2018-12-22

Leonor Rangel-Ribeiro / O Leque de Sonho (Dán Portaingéilise as Goa)

Fean na dTaibhreamh


D'osclaíos go mall é is níor chreideas
gur domsa a bhí,
fean na dtaibhreamh.

Níor d'eabhar é
Ach de lása dubh mín,
Is ag lonrú ann bhí
Splancacha óir a chuir na réaltaí
Trí thine i m'oíchese ollmhór dhorcha.

Is i ndeireadh na dála, ní domsa a bhí.

Leonor Rangel-Ribeiro