2024-05-31

Sotirios Pastakas (POETS OF THE PLANET)

Sotirios Pastakas

 Sotirios Pastakas (Larissa, Greece, 1954), poet. He studied Medicine in Rome and Psychiatry in Athens. He has published 18 poetry collections. It has been translated into 20 languages and has taken part in international poetry festivals (San Francisco, Sarajevo, Izmir, Rome, Naples, Siena, Cairo, Istanbul, Medellin, Caracas etc.). Four poetry collections (Corpo a corpo, Jorge, Monte Egaleo, Isola di Chios) are published in Italy, where he won the NordSud Prize in 2016, one in the USA (Food Line), and one in Spain (Cuerpo a cuerpo). In 2019 he donated his library to the Municipal Library of Rapsani. He is a member since 1994 of the Greek Writers’ Society and from 2021 to 2023 National Coordinator of the World Poetry Movement (WPM) for Greece. From 2023 member and coordinator of Poets of the Planet (POP) for Greece. Won poetry prize “Makis Lachanas” in Thessalian Poetry Festival 2023.
from FOOD LINE ( Forepaw Press, San Francisco, USA, 2014)
(Translated by Jack Hirschman and Aggelos Sakis)


An apple-core.
Someone was sitting here
biting an apple.
Then he disappeared. The same day
that History recorded three
deaths in the center of Athens.
Someone else at another
spot left his cigarette butt
before he disappeared too.
History only records:
apple-cores, cadavers, ashes.

Croí úill.
Bhí duine éigin ina shuí anseo
is bhain plaic as úll.
Ní fhacthas ó shin é. An lá céanna
nuair a thaifid an Stair
gur tharla trí bhás i lár na hAithne.
Duine eile in áit eile
d'fhág sé nuta de thoitín ina dhiaidh
ní fhacthas eisean ó shin ach oiread.
Níl á thaifeadadh ag an Stair ach:
croíthe úill, corpáin, luaithreach


2024-05-30

Eliot Katz (POETS OF THE PLANET)


Called “another classic New Jersey bard” by the late Allen Ginsberg, Eliot Katz is the author of seven books of poetry, including Love, War, Fire, Wind and Unlocking the Exits, as well as a prose book, The Poetry and Politics of Allen Ginsberg. His most recent poetry book was a free pdf volume posted on his website before the 2020 U.S. presidential election, entitled: President Predator: Poems to Help Make America Trump-Free Again. He was a co-founder, with Danny Shot, of the long-running Long Shot literary magazine, and was a co-editor with Allen Ginsberg and Andy Clausen of Poems for the Nation. In the mid-1990s, he coedited an anthology of U.S. protest poetry, Changing America, that was published as a bilingual anthology in France. Katz, whose late mother was a Holocaust survivor, has worked for many years as an activist for a wide range of peace and social-justice causes, including helping to create several housing and food programs for homeless families in Central New Jersey that remain ongoing.


     

Imagine Again



Imagine
a de-militarized
Middle
East
and
then
imagine
a completely
de-militarized
world.
It’s not
so
easy
these
days,
but
please
try.

Samhlaigh Arís

 
Samhlaigh
an Meánoirthear
dímhíleataithe
agus
samhlaigh
ansin
domhan
atá
dímhíleataithe
ar fad
ar fad.
Níl sé
éasca
na
laethanta
seo,
ach
déan
iarracht
le
do
thoil.

 

2024-05-29

Dunlap

DUNLAP is a bilingual anti-war poem, in Irish and English, written and recorded by  Gabriel Rosenstock (POETS OF THE PLANET)  which remembers Ulsterman John Dunlap,  the man who printed the first copies of the American Declaration of Independence. 

Dunlap

Fear as an Srath Bán
Co. Thír Eoghain
John Dunlap
A chlóbhuail Forógra Saoirse Mheiriceá.

Amhantraíocht in eastát réadach
a dhein fear an-saibhir de.

Ó shin i leith
Tá an tSaoirse á scaipeadh ag Meiriceá
I gcogaí éagsúla.

Agus an Forógra á chlóbhualadh aige
Ar shamhlaigh Dunlap riamh go dtarlódh Cogadh Vítneam
Go dtarlódh Cogadh san Iaráic
Go dtarlódh  . . .
Tá liosta díobh anseo:
https://en.wikipedia.org/wiki/List_of_wars_involving_the_United_States
Leanfar de  . . .



Dunlap

A man from Strabane
Co. Tyrone
John Dunlap
Printed the American Declaration of Independence.

Speculation in real estate
Made him a very rich man.

Since then
America is propagating Freedom
In various wars.

Whilst printing the Declaration
Did Dunlap envision the war in Vietnam
The war in Iraq
The war in  . . .
There's a list of them here:
https://en.wikipedia.org/wiki/List_of_wars_involving_the_United_States
To be continued . . .

https://www.antiwar.com/



2024-05-28

Vailintín

(après Gertrude Stein)

Is é atá binn
Mo Vailintín
Mo Vailintín
Is é atá binn
Is é atá mín
Mo Vailintín
Mo Vailintín
Is é atá mín
Mín binn binn mín–mo Vailintín!

 

 

2024-05-27

Paidir de chuid na nDúchasach Meiriceánach

       Edward Curtis 

Cabhraigh linn

chun na ceachtanna atá fágtha agat

i ngach duilleog

is i ngach carraig

a fhoghlaim

2024-05-26

Furuike ya


lochán ársa
léim frog
tuilleadh froganna


old pond
a frog jumps in
more frogs

2024-05-25

Beannacht Cherokee

             Edward Curtis 


Beannacht Cherokee

Bainfead an dealg as do chos.

Siúlfaimid cosáin ghréine an tsaoil
tamall eile i dteannta a chéile.

Beidh gean agam ort mar dheartháir, mo chuid fola féin.

Nuair a bheidh ísle brí ort, glanfadsa na deora de do shúile.

Agus más róthrom ort an brón, suaimhneoidh mé an croí pianmhar ionat.


2024-05-24

OPEN LETTER TO ISRAEL

OPEN LETTER TO ISRAEL is an arresting poem by Yahia Lababidi:

Yahia Lababidi, an Egyptian-American thinker and poet, is the author of five books in four genres (amazon.com/author/yahialababidi). Nominated for a Pushcart Prize by World Literature Today magazine, Lababidi has been featured on NPR, Al Jazeera, and in The Guardian, among other places.
Irish transcreation and recording by Gabriel Rosenstock

Litir Oscailte Chuig Iosrael

Yahia Lababidi

 Abair liom, cén cruach a chruaigh do chroíse,
cén eagla a dhein confach thú,
cén fuath a chuir an ruaig ar an trua?
Conas a dhearúdfá
go múnlaítear sinn
de réir mar a throidimid?
Conas d'éirigh leat ar nós cuma liom
faoi staid d'aignese?
Freagrach atáimid as ár naimhde.
Is é is comhbhá ann ná an ról
atá againne nuair a smaoinímid ar a gcruthúsan.
Má phrioctar sinn, nach mbeimid ag cur fola?
Má thugtar nimh dúinn, nach gcaillfear sinn?
Má dhéantar feall orainn, nach mbeidh díoltas uainn?
is geall le comhghuaillithe neamh-chomhfhiosacha iad,
aontaithe sa dorchadas, ina mbac ar an Solas.
Sea, is féidir ár n-anáil a thabhairt ar iasacht do smaointe, ach na hidéil —
An tSíocháin, an Ceart, an tSaoirse — is gá ar saol ar fad a chaitheamh leo,
 agus, iad siúd atá cráite ag na hidéil sin,
ní mór dóibh dul i bpáirt leis an umhlaíocht.
Aisteach, fuath á chumasú ag fuath eile;
is geall le comhghuaillithe neamh-chomhfhiosacha iad,
aontaithe sa dorchadas, ina mbac ar an Solas.
Sea, is féidir ár n-anáil a thabhairt ar iasacht do smaointe, ach na hidéil —
An tSíocháin, an Ceart, an tSaoirse — is gá ar saol ar fad a chaitheamh leo,
agus, iad siúd atá cráite ag na hidéil sin,
 ní mór dóibh dul i bpáirt leis an umhlaíocht.
 D'fhéadfadh an fhírinne agus an coinsias a bheith mar
chuileoga móra trioblóideacha —
scuab i leataobh iad, seo ar ais iad, agus a gcrónán níos glóraí fós,
30,000 anam caillte, dhá dtrian díobh ina mná agus ina leanaí …
ní féidir neamhaird a dhéanamh de na figiúirí damanta sin.
Gan trácht ar nithe nach féidir a thomhas sa tslí chéanna:
an damáiste déanta don chomh-shícé, don mhuinín, don suan.
Bíodh deireadh leis an tromluí. Tabhair ár n-aislingí ar ais dúinn, le do thoil.
Is féidir tosnú as an nua, arís; caithfear.
Cad is gaois ann ach athchuairt ar an tsoineantacht.
          
Transcreation in Irish and recording: GR

2024-05-23

Buson


féileacán im' ghlac
faoi mar ba spiorad é
neamhshaolta, samhailteach

                      пеперуда в ръката ми
                      сякаш беше дух
                      неземен, нереален 
                                                     
Bulgarian: Iliyana Stoyanova

                    un papillon dans ma main
               comme si c'était un esprit
               non terrestre, sans substance

                                                  
French: Francis Combes
                    μια πεταλούδα 
                    στο χέρι μου σαν πνεύμα 
                    αλλόκοσμη, άυλη 
                                                
 Greek: Sarah Thilykou

                mariposa en mi mano
                como si fuera un espíritu
                místico, trivial
                                                   
Spanish: Patricia Jiménez

2024-05-22

D'fhoghlaim mé a lán

           Paul Klee - Taibhse ghinias

Chuas ar scoil
D'fhoghlaimíos a lán
Ar feadh tamaill bhí gach rud
Dubh agus bán

Bhíos mar spúinse is mé ag foghlaim
Spúinse - nó mapa
Agus d'at mo chloigeannsa
Ar nós tornapa.

Ach níor fhoghlaimíos riamh
An uimhríocht i gceart:
A dó agus a dó, sin a cúig . . .
Dhera - déanfaidh sé an beart!

2024-05-21

Dealbh na Saoirse


Nílimse saor
Ba bhreá liom a bheith in ann
Siúl isteach in amharclann i Nua-Eabhrac
Amharclann Gershwin, cuir i gcás
Ach nílimse saor
Ba bhreá liom a bheith in ann
Dul isteach i siopa ilrannach i Nua-Eabhrac
Macy's, cuir i gcás
Ach nílimse saor
Ba bhreá liom a bheith in ann
Suí síos i mbialann i Nua-Eabhrac
Katz's Delicatessen, cuir i gcás
Ach nílimse saor
Ba bhreá liom a bheith in ann
Dul ag fámaireacht i Nua-Eabhrac
Sa Pháirc Láir, cuir i gcás
Ach nílimse saor
Nílimse saor
Nílimse saor

2024-05-20

Tír Tairngire

An Dr Martin Luther King

“Ní mian liom ach toil Dé a dhéanamh.
Agus lig Sé domsa dul go dtí an Sliabh.
Agus bhreathnaíos thart orm.

Agus tá Tír Tairngire feicthe agam.
B’fhéidir nach mbainfinn amach in bhur dteannta í.
Ach is mian liom a chur abhaile oraibh anocht
Go mbainfimidne, mar phobal,
Tír tairngire amach.
Mar sin, is duine sona anocht mé!
Nílimse buartha faoi aon ní.
Ní heagal liom éinne!
Tá teacht an Tiarna faoi ghlóir
Feicthe ag mo shúile cinn!” 

2024-05-18

An bhfuil éinne sa chruinne


 
An bhfuil éinne sa chruinne

le Ramakrishna
(1836 - 1886)

 

An bhfuil éinne sa chruinne
i measc neacha neimhe is neacha an domhain
a thuigeann Cailí?
Níl córas ar bith i measc na dtraidisiún uile
in ann cur síos uirthi.
An eisint bhaineann í an Mháthair
nó an mó í ná an Eisint féin?
Nuair a chantar an t-ainm sin a chlaochlaíonn sinn 
OM CAILÍ OM CAILÍ OM CAILÍ
cumasaítear an Tiarna Síve
chun diúltachas an uile dhuine a ól,
Síve ar Eolas tarchéimnitheach é,
rud a chuireann dath dúghorm ar a Scornach.
Gan cosaint uaithi
bheadh a leithéid de nimh marfach,
fiú don Diagacht is airde dá bhfuil ann. 
Níos mó ná an Cruthaitheoir, ná a bhfuil cruthaithe,
Is Cruthaitheacht ghlan í an Mháthair
lastall de nóisean an déachais.
Is spléachadh lúcháireach
óna súile mealltacha iad
an Chruinne agus an Dia-Athair.
Bíonn sí trom le heacstais i gcónaí,
Saolaítear di an Eisint fhollasach
as a Broinn d'Airdeall príomhúil,
á diúl go séimh,
agus is spraíúil mar a itheann sí a leanbh.
Leánn an domhan i bhfaiteadh na súl
nuair a theagmhaíonn lena fiacla bána,
agus tuigtear gile an Fholúis inti ansin.
Lorgaíonn Foirmeacha Diaga éagsúla
a thagann chun cinn i gcaitheamh na staire
tearmann ag a cosa loiteoige.
Faightear Croí na Diagachta, 
Bonn Mór na hEisinte,
ina luí faoi eacstais
faoina Cosa dearga. 
An Bandia, díreach, í an Mháthair?
An bhfuil gá aici le céile fireann
chun í a chosaint nó a iomlánú? 
Umhlaíonn timthriall na breithe agus an bháis
go hómósach roimpi.
An lomnocht atá sí
nó an í an Fhírinne Lom í?
Níl caille in ann í a cheilt.
Sléachtann a gile nocht gach deamhan
ní le harm ach le niamhracht.
Más gnáthbhean chéile í an Mháthair
Cén fáth a bhfuil sí ag damhsa go fíochmhar
ar bhrollach Shíve?
Loiteann a spraoi buan
coinbhinsiúin agus coincheapa.
Glaineacht phríomhúil í.
Is glaineacht iad a cuid leannán faoi eacstais.
Leánn íonghlaineacht san íonghlaineacht
go dtí nach mbíonn aon ní fágtha. 
Ar meisce ar fad atáim
ag a cuid fíona de lúcháir bhuan.
Is é atá sa chorn fíona ná a hAinm
OM CAILÍ OM CAILÍ OM CAILÍ.
Ceapann daoine a ólann gnáthfhíon
gur duine acu féin mé. 

Ní hé gach éinne a bhuailfidh 
leis an dorchadas lonrach
ar a dtugtar an Bandia Cailí.
Níl gach éinne in ann
 glacadh go comhfhiosach
le ciste síoraí a Nádúir.
Níl an aigne bhaoth
in ann í a aithint, ná glacadh leis
nach bhfuil aon ní eile ann ach í.
An neach ba shoilsithe riamh
an tiarna uasal Síve,
ar éigean má tá sé in ann spléachadh
a fháil ar a Cosa craoraga drithleacha.
Maoin impirí an domhain
agus saibhreas Phárthais
is bochtaineacht ainnis iad
don té a mhachnaíonn uirthi.
Snámh a dhéanamh in aon Spléachadh amháin
ó na trí Súile Cosmacha aici
nó bheith sáite báite
in aigéan eacstaise.
Níl Síve féin, prionsa na n-iógaí,
in ann díriú ar a gliogram cos
gan a bheith faoi dhraíocht aici.
Mar sin féin, is mian leis an leannán gan mhaith
a chanann an laoi bhuile seo
is mian leis a bheith aontaithe go comhfhiosach léi
le linn do a bheith ina dhúiseacht, ag taibhreamh, 
agus faoi shuan.





 Great Swan: Meetings with Ramakrishna by Lex Hixon



2024-05-17

An Tús

               Gustav Klimt 

An Tús

Fadó fadó sa Ghairdín
Bhí Ádhamh ag canadh go binn
       Tháinig nathair gan choinne
        Féach anois ar an gcruinne
Gan trácht ar an gcás sa Phalaistín

The Beginning

It started in the Garden of Eden
When Adam was doin’ some weedin’
                But he made a mistake –
                Along came a snake
Now look at the world–it’s all bleedin’


2024-05-16

Down with protesters


Down with Protestors is a poem in Irish and English by Gabriel Rosenstock
(Artwork, courtesy of Nina Bunjevac, first published in The New Republic, 02/05/2024)


Down with Protestors!

Horned men baying at the day moon
Men in silk hats screaming:
Down with protestors!
Stars are about to leave the American flag
The stripes will follow.
What then will shake with rage and fear on the flagpole?
A naked rag!
Horned men baying at the day moon
Men in silk hats screaming.


Síos le Lucht Agóide!

Fir adharcacha ag sceamhaíl leis an ngealach lae
Fir faoi hataí síoda ag béicíl:
Síos le lucht agóide!
Réaltaí ar tí bratach Mheiriceá a thréigean
Leanfaidh na stríoca iad.
Cad a bheidh ar crith ansin le cuthach is eagla ar an gcrann brataí?
Ceirt nocht!
Fir adharcacha ag sceamhaíl leis an ngealach lae
Fir faoi hataí síoda ag béicíl.

2024-05-15

Cat Marbh: Paidir Éigipteach


Go maire d'anam
Go maire sé milliún bliain
Do bholg lán
Is tú suite cois locháin ghréine
d'aghaidh ag féachaint ar an ngaoth aduaidh
sonas i do shúile.

2024-05-14

Cabhraigh le Ciste Bhalla Mheicsiceo / Support the Mexican Wall Fund



A bilingual limerick by Gabriel Rosenstock in response to a moving photograph by the outstanding street photographer Stefano Carotenuto.

Let's work on the Mexican wall
I know ye can do it, y'all!
          Reject all those those spics
          They are nobodies! Pricks!
We're American, we gotta stand tall! 



Cabhraigh le Ciste an Bhalla
Nó beidh gach éinne ag triall ar Valhalla
             Ní mór dúinn bheith geal
             Mar a bhímse féin (seal)
Agus fanaimis mar sin, dar Allah!

2024-05-13

An Siorc agus a Chuid Fiacla


après John Ciardi
 
An rud mar gheall ar an siorc agus a chuid fiacla:
Bíonn sraith uachtair aige agus sraith íochtair!

An bhfuil an tríú sraith aige? Sraith eile?
Féach go géar, laistiar den tseile!

Féach níos géire! Tá go maith!
An bhfeiceann tú sraith?

An bhfuil sraith eile ann? Sraith iomlán?
Seachain! Ó! Hoips! Slán!

 

2024-05-12

Amhrán na Máthar

Dán Ionúiteach a bhailigh Knud Rasmussen


Nach ciúin atá an tigh.
Tá séimhe anseo sa tigh.
Scread chráite ón stoirm shneachta amuigh ansin,
agus na madraí cuachta suas, soc faoin eireaball.
Tá mo bhuachaillínse ina chodladh,
ina luí ar a dhroim, a bhéal ar leathadh, ag análú.
Nach cruinn atá a bhoilgín -
cá hionadh má tá mo ghruanna tais le deora áthais!


2024-05-11

Leisceoir

le Arnatkoak, file Ionúiteach

Is é séasúr an ocrais é
ach níl fonn seilge orm,
is cuma liom faoi chomhairle na sean.
Is spéis liom taibhrimh, mianta, sin uile.
Ní spéis liom caint nach cúlchaint í.
Táim ceanúil ar an gcarabú óg
in aois dó beanna a fhás.
Níl éinne cosúil liomsa:
Róleisciúil atáim, róleisciúil
chun dul amach agus feoil a sholáthar.

2024-05-10

Oppenheimer

Oppenheimer

Bhíos ag caint
le J. Robert Oppenheimer
ar na mallaibh:
‘Tá tú ag éirí
níos cosúla leis an Murchúch
in aghaidh an lae!’
Phléasc sé amach ag gáirí
mar bhláth a phéac is d’fheoigh.


Oppenheimer

Spoke to
J. Robert Oppenheimer
recently:
‘You’re getting more like Cillian Murphy
by the day!’
He exploded in laughter
like a flower that bloomed and decayed.


     Gabriel Rosenstock’s latest bilingual volume is Headlines from Revival Press:


2024-05-09

Coquí


 APRÈS CARMEN BERNIER-GRAND

    Froigín crainn
    Na súl mór
    Ag canadh go haerach,
    ‘Cóicí! Cóicí!’

  Tagann a dheartháir trioblóideach.
  Ní dhéanann Coquí é a shá.
  Ní bhaineann Coquí plaic as.
  Arsa Coquí leis,
  ‘Cóicí-Cí! Cóicí-Cí!’

  Froigíní beaga crainn
  Na súl mór
  Ag canadh go haerach,
  ‘Cóicí! Cóicí!’

2024-05-08

haiku



titeann duilleog aonair
ansin go tobann
sciobann leoithne ceann eile


jedan list padne
tada odjednom drugi
ukraden lahorom

          Cróitis: Tomislav Maretić 

2024-05-07

San Institiúit Teicneolaíochta, California *

(après Richard Brautigan)

Is cuma sa diabhal liom cé chomh cliste
is atá na daoine seo: táim dubh dóite den áit

Tá sé ag stealladh báistí ó mhaidin
agus níl faic le déanamh


* Scríofa ar an 24 Eanáir, 1967, agus é ina fhile cónaitheach san Institiúit Teicneolaíochta, California.

2024-05-06

Na Sioux

             Edward S. Curtis

(après Eugene Field)
Cad a dhéanfaimid in aon chor leis na Sioux
Má thosnaíonn siad i mbun fuilibiloux?
           Níl siad ceansaithe fós
           Is dealg iad i rós
Ba cheart iad a sheachaint mar chriux

2024-05-05

issa



gealach, bláthanna plumaí
seo is siúd
is imíonn an lá

lună, flori de prun
una, alta, 
si ziua se duce. 

     Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2024-05-04

Found Poem


“No footballer
no football manager
no football club
no football reporter
no football pundit
no Ian Wright
no Gary Lineker
no football authority of any kind
not FIFA
not UEFA
not the FA
not one of them has even mentioned
the murder on screen
of the captain
of the Palestine football team
recording his own death
at the hands of the Air Force
of a country that still fully participated
in every one of your football
tournaments and competitions.”

Words by George Galloway, M.P.
Found by Rafiq Kathwari 

Dán Fríotha

Níl peileadóir
ná bainisteoir peile
ná club peile
ná tuairisceoir peile
ná saineolai peile
ná Ian Wright
ná Gary Lineker
ná údarás peile d’aon sórt
ná FIFA
ná UEFA
ná an FA
níl éinne acu
tar éis captaen fhoireann peile
na Palaistíne a lua
a dúnmharaíodh ar scáileán
a bhás féin ó Aerfhórsa
á thaifeadadh aige
Aerfhórsa na tíre a bhí lánpháirteach
i ngach ceann de na comórtais pheile agaibhse. “ 

 Focail le George Galloway, M.P.
 Athchruthaithe ag Rafiq Kathwari
Irish-language transcreation by Gabriel Rosenstock

Gefundenes Gedicht

"Kein Fußballspieler
kein Fußballmanager
kein Fußballverein
kein Fußballreporter
kein Fußballexperte
kein Ian Wright
kein Gary Lineker
kein Fußballverband
nicht die FIFA
nicht die UEFA
nicht die FA
nicht einer von ihnen hat ihn erwähnt
den Mord - auf dem Bildschirm -
am Kapitän
der palästinensischen Mannschaft
der seinen eigenen Tod aufnahm
seinen Tod durch die Luftwaffe
eines Landes das noch immer teilnimmt
an jedem eurer Fußballturniere
und Wettbewerbe.”

Worte von George Galloway, M.P.
Gefunden von Rafiq Kathwari
Aus dem Englischen von Hans-Christian Oeser

« Poème trouvé »

Aucun footballeur
aucun entraîneur
aucun club de foot
aucun journaliste sportif
aucun expert en football
aucun Ian Wright
aucun Gary Lineker
aucune autorité du football d'aucune sorte
ni la FIFA
ni l'UEFA
ni la FA
aucun d'eux n'a même mentionné
le meurtre à l'écran
du capitaine
de l'équipe palestinienne de football
enregistrant sa propre mort
des mains de l'Armée de l'Air
d'un pays qui participe encore pleinement
à chacun de vos
tournois et compétitions
de foot.

Poème « ready made » recueilli par le poète Kashmiri Rafik Kathwari,
à partir des propos de l’homme politique de gauche et député britannique George Galloway.
Français de Francis Combes

FUND MUSARDRIE

Nae fitbawer
Nae fitbaw heid bummer
Nae fitbaw club
Nae fitbaw clyper
Nae fitbaw ken-aw
Nae Ian Wright
Nae Gary Lineker
Nae heich heid yin o onie kynd
Nae FIFA
Nae UEFA
Nae FA
No yin o thaim's threepit
o the murther on screen
o the skipper
o the Palestine fitbaw team
recoontin's ain daith it the hauns o the Air Force
o a kintra thit aye yit taks pairt
in ilka yin o yer fitbaw
kemps an competeetions!

Words by George Galloway, M.P.
Found by Rafiq Kathwari 
Scots John McDonald 

2024-05-03

Tá Gaza gach áit




                   Ranjit Hoskote, file

     Ag caint ag féile ealaíon agus litríochta i nGoa, Feabhra 2024


1.

Iarraim oraibh paidir a rá i mo theanntasa ar son páistí Gaza.
 
Páistí a sléachtadh ag bombardaíocht aeir agus sliogáin airtléire.
 
Páistí a adhlacadh ina mbeatha faoin smionagar ba bhaile dóibh tráth, nó faoi smionagar scoileanna, leabharlann, ospidéal.

Agus sinne bailithe le chéile anseo i dtearmann síochána agus dea-mhéine, tá páistí ag féachaint go heaglach ar na spéartha os cionn Rafah agus a fhios acu go bhfuil fórsaí cinedhíothacha láimh leo. Agus nach bhfuil cabhair ar bith le fáil.
 
Nuair a dhéanfar slad ar pháistí deireanacha Rafah, caillfear todhchaí na Palaistíne ina dteannta.

2.

Ná ceap ar feadh nóiméid go bhfuil Gaza i bhfad uainn. Tá Gaza gach áit. Tá Gaza san aer a análaímid. Tá Gaza inár gcroí inniu, i ndomhan atá idircheangailte ar bhealaí nár shamhlaíomar riamh; is bealaí bagracha go minic iad.
 
Machnaigh ar an méid seo: tá teicneolaíochtaí faireachais a forbraíodh in Iosrael in úsáid san India in aghaidh ghuthanna réasúnta easaontais agus frithbheartaíochta. 
 
Tá dróin a rinneadh san India in úsáid ag Fórsaí Cosanta Iosrael, an IDF, san ionsaí atá á dhéanamh acu ar dhaonra Gaza–leanaí, mná is fir. Tá maoiniú agus soláthar arm á chur ar fáil ag SAM d’Iosrael, ainneoin líon mór saoránach sa dá thír a bheith á cháineadh agus ag cur ina choinne go cróga, daoine a bhfuil brúidiúlacht an fheachtais scriosta seo tar éis uafás a chur orthu. Tá an Ghearmáin ag soláthar arm d’Iosrael agus ag argóint ar a shon; ceapann go leor ball de Pharlaimint na Gearmáine gurb é an bealach is fearr chun leorghníomh a dhéanamh ar an Shoah ná cabhrú agus neartú le Shoah eile, an Nakba.

Is cuma cá bhfuilimid, agus scartha óna chéile i dtéarmaí tíreolaíochta de, ciallaíonn ‘éifeacht an fhéileacáin’ go bhfuil ár gcinniúint dlúthcheangailte lena chéile. Is inmhalartaithe iad paiteolaíochtaí rialaithe, prótacail shrianta, meicníochtaí cos ar bholg agus teicnící díbeartha i nGaza, i gCaismír, i Manipur, i gceantair na dtreibheanna san India atá lán de mhianraí agus i mbruachbhailte Dheilí, áit a bhfuil feirmeoirí tagtha le chéile ag lorg a gcirt, agus sinne ag caint anseo–go hachomair, áit ar bith ar deighilt í an phríomh-pharaidím pholaitiúil, ar leitmóitíf chultúrtha é an díoltas, agus eascairdeas mar phríomhchaidreamh sóisialta. Agus áit ar bith a mbíonn an Führerprinzip, prionsabal an Führer, i réim: “Tagann údarás daingean anuas; tagann umhlaíocht dhaingean aníos.”

3.
Agus sinn ag guí anois go brónach ag an nóiméad dainséarach glórach agus trámatach seo, go stairiúil, ba mhaith liom ceann de na dánta is mó agus is corraithí sa Ghearmáinis a roinnt libh. Scríobhadh Grodek i mí na Samhna 1914 tar éis ceann de na cathanna ab fhuiltí den Chéad Chogadh Domhanda, cath a troideadh i dtús Mheán Fómhair 1914 ar an bhfronta thoir idir an Impireacht Ostra-Ungarách agus Impireacht na Rúise, an Ghailís, tráth, agus ar cuid den Úcráin inniu é, crios cogaíochta agus léirscriosta eile agus cumas an duine á chur amú ann ag foréigean gan chiall.
 
File Ostarach Georg Trakl (1887-1914) a chum Grodek, fear a bhí ina oifigeach leighis san arm Ostra-Ungárach. Ghlac sé páirt sa chath agus bhí sé ina fhinné ar na huafáis go léir. Ina ról oifigiúil, chonaic sé na saighdiúirí leonta ag teacht ó pháirc an áir agus d’fhreastail sé ar na hothair a raibh an-damáiste déanta dóibh. B’éigean dó líon na bhfear a thit a chomhaireamh, fir óga a raibh an saol ar fad fós os a gcomhair, saol nach bhfeicfeadh siad anois go deo.
 
Ba é Grodek an dán deireanach a scríobhfadh Trakl; ba chuid dá mhaoin phearsanta é ar thángthas air dhá mhí tar éis an chatha, scríofa ar chúl a uachta.
 
D’fhéadfá a rá go deimhin gurb é Grodek uacht agus tiomna deiridh an fhile, a oidhreacht ina huaill anama. Go gairid í ndiaidh dó é a chur chuig cara leis agus an pátrún a bhí aige, Ludwig von Ficker, in Vín, mharaigh Trakl é féin: is daor mar a d’íoc sé lena bheatha as a bheith ina fhinné ar uafás doshamhlaithe a thug dúshlán dá íogaireacht, a dhein magadh faoina mhothálacht, agus acmhainní na teanga á síneadh aige chun cur síos air:
*

 


4.
Mar scríbhneoirí, tuigimid an riachtanas a bhaineann le tearmann–an cumas atá againn chun machnamh agus cumadóireacht a dhéanamh, a bheith torthúil; tar éis dúinn a bheith ar gor ar feadh i bhfad. Tá cónaí orainn i ndomhan laistigh dínn féin, ag freagairt don saol lasmuigh dínn agus ag plé leis, ach mar sin féin an saol á choinneáil uainn. Is aoibhinn linn ár n-aonaránacht agus is riachtanas dúinn í chun go mbláthódh ár gcruthaitheacht gan bhac.
 
Cé go bhfuil an méid sin ar fad fíor, tá deacracht ag baint leis an dearcadh sin má théitear rófhada leis, is é sin go bhféadfadh sé iompó ina phríobháideachas a leagann béim ar shábháilteacht in aimsir shuaite, suaimhneachas a sheachnaíonn criticiúlacht–tréith atá riachtanach dár dtasc mar fhinnéithe.

Sin díreach an tasc a chuir Trakl roimhe sa dán Grodek, á chur in iúl ní trí sheanseamsáin ná trí mhanaí simplí, ach tríd an ngreim docht a choinnigh sé ar aird an léitheora–friotal á shuaitheadh aige, íomhánna á mbriseadh is á gcur le chéile arís aige, tírdhreacha rómánsacha na tuaithe á scriosadh agus á salú aige, rogha fhileata a fuair nod ó chnámha agus blaoscanna á réabadh ag urchair, fuil ina locháin, colainneacha stróicthe, ionathar ar fud na háite agus glár faoi bhuataisí–sin agaibh miotas an laochais gan aon bhréag.


Ní thig linn iompó ó mhandáid na criticiúlachta, an dualgas eiticiúil seo atá orainn chun gníomhú go criticiúil, nuair a éilíonn cúinsí práinneacha sa sféar poiblí go n-athróimis cúrsa d’fhonn a bheith gafa sa ghleo ar bhonn práinneach. Ná ceapaimis gur imeallach iad ár nguthanna, nach meánn siad brobh, nach dtugaimid sólás ná misneach ná bealach ar aghaidh dár gcuid léitheoirí.
 
Botún a bheadh ansin. Ní féidir sinn féin a shuaimhniú i miotas bogásach na neamhábharthachta–agus ár n-aidhmeanna proifisiúnta a chur chun cinn ag an am céanna–in áit foirmeacha, ócáidí agus ardáin a lorg chun ár rannpháirtíocht a chur in iúl go slachtmhar agus go práinneach.

Scríbhneoirí is ea sinn atá tiomanta go haireach do bhláthú ár gcuid aistear samhlaíochta féin; ach is saoránaigh chomh maith sinn i náisiún-stát a bhfuil Bunreacht laistiar de agus, níos mó ná sinn, saoránaigh i ndomhan atá idircheangailte (ainneoin nach bhféachann sé mar sin i gcónaí) trí mhontáis de bhuntáistí agus d’easnaimh, de mhalartú agus a mhalairt, preabanna míthaitneamhacha agus iontais ár slánaithe.
Ní féidir an tsaoirse chruthaitheach a shantaímid chomh géar sin mar scríbhneoirí a scaradh ó na saoirsí eile a roinnimid lenár gcomhshaoránaigh, saoirsí a chosnaíonn ár saol, ár saoirse, ár scóip chun ár gcuid aislingí a leanúint–saoirsí is gá a chosaint.

Mar scribhneoirí-shaoránaigh mar sin is é ár ndualgas é seasamh leis an mandáid chun fianaise a thabhairt in aghaidh shaobhadh agus threascairt na saoirse, ár gcuid roghanna agus ár n-indibhidiúlachta ag meicníocht na Cumhachta.


Mar a deir Mir Taqi Mir (1723-1810), mórfhile Urdúise
[Divan-e Panjum: V.1706.5]:

shāʿir ho mat chupke raho ab chup meñ jāneñ jātī haiñ
bāt karo abyāt paṛho kuchh baiteñ ham ko batāte raho

Is file thú, ná bí i do thost, cailltear daoine faoi bhrat an chiúnais.
Labhair amach, aithris cúpla líne dúinn, aithris véarsaí, lean ort ag caint linn.


Is fiú a thabhairt faoi deara go n-úsáidtear an focal Urdúise bait anseo (ón Araibis) chun véarsa nó dán a chur in iúl; ‘baile’ is brí leis go litriúil. Úsáideann Mir faoi dhó anseo é san iolra; d’úsáid sé an fhoirm uasaicmeach de, abyāt, agus gnáthchaint na ndaoine baiten; cuimsíonn sé uasal is íseal, an boc mór agus an ceardaí, iad go léir buailte ag an gcos ar bholg agus an tost éigeantach.

Tá Mír á ra leis féin, trí ghuthanna na n-éisteoirí, gan éirí as dualgas na saorchainte go deo, saorchaint gan eagla, agus daoine ag fáil bháis fad is atá daoine ina dtost–baile a thabhairt dóibh siúd a éistfidh, agus innealra na Cumhachta tar éis a dtearmann sábháilteachta a bhaint díobh agus teifigh déanta díobh, teifigh nach mbaineann le háit ar bith.
 
5.
Fós féin, tá daoine ann agus deir siad nach mbíonn an t-am ceart riamh ann chun dul i ngleic le práinn na huaire; an rud is gá a rá a nochtadh; an fhírinne a chur os comhair na Cumhachta.

Bíonn ceisteanna cigilteacha eitneacha nó comhphobail i gceist. Ní hé seo an t-am ceart. Beidh frithfhreagairt ghéar pholaitiúil ann.

Tá an pobal ina choinne. Ní hé seo an t-am ceart.
 
Tá ceisteanna taidhleoireachta i gceist. Ní hé seo an t-am ceart.
 
Níl bonn sách daingean againn, ní thabharfaidh éinne aird ar bith ar ár n-agóid. Ní hé seo an t-am ceart.

Cathain a thiocfaidh an t-am ceart? Táim ag féachaint ar m’uaireadóir agus deir sé 6:55. Tá sé 6:55 anois. Agus anois, anois, is é anois an t-aon am ceart atá ann, agus a bheidh ann, chun do ghuth a ardú in aghaidh na tíorántachta. Chun ár nguth a ardú, mar is Ilfhóine sinn le chéile, le chéile is Pobal sinn, Tionól is ea sinn, Dlúthpháirtíocht. Chun ár nguth a ardú in aghaidh na tíorántachta. Chun ár nguth a ardú in aghaidh na héagóra. Chun ár nguth a ardú in aghaidh na cinsireachta agus in aghaidh threascairt an easaontais dhaonlathaigh, agus in aghaidh agóid a chur ina tost, agus gach aon chleas agus straitéis a úsáideann an Chumhacht chun srian a chur ar eachtra iontach seo na saoirse ag daoine–srian a chur ar ár gceart chun a bheith fiosrach, ár gcruthaitheacht a aclú; ár n-oscailteacht chun caidrimh nua a dhéanamh a bheadh bunaithe ar ghean, ar mhuinín, ar dhiongbháilteacht eiticiúil agus ar mhisneach; an saincheart atá againn chun níos mó ná leagan amháin den am atá thart a bheith againn agus níos mó ná saghas amháin todhchaí a shamhlú, agus gan a bheith brúite isteach i leagan idé-eolaíoch amháin den stair ná de thodhchaí lárphleanáilte.

Anois an t-am.