2022-01-31

Tanka le Ishikawa Takuboku (1886–1912)

 







dúnaim mo shúile
ní thagann faic in aon chor
go dtí m'aigne
is le teann uaignis ansin
osclaím mo dhá shúil arís

2022-01-30

Haiku le Hashi Kanseki (橋閒石)

 ar a shlí
le bheith ina fhéileacán
900,000,009 solasbhliain

蝶になる途中九億九光年

ag éirí níos measa atáim
ag gol
is ag scamhadh dátphlumaí

泣くことも柿剥くことも下手なりけり

2022-01-29

Meiriceánach Dúchasach a chuaigh le Haiku

Bhí Gerald Vizenor ocht mbliana déag d’aois agus é in Arm Mheiriceá. Cuireadh chun na Seapáine é le cathlán tancanna. Is ann a leag sé súil ar áiteanna ar nós Matsushima, áit atá molta ag filí haiku ar nós Buson, Bashō agus filí eile rompu is ina ndiaidh, go háirithe Matsushima faoi sholas na gealaí.


Phéinteáil Kawase Hasui an pictiúr seo den áit sa bhliain 1930.

 


Bhí Vizenor in ann ceangal suaithinseach a dhéanamh idir an dá dhomhan, domhan an haiku agus domhan na Meirindiach:

‘Many Anishinaabe dream songs are about the presence of animals, birds and other totemic creatures in experience, visions and in memory. The same can be said about haiku scenes, that the visions of nature are the perceptions and traces of memory.’

‘Táim fós ag iarraidh teacht orm féin,’ a dúirt sé uair amháin. ‘Is leath-phréachán mé, leath-shnáthaid mhór, leath-iora rua, leath-bhéar… táim ag eitilt abhaile i mbriathra is i miotas.’ (Sa leabhar Gerald Vizenor: Writing in the Oral Tradition le Kimberly M. Blaeser, University of Oklahoma Press, 1996). Ní fhéadfadh an WASP é sin a rá – an Protastúnach Geal Angla-Shacsanach – nó dá ndéarfadh ní chreidfí é. Ach i mbéal an Mheirindiaigh is ráiteas uasal aislingeach é, dar liomsa. Ag ag eitilt abhaile atá sé i mbriathra agus i miotais mar go bhfuil beocht sna briathra agus sna miotais, ainneoin a bhfuil déanta ag an bhfear geal chun léirscrios a dhéanamh ar chultúr na dtreibheanna dúchais.

Mhúin an fear geal an Bíobla dó: I dtosach báire bhí an Briathar ann. Ní mar sin in aon chor é, a deir an Meirindiach. Bhí an Briathar ann roimhe sin!

Dúirt R H Blyth, Londanach, fear a dhein cion fir chun haiku a aistriú go Béarla, go bhfuil an t-anamachas laistiar de gach saghas filíochta a bhfuil an dúlra ina lár. Baineann an t-anamachas go dlúth le Sinteo, an creideamh Seapánach a bhí ann sular tháinig an Búdachas. Agus, ar ndóigh, baineanann an t-anamachas chomh maith le creideamh na Meirindiach; níl Éire gann ar anamachas ach oiread. Mar sin, cá hionadh go raibh lé ag Vizenor le haiku, an fhoirm litríochta a dhéanann comóradh ar mhíorúiltí móra agus míorúilti beaga gearra an dúlra ó shéasúr go séasúr. Leabhar dar teideal Favor of Crows an bailiúchán haiku uaidh (Wesleyan Universty Press, 2014).

Ní raibh a fhios agam, dála an scéil, go ngéilleann na Meirindiagh don athionchollú ach tugtar fianaise ina leith sin sa leabhar Chippewa Customs le Frances Densmore ina ndeirtear faoi aislingí na bhfilí go rabhadar chomh cumhachtach sin, “that a man had been known to assume the form which had been his in a previous existence, and which had formed the subject of his dreams.” Obair an diabhail a bhí sna haislingí sin dar leis na ceannairí geala agus a gcuid gníomhairí – múinteoirí ina measc – a thug faoi chultúr dúchasach Mheiriceá a scriosadh.

Thall sa tSeapáin dó, thug an teagmháil a dhein Vizenor le haiku deis mhíorúilteach dó ateagmháil a dhéanamh lena nádúr is lena dhúchas féin mar Mheirindiach:


gealach dheireadh fómhair
ar crith i mbairille báistí
racún fiosrach

2022-01-28

Drúcht

 



dripping with morning dew
here we go again
let's try this route

drúcht na maidine ag sileadh díom
seo linn arís
cad faoin treo seo

2022-01-27

Tanka le Chōkū Shaku (1887–1953)

 




blátha ararúit
satlaíodh orthu go léir
a ndath is úr fós
tá duine éigin tar éis
an bearnas seo a shiúl romham

2022-01-26

Géanna fiáine/ wild geese


imíonn na blianta
ní thagann tuirse riamh orthu
géanna fiáine

centuries roll by
they never tire
wild geese

 

2022-01-25

oíche dhubh an anama / dark night of the soul

Ron Rosenstock
cá bhfuil do dheireadh?
oíche dhubh an anama
scrios ar do shlabhraí!
        san aigne atá sé
        arsa lucht síofróireachta . . .
dark night of the soul
when will you come to an end?
when will your chains break?
        they say it's all in the mind
        have they the lock and key then?

2022-01-24

Ōgai Mori (1862–1922)

an clog mór teampaill
a bhuail an Meiriceánach
is an-ait go deo
an clingeadh a tháinig uaidh
ach is glórach ambaiste!

2022-01-23

Smaoineamh an Lae

 


thinkthinkthinkthink
thinkthinkthink
until you explode

smaoinighsmaoinigh
smaoinigh
go dtí go bpléascfaidh tú

2022-01-22

2022-01-21

Mokichi Saitō

cad tá thall ansin
a mheallann a croí chomh mór?
leathann an contráth
os cionn abhainn an Mogami -
lampróg ag eitilt léi féin
what on the other shore
tugs at its heart so?
in the evening dusk
over the Mogami River
a lone firefly

2022-01-20

Graifítí an Lae

 

Is é is ainrialachas ann ná an lipéad polaitiúil a chuirtear ar shruth ollmhór de smaointeachas srianta atá ag gluaiseacht faoin sibhialtacht ábharaíoch chaipitlíoch seo, é ar tí éirí agus na monarchana, na príosúin agus na hallaí cathrach a scuabadh chun siúil. I ndeireadh thiar thall, is é atá ann ná fórsa na beatha agus dá réir sin ní féidir é a stop."

Paul Cudenec

2022-01-19

Abhainn gan Scamall

 Babhla glóthaí.
Ní rabhas in ann bun
ná barr a dhéanamh as.
Níor thuigeas fisic an ruda
ná cén fáth a raibh
an ghlóthach ar crith.
Go deimhin
ní raibh spéis dá laghad agam san fhisic:
im' mheitifisicí beag a bhíos-sa
ag cóisirí lá breithe 
et cetera
(tuigeadh dom nár rugadh riamh mé).
Bíodh is go rabhas ag maireachtáil
i bhfochair daoine eile -
siblíní, tuismitheoirí, múinteoirí,
polaiteoirí ar an teilifís -
Lemass, Dev, Lynch, Cosgrave, Haughey
et cetera et cetera
bhí fhios agam go gcaillfí iad go léir
ní raibh aon ní níos cinnte ná sin
réaltaí scannán mar an gcéanna
pápaí is deachtóirí
capaill rása
an Lúbach
scamall os cionn na habhann
scamall gan abhainn
abhainn gan scamall
imeoidh an uile ní
seangáin, péisteanna, bláthanna, féileacáin
et cetera et cetera
chaillfí iad
plandaí, smaointe, teangacha
chaillfí iad.

Fréamh na neamhbhásmhaireachta
a bhí uaimse
dhiúltaíos glan do ghuagacht na glóthaí.

2022-01-18

An Teaghlach Naofa

Daltaí agus oide
Mary R. Hyde and students at Carlisle Indian Training School
Le J.N. Coate
Teaghlach naofa é gach teaghlach
ach nuair a cuireadh páistí de phobail dhúchasacha
chuig institiúidí cónaithe d'fhonn a gcultúr a mhúchadh
agus a ghalldú
stróiceadh an croí as an teaghlach sin go deo

Is minic nuair a tháinig an páiste abhaile
go raibh a theanga
agus nósanna na treibhe dearmadta aige:
é ina phréachán i measc na bpéacóg

Ar mo theacht abhaile dhom
ag deireadh gach téarma
bhraitheas deoranta
neamhchinnte
mar Mheirindiach
a tháinig abhaile
agus nach labhródh na carraigeacha leis níos mó.

2022-01-17

Graifítí an lae: Oscar Wilde

 


Cén sórt rialtais is fearr a oireann d'ealaíontóirí, ceist a chuirtear orm uaireanta. 
Níl ach freagra amháin ar an gceist sin. 
Níl aon sórt rialtais ann a d'oirfeadh don ealaíontóir.


Oscar Wilde


2022-01-15

Theodor Philipsen

Lange skygger. Kvæg på Saltholm, ca. 1890
Theodor Philipsen
an tráthnóna chugainn
scáileanna ag brisphointe
is eol do gach brúid
        an bóthar fada abhaile
        táim liom féin i gcríoch na scáth
evening approaches
shadows stretch to breaking point
every creature knows
where home is – how to get there –
i’m alone in shadowland
το βράδυ φθάνει
διαλύονται οι σκιές
κάθε ον ξέρει
        στο σπίτι πώς να πάει
        -- μες στις σκιές μόνος εγώ

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2022-01-14

Dollymount / Cnocán Doirinne

Dollymount Strand
possibly
possibly not
Trá Chnocán Doirinne
sin a deirtear
ar aon nós

2022-01-13

Tanka le Kenji Miyazawa (1896–1932)

ceann duine éigin
ceann a baineadh dá cholainn
á scubadh chun siúil
an sruthán fionn le fána
na fiacla á bhfáscadh aige

2022-01-12

Tanka le Samio Maekawa (1903–1990)

le gach aon chreathán
tagann ubh eile uaithi
leamhan bán is ea í
cén fáth ar smaoiníos uirthi
an oíche ag cur seaca

2022-01-11

Tanka le Fumiko Nakajō (1922–1954)





táim ag lorg trá
is radharc agam ar leathchíoch
agus í ar snámh
i dteannta smugairlí róin
raghaidh mé a chodladh arís

2022-01-10

Graifítí an Lae: Hakim Bey

Má táimid in ann éalú ó na músaeim a iompraímid thart istigh ionainn féin, má éiríonn linn gan ticéid a dhíol linn féin le haghaidh na ngailearaithe atá inár mblaosc féin, d'fhéadfaimis tosú ar mhachnamh a dhéanamh ar ealaín a athchruthaíonn ról an draíodóra: struchtúr na réaltachta a athrú trí shiombailí beo a láimhseáil.


Hakim Bey

2022-01-09

Graifítí an Lae - Alexander Berkman

  • Ciallaíonn Ainrialachas gur cheart duit a bheith saor; gan sclábhaí á dhéanamh díot ag éinne, ná éinne a bheith anuas ort, do do robáil, ná ag cur isteach ort.

  • Ciallaíonn sé gur chóir go mbeifeá saor chun na nithe sin a dhéanamh is mian leat a dhéanamh; agus nach cóir go gcuirfí brú ort nithe a dhéanamh nach mian leat a dhéanamh.

  • Ciallaíonn sé gur cheart go mbeadh deis agat an saghas saoil is mian leat a chaitheamh a roghnú duit féin, agus é a chaitheamh gan cur isteach ó éinne.

  • Ciallaíonn sé gur cheart go mbeadh an tsaoirse chéanna ag an gcéad duine eile is atá agatsa, gur cheart go mbeadh na cearta agus an tsaoirse chéanna ag gach éinne.

  • Ciallaíonn sé gur bráithre is ea sinn go léir agus gur cheart dúinn maireachtáil mar bhráithre, go síochánta agus go séimh.

  • I bhfocail eile, ní ceart go mbeadh cogadh ar bith ann ná foréigean á úsáid ag baicle amháin in aghaidh baicle eile, gan monaplacht ar bith a bheith ann ná bochtaineacht, gan cos ar bolg a bheith ann ná buntáiste á bhreith ag éinne ar do chomhdhaonnaí.

  • Go hachomair, staid is ea an t-ainrialachas, nó sochaí, ina bhfuil gach fear is bean saor agus sult á bhaint ag gach éinne as an sochar a éiríonn as saol stuama a chaitheamh.
Alexander Berkman

2022-01-08

Ochiai Naobumi

hiodoshi no
yoroi o tsukete
tachi hakite
miwa ya to zo omou
yamazakurabana
m'armúr orm
dhá chlaíomh feistithe im' chrios
deirimse liom féin
ba chóir dom dul ag breathnú
ar na bláthanna sléibhe


Tanka (5-7-5-7-7 siolla) de chuid Ochiai Naobumi (1861 - 1903)

2022-01-07

Magnus Enckell

Venuskultti,
1895, Magnus Enkell
ortsa a fhillim
gach aon ní ina dhusta
is dusta é m'fhocal
        a stóirín, níl faic fágtha
        ach loinnir ár gcroí istigh
to You i return
all else is dust already
these words too are dust
        Beloved, nothing remains
        but a shimmer in our hearts
γυρνώ σ' Εσένα
όλα είναι ήδη σκόνη
κι οι λέξεις σκόνη είναι
        Αγάπη, όλα περνούν
        μόνο οι καρδιές μας τρέμουν

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2022-01-06

Tanuki

 



SCRIOSFAR
GRAIFITÍ

GRAFFITTI WILL 
BE REMOVED

BY ORDER
ZEN MONK
TANUKI
(1949 - )



2022-01-05

Cárta Cuimhneacháin/ Memorial Card

'The Wise Ones',
Marguerite Louis Blasingame, 1933
taoi leis na saoithe
agus níl siolla eadraibh
tá na soilse lag
        sé seo críoch an uile dháin
        slán faoi chúram an tosta
you’re with the wise ones
in silent conversation
the city lights dimmed
        every poem will end like this
        in the bosom of silence

2022-01-04

Paindéim

Dá samhlófá í
mar a shamhlaíonn na Giúdaigh an tSabóid -
an t-am is beannaithe ar fad.
Éirigh as taisteal a dhéanamh.
Éirigh as díol is ceannach.
Éirigh as bheith ag iarraidh
an domhan a athrú, éirigh as go fóill.
Can. Guigh. Ná teagmhaigh le héinne
ach leo siúd a bhfuil tú tiomanta dóibh.
Socraigh síos id' lár.

Agus nuair a bheidh do cholainn socair,
sín romhat le do chroí.
Tuig go bhfuilimid ceangailte
ar bhealaí atá scanrúil álainn.
(Ba dheacair sin a shéanadh anois).
Is i lámha a chéile
atáimid ar fad.
(Caithfidh gur léir sin faoin dtráth seo).
Ná sín do lámha chugainn.
Sín chugainn do chroí.
Sín chugainn do bhriathra.
Sín chugainn teannóga úd
na hatrua a bhogann, dofheicthe,
agus nach féidir méar a leagan orthu.

Geall do ghrá don domhan seo -
bíodh sé le do leas nó d'aimhleas,
más tinn nó más slán,
fad agus is beo dúinn go léir.


Bunleagan foilsithe i Beshara Magazine

2022-01-03

spring rain

 

spring rain --
pond and river
are one

pluie d'hiver --
mare et rivière
ne font qu'une
Leagan Fraincise: Daniel Py

2022-01-02

Lorenzo Lotto

imagine . . .
imagine he lost his way
archangel gabriel
samhlaigh . . .
samhlaigh gur chuaigh sé amú
an t-ardaingeal gaibriéil
imaigine . . .
imaigine he tint his wey
archangel gabriel

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
想見せよ
道をなくした彼を
大天使ガブリエルを

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura

2022-01-01

Isaac Israëls

Moulin De La Galette, 1905
labhair liom, a mhaoineach
labhair faoi rud ar bith faoin spéir
labhair faoi . . . faoi thada
        rud ar bith faic rud éigin
        rud éigin faic rud ar bith
let’s talk, Belovèd,
about anything at all
talk about nothing
        anything nothing something
        something nothing anything