Posts mit dem Label K.Satchidanandan werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label K.Satchidanandan werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2014-05-28

Ar an lá seo 28 Bealtaine

Ar an 28 Bealtaine, 1946, rugadh an mórfhile K. Satchidanandan.
An Dán Neamhscríofa

Is mé an dán
Nach bhfuil scríofa ag éinne fós.
Chuas go barr na méar
Ag filí go leor
Ach chúbas siar go dtí an taibhreamh
Ar nós an ghrá nach gcuirtear in iúl
Is mé gan script.

Níl eagla orm roimh theanga
Fad is atá an aimsir fháistineach aici.
Tiocfaidh mé ar na focail lá breá éigin:
Feicfidh páiste agus iontas an domhain air
Seol á chrochadh
Is ag éirí go mall
Ar leathanach bán
Faoi réalta nua.


Rogha Dánta leis le híoslódáil saor in aisce anseo.

“Thagair Baudrillard don domhandú mar ‘phríomhfhoréigean ár linne’ sa mhéid go gcuirtear aimnéise chultúrtha i bhfeidhm orthu siúd atá thíos leis, ag cur brú orthu dearmad a dhéanamh ar a gcuid traidisiún dúchais sna healaíona, sa chultúr agus san eolas…”

2013-04-28

K.Satchidanandan: An Suantraí

A leanbán mo chléibh, go deo níor shíleas
gur mar seo a thiocfá ar an saol.
Bhí suantraí coinnithe agam duit,
is gúna beag a dheineas le mo dhá lámh féin
agus glac bláthanna.

Bhí taibhreamh agam go dtiocfá
is dlaoi scamaill ar foluain
os do chionn
agus póg ó aingeal
ar do chlár éadain.
Coiscéimeanna Allah a chuala mé
gach aon uair a bhog tú ionam.

Tháinig deireadh go tobann le gach aon ní:
thánadar le bratacha is le tóirsí
thánadar is claíomh nó trírinn ina lámh acu
cheanglaíodar mo lámha is mo chosa
is gearradh im dhá leath mé.

Ar chloígh tusa leis an bplacaint
nuair a stracadar amach as mo cholainn thú?
Ar dhruid tú do shúile níos dlúithe
na súile beaga sin a bhí ag taibhreamh
faoi shruthán is solas na gealaí air?
Nuair a chaitheadar isteach sa teach sin trí thine thú
ar fhágais slán agam i nguth gealbhain
nár chuala éinne ach an t-aos sí?
Ar mhuirnigh an tine thú is a cumhracht spíosraí
le méara santail is lus na gréine?
Ar luasc leoithne thú
i gcliabhán óir an loiscthe?
Ar bhraithis arraing saoil
in aon nóiméad dóite amháin
fiú sular rugadh thú?
Cén mháthair a thabharfadh leanbh
ar an saol
le tabhairt don bhreocharn.
Cén bhéic a d’iompódh ina luaithreach
sular ghearr tríd an aer.
Slán is céad. Níor mhaith liomsa
go n-athshaolófaí mise i ndomhan
a coisceadh ortsa.
Agus sibhse, a mháithreacha na tíre seo,
ná tugaíg’ leanaí ar an saol dorcha seo
arís.





(Sa Mhailéalaimis a scríobhadh ar dtús, teanga Kerala. Dán as sraith dánta a bhain le cinedhíothú na Moslamach i nGujarat, Márta, 2002. Tuilleadh dánta leis an bhfile céanna: http://www.amazon.com/K-Satchidanandan-Rogha-Selected-ebook/dp/B007A0FTMW)