2024-01-31

Tír Nach bhFuil Ann Níos Mó


Tháinig bean chuig an doras
Agus thosaigh sí ag sileadh na ndeor:
"Cabhraigh leis an tSeicslóvaic -
An tSeicslóvaic bhocht! Ó bhó!"

"Ach . . ."
Agus thosaigh mé féin ag sileadh na ndeor:
"Conas a chabhróinn leis an tSeicslóvaic?
Níl an tSeicslóvaic bhocht ann níos mó!"

2024-01-30

Cumhacht an Cheoil

               Giovanni Segantini - Idil
Seinnimse ceol gach lá
Agus bíonn an domhan faoi bhláth

Seinnimse ceol gach lá
       Cén fáth? Sin an fáth!

Seinnimse ceol gach lá
Agus líonann mo chroí le grá

Seinnimse ceol gach lá
       Cén fáth? Sin an fáth!

Seinnimse ceol gach lá
Cois abhann, nó cois trá

Seinnimse ceol gach lá
       Cén fáth? Sin an fáth!

Seinnimse ceol gach lá
Tá cumhacht sa cheol! Tá!

Seinnimse ceol gach lá
       Cén fáth? Sin an fáth!

Seinnimse ceol gach lá
Nuair a bhíonn rud éigin do mo chrá

Seinnimse ceol gach lá
       Cén fáth? Sin an fáth!

2024-01-29

Muc os Comhair na Cúirte


Cinnte, bhí sí buartha
Nuair a tháinig sí os comhair na cúirte.

Fuarthas ciontach í, an créatúr bocht
As siúl ar na sráideanna agus í lomnocht.

"Tabhair treabhsar dom, nó sciorta, nó filleadh beag!" ar sí
Is é a tugadh di, an créatúr, ná príosúnacht sé mhí.


2024-01-28

Ceo

    Caspar David Friedrich 

Long sa cheo
Seachas sin ní fheicim aon ní beo

Síneann an ceo
Ar aghaidh is ar aghaidh go deo

Ionamsa an ceo
Smaointe ag reo

Ceo ceo ceo
an domhan go léir ag feo!

2024-01-27

haiku



emerging from the snow
emerging from itself
tulip


ag teacht as an sneachta 
ag teacht aisti féin 
tiúilip

வெண்பனிக்குள்ளிருந்தும் தனக்குள்ளிருந்தும் துளிர்த்து எழுகிறது
டூலிப்

Tamil: Tamilmainthan John Richard


Haiku: Gabriel Rosenstock
Photo:Tamilmainthan John Richard

2024-01-26

Teirpsicór


William Edward Frost


Is mise Teirpsicór
Bé an Damhsa ag déanamh ceoil

Bé an Cheoil ag déanamh damhsa
Seo linn ag pramsáil!

2024-01-25

Nuair a Thagann an Bhochtaineacht

    George Frederick Watts
     Nuair a thagann bochtaineacht tríd an doras teitheann grá tríd an bhfuinneog 


Nuair a thagann an Bhochtaineacht
Imíonn an Grá
Cuirimis deireadh leis an mBochtaineacht
Agus deireadh le crá!
Tá billiúnaithe in Éirinn
Agus daoine eile ar dhrochphá!
Cén fáth sin in aon chor?
Cén fáth? Cén fáth?

2024-01-24

Héibé

   Angelica Kaufmann - tugann Héibé deoch d'Iolar Iúpatair 


Is mise Héibé
Bandia na hÓige
Tugaim neachtar do na déithe
Agus ambróise
Thuas ar Shliabh Oilimpeas
Atá siadsan ina gcónaí
Is iolar é m'athair
Ar a bhfuil cleití crónbhuí

2024-01-23

Ríomhphost ó Chara Anaithnid san Iodáil


    Bruno Liljefors


Nella notte abbiamo attaccato e reso inoffensivo un capanno utilizzato per la caccia alle anatre.

(I gcaitheamh na hoíche, d’ionsaíomar agus scriosamar seid fiaigh a úsáidtear chun lachain a dhúnmharú.)

 
Bogann na lachain
Bogann na lachain sa ghiolcach
Bogann na lachain go séimh sa ghiolcach

Is geall le bainne é
Is geall le bainne é an loch
Is geall le bainne é an loch faoin ngealach

Bogann na lachain
Bogann na lachain sa ghiolcach
Bogann na lachain go séimh sa ghiolcach


2024-01-22

haiku



ó aois go haois 
aistear aonair an anama
 is é ag lorg brí


from age to age 
the soul's solitary 
quest for meaning

Haiku by Rosenstock
Art by Symes.

2024-01-21

Ichabod Crane agus an Marcach gan Cheann

John Quidor 


 "Fóir orm! Fóir!"

Ar a chapall Púdar Gunna
Tá Ichabod Crane ar a theitheadh,
Ar a theitheadh ón Marcach gan Cheann
Ar a theitheadh ó scáil na sceiche.

        "Fóir orm! Fóir!"

Cloiseann sé sciatháin leathair
Cloiseann sé ulchabháin,
Gríosaíonn sé Púdar Gunna -
Tréan-iarracht eile amháin.

       "Fóir orm! Fóir!"


Ansin, cad a dhéanann an Marcach
Ach a cheann a chaitheamh le Crane!
Leagtar Crane bocht dá chapall
Agus sin agaibh críoch an scéil.

2024-01-20

An Hiodra

Franz von Stuck 


Ba mharfach é a bholadh,
ba mharfach a anáil,
Dá mbainfeá cloigeann de
d'fhásfadh dhá cheann ina áit
Ach d'éirigh le hEarcail
an bua a fháil!

Má bhuaileann tú le Hiodra
bíodh claíomh órga i do lámh
Nó beidh tú sínte faoin bhfód
is tú i do chodladh go sámh! 

2024-01-19

Mearcair

Hans Thoma

Is mise Mearcair
Dia na Tráchtála
Dia an Airgid
agus Dia na Cumarsáide
Ormsa an locht (sea, is dócha)
Má tá fadhb agat leis an bhfón póca

2024-01-18

Nimfigh Choille


     George Spenser Watson

Nimfigh Choille
Ní ghlacann siad scíth
Bíonn siad amuigh
Ó mhaidin go hoíche
Nimfigh Choille
Amuigh ag spraoi
An obair bhaile acu
Comhaireamh réaltaí

2024-01-17

Lúidín Óg Ó Murchú

Peter Newell


Lúidín Óg Ó Murchú

Bhí leipreachán as Co. Lú
Lúidín Óg Ó Murchú

Chaith sé an lá ag caitheamh dúidín
'Cur amú ama!' arsa Lúidín.

2024-01-16

Haiku


folamh atá mo chroíse
tonnta tréana
ag teacht is ag imeacht


   mon coeur est vide
   de violentes vagues
   ont et viennent

                    Leagan Fraincise: Francis Combes

2024-01-15

Spiorad na Síochána

                     Ernst Schiess



Cogar! An aithníonn tú mé?
Spiorad na Síochána.
Nochtaimse nuair a chloisimse
An focal draíochta, 'Fáilte!'
Cogar! An aithníonn tú mé?
Spiorad na Síochána.
Bímse i measc na sléibhte
Is fós ag siúl na mbánta.
Cogar! An aithníonn tú mé?
Spiorad na Síochána.
Cloistear mé in amhráin
Agus cloistear mé i ndánta.
Cogar! An aithníonn tú mé?
Spiorad na Síochána.
Cuir fáilte romham is geallaimse duit
Go mbeidh an domhan go hálainn!


haiku



ar nós stocaí
a dheisiú, cóirímse m'aigne
is bogaim ar aghaidh

como si remendara medias
reparo mi mente
y continúo 

                         Spanish: Patricia Jimenez 

σαν να μπαλώνω
κάλτσες, φτιάχνω το μυαλό 
και συνεχίζω
                        Greek: Sarah Thilykou 

   comme on raccommode
  des chaussettes, je répare

  mon esprit et j'avance
                 French: Francis Combes

as tho darnin socks
ah fettle ma mynd
an haud forrit
                      Scots: John McDonald

  reparo a alma
  como quem cose meias
  e sigo adiante 
                    Portuguese: David Rodrigues

2024-01-13

Bosca Phandóra

Dante Gabriel Rossetti   



D'oscail tú an bosca
Istigh ann bhí rudaí gránna,
Ach dhún tú ansin go tapa é
Is fágadh rud amháin ann.
      
Sea, a Phandóra
D'fhág tú ann an Dóchas!

2024-01-12

Na Vailcírí

Peter Nicolai Arbo

Tá na Vailcírí chugainn
Is tá na préacháin leo
Go dtí Valhalla -
Go tír na marbh -
Go dtí Valhalla
Béarfaidh siad na beo
Seo chugainn iad ag marcaíocht
Tríd an bhfionncheo.

2024-01-10

haiku



church in ruins
windows open
 to heaven

fothrach séipéil 
na fuinneoga oscailte 
do na flaithis


Haiku by Rosenstock
Art by Symes

2024-01-09

haiku



fuinneog ar oscailt
deoir ar tí léim
ón urlár uachtair
                                            


fereastră deschisă-
o lacrimă mai că sare
de la ultimul etaj
                                        
Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2024-01-08

Má Fhaighimse Bás

Má Fhaighimse Bás

Má fhaighimse bás,
ní mór duitse fanacht beo
chun mo scéalsa a insint
mo chuid giuirléidí a dhíol
ruainne éadaigh a cheannach
agus cúpla téad,
(bíodh sé bán ags ruball fada air)
chun go mbeadh radharc ag páiste,
áit éigin i nGaza
agus é ag stánadh ar neamh
ag feitheamh lena dhaid a theith
agus lasracha thart air -
gan slán a rá le héinne
lena cholainn féin fiú amháin
leis féin fiú amháin,
chun go mbeadh radharc aige
ar an eitleog, m'eitleogsa a dheinis-se, ar foluain in airde,
agus ceapfaidh sé ar feadh meandair gur aingeal é
atá ag tabhairt an ghrá ar ais leis.
Má fhaighimse bás,
bíodh an dóchas tríd,
bíodh sé ina eachtra.

Refaat Alareer 
Trascruthaithe ag Gabriel Rosenstock. 
Féach freisin 

2024-01-07

Oisín

           Johann Peter Krafft



'Cad a sheinnfidh mé dhuit?'
arsa an file, Oisín,
le Plúr na mBan -
b'in ab ainm dá iníon.

'Aon rud a sheinnfeá, 
a athair dhil,
Tá mé cinnte
go mbeadh sé go sárbhinn.'

'An seinnfidh mé amhrán
duitse, a iníon
Faoin gcuach a bhí tráth
i nGleann Neifín?'

'Aon rud a sheinnfeá, 
a athair dhil
Tá mé cinnte
go mbeadh sé go sárbhinn.'

'Nó an seinnfidh mé amhrán
duitse, a iníon,
Faoi do mháthairse Niamh
a leanas-sa thar toinn?'

'Aon rud a sheinnfeá, 
a athair dhil
Tá mé cinnte
go mbeadh sé go sárbhinn.'

Sheinn sé an t-amhrán
a bhí cumtha aige do Niamh:
An t-amhrán ab áille
a chum Oisín mac Fhinn.

2024-01-06

Amhrán an Mhuisiriúin

     Marsden Hartley

Is muisiriún mise.
Muisiriúin muisiriúin muisirúin go deo!
Muisiriúin muisirúin - níl aon teorainn leo.
Muisirúin, muise!

Is muisiriún mise.
Muisiriúin muisiriúin - fás aon oíche!
Muisiriúin muisiriúin - go deo is choíche.
Muisiriúin, muise!

2024-01-05

Qi Baishi

there was a bird once
facing east
some say it was facing west

bhí éan tráth
a raibh a aghaidh soir
siar a deir daoine áirithe

había un ave
que miraba al este
algunos decían que miraba al oeste 
                       
Leagan Spáinnise: Patricia Jimenez

2024-01-02

Santoka



gile an tsneachta
ag líonadh an tí -
suaimhneas
                                      
străluce neaua, 
revărsîndu-se în casă -                                 liniște 
                                                                                Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2024-01-01

haiku

loscadh sléibhe -
nach ard é
glór na foraoise
                                        
 incendiu-
cît de tare răsună                       
pădurea toată
                                                                                Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob