ar Chamille
Is an ghealach ’cur fola go fann
Le haghaidh smaointe níl am.

 Piléir mharóidís, ón mbás níl aon éaló
Ní hea, ortsa ní chuirfear cluain
Easpa suáilce ar snámh tríd an láib duit
Flaithiúil ach faoi ghlas go Lá an Luain.

Níl am chun slán leis an bhfírinne ’rá
Níl am le cailliúint mhuise, a ghrá
Níl am chun réiteach ’gcomhair íobartach éigin
Ná fulaingt, ná súil cham
Le haghaidh smaointe níl am.

    NO TIME TO THINK

    In death, you face life with a child and a wife
     Who sleep-walks through your dreams into walls
     You’re a soldier of mercy, you’re cold and you curse
     “He who cannot be trusted must fall”
    
     Loneliness, tenderness, high society, notoriety
     You fight for the throne and you travel alone
     Unknown as you slowly sink
     And there’s no time to think
    
     In the Federal City you been blown and shown pity
     In secret, for pieces of change
     The empress attracts you but oppression distracts you
     And it makes you feel violent and strange
    
     Memory, ecstasy, tyranny, hypocrisy
     Betrayed by a kiss on a cool night of bliss
     In the valley of the missing link
     And you have no time to think
    
     Judges will haunt you, the country priestess will want you
     Her worst is better than best
     I’ve seen all these decoys through a set of deep turquoise eyes
     And I feel so depressed
    
     China doll, alcohol, duality, mortality
     Mercury rules you and destiny fools you
     Like the plague, with a dangerous wink
     And there’s no time to think
    
     Your conscience betrayed you when some tyrant waylaid you
     Where the lion lies down with the lamb
     I’d have paid off the traitor and killed him much later
     But that’s just the way that I am
    
     Paradise, sacrifice, mortality, reality
     But the magician is quicker and his game
     Is much thicker than blood and blacker than ink
     And there’s no time to think
    
     Anger and jealousy’s all that he sells us
     He’s content when you’re under his thumb
     Madmen oppose him, but your kindness throws him
     To survive it you play deaf and dumb
    
     Equality, liberty, humility, simplicity
     You glance through the mirror and there’s eyes staring clear
     At the back of your head as you drink
     And there’s no time to think
    
     Warlords of sorrow and queens of tomorrow
     Will offer their heads for a prayer
     You can’t find no salvation, you have no expectations
     Anytime, anyplace, anywhere
    
     Mercury, gravity, nobility, humility
     You know you can’t keep her and the water gets deeper
     That is leading you onto the brink
     But there’s no time to think
    
     You’ve murdered your vanity, buried your sanity
     For pleasure you must now resist
     Lovers obey you but they cannot sway you
     They’re not even sure you exist
    
     Socialism, hypnotism, patriotism, materialism
     Fools making laws for the breaking of jaws
     And the sound of the keys as they clink
     But there’s no time to think
    
     The bridge that you travel on goes to the Babylon girl
     With the rose in her hair
     Starlight in the East and you’re finally released
     You’re stranded but with nothing to share
    
     Loyalty, unity, epitome, rigidity
     You turn around for one real last glimpse of Camille
     ’Neath the moon shinin’ bloody and pink
     And there’s no time to think
    
     Bullets can harm you and death can disarm you
     But no, you will not be deceived
     Stripped of all virtue as you crawl through the dirt
     You can give but you cannot receive
    
     No time to choose when the truth must die
     No time to lose or say goodbye
     No time to prepare for the victim that’s there
     No time to suffer or blink
     And no time to think   

2018-04-14

dolmain/ dolmen

Ron Rosenstock
spéartha suaite...
an seansaol
ag dul in aois
restless skies...
the old world
grows older

Ramesh Anand (Tamil Nadu)

spéir an fhómhair . . .
paistí clapsholais
sa duilleog is í ag titim


இலையுதிர்கால வானம்
வீழ்ச்சி ஒட்டுதலுடன்
விழும் இலை

2018-04-13

Barnabas Ìkéolúwa Adélékè ( An Nigéir)

Barnabas Ìkéolúwa Adélékè
breacadh an lae . . .
glaoch coiligh múchta
ag glaoch coiligh

àfẹ̀mọ́jú
kíkọ àkùkọ bo kíkọ
àkùkọ mọ́lẹ̀

2018-04-12

Ludmila Balabanova (An Bhulgáir)

Ludmila Balabanova
an chéad gha gréine
ar an saighdiúr cloiche . . .
maidin shéimh


първи слънчев лъч
върху каменния войник
мирна утрин

2018-04-11

Haiku as Gána

Adjei Agyei-Baah
baile eile dóibh . . .
réaltaí ag glacadh scíthe
in abhainn

tenabrem foforɔ
nnsroma a woadeda
wɔ nsutene mu

2018-04-10

Sa bhliain 1817

  • tharla Éirí Amach in aghaidh na mBriotanach i Srí Lanca.
  • Rugadh Henry David Thoreau, fealsamh Meiriceánach.
  • Rugadh Theodor Storm, scríbhneoir Gearmánach.
  • Rugadh Bahá’u’lláh, a bhunaigh an creideamh Bahá’íoch.
  • Cailleadh Jane Austen, scríbhneoir Sasanach.
  • Cailleadh John Philpot Curran faoina ndúirt Lord Byron, ‘I have heard than man speak more poetry than I have written.’
  • Cuireadh an spiaire Policarpa Salavarrieta chun báis.
  • Rugadh an file tuaithe Muircheartach Ó Súilleabháin.
  • Cailleadh Seán Ó Coileáin, scríobhaí agus file.
  • Rugadh an scríobhaí Seosamh Ó Longáin.
  • Agus sa bhliain 1817 chum Issa an haiku seo:
 

.来た雁や片足上て一思案

kita kari ya kata ashi agete isshian

gé nuathagtha
ardaíonn leathchos  . . .
machnamh domhain

2018-04-09

Tanka

Sonia Rodrigues Sabharwal
tabhair
chun na ríochta caillte mé
(a scairteann mo chroí)
    feicim í i gcónaí
    féach! gach trá ann ag lonrú
take me
to the lost kingdom
(my heart cries out)
     i know it still exists
     look! i can see its dazzling shores

2018-04-08

Cuir isteach orm má chuala tú an ceann seo cheana

Nílim in ann cuimhneamh ar m’ainm fiú, mise is an chuimhne
ghlé sin agam – an scór sa pheil, cleasa draíochta, grá buan daingean
chomh gar sin do Dhia gur creideamh ab ea é geall leis.

Nuair a chodlaíonn tú agus tú i ngrá mar sin
dúisíonn tú agus ballbhrúnna ar do mhuineál. Ní
babhtaí óil a bhíonn agamsa, a dhaoine uaisle, ach eachtraí. Gach lá

leanann mo cholainn mé agus nithe á n-éileamh
aici. Bím ag iarraidh smaoineamh go glórach, a bheith
titleyúil, amach is amach. Tá an rud céanna

uainn go léir (a bheith faoi iontas de shíor
ar nós an chéad duine riamh a chuala pearóid ag caint) ach tá cónaí orainn
ar réidhe ollmhór is sinn ar snámh

idir dhá aigéan. Uaireanta bíonn ort an rud atá ann dar leat
a thréigint, dul ag spágáil
trí ghoirt agus an cloigeann a chiceáil

de na beacáin bhearaigh go léir. Uaireanta is gá
máirseáil an bealach ar fad chun na Gailíle
nó fad le cosa Dé féin sula dtuigfeá

go bhfuil tú gafa cheana féin
thar fhód do bháis. Ní cuimhin liom a thuilleadh
an sceoin, ach gur tháinig deireadh léi.

Stop Me If You've Heard This One Before


I can’t even remember my name, I who remember
so much—football scores, magic tricks, deep love
so close to God it was practically religious.

When you fall asleep in that sort of love
you wake up with bruises on your neck. I don’t
have drunks, sirs, I have adventures. Every day

my body follows me around asking
for things. I try to think louder, try
to be brilliant, wildly brilliant. We all want

the same thing (to walk in sincere wonder,
like the first man to hear a parrot speak) but we live
on an enormous flatness floating between

two oceans. Sometimes you just have to leave
whatever’s real to you, you have to clomp
through fields and kick the caps off

all the toadstools. Sometimes
you have to march all the way to Galilee
or the literal foot of God himself before you realize

you’ve already passed the place where
you were supposed to die. I can no longer remember
the being afraid, only that it came to an end.

Kaveh Akbar

2018-04-07

Haiku

一羽去り二羽去り冬木残さるゝ   森田純一郎

ichiwa sari niwa sari fuyuki nokosaruru
imíonn éan
imíonn dhá éan  . . .
crann leis fhéin sa gheimhreadh

Junichiro Morita

2018-04-06

Haiku

さざなみも立てず雪待つ水の面   黛 執

sazanami mo tatezu yuki matsu mizu no men
gan cuilithín ar bith  . . .
craiceann uisce
ag súil le sneachta

Shu Mayuzumi

2018-04-05

Haiku

冬薔薇我が身の主は我ならず  江渡華子

fuyusôbi wagami no nushi wa ware narazu
rós sa gheimhreadh
ní liom féin
mé féin

Hanako Eto

2018-04-04

Haiku

ツイツターやめて氷柱の声聴かん   広井和之

tsuitaa yamete tsurara no koe kikan

stop á chur agam le Twitter
éisteod feasta
le coinlín reo

Kazuyuki Hiroi

2018-04-03

Haiku

櫂あらば冬青空へ漕ぎ出でむ  嶋田麻紀

kai araba fuyuaozora e kogiiden


dá mbeadh agam maidí rámha
sheolfainn amach
'dtí spéir ghorm an gheimhridh

Maki Shimada

2018-04-02

cnoc/ hill

Ron Rosenstock
Cnoc Maol Réidh -
sea, tá tú mar sin ceart go leor
maol agus réidh!
Mweelrea -
to be sure, that's what you are
mweel, bald and rea, smooth!

2018-04-01

Judith Prat

Judith Prat
teifigh...
níl uathu ach tearmann
inár gcroí
refugees...
they only seek refuge
in our hearts

2018-03-31

Haiku le Issa on mbliain 1814

Cad a tharla sa bhliain 1814?

  • Tosnaíonn misinéirí ar an Maoris a bhreacadh síos den chéad uair
  • Rugadh Richard D’Alton : 
 ‘The three past years, during leisure moments, have been devoted by me to know the Irish language, with which I was previously utterly unacquainted. The labour was severe and often abandoned, almost with despair, because I could not find correct books to study from. The rules for pronunciation were a jumble of contradictions, owing to the misspellings of words, the confounding of radical and adventitious letters, and the want and misplacing of marks. All these errors caused a false reading, which made a babel of the language, brought the laugh of the Irish-speaking listener on the reader, and thus forced him to resign all further attempts towards attaining his Mother tongue.’ (ainm.ie)
  • Rugadh an file Úcránach Taras  Shevchenko
  • Rugadh an scríbhneoir Éireannach Sheridan Le Fanu
  • Rugadh an scríbhneoir Rúiseach Mikhail Lermontov
  • Rugadh Seán Pléimeann, scoláire Gaeilge
  • Cailleadh an tírghráthóir Thomas Davis
  • Cailleadh Johann Gottlieb Fichte, fealsamh Gearmánach
  • Cailleadh Theophilius O’Flanagan, scoláire Gaeilge

Agus sa bhliain 1814 chum Issa an haiku seo:
 

éanlaith uisce
leath ina gcodladh –
an domhan ar snámh

.水鳥よ今のうき世に寝ぼけるな

mizudori yo ima no ukiyo ni nebokeru na


Cad is brí le ukiyo, ‘domhan ar snámh’?

2018-03-30

Graifítí an Lae: Osamu Dazai

Ar son grá agus réabhlóide a rugadh an duine.

Osamu Dazai

2018-03-28

Crann

Jason Symes
faoi mar a fhanann crann
le grian na maidine
d'fhanamarna
    lena chéile . . .
    oíche fhada na síoraíochta
as a tree waits
for the morning sun
we have waited
    for one another . . .
    long night of eternity
όπως το δέντρο
τον ήλιο του πρωιού
περιμέναμε
    ο ένας για τον άλλον. . .
    μακρά αιώνια νύχτα

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

Filí Haiku Nach nDéanfar Dearmad Orthu

2018-03-27

Féar le linn Gorta

Triomach uafásach
is tá na héin tar éis na crainn
a fhágaint agus na seangáin
a gcuid cnoc seangán
N'fheadair éinne cá bhfuilid
d'imigh na doirse
sea bhailíodar leo
bailithe leo go deo

Triomach uafásach
agus seasann beithígh go ciúin
ag stánadh ar a chéile

Féachann Daid ina thimpeall
agus ar seisean -
Triomach mar é
ní raibh riamh cheana
féar an basti féin
feoite fiú amháin
Níor chuala caint riamh
ar bhás an fhéir . . .
ar sé agus titeann dá thost.
Amach liom
sa tóir ar fhéar
Féachaim thart
ar an bhféarach seasc
mé ag breathnú i dtoibreacha
suas síos na sráideanna
na crosbhóithre
ach ní thagaim
ar an nglaise is lú
Tagaim ar chrúiscíní folmha
buicéid, liacha, trinsiúir
féachaim isteach sna crúiscíní
i súile na ndaoine
ach ní fheicim puinn féir
Sa deireadh i ndiaidh cuardaigh fhada
ar fud na lonnaíochta
abhaile liom is díomá orm
agus sa draein thirim in aice leis an tobar
i measc píosaí de ghloine bhriste
faighim spléachadh ar phonc glas
an féar é?
Sea, féar atá ann
deinim amach -

Nuair a théim abhaile
tugaim an dea-scéala do m'athair
agus tagann luisne ina ghrua
fiú sa dorchadas -
'Tá dóchas ann i gcónaí
má tá féar ann  . . .'
Ar sé faoina anáil
is báitear ansin ina chuid smaointe é

Kedarnath Singh

2018-03-26

Bob Dylan: Athrú na nGardaí/ Changing of the Guards


Sé bliana déag
Sé bhratach déag is iad aontaithe sa pháirc
An t-aoire maith faoi bhrón
Baothdhána, mná agus fir gan treoir
Sciatháin á leathadh faoi dhuilleoga.

Glaonn fortún
Do shiúil mé amach as scáth, ‘dtí an margadh
Ceannaithe ann, gadaithe ann, is cumhacht ag teastáil,
Nach cumhra í, nós na móinéar ’nar rugadh í,
Roimh Lá Fhéile Eoin, gar don túr

An ghealach gan chroí
An captaen ann os cionn an mhór-cheiliúrtha
Smaointe á gcur go dtí an ainnir mhín
A cuntanós dubh nach n-insíonn rud ar bith fúithi
Tá an captaen thíos ach creideann sé i gcónaí go mbeidh an grá binn

Do lomadh í
Í stróicthe idir Iúpatar is Apalló
Do tháinig teachtaire le filiméala dubh
Bhí sí ar an staighre is b’éigean dom í a leanacht
I ’leanacht síos thar an scairdeán, a caille á hardú

Do sheas mé ansin go lag
Is chuas thar an léirscrios i ngach claí
Na greamanna á gcneasú faoin tatú i gcruth croí
Sagairt gan mhaith agus feall gach óg-chaillí
Na blátha á dtabhairt amach ’thugas duit mar fhéirín.

Pálás na scáthán
Is frithchaitheamh na saighdiúirí
An ród gan chríoch is clingíní na ndeor
Gach seomra lom agus cosaint ar a cuimhní
Agus glór na n-aingeal, éisteann le gach sprid ón am fadó.

Dúisíonn sí é
Dhá lá ina dhiaidh sin, an ghrian ag briseadh
Na seanslabhraí, labhras sléibhe, is carraig mhór
Is iarrann sí air a rá léi gach céim atá roimhe
Í tarraingthe síos, is greim aici ar a chuid gruaige mar ór.


A chairde, ar sé.
Níl aon ghá agam le bhur n-eagraíocht, shnasas bhur mbróg’
Bhogas bhur sléibhte, oraibh mo shúil
Tá Parthas á dhó,
Beidh oraibh réiteach le haghaidh bhur ndeireadh nó -
An misneach a fháil ionaibh le haghaidh an garda á athrú.

Tiocfaidh síth
Le suaimhneas séimh is niamhracht ar na rothaí teo
Ach ní tairbhe dhúinn é le titim na n-íol fann
Is géilleann an bás fuar is a thaibhse ag cúlú
Idir an Rí is Banríon na Lann.

2018-03-25

Co. an Chláir/ Co. Clare

Ron Rosenstock
osna...
tráthnóna fada ag socrú síos
i gCoill an Droma Mhóir
a sigh...
the long evening settles down
in Dromore Wood

2018-03-24

Haiku (5-7-5) le Alvaro Cardona-Hine

Muga a léiríonn cás ina gcoinnítear criogar

criogair criogair criog-
air criogair criogair criogair
criogair criogair criog



Féach freisin:

2018-03-23

Graifítí an Lae

Ní saill gan fiacha é réabhlóid. Is é is réabhlóid ann ná streachailt idir an todhchaí agus an t-am atá caite.

Fidel Castro


2018-03-22

Solas

Grianghraif: Jason Symes
is go tobann
i lár mhí Feabhra
chuimhníos ort
    m'aigne líonta
    leis an samhradh
and then suddenly
in the month of February
I thought of you
    my mind flooded
    with summer
και τότε ξάφνου
μες στον Φλεβάρη μήνα
σκέφτηκα εσένα
    πλημμύρισε ο νους μου
    έγινε καλοκαίρι

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou
is gu h-obann
am meadhan a’ Ghearrain
chuimhnich mi ort fhèin
    m’ inntinn air a lìonadh
    leis an t-samhradh

Leagan Gaeilge na hAlban: Rody Gorman

2018-03-21

Haiku le Issa ón mbliain 1815

Ealaín: Basuki Abdullah
an gort ríse sin agat
an gort seo agamsa . . .
an ghlaise chéanna


君が田も我田も同じ青み哉

kimi ga ta mo waga ta mo onaji aomi kana

2018-03-20

Jason Symes

Grianghraf: Jason Symes
tugann sí uaithi iad go léir
gach aon íomhá inti...
Abhainn na Life
she gives them all away
all her reflected images...
the Liffey
bidh i gan toirt air falbh uile,
a h-uile h-ìomhaigh innte -
Abhainn na Life

Leagan Gaeilge na hAlban: Rody Gorman

2018-03-19

Mise agus mo Phearsa Féin

Tarlaíonn sé ar uairibh
go mbraithim níos soiléire ná riamh
gur i gcomhluadar mo phearsan féin
atáim.
Tugann sé sin sólás, misneach
agus uchtach dom,
díreach faoi mar a thugann mo scáth féin
go dearbh, uchtach dom' cholainn thríthoiseach.

Tarlaíonn sé ar uairibh, dáiríre
go mbraithim níos soiléire ná riamh
gur i gcomhluadar mo phearsan féin
atáim.
Stopaim
ag cúinne sráide chun casadh ar chlé
agus fiafraím díom féin cad a thitfeadh amach
dá siúlfadh mo phearsa féin ar dheis.
Níor tharla sé sin go dtí seo
ach tá an cheist fós gan réiteach.



Myself and My Person


There are moments
when I feel more clearly than ever
that I am in the company
of my own person.
This comforts and reassures me,
this heartens me,
just as my tridimensional body
is heartened by my own authentic shadow.

There are moments
when I really feel more clearly than ever
that I am in the company
of my own person.

I stop
at a street corner to turn left
and I wonder what would happen
if my own person walked to the right.

Until now that has not happened
but it does not settle the question.
 
-- as Talking to My Body, le Anna Swir / Czeslaw Milosz agus Leonard Nathan a chuir Béarla air

2018-03-18

Graifítí an Lae

An gníomh is réabhlóidí a d’fhéadfadh éinne a dhéanamh ná an fhírinne a insint.

Howard Zinn

2018-03-11

Mo Ghoa-sa

Manohar Sardessai


Is geall le brídeog í mo Ghoa-sa
Bráisléid ghlasa ar a géaga
Oíche ghormghlas réaltógach
É mo Ghoa-sa

Is geall le leanbh é mo Ghoa-sa
Is é suite in ucht na gcnoc
Bachlóg mogra é
Ar chraobh na mara

Is pictiúr é Goa
Ar dhath an tuair cheatha
Brionglóid é Goa
Is cuimhní fite tríthi

Seomra oscailte Kuber
Lán de dhiamaint é Goa
Tóirse ar lasadh é
A chomórann bua na beatha

Coiscéim bheag é Goa
Ar chosán an domhain
Is ceol é
A bhfuil rithim chosmach á lorg aige

Sé is Goa ann ná an phailm atá fréamhaithe
Im' chroíse á santú agam go séimh
Maoin mhór é Goa
Luach saothair na ndea-ghníomhartha go léir


My Goa

 

My Goa is like a bride
Green1 bangles2 in her arms
An azure starry night
Is my Goa

My Goa is like a child
In the lap of the hills
My Goa is a mogra3 bud
On the branch of the sea

Goa is a picture
The colour of the rainbow
Goa is a dream
Woven with memories

Goa is Kuber’s4
Diamond-laden open room
Goa is the burning torch
Of life’s victory

Goa is a tiny footstep
On the earth’s pathway
Goa is music
Seeking the cosmic rhythm

Goa is a gentle longing
For the palms5 rooted in my heart
Goa is the great wealth
The reward of my lives’ good deeds6

_______________________________
1 ‘Green’ (panchvea) It may have derived from pachu (emerald). The plural form pachvo may have given panchvea (Ameeta Agshikar)
2 Bangles (chuddo), a set of five green bangles worn by the bride
3 Mogra – jasmine. A white flower with a soft fragrance
4 Kuber – God of wealth
5 Palms – (Kavthe) refer to the tender newly planted coconut tree
6 “Lives” refers to punnya, that is, one’s good deeds done over a lifetime. In Hindu belief, there is a reward for the accumulated good deeds of the individual after many rebirths.

2018-03-10

Sráid Uí Chonaill

Sráid Uí Chonaill


An teip Uasal, ní raghaidh amú
A bua féin aici, is léir
Tagann aoibhneas ó ghlúin go glúin
Anuas chugainn ó ré go ré.
An Áilleacht féin gan tuiscint tá,
Is gleoite í anseo ba dhóigh leat:
Longa bána thíos cois trá
Na mairbh is a mbrionglóidí.

Gabriel Rosenstock


O’ Connell Street


A Noble failure is not vain
But hath a victory of its own
A bright delectance from the slain
Is down the generations thrown.
And, more than Beauty understands
Has made her lovelier here, it seems;
I see white ships that crowd her strands,
For mine are all the dead men’s dreams.

Francis Ledwidge (19. 8. 1887 – 31. 7. 1917)

2018-03-09

Haiku

嚏して心曇天へと紛る  大塚 凱

kusame shite kokoro donten e to magiru


sraoth  . . .
deintear cuid den spéir scamallach
de mo chroí        

Gai Ohtsuka


2018-03-08

Dánta le Shuntaro Tanikawa

鳥羽 1


何ひとつ書く事はない
私の肉体は陽にさらされている
私の妻は美しい
私の子供たちは健康だ

本当の事を言おうか
詩人のふりはしてるが
私は詩人ではない

私は造られそしてここに放置されている
岩の間にほら太陽があんなに落ちて
海はかえって昏い

この白昼の静寂のほかに
君に告げたい事はない
たとえ君がその国で血を流していようと
ああこの不変の眩しさ!

 

Toba 1


Níl faic agam le scríobh ina thaobh
Mo cholainn nochta faoin ngréin
Is álainn í mo chéile mná
Tá na páistí folláin

Lig dom an fhírinne a insint duit
Ní file mé
Ag ligint orm atáim

Cruthaíodh mé, is fágadh anseo mé
Féach, an ghrian ina caise i measc na mbollán
Ag éirí níos dorcha atá an mhuir

Seachas séimhe seo an mheán lae
Níl faic is mian liom a rá leat
Fiú más ag cur fola i do thír féin atá tú
Á, an loinnir shíoraí seo!

 

Toba 2


Ní mian liom an nóiméad seo a bheith ina shíoraíocht
Is leor an nóiméad seo a bheith agam faoi mar atá sé
Tá bealach agam féin fiú chun breith ar an móimint éalaitheach seo
Tá an ghrian ag bogadh ar aghaidh cheana féin

Scríofa ar ghaineamh
Atá na focail seo sin uile
Ní le mo mhéara
Ach lem’ chroí aerach a dhorchaíonn i bhfaiteadh na súl

Tá mo pháistí dealraitheach liom
Ní dealraitheach liom atá mo pháistí
Is cuma liom, bealach amháin nó bealach eile

Fágadh mo chroí i dteannta sliogán mara, púróga is píosaí
De bhuidéil bhriste ar bhruach uisce
Ar phláinéad atá chomh crua is chomh soghonta liom féin

 

Tuama an Fhile


Bhí fear óg ann uair
A mhair ar an bhfilíocht
Scríobhadh sé dán molta le haghaidh bainise
Scríobhadh dán le greanadh ar leac uaighe dá gcaillfí duine


Is iomaí comhartha buíochais a tugadh dó
Tugadh ciseán uibheacha dó
Nó léine nua
Nó glanadh amach a sheomra dó mura raibh aon rud eile le tabhairt dó

Brea sásta a bhí sé le pé féirín a bronnadh air
Ghabh sé buíochas le cách
Leis an tseanbhean as an bhfáinne óir a thug sí dó
Leis an ngearrchaile as an mbábóg pháipéir a dhein sí féin dó.

Bhí ainm air
Ach an File a ghlaoití air. Níor úsáideadh a ainm riamh
Chuir sé sin as dó ar dtús ach
Chuaigh sé i dtaithí air de réir a chéile

Leath a cháil i gcéin is i gcóngar is tháinig orduithe isteach
An té ar thaitin cait leo bhí dánta uaidh faoi chait
An beadaí bhí dánta uaidh faoi bhia
An leannán bhí dánta uaidh faoin ngrá

Níor dhiúltaigh sé d’iarratas ar bith dá dheacra é
Shuíodh sé ag an sean-bhord corrach sin
Ag stánadh roimhe ar feadh tamaill
Agus tháinig an dán chuige ar chuma éigin

Bhí meas an domhain mhóir ag gach éinne ar a chuid dánta
Dánta a chuirfeadh ag gol os ard thú
Dánta a chuirfeadh ag gáire id’ ghealt thú
Dánta a chuirfeadh ag machnamh go maidin thú

Cuireadh an-chuid ceisteanna air
“Cá bhfuair tú bua na scríbhneoireachta?”
“Cad is gá dom a léamh le bheith i m’fhile?”
“Cad as a dtagann an friotal álainn go léir?”

 Freagra níor tháinig.
Ní fhéadfadh sé freagra a thabhairt, fiú dá mba mhaith leis é.
Ní dúirt sé ach, “N’fheadarsa ach oiread.”
Dúirt gach éinne gur duine deas ab ea é.

Lá amháin tháinig bean óg chun é a fheiscint.
Bhí a chuid dánta léite aici is theastaigh uaithi bualadh leis.
Thit sé i ngrá léi chomh luath is a leag súil uirthi
Chum dán gan dua is thiomnaigh di é.

Nuair a léigh sise an dán bhraith sí mar nár bhraith riamh cheana.
Ní raibh a fhios aici an gliondar nó dobrón a bhí uirthi
Theastaigh uaithi réaltaí na hoíche a stoitheadh lena cuid ingne
Bhraith sí gur theastaigh uaithi filleadh ar an am sular rugadh í.

Ní mothú daonna é seo, an chéad rud a rith léi
Is rud diaga é nó murab ea is rud diabhalta
Phóg sé í mar a dhéanfadh leoithne
Níor thuig sí an i ngrá leis siúd nó lena chuid filíochta a bhí sí.

Bhíodar in aontíos le chéile ón lá san ar aghaidh
Nuair a réitigh sí bricfeasta dó, chum seisean dán faoin mbricfeasta
Nuair a phioc sí caora fiáine, dán faoi chaora fiáine a scríobh sé
Nuair a bhain sí di a cuid éadaigh, chum sé dán faoina háilleacht

Bhí sí bródúil as mar fhile
Dar léi go raibh sé i bhfad níos tábhachtaí dán a scríobh
Ná an talamh a threabhadh, meaisín a thógáil
Seodra a dhíol, nó bheith i do rí

Ach bhraith sí uaigneach, leis, ó am go ham
Dá mbrisfí pláta costasach
Ní bheadh goimh air, thabharfadh sé sólás di
Bhí áthas uirthi, ach fós féin bhí rud éigin in easnamh

Nuair d’inis sí dó faoina mamó a bhí fágtha ina diaidh aici
Tháinig deora lena shúile
Ach bhí glandearmad déanta aige mar gheall air an lá arna mhárach
Bhí sé sin cineál aisteach, dar léi

Bhí sí sásta mar sin féin
Theastaigh uaithi a bheith leis go Lá Philib an Chleite
Agus nuair d’inis sí an méid sin dó, d’fháisc sé lena ucht í
A shúile dírithe ar an imigéin, ní uirthi siúd

Leis féin a bhíodh sé i gcónaí is é i mbun filíochta
Ní raibh cairde ar bith aige
Nuair nach ag scríobh filíochta a bhí sé
Bhí an chuma air go raibh leamhas air

Ní aithneodh sé copóg thar neantóg
Mar sin féin scríobh sé go leor dánta faoi bhláthanna
Tugadh go leor síolta bláthanna dó mar chomhartha buíochais
Chuir sise bláthanna ag fás sa chlós

Tráthnóna amháin bhí cumha uirthi is gan fhios aici cén fáth
Chloígh sí leis agus chaoin go faíoch
Ar an bpointe boise chum sé dán faoi dheora a cinn
Stróic sise an dán is chaith uaithi é

Bhí cuma bhrónach air
D’fhéach sise ar a aghaidh, í ag gol níos tréine ná riamh, is bhéic
“Abair rud éigin nach dán é –
Rud ar bith, abair amach é!”

D’fhan sé ina thost, go tromchroíoch
“Níl faic le rá agat, an bhfuil?
Gan substaint atá tú
Gabhann gach rud tríot, sin uile.”

“Ní mhairimse ach sa spás seo anois,” ar sé
“Inné ná amárach níl agamsa
I m’aislingse níl aon ní ann
Mar tá an domhan seo ró-thorthúil is ró-álainn!”

Bhuail sí lena dhá dorn é
Arís is arís eile go tréan
Gur éirigh a cholainn glé –
Dofheicthe, mar aer, a chroí, a inchinn, a phutóga.

Is fuair sí radharc tríd ar shráidbhaile
Ba léir di páistí ag imirt folach bíog
Ba léir di leannáin i ngreim docht a chéile
Ba léir di Mam agus pota á chorraí aici

Fuair sí radharc ar fheidhmeannach a bhí ar meisce
Siúinéir agus lomán aige á shábhadh
Seanfhear agus é leath-phlúchta ag casachtach
Leac uaighe ar tí titim as a chéile

Tháinig sí chuici féin agus í ina seasamh
Cois leac uaighe ina haonar
Bhí an spéir ghorm chomh fairsing is a bhí riamh
Is gan oiread is siolla amháin greanta ar an leac.

~~~~~~~~


Sliocht as agallamh leis an bhfile:


“You know, there’s this ‘collective unconscious’  Jung talks about. Perhaps I had come to believe that all of us would be connected at the level of such a collective unconscious. If so, I thought to myself, I would be able to connect with others, or would want to connect to others, to the extent that I could touch upon the depths far below my consciousness . . . And, in terms of my relationships with readers, I probably thought that I would or should be able to engage with them, not at a conscious level, or through the left brain, but through the right brain . . . you see, the left brain controls reason and intellect, right? Generally people form relationships with others through it, I mean, in day-to-day reality. But my thinking was, “Couldn’t we make a profound connection, in poetry, through the right brain, that is, in the realm that acts for the amorphous and the intuitive?” So from around this time, probably, I was beginning to think along the line of Jung’s collective unconscious. . . .”

 
This is how I have been writing poetry 1942–2009 (Nanaroku-sha, Tóiceo, 2010)

2018-03-07

Trocknet nicht, trocknet nicht

File: Goethe
Cumadóir: Schubert

Trocknet nicht, trocknet nicht


Trocknet nicht, trocknet nicht,
Thränen der ewigen Liebe!
Ach! nur dem halbgetrockneten Auge
Wie öde, wie todt die Welt ihm erscheint!
Trocknet nicht, trocknet nicht,
Thränen unglücklicher Liebe!

Ná triomaigh, ná triomaigh


Ná triomaigh, ná triomaigh
Deora na dianseirce síoraí!
Uch! Fiú an tsúil atá leath-thriomaithe
Nach leamh di nach marbh atá an saol!
Ná triomaigh, ná triomaigh,
Deora an ghrá 'tá gan ghliondar!

2018-03-06

An Úire


An Úire

The Freshness by Rumi

Translated by Coleman Barks


When it's cold and raining,
you are more beautiful.
Is áille thú
sa bhfuacht, faoin bhfearthainn.
And the snow brings me
even closer to your lips.
Is tugann an sneachta níos cóngaraí fós
do do bheola mé.
The inner secret, that which was never born,
you are that freshness, and I am with you now.
Rún na rún nár rugadh riamh,
tusa an úire sin is táim farat faoi láthair.
I can't explain the goings,
or the comings. You enter suddenly,
Níl míniú agam ar an teacht
ná ar an imeacht. Isteach leat go tobann,
and I am nowhere again.
Inside the majesty.
is nílimse áit ar bith
arís. Sa mhórgacht sin.

Art by Sandra Rilova

2018-03-05

The Irish Genocide/ Cinedhíothú na nGael

mionghné/ detail: 'Gorta'
Lucy Davidson.
éamh na marbh . . .
níl guth ag na daoine
atá beo
the dead cry out . . .
voiceless the ones
still alive

2018-03-04

Jaya Radha



Sé do bheatha
A Bhanríon Vrindavan
Is tú ár máithrín
Réalt gheal san fhirmimint
A shoilseoidh ionainn
Go lá an bhrácha
Mo ghairm thú
is tú foinse ár n-áthais!

2018-03-03

Manuel Carrillo

Manuel Carrillo
an gcloiseann tú é?
smeacharnach caointe
an domhain chéasta
can you hear it?
uncontrollable sobbing
of the crucified earth
μπορείς ν' ακούσεις;
αχαλίνωτος λυγμός
σταυρωμένης γης

Leagan Gréigise:Sarah Thilykou
Is eol dúinn go raibh an chruthaíocht go léir le chéile go dtí anois ag cneadach le tinneas mar a bheadh sí ar a leaba luí seoil.

Rómhánaigh 8:22

2018-03-02

Loitiméireacht

Loitiméireacht

Deineadh loitiméireacht ar an bhfógra dhátheangach
a sheasann go huaigneach leis féin
agus tú ag teacht isteach i nGleann na nGabhar
Tá an Béarla – Glengower – scriosta
agus níl fágtha ach Gleann na nGabhar.
Daoine atá ag iarraidh Glengower a bhaint amach
tá mearbhall ceart anois orthu
níl a fhios acu ó thalamh an domhain cá bhfuilid
féachann an áit ar nós Glengower
tá na siopaí is na pubanna céanna ann
an séipéal folamh is an reilig lán
an dealbh . . . ach
an féidir a bheith lánchinnte?

Tagann Coiste Forbartha an Bhaile le chéile
agus iad ar fad ag tarraingt na gcos
ní ardaítear an cheist in aon chor
tar éis an tsaoil, cé a dhéanfadh a leithéid?
níl ach fanaiceach teanga amháin ar an mbaile –
an Cathaoirleach – agus tar éis uair an chloig
gan mórán in aon chor a rá
cuirtear an cruinniú ar athlá.

 

Vandalism


The bilingual sign standing so lonely
by itself as you approach Glengower
has been vandalized.
The English – Glengower –has been destroyed
all that’s left is Gleann na nGabhar.
People trying to reach Glengower
don’t know the hell where they are
shops and pubs are still standing
the empty church, the graveyard that’s full,
the statue  . . . yes,  but
can one be perfectly sure?

The Development Committee convenes
all dragging their feet
the question isn’t even brought up
after all, who would perpetrate such an act?
the town boasts only one language fanatic –
the Chairman – and after a full hour
with nothing of any consequence spoken
the meeting is postponed.

2018-03-01

Der stürmische Morgen

File: Wilhelm Müller
Cumadóir: Franz Schubert

Maidin na Stoirme

Féach mar tá c’laith na spéire
Stróicthe ag an ngaoth!
Is stróicthe atá na néalta
Ag strus is callshaoth.

Is dearg iad gach lasair
A léimeann lán de bhrí.
An bhfeacaís riamh aon mhaidin
Chomh fiáin léi riamh!


Ag breathnú ar na spéartha
Atá an croí im’ chliabh –
Is péinteálann sé pictiúr
Den gheimhreadh fuar is fiáin!

Der stürmische Morgen

Wie hat der Sturm zerrissen
Des Himmels graues Kleid!
Die Wolkenfetzen flattern
Umher im mattem Streit.

Und rothe Feuerflammen
Ziehn zwischen ihnen hin.
Das nenn' ich einen Morgen
So recht nach meinem Sinn!

Mein Herz sieht an dem Himmel
Gemahlt sein eignes Bild -
Es ist nichts als der Winter,
Der Winter kalt und wild!

2018-02-28

Dhá Haiku le Aleksandar Pavić

Aleksandar Pavić  
oíche earraigh –
ina gcodladh san fhoscadán
cailín agus bábóg

 ****


oíche gan suan –
gusta gaoithe
is sceamhaíl gadhair tríd

2018-02-27

Smaoineamh an Lae

Tá tasc ar leith ag na Cugasaigh, go háirithe na hAngla-Shacsanaigh. Murach a gcuid teicneolaíochta ní bheadh an duine beo sa lá atá inniu ann. Ach íocann siad praghas an-ard as an sárchumas sin . . . Seargann an seacra [chakra] croí agus tosaíonn ar bhás a fháil. Ní hamháin go gcailltear spéis sa réimse tarchéimnitheach, ní gá ach é a lua chun fearg agus naimhdeas a spreagadh: tá eagla an domhain ar Bhainisteoirí an Domhain roimh an spiorad díreach faoi mar a chuireann uisce sceimhle ar dhuine a bhfuil confadh air.

John Burdett, The Godfather of Kathmandu (Corgi 2010)

2018-02-26

Reilig Lán

Fógraíonn an nuachtán áitiúil go bhfuil Reilig Bhaile na nGabhar lán
Tagann Coiste Forbartha an Bhaile le chéile
Aontaíonn gach éinne gur éigeandáil atá ann

‘Cad faoin Reilig Phrotastúnach?’ arsa Leiftí
‘Níl éinne á húsáid níos mó –
Agus tá slí inti do chúpla céad eile ar a laghad!’

Is annamh a ghlactar le moltaí Leiftí
 ní ghlactar leis an moladh seo ach oiread.
‘Cuirigí leis na Protastúnaigh mé,’ arsa Leiftí,
‘is cuma liom sa phoc.’
‘Seachain do theanga! Led’ thoil!’
arsa Bean de Lása-Uí Mhóráin
‘Seachain do chuid fleiscíní tusa!’
arsa Leiftí ar ais léi.

Sos tae.
I ndiaidh an tsosa:

‘Gnó é seo don Chomhairle Contae!
Táimid ag moladh do dhaoine
gan bás a fháil,’ arsa an Cathaoirleach
‘go dtí go réiteofar an ghéarchéim seo’.
Glactar leis an rún d’aon ghuth.

 

Overcrowded Graveyard


The local rag announces that Glengower Graveyard is full.
The Development Committee gets together
all agree it’s an emergency

‘What about the Protestant Cemetery?‘ says Lefty
‘Sure there’s no one usin’ it any more –
room for hundreds in it!’

Lefty’s motions are seldom carried
nor is this one

‘Ye can bury me with the Prods,’ says Lefty
‘I don’t give a flyin’ fiddler’s fuck!

‘Watch your language! Please!’
admonishes Mrs de Lacy-Moran

‘Watch your hyphens! says Lefty back at her.

        Tea break.
                After the break:

‘This is a matter for the County Council!
We’re recommending,’ says the Chairman
‘that people don’t die
until this crisis has been resolved.’
The motion is carried unanimously.

2018-02-25

Antanas Sutkus

Antanas Sutkus
na seanfhoinn
ní éistear leo níos mó...
níl na cluasa acu chuige
old tunes
no one listens to them anymore...
they just don't have the ear
παλιά τραγούδια
κανείς πια δεν τ' ακούει...
δεν έχουν αυτί

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2018-02-24

FRAGMENTED SOUL

The Moon on my Tongue:
Photo: The Hone Tuwhare Charitable Trust
An anthology of Māori Poetry in English
Edited by Reina Whaitiri, Robert Sullivan, Ben Styles
(Arc Publications 2017)
 


Who knew that Māori poetry has been written in English for over 120 years? Arc Publications are known for their translations and there are many readers who would have welcomed a volume of poems translated from the Māori in preference to this. Then again, as Māori novelist Keri Hulme, informs us:
 ‘Māori is a word-of-mouth language, it has only recently been turned to print, and a great deal of its mana and strength still lie outside the blackened word…’ 
The blackened word – how extraordinary!
    
Followers of rugby – a sport that was originally a tool of empire – will know little about Māori culture other than haka, the song of defiance sung before battle. Others might treasure a gentler note in such songs as Pokarekare ana (The Waves). My Irish-language free version of that haunting song is as follows:

    Tobar Lán

    Is suaite iad na huiscí
    na huiscí sin Waipu
    ach nuair a théann tusa sall
    ciúnaítear iad, a rún

    A stóirín bán
    tar chugam ar ais
    do chom, do bhrollach,
    is do bhéilín tais

    Tá mo litir agam scríofa
    le go dtuigfidh do mhuintir
    go bhfuilimse suaite
    ó mhaidin go hoíche

    Tá mo pheann gan bhrí
    gan duilleog agam ná pár
    ach tá tusa ionam:
    maireann tú im lár

    Grá buan daingean thugas duit
    tobar lán nach raghaidh i ndísc
    gach aon deoir atá ionam
    go domhain sa tobar ritheann síos

Beautiful and tender as it is – Pokarekare ana was, in fact, a love letter to his second wife – the Māori author Paraire Tomoana was an Anglican and something of a war-monger! There are many recordings of his touching song:

To complicate matters even further, certain Gaelscoileanna (Irish-medium schools) have rejected the dripping sensuality of my version in favour of a hymn to the Virgin, the lyrics adapted suitably as follows:

    A Mhuire Mháthair

    A Mhuire Mháthair,
    Sé seo mo ghuí
    Go maire Íosa
    Go deo im’ chroí

    Curfá
    Ave Maria, mo ghrá Ave,
    Is tusa mo mháthair ’s máthair Dé.

    A Mhuire Mháthair,
    I rith mo shaoil
    Bí liom mar dhídean
    ar gach aon bhaol.

    A Mhuire Mháthair
    ‘tá lán de ghrást’
    Go raibh tú taobh liom
    Ar uair mo bháis.

Why, some even claim that the original tune was not Māori at all but Irish or Scottish! Who knows? Anyway, of the two versions, I prefer the hymn. 
                                    

***

 The Moon on my Tongue is very evasive on the question of the bloody conflict between the two languages, Māori and English. In his Introduction, Ben Styles says: ‘Setting aside for the moment the terrible physical and political violence that followed this first encounter . . .’ When I come across the phrase ‘for the moment’, I expect the author to return to this vital subject, but no. It is dropped like a hot potato. Of course, the subject is often dropped in Ireland as well, as one might drop a blighted tuber.


This is an anthology of Māori Poetry in English and, as one might expect, it is peppered with Irish names, names such as Michael O’Leary, represented here with a poem called He Waiatanui Kia Aroha. Unglossed titles, words and phrases abound in this anthology as they do in some of our own macaronic compositions. Incidentally, by way of a very tiny footnote to literary history, New Zealand’s Michael O’Leary features in the English translation of my novella, Lacertidae, and a free PDF is available online if there’s any O’Leary out there who might be interested in tracking down a long-lost Māori relation!

If you are at all concerned for humanity, its past and future, The Moon on my Tongue will break your heart:

Take your hands from your ears
Hear their screams . . .

Bruce Stewart

This long morning we sit in a colonial outpost
And sip our English Breakfast tea …

Reihana Robinson

These Māori today
Are not Māori anymore
I don’t know what they are …

 Apirana Taylor

  
Fragmented, my soul lies here, there: in
The waste-wood, around …

Hone Tuwhare


Still, he has come, the white man
-    has come, and has conquered
wiped from beneath us
that base we knew so well
so that it should exist no more
but be replaced, our glorious heritage
with muskets, fire and bricks
with industry, with progress
with 1966.

 Ngahuia Te Awekotuku



Readers of The Moon on my Tongue will want to know more about these poets, luminaries such as Hone Tuwhare (1922-2008) who spoke Māori as a child. Then his well-meaning father handed him the Bible in English and commanded the boy to read it back to him. One critic describes Tuwhare’s poetry as a ‘collision’ between the Bible and native Māori narratives. He couldn’t afford university, he gets a job, becomes interested in Marxism and in American writers – so different to the British, as he says – writers with a social conscience, Steinbeck, Hemingway, Dos Passos, Thomas Wolfe. Recordings of the poet reveal the shaman behind the socialist-activist. We need shamans as much as we need scientists today, to save our rivers and trees, to save our languages.

Tuwhare’s father was taught to view the Bible (yet another tool of empire!) as the word of God. Did not God (or the gods) speak through the creation myths of the Māori as well? I found one glorious example in a curious compendium called Nineteenth Century Miracles by E.H. Britten: it seems to me that the Māori text is as powerful and as beautiful as Genesis any day. So let’s sign off our musings with this memorable extract:

The Word became fruitful;
it dwelt with the feeble glimmering.
it brought forth night;
the great night, the long night.
Night, blackness, evermore;
the lowest night, the lofty night;
the thick night to be felt;
the night to be touched;
the night not yet to be seen;
the night of death, yet alive;
no eyes yet in the world.

2018-02-23

Mugadh Magadh

Mugadh Magadh

Faigheann Coiste Forbartha an Bhaile litir an bealach ar fad ón Ind:
iarratas ar nasc:
Ainm na háite san Ind: Magadh*. Dáiríre!
Ní fhreagrófar an litir ar ndóigh

Faigheann an Coiste tuairim is scór litir mhagaidh
den sórt sin in aghaidh na bliana

Más fíor do na ráflaí
is é an Cathaoirleach féin a scríobhann a leath acu

*Tá áit ann darb ainm Magadh agus é luaite i sraith de dhánta cáiliúla de chuid an fhile Indiaigh Shrikant Verma


Mockery

The Development Committee has received a letter all the way from India:
a request for town twinning
with a place called Magadh*. Honest to God!
Needless to say, the letter goes unanswered.

The Committee gets about twenty such prank letters
on a yearly basis

Rumour has it that the Chairman himself
writes half of them

*Shrikant Verma wrote an illustrious sequence of poems in Hindi about a place called Magadh. In Irish of course, ‘magadh’ means ‘mockery’.












2018-02-22

Traigéid na nImirceach

Adeodato Barreto (1905-1937)

Do mhuintir Goa atá, mo dhála féin, ina gcónaí i bhfad óna dtír dhúchais, scaipthe gach áit

Gníomh a hAon

Tarraing aníos an t-ancaire, seol leat  . . .
agus as go brách leis an duine thar an mbarra.
Ar talamh, broinn thorrach agus bean
ag caoineadh . . .

Bailithe leis:
thug leis an solas ina shúile
a anam go léir ag cur thar maoil le solas . . .
bhí gaistí roimhe
ar an mbóthar fada achrannach
ach ní fhaca sé iad  . . .

Deirtear agus é ag imeacht
gur impigh an gort Ríse air:

Stad, ná himigh!
Nach gcuireann sé as duit
seisce mo bhroinne torthúla
a fheiscint?
Cén fáth aghaidh a thabhairt ar thíortha i gcéin
nuair d’fhéadfá an talamh tirim seo
a iompú
ina ghráinseach
le do lámh féin?

Agus faoi rún, chuir an Crann Cnó Cócó
leis sin, á rá go buartha:
Fan! Ná bíodh eagla ort!
Ó fhréamh go frainse
is stóras ollmhór mé
Nach n-éiríonn folamh riamh . . .

Táimse dúnta do na codlatáin
ach ofrálaim mé féin dóibh siúd
atá cruógach.
Caith uait do chuid smaointe seafóideacha!
Fan! Ná bíodh eagla ort!
Labhair an Abhainn leis chomh maith
go séimh:

Nach baoth dhuit slán a rá linn!
Is gearr go gcaithfidh an sruth seo
in aigéan na beatha thú!
Ar nós an-chuid eile – an-chuid go deo! –
is tú ag imeacht, dírithe ar sprioc, beag beann
ar m’áilleachtsa . . .
faraor nach bhfaighir i dtír do chuid aislingí –
tusa a bhfuil an Eachtraíocht
imithe sa cheann agat
beagán dá bhfuil
i mo chuidse íon-uiscí!

Ag Teach Solais Aguada
a dúradh slán den uair dheireanach
is é ag imeacht:

Ó, a Dhia
an chinniúint chruálach seo:
treoir a thabhairt dóibh siúd ar shlí a n-aimhleasa . . .
cuirimse na gaistí in iúl dóibh
agus dainséir na mara . . .
comhartha i ndiaidh comhartha
arís is arís eile . . .
Agus gabhann an taistealaí thar bráid:
Ní fhéachann a shúile ach
ar aigéin de bhaoite.
Ní thugann sracfhéachaint ormsa . . .
Taistealaí na n-aislingí,
meangadh ort is tú ag imeacht,
sa tóir ar Chiste,
an eol duit, seans, a dheacra is atá se
filleadh?

Níor fhreagair an duine: faoin dtráth sin
bhí sé imithe i bhfad thar an mbarra . . .

Ní fada
go n-imíonn as radharc seolta bána
Rámhlong dhána an Chiméara ina gceann is ina gceann . . .

…………………………………………………………
Tá an gníomh thart,
Titeann brat an cheo  . . .


Gníomh II

-    Siar libh . . .
Siar libh  . . .
Siar libh  . . .

Táim an-an-anseo . . .
-    Agus stop sé . . .

Cáis taistil, ualaí,

Fir, cáis taistil,
agus fir liatha
á n-ardú
is á n-iompar
ar chairteacha
de láimh . . .
Lámha garbha
cosa crua
cosa a shiúlann
ar nós cuma liom
ar sheile
ar an talamh  . . .

Seo iad an bhaicle
a mhaireann ar nithe a iompar
nó a bhrú go teann
féachaint cé d’fhostódh iad,
ag eascainí
go grusach
is iad i bhfad ón Tír atá ina gcroí,
i bhfad ón mBean a d’fháiscfeadh lena hucht iad . . .

Féasóga fada,
is geall le baird iad,
colainneacha téagartha ach crom
faoina n-ualaí . . .
guthanna duairce
garbha,
a mheabhródh fógra i gcéin duit –
seanaisling atá marbh anois . . .
Súile Chríost sa Ghairdín
i bhfíor Bharabas . . .
Curfá bhrónach istoíche
a chanann laoi a bhféindíbeartha,
an aisling bhréagach á caoineadh,
is iad gan ghrá ina ndílleachtaí.
Ar urlár fuar an ghairéid
in andúil rúnda an mhanaigh
a n-útamáil is a dtóraíocht – gan mhaith –
is faide ná riamh í
an nead theolaí ata fágtha acu ina ndiaidh . . .

Cloíte, tosnaíd ag srannadh,
beithígh bhochta iompair! –
is titeann chun tromshuain . . .
…………………
…………………
Is ar an traigéide ghoirt seo
titeann an brat arís.

Gníomh III

Seo chugainn
Bóthar na Cinniúna aniar
An t-oilithreach fáin:

Caol,
cnaíte,
níl maide
ná gurd oilithrigh aige:
mheabhródh sé
Críost cráite dhuit
é tagtha anuas ó chros éigin
ag iarraidh na cosa a thabhairt leis
ó na gadhair . . .

Máithreacha
ag sciobadh a gcuid páistí
ó na conairí
a shiúlann sé . . .

Má shnapann an mongral air
is plaic a bhaint as
gáirfidh an seanaoire, a úinéir,
gan faic a rá.
Is féidir cheana féin na coilm air a chomhaireamh
ar nós laethanta
an aistir aige  . . .

Siúlann sé go balbh
ag déanamh a mharana:
muc ar gach mala aige
ar nós scamaill dhubha
ó oibseisiún dorcha –
seantaibhreamh atá marbh anois . . .

Is seo chugainn ag siúl é,
an fánaí:
siúlann sé go balbh
ag déanamh a mharana:
muc ar gach mala aige
ar nós scamaill dhubha
ó oibseisiún dorcha –
seantaibhreamh atá marbh anois . . .

Is seo chugainn ag siúl é,
an fánaí:
caol,
cnaíte,
níl maide
ná gurd oilithrigh aige:
mheabhródh sé
Críost cráite dhuit
é tagtha anuas óna chros . . .

……………………………….

Cé hé?
duine éigin . . .
Duine Éigin nach duine éigin níos mó é  . . .
is nach Éinne anois é  . . .

Rí mór i mbrionglóid mhór b’fhéidir.
Laoch mór b’fhéidir i meabhalscáil,
Gealt b’fhéidir nó aiséiteach, nó aithríoch
Á! Is cinnte nach é
an t-ógfhear gealgháireach é
a ghabh amach i rámhlong
maidin cheoch
agus misneach ina chroí . . .

Cé hé?
Cá bhfios?
Duine den slua sin
a shiúlann an domhan,
gan aige ach ón lámh go dtí an béal:
Na daoine sin, anam Chríost
agus aghaidh chantalach
Iúdáis,
na daoine sin a bhfuil dúchas ropairí iontu
in éide naomh,
iad go léir seargtha
ag an ocras.

A n-ainm?
-    “Cloíte” –
Taibhse,
íomhá lag
d’aisling i dtaibhreamh
faoi thaibhse
a chonacthas i meabhalscáil;
Cad atá fágtha inniu? Faic!
Cad atá fágtha den limistéar órga sin
ar chuir tú fios ina thaobh uair amháin,
d’anam ag ceiliúradh
mar mhairnéalach misniúil,
cad atá fágtha?
Gal!

An Abhainn, an Teach Solais cairdiúil
an gort Ríse is an Crann Cnó Cócó
chonaiceadar eachtránaí cróga ag imeacht
agus bacach ag teacht  . . .

Agus an mháthair leis an mbroinn thorrach
sí an duine céanna í a sciobann
an páiste
ód’ chonairse . . .
……
……..
……..

Féach, siúd ag imeacht an bacach-oilithreach
ar bhóthar na Cinniúna,
féach, siúd ag imeacht, siúd ag imeacht é,
foscadh éigin á lorg aige
áit a bhfaighidh sé tearmann.

……..
Sioscann an ghaoth  . . . feadaíl …
…….
…….
Ar an dráma dearóil seo
titeann brat na hoíche.

(Ajustrel, An Phortaingéal,  5ú Bealtaine 1935)