2023-10-31

Oíche Shamhna


     BÓBÓ! Ná tar in aice liom! Boch!
     BÓBÓ! Ná tar in aice liom! Hurrú!
     Bóbó!
     Soit!

Oíche Shamhna
mór an scanradh: 
amuigh déanach istoíche!

     BÓBÓ! Ná tar in aice liom! Boch!
     BÓBÓ! Ná tar in aice liom! Hurrú!
     Bóbó!
     Soit!

Oíche Shamhna
mór an scanradh:
preabarnach croíthe!

     BÓBÓ! Ná tar in aice liom! Boch!
     BÓBÓ! Ná tar in aice liom! Hurrú!
     Bóbó!
     Soit!

Oíche Shamhna
mór an scanradh:
broimearnach na gaoithe!

     BÓBÓ! Ná tar in aice liom! Boch!
     BÓBÓ! Ná tar in aice liom! Hurrú!
     Bóbó!
     Soit!


2023-10-30

Kerouac


Haiku By Kerouac 
 Irish by Rosenstock  
Art By Symes 

tóg cupán uisce 
as an aigéan 
siúd mise

Take a cup of water 
from the ocean
And there I am

2023-10-29

haiku

                 Vajda Lajos
Allah
mír de na míreanna mearaí
ar iarraidh

Allah
missing piece
of the jigsaw

Allah
fehlender Stein
des Mosaiks

Jürgen Schneider a dhein an leagan Gearmáinise

2023-10-28

leabhar nua / new book


Bláth Draíochta 
Gabriel Rosenstock
100 Dán don Aos Óg 
100 Poems in Irish for Children 

Ar fáil anois ó shiopaí leabhar

A poetry feast for children 8-12+ with a stunning gallery of international art. 

photo haiku

         Alec Soth 


luaithreach
go
luaithreach


ashes
to
ashes

2023-10-26

Deirfiúr Uncail Toby


Bhí deirfiúr ag Uncail Toby –
M’aintín – an tSiúr Eibhlín:
Bhí sí ceanúil ar na fáinleoga,
Bhí an créatúirín.

An bhfuil fhios agat, arsa Toby
Cad a tharla don tSiúr Eibhlín?
D’imigh sí leis na fáinleoga –
D’imigh sí leo thar toinn . .

2023-10-25

haiku

Ansel Adams

is daoine
macánta iad
na beitheanna sin


honest
folk
those birches

2023-10-24

leabhar nua



An file Tiruvaḷḷuvar (ar a dtugtar Vaḷḷuvar freisin) a chum an Tirukkural, mórshaothar litríochta agus fealsúnachta as Tamailis chlasaiceach a mhúineann na prionsabail eitice agus moráltachta is gá le saol suáilceach fiúntach a chaitheamh. Tá 1330 kural (leathrann seacht bhfocal) sa téacs, arna dtabhairt le chéile in 133 caibidil deich leathrann, agus tá na caibidlí arna n-eagrú i dtrí mhórghrúpa, faoi na teidil Suáilce, Maoin agus Grá. Cé gur as Tamailis a cumadh an téacs seo a chéaduair, tá fírinne uilíoch ann agus is féidir é a léamh anois i mbreis agus 40 teanga de chuid na hIndia agus de chuid an domhain mhóir.

-----

உயர்தனிச் செம்மொழியாம் தமிழ் மொழியில் தோன்றி உலகப் பொதுமறை என்று போற்றப்படுகிற திருவள்ளுவர் இயற்றிய திருக்குறள், மனித வாழ்வியலுக்குத் தேவையான அடிப்படைக் கருத்துக்களைக் கொண்ட அற்புதமான தத்துவநூல். ஏழுசொற்களால், ஈரடியாய், குறள்வெண்பா யாப்பில் 133 அதிகாரங்கள் 1330 குறட்பாக்களைக் கொண்ட அறம், பொருள், இன்பம் பற்றி உரைக்கின்ற முப்பால் எனப்படும் ஒப்பற்ற இலக்கிய நூல். திருக்குறள் தமிழ் மொழியில் தோன்றியிருந்தாலும் உலக மக்கள் அனைவருக்குமான வாழ்வியல் அறங்களை எடுத்துரைக்கும் நூல். உலக அளவில் 107 மொழிகளுக்கு மேற்பட்ட மொழிகளில் மொழி பெயர்க்கப்பட்ட நூல்.

-----

The Tirukkural is a celebrated literary and philosophical work written in classical Tamil by the poet Tiruvaḷḷuvar, known also as Vaḷḷuvar. It teaches the basic tenets of ethics and morality necessary for a good life. It is in 1330 short couplets called kurals, each consisting of seven words, presented in groups of ten kurals in 133 chapters which, in turn, are grouped into three main sections, on virtue, wealth and love. Although the Tirukkural first appeared in the Tamil language, its appeal is universal. It has been translated into at least 40 Indian and non-Indian languages.

2023-10-23

caife


solas na maidine
 dríodar an chaife
ag glioscarnach

The dregs of my coffee
 Glisten
In the morning light

haiku by Jack Kerouac
irish by Rosenstock 
art by symes

2023-10-22

Kerouac


tóg cupán uisce
 as an aigéan 
siúd mise

Take a cup of water
 from the ocean
And there I am

Haiku by Kerouac 
 irish by Rosenstock 
Art by Symes 

2023-10-21

haiku

Alfred Eisenstaedt

pósann scáileanna
fiú mura maireann sé
ach meandar


shadows wed
if only
for a short while

2023-10-20

haiku

Grianghraf - André Kertész

in am
é a léamh arís
Voltaire


time to read
him again
Voltaire

2023-10-19

Cuireadh Deireadh Leis Inniu / Today They Closed It Down

a bilingual poem by Gabriel Rosenstock 
on the death of an Irish-language monthly review, Feasta, after 75 years.

 

Today they closed it down.
Someone in government decided:
‘That’s it! Finito, Feasta. Hasta la vista, baby!
 I know . . .
we have a surplus
of over €9 billion thanks to our friends
in the multinational tech corporations –
and Viagra is doing its bit too –
but we just don’t see this Feasta thingie
as part of the broader picture. Sorry.’
(Actually, no – he never did say ‘Sorry.’)

                       ~

Cuireadh deireadh inniu leis.
Rinne neach éigin sa rialtas cinneadh :
‘Sin sin! Finito, Feasta. Hasta la vista, baby!
Tá a fhios agam . . .
tá farasbarr de bhreis agus €9 billiún againn
a bhuíochas sin ar ár gcairde
sna teicnea-chorparáidí ilnáisiúnta –
agus cion fir déanta ag Viagra freisin –
ach ní fheicimid an reiviú Feasta
mar chuid dár n-aisling leathan. Brón orm.’

(Le bheith beacht macánta faoi – ní raibh brón air!)

Cuairt Sherlock Holmes ar an India


Ranajit Das


Tá buailtreach ar fud na mballaí go léir, an dtuigeann tú.
Lorg na méar go domhain le feiceáil.

Ar thug tú faoi deara, a Watson dhil?

Is iad na loirg sin na príomhnoda atá ann
agus an tír seo á hiniúchadh agam.
Abair, a Watson,
ó thaifead aisteach seo na méarlorg ar na ballaí
de chac bó agus de sholas na gréine -
an uile orlach de ina fhianaise 
ar bhuairt uafásach na mban stiúgtha - 
cén tátal a bhainfeá as an méid sin go léir
i dtaca le cúrsaí coiriúlachta de, mallnimhiú, béim ghréine, Dia?

2023-10-18

Taispeáin do Theanga

Bhí dhá chnuasach de chuid Günter Grass
aistrithe go Gaeilge agam.
Nuair a bhuaileamar le chéile i mBaile Átha Cliath
rug sé barróg orm faoi mar a bheadh sé
ag breith barróige ar a mháthair.
Níorbh í an Ghearmáinis a labhair a mháthair
ar ndóigh, ach Caisiúibis.
Mar sin, ní i dteanga a mháthar
a bhí Grass ag scríobh
ná mise ach oiread, chun na fírinne a rá.
Filí gan mháthair ab ea sinn araon, ar shlí.
Tá na mílte eile sa chás céanna.
Is gearr go mbeidh filí uile an domhain
ina ndílleachtaí.
Léireodh Grass a chumas mar ealaíontóir
ar ball
taispeántas a tharraing a chuid inspioráide
as tréimhse a chaith sé in Kolkata
taispeántas dar teideal Taispeáin do Theanga.

Show Your Tongue

I had translated two volumes of poems
by Günter Grass into Irish.
When we met in Dublin
he embraced me warmly
as though embracing his mother.
His mother, after all, spoke Kashubian,
not German.
Grass was not writing in his mother’s tongue
nor was I, for that matter.
We were motherless poets, in a sense.
There are thousands like us.
How long before the poets of the world
become motherless?
Later, Grass demonstrated his prowess
as an artist,
an exhibition which drew its inspiration
from a residency in Kolkata
called Show Your Tongue.

2023-10-15

Mion-Fhabhalscéal

Mini-fable
Bien sûr les animaux
n'ont pas de leçon de morale à nous donner. Ils tuent pour vivre.
Mais quand ils tuent leurs congénères,
jamais,
ils ne les traitent << d'animaux ».
                          Francis Combes
                          Le 14/10/2023

Mion-Fhabhalscéal

Níl ceacht morálta ar bith
ag na hainmhithe dúinn, ar ndóigh.
Maraíonn siad le bheith beo.
Ach nuair a mharaíonn siad a gcomhneacha
ní chaitheann siad
riamh leo
mar "ainmhithe".


---------------------------------
Nóta: Chum Francis Combes an dán seo tar éis d'Aire Cosanta Iosrael a rá faoina naimhde nach raibh iontu ach ainmhithe agus is mar ainmhithe a chaithfear leo.

2023-10-14

Faoistin /Confessions of a teenage poet


Faoistin an Fhile agus É Ina Dhéagóir

File agus Béarlóir
ag breathnú isteach i lionsa dorcha na todhchaí
a fhios aige ar chuma éigin go mbeadh air breathnú siar
sula ndéanfaí ilchruthach de
le bheith fá dheoidh ina fhile Gaeilge.

Ach cén fáth? Cén fáth sa diabhal a mbeadh éinne ina fhile Gaeilge?
Ní féidir teacht ar fhreagra cruinn ar an gceist sin.

Ní tusa a dhéanann ilchruthach díot féin.
Rud is ea é a tharlaíonn duit.
Lastall dár dtuiscint.
Cá bhfios cad a spreagann é?
Fuisce? Broc marbh ar bhóthar fliuch.
Bean siúil ag canadh The Croppy Boy:

Good men and true in this house who dwell,
To a stranger buachaill I pray you tell:
Is the priest at home, or may he be seen?
 I would speak a word with Father Green.

Is ilchruthach é i gcónaí, ar ndóigh.
Níl leigheas aige air. Cá bhfios cad a spreagann é?

An teanga, dar leis féin.
Bhí an Béarla á choinneáil siar.
Á iompú ina chloch, ina charraig, ina shliabh gan aird
nach bpléascfadh go deo.

“Mo dhuine – an buachaill stróinséartha –
beidh sé á ilchruthú san uaigh féin . . .”


Confessions of a Teenage Poet

An Anglophone poet
looking into the dark lens of the future
knowing, somehow, that he must look back
before shape-shifting
and becoming a Gaelic poet, at last.
But why? Why the devil become a Gaelic poet?
No exact answer to that question can be arrived at.
Shape-shifting is not something you do.
It's something that happens.

Beyond your ken.
Who knows what triggers it?
Whiskey? A dead badger on a wet road.
An itinerant woman singing The Croppy Boy:

 Good men and true in this house who dwell,
 To a stranger buachaill* I pray you tell:
  Is the priest at home, or may he be seen?
   I would speak a word with Father Green.

He's still a shape-shifter, of course.
He can't help it. Who knows what triggers it?
Language, he expects.
English was holding him back.

Turning him into a stone, a rock, an indifferent mountain
that would never explode.

“That fella – the stranger buachaill –
he’ll be shape-shiftin’ in the grave itself . . .”

 

 

2023-10-13

The Heavy Flags of Hatred / Bratacha Troma an Fhuatha

Let Go the Heavy Flags of Hatred

Hamas has taken Israel by surprise and undertaken immoral, large-scale

terror attacks from Gaza, breaking national gates, sending hundreds

of deadly missiles into populated towns, riding rifled motorcycles and flying

machete gliders, brutally murdering more than 900 innocents, including

at a kibbutz and a music festival, injuring thousands, kidnapping over

100 civilians to bring into Gaza for human shields or prisoner-exchange

ransom. Under its most extreme far-right government yet, Israel has quickly

begun ruthless retaliation, cutting off all electricity, food, and water to Gaza,

bombing high-rise apartments, schools, hospitals, killing and injuring entire

families, creating a district of thick post-explosion gray smoke through which

there is no ability to distinguish between Palestinians who support Hamas

violence or not, in such a small, densely populated strip of land. The targeting

of civilians by both sides is a violation of international law. Can we please

get UN border protectors in sooner than soon? Netanyahu says army

warns civilians in Gaza to leave before the bombs fly, but Gaza’s

exits have been blocked years by Israel and Egypt. Netanyahu warns

of the kind of devastating destruction that will “reverberate for

generations” and that he secretly hopes will make Israeli voters forget his large

intelligence failure and his previous corruption charges. I have long written

and demonstrated to support an end to oppressive occupation of Palestine

and a peaceful two-state solution that looks to be moving further into the

distant horizon with everybullet shot. Even here in New York City, there have

already been physical fights between supporters of each side, each group

carrying their heavy nationalistic flags of anger and war. Doesn’t it begin

to hurt one’s shoulder muscles, low backs, fragile necks on both Israeli

and Palestinian sides to carry such heavy flags of resentment and revenge

for so many decades now? Wouldn’t it be much easier on the body to carry

the much lighter flags of international peace and cooperation, and to hold them

upward toward the skies for the next two hundred years?

 --Eliot Katz, New York, October 2023

Scaoil le Bratacha Troma an Fhuatha
 

Tá bob buailte ag Hamas ar Iosrael agus ionsaithe sceimhlitheoireachta mímhóralta ar siúl aige ar scála mór ó Ghaza, geataí náisiúnta á leagan aige, diúracáin mharfacha ina gcéadta á seoladh aige i dtreo bailte a bhfuil cónaí iontu, ag marcaíocht lena gcuid raidhfilí ar ghluaisrothair agus an spéir lán d’fhaoileoirí maiseite, breis is 900 duine neamhchiontach á marú aige gan trua gan taise, lucht kibbutz san áireamh agus daoine a bhí ag freastal ar fhéile cheoil, na mílte gortaithe, breis is 100 saoránach fuadaithe agus tugtha chuig Gaza aige mar sciatha daonna nó éiric ar chimí a bhabhtáil. Faoin rialtas is faide fós ar an eite dheis, tá díoltas á bhaint amach go gasta ag Iosrael, an aibhléis in Gaza go léir gearrtha aige, chomh maith le bia agus uisce, árasáin ardstóracha á mbuamáil aige, scoileanna, ospidéil, teaghlaigh iomlána á marú nó á leonadh aige, ceantar nach bhfuil ann ach deatach dlúth liath i ndiaidh na bpléascán sa tslí nach féidir a dhéanamh amach cé hiad na Palaistínigh a thacaíonn nó nach dtacaíonn le foréigean Hamas, i stráice beag talún mar é ina bhfuil dlús ard daonra. Sárú ar an dlí idirnáisiúnta is ea targaid a dhéanamh de shibhialtaigh. Le bhur dtoil, nach féidir cosantóirí teorann de chuid na Náisiún Aontaithe a chur ann chomh luath in Éirinn agus is féidir? Deir Netanyahu go dtugann an t-arm rabhadh do shibhialtaigh i nGaza teitheadh sula dtitfidh na buamaí, ach tá na bealaí éalaithe blocáilte leis na blianta ag Iosrael agus ag an Éigipt. Tugann Netanyahu foláireamh faoin scrios ollmhór a gcloisfidh na glúine a thiocfaidh a mhacalla ar feadh i bhfad, agus súil aige ina chroí istigh go ndéanfaidh vótálaithe Iosraelacha dearmad ar theip mhór na bhfórsaí faisnéise aige agus an t-éilliú a cuireadh ina leith féin níos luaithe. Is fada mé ag scríobh agus ag léirsiú chun go gcuirfí deireadh le forghabháil leatromach na Palaistíne agus réiteach síochánta dhá stat a bheith ann, réiteach atá níos faide uainn anois ná riamh le gach urchar a scaoiltear. Fiú anseo, i gCathair Nua-Eabhrac, cheana féin tá scliúchas idir lucht tacaíochta ar an dá thaobh, a mbratacha náisiúnaíocha troma, bratacha feirge agus cogaidh, á n-iompar ag gach grúpa díobh faoi seach. Nach ngortaíonn sé matáin na nguaillí, bun an droma, an muineál leochaileach, ar thaobh Iosrael agus na Palaistíne araon, bratacha troma an oilc agus an díoltais a iompar chomh fada sin? Nach mbeadh sé níos fearr don cholainn dá mbeadh bratacha éadroma na síochána idirnaisiúnta agus chomhar na gcomharsan á n-iompar, agus iad á n-ardú chun na spéartha go ceann dhá chéad bliain eile?

 --Eliot Katz, Nua-Eabhrac, Deireadh Fómhair, 2023
Trascruthaithe ag Gabriel Rosenstock 

2023-10-11

An Captaen Toby

       Josef Matthias Aigner ( 1818 - 1886)


Bhí Uncail Toby ina chaptaen tráth
Ar arm an-speisialta:
Arm ab ea é a chuirfeadh deireadh go deo
Le gach saghas airm rialta.

Thraenáil Toby ar feadh bliain is lá
I bhforaoisí Chósta Ríce
Tír nach bhfuil arm ar bith aici
Agus ní bheidh arís choíche.

Sílim gur thuill sé an Duais Nobel
An Duais ar son na Síochána
Ach is amhlaidh a bhí daoine ag magadh faoi
Ag spochadh as is ag gáire.

‘Bhuel,’ arsa Toby, nuair a d’éirigh sé as,
‘Ní féidir ach do dhícheall a dhéanamh.
Troidfidh mé feasta le cinntiú go mbeidh
An neodracht i réim in Éirinn!’



2023-10-10

haiku


go scala an ghrian seal
ar dhúile uile

may all God's creatures
have their moment
in the sun

Jason Symes/ Gabriel Rosenstock

făpturilor Lui
o clipă de slavă 
să le vestească

Leagan Rómáinise Olimpia Iacob 

2023-10-09

An Múinteoir Gaeilge a bhí ag Uncail Toby


             Dr. Karl Schwarz (1916)
           Lovis Corinth ( 1858-1925)



Bhí múinteoir Gaeilge ag Toby
Corcaíoch croiméalach – Ó Tuama!
Fear deas, fear lách de réir dealraimh,
Agus duine staidéartha stuama.

Rugadh ár gcara an Tuamach
Cois bhruacha glasa na Laoi
Agus meas ag cách ar a thuairim 
I dtaobh fhilí móra Chorcaí.

Arsa an Tuamach lá leis na daltaí,
‘Níl againn ach fíorfhile amháin!
Tabharfaidh mé leid daoibh, a dhaltaí,
An t-ainm baiste a bhí air ná Seán.’

‘Níl a fhios againn!’ arsa na daltaí,
‘Níl tuairim againn,’ ar siad go léir.
‘Níl a fhios agaibh!?’ arsa an múinteoir,
Ar siadsan, ‘Tuairim faoin spéir!’

 D’fhéach an Tuamach ansin ar ár dToby,
‘’Bhfuil a fhios agatsa, a amadáin?’
‘Ó, go deimhin, tá,’ arsa m’uncail,
‘Cé eile ach Seán Ó Direáin!

2023-10-08

Basho


féara samhraidh
níl sna seanlaochra
ach iarsmaí brionglóidí


iarbă de vară
doar crîmpeie de vis sunt
toți războinicii

                     Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2023-10-07

Léitheoir


ghabh éinín tharam
ar sé: níl ach léitheoir amháin fágtha
ar domhan . . .


a little bird told me
there's only one reader left
in the whole world . . .

  o păsăruică:
  singurul cititor din
  lumea întreagă . . .  
                                           
Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2023-10-05

File Óg

'Jeune’ poète en France en 2017

Alexis Bernaut

Je n’ai que deux ans
de plus que Trotski
quand il commandait l’Armée rouge.

                                           5 octobre 2017, 17h.
 

Bheith i d’fhile ‘óg’ sa Fhrainc, 2017

 Nílim ach dhá bhliain níos sine ar éigean
 ná Leon Trotscaí
nuair a bhí seisean i gceannas ar an Arm Dearg
                        

                         5 Deireadh Fómhair 2017, 5pm.

2023-10-04

UKRAINE

             Karl Wiener (1901-1949)


Ukraine is a bilingual poem in Irish and English by Gabriel Rosenstock inspired by Nie Wieder Krieg (Never Again War) by Karl Wiener. (Public Domain)


                                             
UKRAINE
wooden crosses over graves
beginning to look like daggers
sunk with a squelch into the earth
to quieten the undead
but undead and quivering they are not
they are truly dead
empire masters of the east
empire masters of the west
those are the undead
                                        
AN ÚCRÁIN
crosa adhmaid os cionn uaigheanna
féachann siad anois cosúil le miodóga
a sádh de ghlugar sa chré
d'fhonn na neamh-mhairbh a shuaimhniú
ach ní neamh-mhairbh ar crith ina gcraiceann iad
táid ar fad marbh go deimhin
máistrí impireacht an oirthir
máistrí impireacht an iarthair
sin iad na neamh-mhairbh duit

UKRAINE
des croix de bois sur des tombes
qui commencent à ressembler à des poignards
plantés dans la terre avec un bruit de succion
pour apaiser les morts-vivants
mais ils ne sont ni morts-vivants ni tremblants
ils sont morts pour de bon
les maîtres de l’empire de l’est
les maîtres de l’empire de l’ouest
les voilà les morts-vivants 

French transcreation: Alexis Bernaut




2023-10-03

Múinteoir Ceoil (Dánta do Pháistí)

               Karl Wiener (1901-1949)


Bhí múinteoir ceoil ag Toby,
Bernadette Bean de Brún.
Bhíodh sí de shíor ag tabhairt amach dó
Agus í an-dian ar fad ar an ngarsún:
‘Níl cluas ar bith agat, a Toby,
Ina áit sin tá muisiriún!
Ní aithneofá an difríocht in aon chor
Idir veidhlín agus basún.’

‘Níl cluas agatsa ach oiread
A Bhernadette Bean de Brún:
Nuair a sheinneann tusa an pianó
Is measa é ná crith talún!’
‘Tá tú as ord, a Toby!’
‘Tusa atá as ord – is as tiúin!’


2023-10-02

haiku


im' sheasamh faoin ngiúis seo braon drúchta atá ionam

aflîndu-mă sub pinul acesta strop de rouă sunt. 

Leagan Rómáinise Olimpia Iacob 

2023-10-01

Basho


róbaí samhraidh:
roinnt míolta fós
le piocadh agam
      
halate de vară:
încă niște păduchi
mai am de adunat
                                 
Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob