2023-02-28

Haiku

Jerry Katz
ní lúbann ach beagán
faoin éan . . .
craoibhín lom
it hardly bends
under the lone bird . . .
bare branchlet
abia se pleacă
sub pasărea stingheră
golașa rămurea

Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2023-02-27

Púcaí Schmúcaí

Agallamh eisiach leis an údar, Gabriel Rosenstock




Ceist: Tá an-chur amach agat ar phúcaí, is cosúil?

Freagra: Gan amhras, tá. Tá PhD agam, dochtúireacht sa phúceolaíocht.

Ceist: Dáiríre?

Freagra: Dáiríre PHíre!

Ceist: Cén saghas focail é 'púca' sa chéad áit?

Freagra: Tá gaol aige leis an bhfocal Gréigise 'psyche'.

Ceist: Tá Gréigis agat, an bhfuil?

Freagra:

μόνος στο δάσος
ο ήχος ενός φύλλου
στο καπέλο μου


Aistriúchán Gréigise ar haiku is ea é sin. An maith leat é?

Ceist: Níl a fhios agam. Ní thuigim é. Cad is brí leis?

Freagra:

ar strae i gcoillte
níl le cloisteáil ach duilleog
ag titim ar mo hata



Ceist: An-deas. An tú féin a scríobh?

Freagra: Ní mé. Níl hata agam. File darbh ainm Tagami Kikusha a chum. Bhí sí go diail.

Ceist: An é Púcaí Schmúcaí an t-aon leabhar atá scríofa agat ar an ábhar seo?

Freagra: Dhera, ní hea in aon chor. Is saineolaí mé chomh maith ar phúca an-ait ar a dtugtar an splúca:

Bím ag seilg an splúca i gCo Mhaigh Eo.

Ceist: Cén fáth?

Freagra: Cén fáth a mbím á sheilg? Is i gCo Mhaigh Eo is mó a fhaightear an splúca; n'fheadar canathaobh. Tá Cathair na Mart ag cur thar maoil le splúcaí. Cloisim go bhfuil siad ar tí leathadh amach agus scaipeadh ar fud Slí an Atlantaigh Fhiáin go léir, nó Slí Fhiáin an Atlantaigh - nó pé ainm a thugtar ar an gconair aisteach sin - agus turasóirí a ionsaí.

Ceist: Cén fáth a n-ionsódh na splúcaí turasóirí?

Freagra: Níl aon leigheas acu air. Cuireann boladh an turasóra isteach orthu, go háirithe boladh na Meiriceánach.

Ceist: Dia ár sábháil . . . Éinne a léann an leabhar Púcaí Schmúcaí, beidh cosaint aige ar an bpúca - agus ar an splúca - an fíor sin?

Freagra: Is fíor. Beidh an-chosaint aige orthu. Tá treoracha cruinne tugtha agam sa leabhar sin conas an ruaig a chur ar phúcaí. Oibríonn sé agus tá foilsitheoirí an leabhair Futa Fata tar éis a rá liom go dtabharfaidh siad a gcuid airgid ar ais do chustaiméirí mura n-oibríonn sé.
Tá leigheas san fhilíocht, an dtuigeann tú.

Ceist: Leigheas?

Freagra: Leigheas, sea.Tuigeadh é sin i bhfad siar. Tá draíocht san fhilíocht. Bhí filí na hÉireann fadó, bhí siad in ann dánta draíochta a bhreacadh síos ar phár, an bhileog a chaitheamh san abhainn agus breith ar iasc sa tslí sin.
 

Dániascaireacht! Ealaín nach bhfuil ag mórán filí inniu, is baolach. Má tá tú in ann breith ar iasc le dán, cén fáth nach mbeifeá in ann an ruaig a chur ar phúca le dán? Sa dráma As You Like It le Shakespeare, luann Rosalind an chumhacht a bhí ag filí na hÉireann: bhí ar a gcumas francaigh a mharú le rím. Filí an lae inniu, ní mharóidís cuileog!

Ceist: Is dócha go bhfuil an ceart agat. An bhfuil aon chomhairle eile agat dúinn maidir le púcaí a smachtú, a ruaigeadh nó a dhíbirt?

Freagra: Oibríonn an dán atá sa leabhar Púcaí Schmúcaí, dán an teidil - oibríonn sé de ghnáth. Má tá an leabhar sin agat, ní gá dhuit aon eagla a bheith ort mar ní dán é dáiríre ach 'ortha'. Bhí orthaí go leor ann sa seansaol. Ortha na Dofheictheachta, cuir i gcás.
 

Mar shampla, má tá ortha na dofheiceachta ar eolas ag páiste, ní gá dó ach an ortha a rá agus ní fheicfidh an múinteoir é!

Ceist: Tá tú ag magadh fúm!

Freagra: Nílim mhuise ná an diabhal é . . . Eadrainn féin. Bhíos sa tóir ar splúca an samhradh seo caite i gCaisleán an Bharraigh agus is mór an trua nach rabhas in ann smaoineamh ar Ortha na Dofheiceachta an uair úd mar bhíos i sáinn! Bhí splúca os mo chomhair amach, deich slat uaim nó mar sin, agus bhí drochfhuadar faoi. Tá an leaid seo ag lorg trioblóide, arsa mise liom féin.
 

D'aithris mé an dán Púcaí Schmúcaí, chaitheas seile ar mo dhearna, thumas mo lúidín sa tseile agus shás mo lúidín tais ansin im' chluas chlé; searmanas beag réamhullmhúcháin a dhéanann sealgairí splúcaí. D'aithris mé Púcaí Schmúcaí os ard agus an chéad rud eile, thosaigh mo bhuachaill ag crith ar nós glóthaí. Ar m'anam! 

Tháinig sconna buinní air ansin agus thosaigh sé ag geonaíl - ach ní raibh aon trua agamsa dó - cé go rabh stuif glas ag teacht amach as a bhéal, a shrón, a chluasa agus as áiteanna eile.

Ceist: Dia linn!

Freagra: Ní haon dóithín é an splúca! Ar chuma éigin, tháinig sé chuige féin arís. Bhí crith cos agus lámh orm féin ansin, mise á rá leat, agus mheasas go raibh deireadh liom, mo phort seinnte, mo chosa nite agus mar sin de. Dheineas an haiku thuas de chuid Kikusha a aithris ansin, as Gréigis, as Seapáinis agus ansin as Gaeilge . . . agus an bhfuil a fhios agat cad a tharla?

Ceist: Abair!

Freagra: Phléasc sé! Phléasc an splúca. Bhí glóthach ghlas bhréan ar fud Chaisleán an Bharraigh ar feadh seachtaine.
 

Mheas an Teachta Dála áitiúil Mícheál Ó Rinn gur faoi ionsaí a bhí an baile ó fhórsaí aineoil. Naimhde Biden, seans?

Ceist: Táimid an-bhuíoch díot as do do shaineolas ar fad a roinnt linn inniu.

Freagra: Is é mo jabsa é - agus mo dhualgas - agus ní ghlacfaidh mé sos go dtí go mbeidh púcaí is splúcaí uile na hÉireann ruaigthe as an tír agam agus go dtuga Naomh Pádraig, fear ruaigthe na nathracha, go dtuga sé misneach agus fortacht dom.




Púcaí Schmúcaí agus dánta eile - Réamhordú (1 Márta 2023)

2023-02-26

Peata Pearóide

Sheba_Also 43,000 photos,
CC BY-SA 2.0, via Wikimedia Commons
 
Tá éan agam sa bhaile
Arb ainm dó Gearóid
Ní fáinleog é ná lon dubh
Ná faoileán - ach pearóid.

Dath glas atá ar Ghearóid
Chomh glas le féar na Mí:
Tá meas againn ar a chéile,
Ceapann sé gur mise an rí!

Ní labhraíonn sé ach Gaeilge
Gaeilge ghlan Mhaigh Eo:
Cá bhfuair sé a chuid Gaeilge?
"D'fhoghlaimíos í ó mo Mhamó!"


2023-02-21

Edgar

 

Ealaín: Graifítí in Earaván, An Airméin
(Rs4815)

Dia dhaoibh! Is mise Edgar Allan Poe
Nílim ann níos mó
 
Is file mé
Bhíos ann fadó
 
An mbeidh mé ann arís? Ó . . .
B’fhéidir, sa bhliain fiche a dó fiche a dó
 


2023-02-20

Madra Dána

 

Graifítí in Siracusa, An Iodáil
(Giovanni Dall’Orto)
Bhí madra dána ann
uair amháin
agus cónaí air áit éigin
thall san Iodáil
 
Tháinig sé go hÉirinn
agus chuir faoi in Abhainn an Scáil
agus thug sé a vóta
do Pháirtí Fhianna Fáil


2023-02-19

Teachtaireacht Phráinneach ó na Rosuailt

 

Wilhelm Kuhnert

Tá an leac oighir ag leá . . .
An bhféadfaimis cónaí leatsa
Más é do thoil é –
I do theachsa?
 
        Beidh breallaigh uainn ina mílte
        Is cannaí éisc
        Agus éist!
        Cúpla péist
 
Tá an leac oighir ag leá . . .
Cabhraigh linn, le do thoil!
An bhfuil seomra spártha
Sa teach agaibh – nó sa scoil?
 
 
       Beidh breallaigh uainn ina mílte
       Is cannaí éisc
       Agus éist!
       Cúpla péist

2023-02-18

Luch

Constable

Is aoibhinn liomsa cáis
Nuair a bhíonn ocras mór orm
Cáis bhán, cáis bhuí
Agus ar ndóigh, cáis ghorm
 
Is aoibhinn liomsa cáis
Cáis Camembert
Í a ithe istigh
Nó amuigh faoin spéir
 
An cháis is fearr liom
Ná cáis Emmenthal
Nó cáis chrua chéadair
Mura mbíonn mo rogha ar fáil!
 
Ní maith liom cáis Shasana –
Stilton? Áiféiseach!
Cáis na hÉireann domsa
Nó cáis na hEilvéise!
 
Bíonn lóinín deas de ghnáth agam
Idir a dó is a trí:
Agus siesta beag ansin dom féin
Is mé lán, lán de Bhrie!
 

2023-02-17

Taibhreamh

 

Winslow Homer

Cad a taibhríodh duit, a stór?
Láir bhán
Láir bhán

Cad a tharla ansin, a stór?
Chuamar ar fán.
Tú féin is an láir?
Sea, mé féin is an láir  . . .
Mé féin is an láir bhán

Cá ndeachaigh sibh ar fán, a stór
Tú féin is an láir
Tú féin is an láir bhán?

Chuamar ar fán
Chuamar ar fán
Chomh fada leis an Spáinn
Agus as sin go dtí an Afganastáin
 

Tomás agus an Muleta


Toreador a bhí ionat, a Thomáis
agus dath dearg, ar ndóigh,
a bhí ar an muleta sin agat:
Tarbh mór muscalach an chaipitleachais
á ghriogadh agat
gan faitíos, gan náire
go lá do bháis.

Foilsithe i gComhar anuraidh. Cothrom an lae, bliain ó shin fuair Tomás Mac Síomóin bás. 

2023-02-16

Cérbh í Lakshmibai (nó Lachmi Bai)?

 

 Ealaín: Margaret White

 
 
 
Faigh amach duit féin cérbh í!
Cérbh í?
Tráth san India bhí sí ina banríon
 
Thug Sasanaigh faoi Lakshmibai a chloí
Agus throid sí ina n-aghaidh sna 1850í.
 
Bean chróga ar muin capaill, í aclaí le claíomh
Ba dheacair a heachtraí go léir a ríomh.
 
Faigh amach duit féin cérbh í!
Cérbh í?
Do throdaithe ar son na saoirse, réitigh sí an tslí.

2023-02-15

An Fear a Raibh Gúta Air

Roman Kramsztyk

 

 

 

Bhí fear a d’ith gliomach –
Gliomach, uair sa lá
Bhuail gúta an fear bocht
Sa chos is sa lámh
Thosaigh ordóg a choise
Ag at is ag at –
“Ligh mó chos! Ligh í!”
Ar seisean leis an gcat
Ó! Dá gcloisfeá ag béicíl é:
Fut fat! Fut fat!

2023-02-14

An Luch a Chuaigh i bhFolach

 

Carl Reichert,Mäuse

“Cá ndeachaigh Lucky?”
“Ní fhaca é ó am bricfeasta!”
“Lucky bocht, tá súil agam
Nach bhfuil sé gafa i ngaiste!”
 
“B’fhéidir gur i bhfolach atá sé
Is maith leis folach bíog!”
“Nó ina chodladh go sámh
Gan gíog as ná míog!
 
“Lucky! Lucky! Lucky!”
“Fuist, a amadáin!
Nó scuabfar as an tigh sinn
D’aon bhuille amháin!”

2023-02-13

Jerry Katz

Jerry Katz
gabhann sí
trí chroí na cruinne . . .
loinnir uainn féin
piercing the heart
of the universe . . .
our own light
τρυπώντας την καρδιά
του σύμπαντος . . .
το δικό μας φως

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise