2020-09-29

D’oscail an chonair fá dheoidh

Nuair a chuaigh mo chroí i gceannas
ar dhomhan an ghrá,
saoradh é
ó chreideamh
is ó dhíchreideamh araon.

Ar an aistear seo
fuaireas amach
go mbaineann an fhadhb liom féin.

Nuair a ghabhas lastall díom féin,
d’oscail an chonair fá dheoidh.

Mahsatī Ganja’ī


2020-09-28

Kamal-ol-Molk

an mbeidh cailíní déirce
i gcónaí ann cosúil leatsa
chun mo thíse libh mar sin
        míle uair sa ló
        a stór, bím anseo de shíor
will there always be beggar girls
and will each one be like You
if so then come to my door
        a thousand times a day
        beloved, i am always here

2020-09-27

Beatha agus Bás

Nuair a leánn an cholainn
ná ceap gurb é an bás é.

Is léir, ámh, gur bás an anama é
an t-aineolas

De bharr an eolais
tabharfaidh gach anáil
beatha don anam

De dheasca an aineolais
creimeann d’anáil thú
go fréamh

Muhaqqiq Ardabīlī Bīdgulī


2020-09-26

Ahmed Morsi - Flute Player

"Flute Player (1)"
Oil on wood
154 x 77 cm
Cairo - 1968

You came across my bones
in a charnel house, picked one
and made of it a flute
        what air is it you play
        who was Your music master
tháinig tú ar mo chnámha
in ula reilige, phioc cnámh
is dhein fliúit di
        cén t-aer atá á sheinnt agat
        cé bhí mar oide ceoil agat

2020-09-25

Brian Whelan

 

Brian Whelan, Temptation of Christ

daichead lá
is daichead oíche  . . .
dreancaidí ag damhsa gan stad

2020-09-21

Cairdeas le Dia

Nuair a ghealann an mhaidin sin, Cairdeas le Dia,
éalaíonn an t-anam ón domhan go léir.

San áit sin, bíonn gach anáil den anam –
gan cosc gan ceangal na súile –
in ann an Cara a fheiscint.

Sayf al-Dīn Bākharzī

2020-09-20

Casfar ar a Chéile Sinn…

 Casfar ar a chéile sinn tar éis chríoch an domhain, a dúirt tú liom
 Nuair nach mbeidh ann ach mise is tusa, éirí is fuineadh gréine. 

Casfar ar a chéile sinn tar éis chríoch an domhain, go cruinn
 Is gan ann ach an bheirt againn, aibhéis laistigh d'aibhéis.

Casfar ar a chéile sinn is cách ag gabháil trí thine
 Luaithreach a bheidh ionainn nó ní bheidh aon ní ionainn.

Casfar ar a chéile sinn arís nuair a bheidh ciall le gach aon ní
 Is gan tuairim agamsa conas a bhíos mar a bhíos.


Victoria Milescu, An Rómáin


2020-09-19

RCA Woman (1980): Ahmed Morsi

Ahmed Morsi
RCA Woman (1980)
Acrylic on wood
89 x 65 cm
Mathaf Arab Museum of Modern Art Collection

is sreangscéalta iad
mo chuid laoithe duitse
a theilgtear sa chianspás
        sna solasbhlianta atá romhainn
        osclóidh tú iad, a chuid
my songs for You
are telegrams hurled
into outer space
        in light years to come
        beloved, You will open them

2020-09-18

Saoi Arunachala / The Sage of Arunachala

 

Victoria Martos: Sri Ramana Maharshi

Saoi Arunachala

níos báine ná eala bhán
ag eitilt trí shneachta
ar snámh trí shneachta
ag iompú ina shneachta
Aon chalóg i measc iliomad calóg
 ar fán anois
socair anois
socair anois
ar fán anois
Aon chalóg i measc iliomad calóg
ag iompó ina shneachta
ar snámh trí shneachta
ag eitilt trí shneachta
níos báine ná eala bhán


The Sage of Arunachala

whiter than a white swan 
flying through snow
floating through snow
becoming snow
the One flake in a multitude of flakes
now drifting
now still
now still
now drifting
the One flake in a multitude of flakes
becoming snow
floating through snow
flying through snow
whiter than a white swan


2020-09-17

Gach Treo

Agus tú ag taisteal
ar chonair an ghrá,
iompaigh d’anam
de shíor
ar an ngrian shíoraí.

Ach ó shoilsíonn
an Fhírinne
ó gach treo,
tuige do chuid paidreacha a dhíriú
ar aon bhall amháin?

Fayd Fayyādī


2020-09-15

Loch Lìobhann

Ron Rosenstock
néalta ar fán
thar Loch Lìobhann…
imíonn an aigne cheisteach
clouds drift
across Lough Leven…
the questioning mind disappears

2020-09-14

Ceithre Dhúil

Tá an uile dhúil
mar chuid ded’ nádúrsa,
mar sin, éist
le comhairle do leasa.

Deamhan is ea thú
agus brúid
aingeal
agus daonnaí –

An rud a chothófar
sin a bheidh ionat.

Bābā Afdal Kāshānī


2020-09-13

Carbháin nach bhfeictear

Tá ceolchoirm an ghrá ag glaoch
ach níl an fhliúit le feiscint.

Feictear na meisceoirí
ach níl radharc ar an bhfíon.

Tá na céadta
carbhán
tar éis dul
an bealach seo –
Ná bíodh ionadh ort
mura bhfeictear a rian.

Muhammad Shīrīn Maghribī


2020-09-12

Ahmed Morsi - Self Portrait

"Self Portrait - Cairo (2)"
Oil on wood
81 x 124 cm
Cairo - 1970
Barjeel Art Foundation Collection
chuala mé an frása
níos gile ná míle grian
ag tagairt don Fhéin
        nó do Hiroshima
        idir neamh is ifreann atáimid
someone said the phrase
brighter than a thousand suns
a reference to the Self
        or to Hiroshima
        lost we are between heaven and hell

2020-09-11

Foraois/ Forest

Ron Rosenstock
ar strae san fhoraois…
beagán ar bheagán
tagann an solas air féin
lost in the forest…
little by little
light finds itself again

2020-09-10

Scarúint Uaigneach

 (d'éinne aon áit a chailltear go huaigneach)

Is fuar é an seomra
fallaí bána

níl le clos
ach macalla an uaignis.
Gan focal lách
ná barróg chroíúil 

gan ann ach an t-am,
sconna briste,
ag ticeáil.

Níl éinne ag cnagadh ar an doras
a bhfuil súil agat leis,
níl éinne ann ach an bás.

Germain Droogenbroodt (An Bheilg)


2020-09-09

Roimh Lúcháir

 Ní fioghual níos mó na briathra seo
mar a bhíodh
nuair a tháinig dath dubh orthu
faoi bhrú laomtha
gluaiseann siad anois le dóchas séimh
agus roimh chamhaoir na háilleachta
osclaíd na súile
á bhfeistiú féin cheana
i gcomhair an aistir shíoraí

Hussein Habasch
(An Chordastáin/ An tSiria)


2020-09-08

Dán aimsithe

Tomás à Kempis

 An Tríonóid


Cad é an tairbhe dhuit 
bheith ábalta 
ar labhairt go léannta
ar an Tríonóid, 
más duine gan umhlaíocht tú 
agus go gcuireann tú fearg 
ar an Tríonóid?  



Nóta: Is é is dán aimsithe ann ná dán atá i bhfolach i dtéacs ar bith. Sa chás seo, baineadh an dán aimsithe thuas as Aithris ar Chríost a scríobh Tomás à Kempis (c. 1380 – 25 Iúil 1471);  D'aistrigh  An tAthair Peadar go Gaeilge é (Muintir na Leabhar Gaedhilge, 1914).

2020-09-07

Tá an chanúint áitiúil seo againne á cleachtadh agam

Níl ag an gcrann tuaithe ach easnacha loma i ndiaidh dó bogadh chun na cathrach,
na craobhóga duilleogacha go léir teasctha. Fásann péacáin nua
ar sheanchneácha, ach bíonn siosarnach Mhandairínise uathu.
 
Tá an chanúint áitiúil seo againne á cleachtadh agam,
i gcoillearnach go minic nó i ngort faoi bharra.
Tá súil agam an tuin chainte is an rithim a bhíodh ag mo mháthair
is a bhaineadh macalla as an sliabh a bheith agam arís
agus í ag glaoch abhaile orainn chun dinnéir. Is mac in easnamh mé, ag smaoineamh ar a cuid cócaireachta, ag smaoineamh
ar fhilleadh ar m’athair atá sean, éisteacht le guth an dúlra,
a bheith saor ar nós na ndias arbhair gleoite; thug an ghaoth
mo thnúthán léi i bhfad, i bhfad i gcéin.
 
Tá an chanúint áitiúil seo againne á cleachtadh agam
ar eagla go gceapfadh mo mhuintir gur strainséir mé
ó mo chuid cainte, má thriallaim arís ar an mbaile.

[Meifu Wang & Michael Soper a chuir Béarla air]

Bai Gongzhi (r.1967)

2020-09-06

Molaimse an Eitilt

Molaimse barróga na mban
a shíneann chugam is mé sa chillín seo
molaim an ghaoth agus a fhios aici
gur gaoth is ea í. Táim gan doras, mar sin féin
leathann mo chuid sciathán mar atlas. Is geal leis an éanlaith mé. Cloisim an lúcháir sa chantaireacht acu
agus suaimhníonn an gorm is an glas seo mé. Tá staighre ann a théann go buaic an tsaoil seo.
 
Is aoibhinn liom an éanlaith, deartháireacha an ocrais sinn, agus déanann an fhuinneog díoscán spíonta sa fhráma. Mar sin, can d’amhránsa, a éinín ghleoite.
Chun na farraige linn inár laom, chun m’óigese,
Nuair a chreideas sna scéalta go léir, nuair a thiteas
Arís is arís eile, nuair a scríobas mo ghlúine,
An phian im’ lámh agus í ag cur fola.
Siar go dtí an chréacht sin sa spéir agus sa talamh.
Go dtí turgnamh íongheal na báistí.
I dteannta na n-éan atáim.
Glacann an saol liom arís.
 

Ilhan Sami Çomak, Lúnasa 2020
(Tá sé bliana is fiche caite ag an bhfile i bpríosún)

2020-09-05

Rós Lesbos

 Ó bhean anaithnid a fuaireas an rós sin
is mé ar mo bhealach chuig cathair aineoil.
- Agus ós ar an mbaile seo anois mé
tar éis luí sna leapacha ann, cártaí a imirt faoina chufróga,
mo sháith a ól sna tábhairní ann
agus an bhean sin feicthe agam is í ag teacht is ag imeacht, ag imeacht is ag teacht,
N'fheadarsa níos mó cá gcaithfidh mé an rós sin atá agam.
Tá a chumhracht ar foluain ar fud na bhfud.
Agus sna háiteanna ná rabhas
tá na peitil dhreoite ina luí ar thaobh an bhóthair 

Henrik Nordbrandt, An Danmhairg (1945)

2020-09-04

Suantraí




ॐ महागणपते नमोऽस्तु ते मातङ्गमुख नमोऽस्तु ते
हिमाद्रिजासुत नमोऽस्तु ते ओङ्कारेश्वर नमोऽस्तु ते


महागणपते नमोऽस्तु ते गजवदनधर नमोऽस्तु ते
मूषिकवाहन नमोऽस्तु ते मोदकहस्त नमोऽस्तु ते


महागणपते नमोऽस्तु ते पशुपतितनय नमोऽस्तु ते
विघ्नविनायक नमोऽस्तु ते चामरकर्ण नमोऽस्तु ते


महागणपते नमोऽस्तु ते गौरीनन्दन नमोऽस्तु ते
बुद्धिप्रदातः नमोऽस्तु ते विद्यादातः नमोऽस्तु ते

Ceannaire an ollairm
Ar a bhfuil cloigeann eilifinte
Mac iníon na Himáilithe
Tiarna an tsiolla OM

Ceannaire an ollairm
Ar a bhfuil aghaidh eilifinte
Tiománaí na luch-fheithicle
Milseáin agat go leor

Ceannaire an ollairm
Mac Shivé, tiarna na n-ainmhithe
 A scuabann constaicí chun siúil
Mar ghaothráin iad do chluasa

Ceannaire an ollairm
Mac Ghauri
Bronntóir na héirime
Bronntóir an eolais

2020-09-03

Bhís id’ naomh

Á, a Ghalib, draíocht do chuid briathra is na slite a bhí agat le mistigh!
Bhís id' naomh cinnte – murach an glincín sa ghrágán agat.

Ghalib


2020-09-02

Is Úrnua Gach Lá a Bhíonn an Grá

 An lá a d'fhoghlaimíos ceacht an ghrá
Scanraigh an mosc mé.
D'fhéachas thart, isteach i dteampall liom
Is is iomaí druma a bhí á bhualadh ann.
Is úrnua gach lá a bhíonn an grá.

D'éiríos bréan de na Véidí is den Qúrán,
Idir dhul ar mo ghlúine is umhlú, scriosadh mo chlár éadain.
Ní sa scrín Hiondúch ná i Meice atá Dia.
An té a thagann Air, tá an solas feicthe aige.
Is úrnua gach lá a bhíonn an grá.

Dóigh an ruga urnaí, bris an pota uisce,
Éirigh as an bpaidrín, caith uait an bhachall.
Arsa na leannáin in ard a gcinn is a ngutha:
'Séan an fheoil chaisir agus ith na mairbh.'
Is úrnua gach lá a bhíonn an grá.

Bhuail Heer agus Ranjha lena chéile cheana féin:
Is fuar di dul á lorg san úllord – 
Tá Ranja cheana gafa ag a géaga.
Chaill sí a céadfaí, tá a ciall tagtha chuici arís.
Is úrnua gach lá a bhíonn an grá.

Bulleh Shah


2020-09-01

Bosca Lasán Seicslóvaiceach

 


gabhaimid ár slí féin
chun bualadh le chéile arís
tá tusa ‘dul siar
soir atá mo thriallsa, a chuid
ó, nach guagach é an grá


we go separate ways
only to meet up again
You are going west
I’m going east, beloved
oh, the restlessness of love