2016-06-30

Graifítí an Lae

Díreach faoi mar nach bhfásfadh dearcán ina dhair más taobh istigh i bpota bláthanna atá sé, sa tslí chéanna ní bheidh an comhghréasán daonna mar is cóir dó a bheith go deo mura bhfuil sé in ann tarraingt ar neart iomlán a chuid acmhainní dúchais. Bac ar éirim chomhchoiteann an duine iad sraitheanna údaráis, go háirithe an stát agus an rialtas, bac ar sholúbthacht riachtanach, bac ar na bealaí ina d'fhéadadh ár speiceas é féin a leigheas ainneoin an damáiste atá déanta againn.

Paul Cudenec

2016-06-29

Mc Buddha

McBuddha
ith do dhóthain borgairí . . .
beidh tusa leis
id' bhúda
eat enough burgers . . .
you too can become
a buddha
バーガーをたらふく・・・
きみも仏陀に
なれるだろ

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
slouch eneuch burgers . . .
you micht cum a buddha
an aw

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
jedi dovoljno burgera...
i ti možeš postati
Buda

leagan Cróitise Helena Peričić

2016-06-28

Smaoineamh an Lae

Bhí arán agus leintilí á n-ithe chun suipéir ag an bhfealsamh Diogeinéas. Thug fealsamh eile Aristippas faoi deara é, fear a chuimlíodh mil leis an rí agus a bhí go maith as dá réir. Arsa Aristippas leis: 'Dá bhfoghlaimeofá conas a bheith géilliúil don rí, níor ghá dhuit brath ar leintilí.'
Arsa Diogeinéas ar ais leis: 'Foghlaim conas brath ar leintilí agus ní bheidh ort a bheith géilliúil don rí.'
 
An tAthair Anthony de Mello

2016-06-25

Deimhnigh do Dheimhneacht leis an Mantra Seo


Aad Guray Nameh, Jugaad Guray Nameh, Sat Guray Nameh, Siri Guru Dev-ay Nameh
Aad Such Jugaad Sach Hai Bhi Sach Nanak Hosi Bhi Sach
Aad Such Jugaad Sach Hai Bhi Sach Nanak Hosi Bhi Sach

Umhlaím roimh an nGúrú príomhúil, umhlaím roimh an bhFírínne a mhair i gcaitheamh na gcianta, umhlaím roimh an bhFíor-Ghaois.
Umhlaím roimh an Mór-Ghaois Dhiaga.
Fíor ón dtús, fíor i gcaitheamh na gcianta, fíor go fóill ambaiste, a Nanak, beidh an Fhírinne ann go deo.
Fíor ón dtús, fíor i gcaitheamh na gcianta, fíor go fóill ambaiste, a Nanak, beidh an Fhírinne ann go deo.

2016-06-24

Graifítí an Lae

Níl ach an t-aon aidhm ag an ainrialachas agus is é sin deireadh a chur leis an troid a dhéanann daoine in aghaidh a chéile agus an cine daonna a aontú i dtreo is go mbláthódh an uile dhuine gan bhac.

Gustav Landauer

2016-06-23

Haiku le Issa ón mbliain 1803

ina aonar ag éamh
éan gan mháthair  . . .
clapsholas fómhair



.一つなくは親なし鳥よ秋の暮

hitotsu naku wa oya nashi tori yo aki no kure

2016-06-22

Tivadar Kosztka

Tivadar Kosztka
valete et plaudite -
slán is bualadh bos -
fothrach taormina
valete et plaudite -
goodbye and applause -
ruins of taormina
valete et plaudite -
さよならと称揚
タオルミナの廃墟

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
valete et plaudite -
a hertsome farewell -
wrack o taormina

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2016-06-21

Smaoineamh an Lae

Ba mhaith liom a mheabhrú duit gur tógadh an Taj Mahal gan aibhléis, stroighin ná cruach agus gur tógadh gach ardeaglais san Eoraip gan iad. 

Tá daoine den tuairim go gcaithfidh an rud is déanaí a bheith agat chun rud ar bith a dhéanamh agus caithfear an nóisean sin a bhréagnú.


E.F. Schumacher

2016-06-20

Claude Monet

Claude Monet
trí cheo
na cuimhne . . .
éirí na gréine
rising
in the mists of memory . . .
morning sun
思い出の
霧よりのぼる
朝日かな

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
kythin
i the haar o myndin . . .
mornin sin

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2016-06-19

A Thiarna, fútsa atá sé

Annamacharya


A Thiarna, fútsa atá sé
smacht a chur ar m’aigne.
Maireann tú ionamsa.

Is geall le heilifint ó smacht í an aigne.
Téann sí as a meabhair ó am go chéile.
Is geall le mearcair í, gan srian,
ag sleamhnú léi.

Maireann tú ionamsa.

 
Is geall le heilit san uaigneas í.
Téir sa tóir uirthi
is rithfidh sí uait.
Mar ghaoth fhiáin is í ag spraoi atá sí.

Maireann tú ionamsa.

Is geall le haigéan í, cuimsíonn an uile ní.
Beidh ortsa aire a thabhairt di, a dhia ar an gcnoc.
Abair léi teacht chugatsa.

Maireann tú ionamsa.

2016-06-17

Smaoineamh an Lae

Mheasas uair amháin nach bhféadfadh duine sprioc níos uaisle a bheith aige ná a bheith daonna, ach feicim anois go raibh sé sin ann chun mé a scrios. Cúis bhróid dom inniu a rá go bhfuilimse mídhaonna, nach mbainimse le daoine ná le rialtais, nach bhfuil aon bhaint agam le creidimh ná le prionsabail. Ní bhaineann innealra díoscánach an chine dhaonna liomsa - bainimse leis an domhan.

Henry Miller

2016-06-16

Haris Vlavianos

NICCOLÒ MACHIAVELLI, 1469–1527

an meatachán thú?
déanfar léirscrios ort.
bíodh eagla orthu romhat


JEAN-JACQUES ROUSSEAU, 1712–1778

tá daoir déanta
ag an tsibhialtacht dínn.
ar ais chun na dufaire!

NOAM CHOMSKY, 1928–

tá gramadach uilíoch
ag an uile theanga.
labhair le do leanaí

2016-06-15

Stefan Popescu

Stefan Popescu
báisteach a cruthaíodh
i gcríoch eile -
an tír seo againne aici á ní
rain formed
in another territory -
washing our country clean
雨となる
ほかの領地で
我国を洗いつも

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
weet shapit
in anither airt -
dichtin oor kintra clean

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2016-06-14

Paul Klee

Paul Klee
deirge an dá néal . . .guth na n-éan díchollaithe
rosy-fingered dawn . . .voice of disembodied birds
ばら色爪の朝・・・見えない鳥たちの声

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
rosy-fingert daw...vice o ghaistly burds

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2016-06-13

Ion Theodorescu-Sion

Ion Theodorescu-Sion
seanphort
nach seinntear ach do na caoirigh...
lucht sléibhe
an old tune
only played for sheep ...
mountain folk
古い曲
羊のためだけに
山の歌

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
an auld err
anely daffit fir yowes . . .
muntain fowk

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2016-06-12

Smaoineamh an Lae

Bíonn móimintí misteacha ann nuair nach beo dúinn a thuilleadh mar dhaoine aonair ach sinn súite isteach i ngach dá bhfuil timpeall orainn - crainn, sléibhte, aibhneacha, an fiadhúlra. Ní seachmall é sin atá ag tarlú dúinn ach an seachmall á leá.

Paul Cudenec

2016-06-11

Thíos Cois an Ghleanna/ Down by the Glenside

Ó thíos cois an ghleanna sea bhuaileas le seanbhean
Bhí neantóga á stoitheadh aici is í lán de mheanma:
Do thug mé cluas seal don amhrán bhí á chanadh –
Glóir go deo, glóir go deo, glóir do gach Fínín beo.

Tá caoga bliain fhada ó lonraigh an ghealach
Ar shlatairí óga is a ndúchas á mealladh:
Is feicim iad fós agus mé i mo sheallach
Glóir go deo, glóir go deo, glóir do gach Fínín beo.

Nuair ’bhíos-sa im mhaighdean do chloisfeá ag máirseáil
Na buachaillí calma is ba bhinn a gcuid amhrán:
Iad líonta de ghrá dá dtír dhúchais féin, Banba –
Glóir go deo, glóir go deo, glóir do gach Fínín beo.

Is cailleadh sa ghleann iad, a thuilleadh go huaigneach
Is daoine á rá nárbh fhiú é – nach suarach!
Ach bhuaileadar buile dá dtír is go buacach –
Glóir go deo, glóir go deo, glóir do gach Fínín beo.

Is d’fhág mé an gleann ach d’fhan sise im’ chuimhne
Ní dhéanfainn dearúd ar an mbean, ar a míne,
Ar an amhrán a chan sí, bhí gach rud sa líne –
Glóir go deo, glóir go deo, glóir do gach Fínín beo.





Down by the Glenside (The Bold Fenian Men)


'Twas down by the glenside, I met an old woman
A-plucking young nettles, she ne’er saw me coming
I listened a while to the song she was humming
Glory O, Glory O, to the bold Fenian men

'Tis fifty long years since I saw the moon beaming
On strong manly forms, on eyes with hope gleaming
I see them again, sure, in all my sad dreaming
Glory O, Glory O, to the bold Fenian men.

When I was a young girl, their marching and drilling
Awoke in the glenside sounds awesome and thrilling
They loved dear old Ireland, to die they were willing
Glory O, Glory O, to the bold Fenian men.

Some died by the glenside, some died near a stranger
And wise men have told us their cause was a failure
But they fought for old Ireland and never feared danger
Glory O, Glory O, to the bold Fenian men

I passed on my way, God be praised that I met her
Be life long or short, sure I'll never forget her
We may have brave men, but we'll never have better
Glory O, Glory O, to the bold Fenian men

Peadar Kearney

2016-06-10

Dán le Anna Swir

Tá Solas Ionam


I lár an lae nó i lár na hoíche
iompraímse solas ionam
i gcónaí.
I lár an torainn is an challáin
iompraímse ciúnas.
Iompraímse i gcónaí
solas is ciúnas.

Anna Swir

2016-06-03

Níl aon rud faoin spéir nach bhfuil Dia ann

le Janabai


De Dhia a n-ithim
De Dhia a n-ólaim
De Dhia an leaba fúm


Dia thall, Dia abhus
Níl aon rud nach bhfuil Dia ann
Sé a deir Jani: líon an Tiarna an uile ní
Leis féin, istigh is amuigh




Breis eolais san leabhar seo:

2016-06-02

Ceol chun an inchinn a dheisiú?



An oibríonn sé? Duine amháin a d'éist leis an gceol seo, dúirt sé,
 

'Mothaímse ar nós sióige!'

An rud maith é sin? Seans gurb ea!

Bhí an-spéis ag na Bráithre Críostaí sna sióga, is cosúil. Tá an méid seo, creid é nó ná creid, i nGraiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí:


 
Uatha Iolra
ain. mol an tsióg aerach álainn mol na sióga aeracha áille
tabh. thar an tsióg aerach álainn thar na sióga aeracha áille
gin. luas na sióige aeraí áille luas na sióg aerach álainn
gair. a shióg aerach álainn a shióga aeracha áille

2016-06-01

Im' chodladh, im' dhúiseacht

File: Franz Kafka
Cumadóir: György Kurtág
Im' chodladh, im' dhúiseacht, im' chodladh, im' dhúiseacht,
ainnis an saol é.
Geschlafen, aufgewacht, geschlafen, aufgewacht,
elendes Leben.