2018-06-30

Dán leis an bhfile Tamailise Naran

Bróg

Ar fhágáil an bhaile dom ar maidin
Greim agam ar bheola mo chéile lem' bheolasa
A teanga agam á fliuchadh lem' theangasa
An rud céanna á dhéanamh aici domsa.

Gach aon lá tar éis dom an oifig a bhaint amach
Dheininn bróga Lee Cooper an cheannasaí a leadhbadh:
Teanga mo chéilese a ghlanadh an bhróg chlé.

Naran

Shoe

While leaving home in the morning
I would hold my wife’s lips with mine
And wet her tongue with mine
She would do the same to me.

Every day after coming to office
I would lick my boss’s Lee Cooper shoes clean
The left shoe was cleaned by my wife’s tongue

Naran

— Leagan Béarla: Anuradha Anand


2018-06-29

Jeg Elsker Dig (Grieg Opus 5/3)

Liricí: Hans Christian Andersen
Cumadóir: Edvard Grieg

Jeg elsker Dig

Min Tankes Tanke ene du er vorden,
Du er mit Hjertes første Kærlighed.
Jeg elsker Dig, som Ingen her på Jorden,
Jeg elsker Dig i Tid og Evighed!

Is tú mo ghrá

Aon smaoineamh sea thú dem’ chuid smaointe uile,
Tusa mo chéadsearc, fanfaidh tú im’ chroí.
Is tú mo ghrá, is tusa lár na cruinne
Is tú mo ghrá, anois is go síoraí!

2018-06-27

Larry Towell

Larry Towell
solas na gréine...
cré na n-uaigheanna nua
á téamh aige
sunlight...
warming the earth
of new graves
το φως του ήλιου...
ζεσταίνοντας το χώμα
των φρέσκων τάφων

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2018-06-26

Bist du bei mir

File: Ní fios cé a scríobh
Cumadóir: Johann Sebastian Bach

Bist du bei mir

Bist du bei mir, geh' ich mit Freuden
zum Sterben und zu meiner Ruh'.
Ach, wie vergnügt wär' so mein Ende,
es drückten deine schönen Hände
mir die getreuen Augen zu!

Dá mbeifeá liom

Dá mbeifeá liom, d’imeoinn le háthas
Chun bás agus síocháin [a] fháil.
Sea, dea-chríoch chugam, bheinn an-sásta
Is do dhá lámh ghléigeal’ go grámhar
Ar mo shúile ar uair mo bháis.

2018-06-25

Grianghraf: Karole Erikson

Grianghraf: Karole Erikson
cuid den bhláth
ab ea?
stiallach liath
part of the flower
is it?
grey hairstreak butterfly

2018-06-24

Graifítí an Lae

Tháinig an chuid is fearr dár sibhialtacht slán chugainn anuas ainneoin na hiomaíochta. Is tútach mar a chuirtear obair an domhain i gcrích faoin gcóras iomaíoch. Creach is cur amú an toradh... An aidhm ná brabús agus is in áit na leathphingine a bhíonn leas an phobail... Tá sé mímhorálta agus neamhéifeachtach mar chóras ós é an aithne atá aige ná, "Déan iomaíocht le do chomharsa." Ní chothaíonn a leithéid de riail an Mhacántacht ná meas ar dhaoine eile... Is cuma le hiomaitheoirí faoi leas an duine eile. Go deimhin, is breá leo é nuair a theipeann ar a gcomhiomaitheoirí mar bheadh buntáiste ansin dóibh.

Helen Keller

2018-06-23

Briathra an Bhúda

Leanann mí-ádh mór an fuath,
déanann dochar don aigne is déanann í a chrá;
priacail a luíonn go domhain ionainn istigh is ea an fuath
nach dtuigeann mórán.

Anatthajanano doso,
doso cittappakopano;
bhayamantarato jātaṃ
taṃ jano nāvabujjhati.


Éist leis an mbun-Pháilis:
 http://host.pariyatti.org/dwob/itivuttaka_3_88.mp3

2018-06-22

Aon smaoineamh sea thú dem’ chuid smaointe uile

Liricí: Hans Christian Andersen
Cumadóir: Edvard Grieg

Min Tankes Tanke ene du er vorden

Min Tankes Tanke ene du er vorden,
Du er mit Hjertes første Kærlighed.
Jeg elsker Dig, som Ingen her på Jorden,
Jeg elsker Dig i Tid og Evighed!

Aon smaoineamh sea thú dem’ chuid smaointe uile

Aon smaoineamh sea thú dem’ chuid smaointe uile,
Tusa mo chéadsearc, fanfaidh tú im’ chroí.
Is tú mo ghrá, is tusa lár na cruinne
Is tú mo ghrá, anois is go síoraí!

2018-06-21

Athrú an Gharda

Changing of the Guard


A year ago grey crows invaded the garden,
Asserted themselves
Seemed to distance the existing birds –
Thrushes, blue tits, robins, magpies –
It was as though the natural order had been upset.
Unhurried, sure of themselves,
The grey crows put manners on the rest.

A month ago the magpies struck back
Occupied the tallest branches of the evergreens
All faced in the one direction
Each one clearly visible.
They held the high ground
The takeover complete

Maurice Harmon



Athrú an Gharda


Bliain ó shin dhein caróga liatha ionradh ar an ngairdín,
Á gcur féin in iúl
Achar curtha acu idir iad féin is an éanlaith a bhí ann rompu –
Smólaigh. Meantáin ghorma, spideoga, snaga breaca –
An t-ord nádúrtha curtha as a riocht, ba dhóigh leat.
Teanntásach, gan aon deabhadh orthu,
Chuir na caróga liatha smacht ar an gcuid eile.

Mí ó shin, dhein na snaga breaca frithionsaí
Is lonnaíodar i ngéaga arda na gcrann síorghlas
Iad uile ag breathnú sa treo céanna
Chomh glan lena bhfaca tú riamh.
I bhfeighil an daingin aird arís
Bhíodar i gceannas go hiomlán.

Maurice Harmon

2018-06-20

Conas mar sin nach bhfuil éadóchas orainn?

Conas mar sin nach bhfuil éadóchas orainn?


Fealladh orainn, tá gach aon ní creachta díolta,
scríobann eite dhubh an bháis an t-aer,
creimeann an ainnise go cnámh.
Conas mar sin nach bhfuil éadóchas orainn?

Ó na coillte máguaird isló
séideann silíní an samhradh isteach faoin mbaile;
na spéartha móra glé istoíche
ag glioscarnach le réaltbhuíonta nua.

Tagann an ní míorúilteach an-ghar
do na tithe bréana scriosta -
rud nach eol do neach ar bith,
ach atá fiáin inár n-ucht leis na cianta.

Why then do we not despair?

Everything is plundered, betrayed, sold,
Death's great black wing scrapes the air,
Misery gnaws to the bone.
Why then do we not despair?

By day, from the surrounding woods,
cherries blow summer into town;
at night the deep transparent skies
glitter with new galaxies.

And the miraculous comes so close
to the ruined, dirty houses --
something not known to anyone at all,
but wild in our breast for centuries.

Anna Akhmatova
(Poems of Akhmatova, in eagar agus aistrithe ag Stanley Kunitz i gcomhar le Max Hayward)

2018-06-16

Dorn haiku le John McDonald

maitin granfaither –
the wye
he yince maitit me
daideo á bheathú –
mar a bheathaigh sé mise
tráth
an lá tar éis na sochraide –
éiníní thart ar an mbeathaitheoir
folamh
day efter the yirdin –
burds roon
the tuim brod
lichtin caunles –
she cannae mynd
whae fir
coinnle á lasadh aici –
ní cuimhin léi
cé dó
craws
sin on thayr backs:
a threitenin skimmer
préacháin
an ghrian ar a ndroim:
loinnir bhagrach
móibíl don leanbh
a dheineadar féin:
téad is cannaí beorach
thayr bairn's
hame-wrocht mobile:
streeng'n yill cans
a troot lowpin
a ploom fawin
...day o wunners!
breac ag léim
pluma ag titim
...lá míorúiltí!

2018-06-15

Cúpla haiku Zen

an chéad chith fuar...
an moncaí fiú
theastódh cóta beag tuí uaidh

Bashō

scríobh, scrios, athscríobh,
scrios arís, is ansin
bláthaíonn poipín

Hokushi

sneachta an lae inné
a thit mar bhlátha silíní -
uisce arís

Gozan

Áit cónaithe Issa
fiú in Kyoto
nuair a chloisim scairt na cuaiche...
santaím Kyoto

Issa

an préachán bailithe leis
luascann crann lom ...
fuineadh gréine

Natsume Soseki

2018-06-14

Billy Antonio

dúnaim mo shúile
chun teacht air
ceol an chriogair

Billy Antonio

2018-06-13

A. Thiagarajan

traein tráthnóna . . .
bosca lóin folamh
ar an suíochán fuinneoige

tráthnóna fuar  . . .
athraím an taechupán
go dtí an leiceann eile


A. Thiagarajan
Dáta breithe: Lúnasa 14 1949, An India

2018-06-12

Adjei Agyei-Baah

gealach lán
fear bréige ag breathnú
ar a scáil féin

Adjei Agyei-Baah

2018-06-11

Ljubica Vukov Davcik

báisteach gan stad . . .
sleamhnaíonn drúchtín
den dos cabáiste

Ljubica Vukov Davcik

2018-06-10

An Fuiseoigín le Piaras Béaslaí, traschruthaithe i mBéarla ag Gabriel

Little Lark

Sweet your voice, voice so sweet
Druid petite of perfect song
Thronging all the air around
With ecstasy of sound

Glad your heart, heart so glad
Wizard-guardian of the sun
Always rising from the ground
Prizing all the joy that's found

Great your sport, your sport great,
Little thought have you of death,
Avoiding men – you do well
Not to visit this grey cell

Alas today, today alas
I cannot be with you in flight
I cannot soar above the gate
Of Lewes Prison – such my fate.
 

[May, 1917]


An Fuiseoigín.

Binn do ghlór ón binn do ghlór,
A dhraoi bhig is deise ceol,
Thuas san aer ag spreagadh poirt,
Le racht suilt le mire mór.

Ard do mhian ón ard do mhian,
A ghruagaigh lér gean an ghrian,
Ag síor-eitilt suas ón úir
Le barr dúil sa lonradh i gcian.

Mór do ghreann ón mór do ghreann,
Ar an mbás is beag do bheann,
Beag do spéis i gcúrsaí fear,
Ní cás leat mé tréith i gceall.

Uch mo léir ón uch mo léir,
Gan mise thuas taobh leat, a éin,
I bhfad ó ghéibhinn na nglas,
Saor gan cheas go hard sa spéir.

Piaras Béaslaí.

(Agus é ag obair i ngort i bpríosún Lewes, Bealtaine, 1917.)


Thall i Learpholl a rugadh an Béaslaíoch ar an 15 Feabhra, 1881, faoin ainm Percy Frederick Beazley, agus cailleadh i mBÁC é ar an 22 Meitheamh, 1965.

Ball den IRB ab ea é a throid in Ard-Oifig an Phoist. Eagarthóir, scríbhneoir, file, aistritheoir, drámadóir agus beathaisnéisí ab ea é – chomh maith le bheith ina Theachta Dála. I measc a chuid aistriúchán tá nóibhille clasaiceach Peter Schlemihls wundersame Geschichte (1813) de chuid Adelbert von Chamisso. Dhiúltaigh An Gúm dó ach d'fhoilsigh Muintir na Leabhar Gaeidhlge é.

Má bhí a stíl scríbhneoireachta féin pas beag seanfhaiseanta, bhí dearcadh forásach aige i leith na litríochta:

‘I believe that the future of Irish literature depends upon the generation now in the cradle or yet unborn. Produce a healthy, vigorous, Irish-speaking life, in contact with modern thought, and our literature may be trusted to look after itself.’


2018-06-09

Haiku le Issa ón mbliain 1824

Sa bhliain 1824 
  • rugadh an t-úrscéalaí Angla-Éireannach Julia Kavanagh
    Rugadh Wilkie Collins, úrscéalaí Sasanach
    Rugadh Bedřich Smetana, cumadóir Seiceach
    Rugadh an file Angla-Éireannach William Allingham
    Rugadh Eugène Boudin, péintéir Francach
    Rugadh Anton Bruckner, cumadóir Ostarach
    Rugadh James Stephens, Fínín
    Rugadh John O’Hart, ginealeolaí, a dúirt 
'I well remember having, in my boyhood, asked my mother why, as she understood the English language, she would not speak it. Her reply to me, interpreted, was: “ My child, I hate the English for the cruelties they inflicted on our people, since first they came to Ireland; my heart can therefore never warm to the language of the Sassenachs” '
  • Cailleadh an Tiarna Byron, file Sasanach
  • Cailleadh Charles Maturin, scríbhneoir Angla-Éireannach
  •  Agus sa bhliain 1824, chum Issa an haiku seo:

an teampall sléibhe
folamh ba dhóigh leat  . . .
crainn samhraidh



.山寺は留主の体也夏木立

yamadera wa rusu no tei nari natsu kodachi

2018-06-08

FEITHEAMH

WAITING


Like drought, for rain;
Like a famished one, for a morsel of food;
Like one drowning, for a rescuer;
Like one dying, for rebirth . . .
I am waiting for you.

FEITHEAMH


Triomach ag feitheamh le báisteach;
Ocrachán, le ruainne bia;
Duine á bhá, le fear a tharrthála;
duine ag fail bháis, leis an athbhreith:
mé ag feitheamh leat


H. S. SHIVA PRAKASH, INDIA

English translation in cooperation with the author by Stanley H. Barkan

From: “Like Earth to Stars”, (Poems 2008–2014)

2018-06-07

Graifítí an Lae

Níl stát ar bith dá dhaonlathaí é - an phoblacht is deirge amuigh fiú -in ann a bhfuil ag teastáil ón bpobal a thabhairt dóibh, is é sin a gcúrsaí féin á n-eagrú agus á riaradh acu féin gan bhac, ón mbonn aníos, gan aon chur isteach ná foréigean ón mbarr, mar níl i stát ar bith, an Pobalstát mar dhea a cheap an tUasal Marx san áireamh, níl ann dáiríre ach meaisín a rialaíonn na sluaite ón mbarr, trí mhionlach  d'aicme bheag intleachtach postúil a shamhlaíonn go dtuigeann siad cad atá ag teastáil ón bpobal agus a bhfuil níos mó uathu ná mar atá ón bpobal féin.

Bakunin (Státachas)

2018-06-06

Briathra an Bhúda

Pahūtavitto puriso
sahirañño sabhojano,
eko bhuñjati sādūni --
taṃ parābhavato mukhaṃ.


Éist leis an mbun-Pháilis ag an nasc seo:

Maoin go leor a bheith agat
do dhóthain bia agus óir:
sult a bhaint as pléisiúir an tsaoil leat féin -
is é sin a dhéanfaidh do chabhóg

2018-06-03

Bharesh Bisheh

Bharesh Bisheh
scréach fhada
cailce...
dílleachtlann san Iaráic
long scream
of chalk ...
orphanage in Iraq

2018-06-02

Haiku le Issa ón mbliain 1792

  • Sa bhliain 1792 rugadh an cumadóir ceoldrámaí Gioachino Rossini
  • Rugadh Thomas Romney Robinson, réalteolaí Éireannach
  • Rugadh Frederick Marryat a scríobh Páistí na nua-fhoraoise.
  • Rugadh Shelley, file
  • Cailleadh Joshua Reynolds, péintéir
  • Cailleadh James Arthur O’Connor, péintéir
  • Scríobh Bardas Átha Cliath chuig Rí Seoirse III: 
“We feel ourselves peculiarly called upon to stand forward in the crisis to pray your majesty to preserve the Protestant Ascendancy in Ireland inviolate…”
  • Reáchtáladh Féile na gCruitirí i mBéal Feirste.
  • Rugadh Peadar Ó Gealacáin, scríobhaí
  • Cailleadh Philip Fitzgibbon faoina ndúradh:
”Mr Fitzgibbon was supposed to possess a more accurate and extensive knowledge of the Irish language than any other person living, and his latter years were employed in compiling an Irish Dictionary, which he has left completed except the letter S, and that he appears to have forgot . . .”

Agus sa bhliain 1792 chum Issa an haiku seo:

an chéad sioc –
nach breá an radharc é
sorn an bhacaigh

.初霜や乞食の竈も一ながめ

hatsu shimo ya kojiki no kudo mo hito nagame

2018-06-01

Mealbhacáin Ghlas-Stríocacha


Luíonn siad
i ngort faoi réaltaí.
Luíonn i ngort faoin mbáisteach.
Faoin ngrian.

Tá daoine áirithe
ar an gcuma sin leis -
mar a bheadh pictiúr
faoi cheilt laistiar de phictiúr eile.

Meáchan gan choinne
ina chomhartha aibíochta.

Green-Striped Melons


They lie
under stars in a field.
They lie under rain in a field.
Under sun.

Some people
are like this as well --
like a painting
hidden beneath another painting.

An unexpected weight
the sign of their ripeness.
 

~ Jane Hirshfield ~

(Alaska Quarterly, Fómhar & Geimhreadh, 2008)