2022-01-19

Abhainn gan Scamall

 Babhla glóthaí.
Ní rabhas in ann bun
ná barr a dhéanamh as.
Níor thuigeas fisic an ruda
ná cén fáth a raibh
an ghlóthach ar crith.
Go deimhin
ní raibh spéis dá laghad agam san fhisic:
im' mheitifisicí beag a bhíos-sa
ag cóisirí lá breithe 
et cetera
(tuigeadh dom nár rugadh riamh mé).
Bíodh is go rabhas ag maireachtáil
i bhfochair daoine eile -
siblíní, tuismitheoirí, múinteoirí,
polaiteoirí ar an teilifís -
Lemass, Dev, Lynch, Cosgrave, Haughey
et cetera et cetera
bhí fhios agam go gcaillfí iad go léir
ní raibh aon ní níos cinnte ná sin
réaltaí scannán mar an gcéanna
pápaí is deachtóirí
capaill rása
an Lúbach
scamall os cionn na habhann
scamall gan abhainn
abhainn gan scamall
imeoidh an uile ní
seangáin, péisteanna, bláthanna, féileacáin
et cetera et cetera
chaillfí iad
plandaí, smaointe, teangacha
chaillfí iad.

Fréamh na neamhbhásmhaireachta
a bhí uaimse
dhiúltaíos glan do ghuagacht na glóthaí.