2022-09-30

Smaoineamh an Lae









Cé go raibh m'athair bocht - ní raibh faic aige - bhí an Tórá, filíocht na bhfáithe, mar arán laethúil aige.

Anzia Yezierska

2022-09-29

Smaoineamh an Lae

SBI, CC BY-SA 4.0,
via Wikimedia Commons
Deireadh mo dhaideo i gcónaí gurb é atá sa saol mil a lí de dhealg.

Louis Adamič 

2022-09-28

Smaoineamh an Lae

 



Íosa Críost
: nath coitianta a chuireann iontas in iúl, nó déistin, fearg nó mearbhall.
          

Chaz Bufe

2022-09-27

A bilingual limerick by Limerick bilingualist, Gabriel Rosenstock


The fascist Georgia Meloni
is a-speaking a lot of baloney
                 she a-shoots from the hip
                 when she a-opens her lip
me a-thinks that Meloni's a phoney

                         ~

an ceannaire nua Meloni
ag scaothaireacht a bhíonn sí i gcónaí
         ach tá Dia lena taobh
         (cén fáth? canathaobh?)
Is a cara mór, Silvia Berlusconi
 

Smaoineamh an Lae

Lawrence Jarach Anarchist Bookfair 2006
Cast, CC BY 3.0 , via Wikimedia Commons
Eascraíonn ainrialachas as an mbuntuiscint fhealsúnach gur modh diúltach chun
comhtháthú sóisialta a chruthú  agus a bhuanú is ea cumhacht institiúidithe agus a cur i bhfeidhm. Sainghné an ainrialachais is ea diúltú dearfa do phrionsabal agus do chleachtas an rialtais. Anuas air sin, cuimsíonn an t-ainrialachas critíc radacach ar chur i bhfeidhm an  údaráis agus na cumhachta. De bhrí go gcreideann ainrialaithe gur fearr agus gur féaráilte an bealach chun suaimhneas agus síocháin shóisialta a bhaint amach é an comhoibriu ná an iomaíocht, cuireann ainrialaithe comhoibriú deonach chun cinn, caidreamh cothromaíoch, agus comhar na gcomharsan.

Lawrence Jarach

2022-09-26

Graifítí an Lae

Má insímid bréag don rialtas, tugtar coir air sin; má insíonn an rialtas bréag dúinne, tugtar polaitíocht air sin.

Bill Murray

2022-09-25

Déan do ghreamáin féin, a deir Edith Vonnegut, agus greamaigh leat

Iníon leis an scríbhneoir Kurt Vonnegut, Jnr í Edith Vonnegut agus tá cead tugtha aici dúinn a cuid greamán ealaíonta [thíos] a chóipeáil agus iad a ghreamú de bhuidéil phlaisteacha in ollmhargaí. Cuireann buidéil phlaisteacha le bánaí í! Tá na haigéin á dtachtadh acu.

Bottle Battle

I like to make these big stickers and go into super markets and slap them on plastic water bottles made by Coca Cola, Pepsi, Nestles and other nefarious institutions that are making a fortune selling us our own water. This is what I do in my spare time. I am furious about plastic and litter clogging our land and oceans. Please feel free to join me in this fight. You may copy these stickers, print it on sticky paper, cut them out and start your own little uprising. Be stealthy and let me know how you do.



2022-09-24

Haiga le Ellen Peckham

meán:Eitseáil ghrianphláta le Chine Collé
toisí páipéir: 22" x 15"
dáta: 2010

 

is leor leathaspairín
don chroí folamh seargtha
seo agamsa

2022-09-23

The Bright Field/ An Gort Geal

The Bright Field

I have seen the sun break through
to illuminate a small field
for a while, and gone my way
and forgotten it. But that was the pearl
of great price, the one field that had
treasure in it. I realize now
that I must give all that I have
to possess it. Life is not hurrying
on to a receding future, nor hankering after
an imagined past. It is the turning
aside like Moses to the miracle
of the lit bush, to a brightness
that seemed as transitory as your youth
once, but is the eternity that awaits you.

R. S. Thomas
(1913 - 2000)
-- as Soul Food: Nourishing Poems for Starved Minds, In eagar ag Neil Astley /  Pamela Robertson-Pearce


An Gort Geal

Chonacsa an ghrian ag briseadh tríd
agus gort beag aici á shoilsiú
tamall, is leanas orm
is dheineas é a dhearúd. Ach ba é an péarla
sárluachmhar é, an t-aon ghort
a raibh taisce ann. Tuigim anois
go gcaithfeadsa a bhfuil agam a thabhairt uaim
chun seilbh a ghlacadh air. Ní brostú go dtí todhchaí
 
is í ag cúlú uainn atá sa tsaol, ná santú i ndiaidh
an ama atá thart mar a thaibhsítear dúinn é. Casadh
i leataobh atá ann mar a chas Maois
chun an toir lasta, chun na gile sin
a shíl tú seal a bheith chomh neamhbhuan
le d’óige, ach gurb í an tsíoraíocht í atá ag feitheamh leat.

The Bricht Perk

A hae gliskit the sin brek throuch
tae lichten a peerie perk
a while, syne gane ma wey
an gien it nae mynd. Bit yon wis the pairl
o muckle wirth, the yin perk
thit hud the treisur in't. A ken nou
thit a maun gie aw a hae
tae awn it. Life's no stoorin on
tae a dwinin futur, nor greenin fir
an imaigined bygane. It's the turnin abeich
lik Moses tae the meericle o
the lichtit buss, tae a brichtness
thit seemed as transistor as yer youthiness yince,
bit's the ayebydand thit wytes fir ye.

John McDonald

2022-09-22

Howard Zinn

 

Le Jim Stevens Point, WI, USA - Howard Zinn
Curtha ar fáil ag themightyquill, CC BY-SA 2.0, Nasc
Conas is féidir cogadh a fhearadh ar an sceimhlitheoireacht nuair is sceimhlitheoireacht é an cogadh féin?
 
Howard Zinn, staraí, drámadóir, gníomhaí sóisialta, a rugadh ar an 24 Lúnasa, 1922.

2022-09-21

Jules Bastien-Lepage (1848–1884)

an léir dó
domhan eile?
bacach dall ina chodladh
can he see
a different world?
the blind beggar sleeping
彼には
違う世界が見えるのか?
盲しいた物乞いの眠り

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura
can he sei
anither warl?
the blin cadger doverin

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2022-09-20

I bhfocail Papaji

 


Le bheith sona, níl aon rud ag teastáil. Bíonn rud éigin ag teastáil le bheith faoi bhrón.

2022-09-19

Dá mba haiku iad na hUpainiseaid

1
he became a steed 
and carried the gods . . . 
a stallion

deineadh each de
d'iompair sé na déithe . . .
stail

2
the stars are his bones 
the clouds, his flesh . . . 
rivers are his entrails

réaltaí iad a chnámha . . .
néalta a cholainn  . . .
aibhneacha a ionathar

3
the dawn, his  head 
the sun, his eye . . .
his breath is the wind

an chamhaoir, a cheann
an ghrian, a shúil . . .
a anáil is ea an ghaoth

4
the foam of waters
hardened and became
the Earth

d’éirigh cúr na n-uiscí
crua agus deineadh
an Domhan de

5
semen became the year . . .
prior to that
no year ever was

dá shíol deineadh an bhliain  . . .
roimhe sin
ní raibh bliain ar bith ann

6
when he came on earth
Death opened his mouth for him . . .
he cried out, Bhān!

nuair a saolaíodh é
d’oscail an Bás a bhéal dó . . .
ar sé de bhéic, Bhān!

7
the gods said to Speech
‘sing for us!’
and Speech sang

arsa na déithe le hUrlabhra
‘can dúinn!’
is chan Urlabhra

8
devils rushed upon Speech
and pierced it
with evil

tháinig diabhail de rúid
is chuir an t-olc
san Urlabhra

9
the gods said to the Eye
‘sing for us!’
and the Eye sang

arsa na déithe leis an tSúil
‘can dúinn!’
is chan an tSúil

10
devils rushed upon the Eye
and pierced it
with evil

tháinig diabhail de rúid
is chuir an t-olc
sa tSúil

11
the gods said to the Ear
‘sing for us!’
and the Ear sang

arsa na déithe leis an gCluas
‘can dúinn!’
is chan an Chluas

12
devils rushed upon the Ear
and pierced it
with evil

tháinig diabhail de rúid
is chuir an t-olc
sa Chluas

13
the gods said to the Mind
‘sing for us!’
and the Mind sang

arsa na déithe leis an Aigne
‘can dúinn!’
is chan an Aigne

14
devils rushed upon the Mind
and pierced it
with evil

tháinig diabhail de rúid
is chuir an t-olc
san Aigne

15
the gods said to Breath
‘sing for us!’
and Breath sang

arsa na déithe leis an Anáil
‘can dúinn!’
is chan an Anáil

16
devils rushed upon the Breath
and they were all scattered
to the four winds

tháinig diabhail de rúid
is cuireadh scaipeadh
na mionéan orthu go léir

17
the Chant is sāman
sā is ‘she’
ama is ‘he’

Cantaireacht is ea sāman
sā is ea ‘ise’
ama is ea ‘eisean’

18
the Chant is the gnat
is the fly
is the elephant

corrmhíol is ea an Chantaireacht
cuileog is ea í
eilifint

19
from the unreal to the real 
darkness to light . . .
death to immortality

ón mbréag ‘dtí an fhírinne
dorchadas go solas . . .
bás go neamhbhásmhaireacht

20
since there is nothing else
but myself
of what am I afraid?

cad a chuirfeadh eagla orm?
níl aon ní ann
lasmuigh díom féin

21
is tú an t-éan gorm dorcha
pearóid na súl dearg . . . 
is tintreach é do leanbh

you are the dark-blue bird
green parrot with red eyes . . .
lightning is your child

22 
he is  Sūrya : the sun
Parjanya: bountiful rain
he is the wind: Vāyu

is é Sūrya é: an ghrian
Parjanya: báisteach na féile
is é an ghaoth é: Vāyu

23
bogann sé, ní bhogann
istigh atá sé . . .
amuigh

it moves, moves not
it is within . . .
without

24
the seer sees not death
nor sickness, nor  distress . . .
only the All

ní fheiceann an saoi an bás
ná tinneas ná buairt . . .
ní fheiceann sé ach an tIomlán

25
he is the world-protector
world-sovereign, lord of all . . . 
my self

cosantóir an domhain
rí na cruinne, tiarna os cionn cách  . . .
mé féin

26
edge of a razor
hard to traverse . . .
so poets declare

faobhar rásúir
deacair a thrasnú . . .
dar leis na filí

27
this earth
honey for all creatures . . . 
all creatures are honey for this earth

an domhan seo
mil do gach neach é  . . .
gach neach ina mhil don domhan seo 

28
these waters
honey for all things . . .
all things are honey for these waters

na huiscí seo
mil do gach aon ní iad . . .
gach ní ina mhil do na huiscí seo

29
this fire 
is honey for all things . . .
all things are honey for this fire

an tine seo 
ina mil do gach aon ní . . .
gach ní ina mhil don tine seo

30
this wind
is honey for all things . . .
all things are honey for this wind

an ghaoth seo
ina mil do gach aon ní . . .
gach ní ina mhil don ghaoth seo

31
this sun
is honey for all things . . .  
all things are honey for this sun

an ghrian seo
ina mil do gach aon ní  . . .
gach ní ina mhil don ghrian seo

32
from earth
from  fire  . . .
divine Speech enters him

ón domhan
ón tine . . .
gabhann Urlabhra dhiaga ann

33
out of the sky
out of the sun . . . 
divine Mind enters him

as an spéir
as an ngrian  . . .
gabhann Aigne dhiaga ann

34
out of water
out of the moon  . . .
divine Breath enters him

as uisce
as an ngealach  . . .
gabhann Anáil dhiaga ann

35
oh, how wonderful
how wonderful, oh
oh, how wonderful!

ó, nach breá é
nach breá é, ó
ó nach breá é!

36
a tree, felled, grows up
new again . . .
from what root grows the slain mortal

an crann a leagtar
fásann as an nua . . .
cén fhréamh atá ag marbhán

37
sun has set and  moon has set
fire gone out . .. .
what light is there

grian is gealach ina luí
tine múchta  . . .
cén léas atá ann

38
go deimhin, ní grá don bhean chéile
a dhéanann muirneach í .  . .
ach grá don Anam

not for love of the wife 
is a wife dear . . . 
but for love of the Soul 

39
not for love of the sons
are sons dear     . . .
but for love of the Soul 

go deimhin, ní grá don chlann mhac
a dhéanann muirneach iad . . .
ach grá don Anam

40
déanfar Aon de, ní fheiceann sé
ní bholaíonn sé
ní bhlaiseann sé

he is becoming One, he does not see
he does not smell
he does not taste

41
déanfar Aon de, ní labhraíonn sé
ní chloiseann sé
ní smaoiníonn sé

he is becoming One, he does not speak
does not hear
does not think

42
these rivers, my dear
towards the east they flow . . . 
westwards they go

na haibhneacha seo, a thaisce
gabhann siad soir . . .
siar a ghabhann

43
ó aigeán go haigéan
is déantar aigéan díobh . . .
as an mBeith dúinne uile

from ocean to ocean
they become ocean itself  . . . .
we all come forth from Being

44
bodiless is the wind
clouds, lightning, thunder . . .
all bodiless

níl colainn ag an ngaoth
gan cholainn iad go léir  . . .
néalta, tintreach, toirneach

45
may my body be vigorous
my tongue  sweet!
may I hear abundantly

go raibh mo cholainn lúfar
mo theanga milis!
mo chluasa géar

46
students of sacred knowledge 
come unto me! 
hail!

an té atá ag foghlaim na gaoise
tagadh sé chugamsa!
fáilte!

47
is mé a bhogann an crann
mar bheann sléibhe
atá mo cháil!

mover of the tree am I
like a mountain’s peak
my fame!

48
a shining treasure am I
wise, immortal . . . 
indestructible

ciste lonrach mé
gaoismhear, neamhbhásmhar  . . .
dochloíte

49
this Soul of mine 
within the heart . . .
greater than the earth

an tAnam seo 
istigh im’ chroí  . . .
is mó é ná an domhan

50
like corn 
mortals ripen and fall . . . l
like corn they come up again.
 
ar nós arbhair
aibíonn daoine is titeann  . . .
ar nós arbhair, tagaid arís

51
all faces are His faces
all heads, His heads . . .
all necks, His necks

gach aghaidh a aghaidh siúd
gach ceann a cheann siúd . . .
gach muineál a mhuineál siúd

52
the gods love
what is mysterious . . .
what is evident they dislike

is geal leis na déithe
an mhistéir  . . . 
ní maith leo an rud follasach

53
a  little space
within the heart . . . 
the heavens and the earth are there!

spás beag
sa chroí istigh  . . .
tá na flaithis agus an domhan ann!


54
many never hear of the Self . . .
many hear
but do not understand

is beag duine a chloiseann faoin bhFéin  . . .
má chloiseann siad
ní thuigeann siad

55
words cannot reveal him 
mind cannot reach him . . . 
eyes see him not

ní nochtann briathra é
ní shroicheann aigne é  . . .
ní fheiceann súile é

56
the one light is he
that gives light to all . . .
he shines, everything shines

eisean an t-aon solas
a shoilsíonn an uile ní . . .
lonraíonn seisean, lonraíonn gach rud

57
everything that moves
breathes, opens, and closes . . .
lives in the Self

gach rud a bhogann
a análaíonn, a osclaíonn, a dhúnann . . .
maireann san Fhéin

58
in the golden city of the heart
dwells the Lord of Love . . . . 
without parts, without stain

i ngairdín órga an chroí
a chónaíonn Tiarna an Ghrá  . . .
gan páirteanna, gan smál

59
water becomes one with water 
fire with fire, air with air . . . 
mind one with Infinite Mind

déantar uisce d’uisce
tine de thine  . . .
Aigne Shíoraí den aigne

60
you are the supreme Brahman, infinite
yet hidden in the hearts
of all creatures

tusa an Neach is Airde, síoraí
ach i bhfolach i gcroí
gach neach

61
the Self reveals himself
to the one 
who longs for the Self

nochtann an Féin é féin 
don té atá ag tnúth
leis an bhFéin

62
in deep meditation 
aspirants may see forms . .. 
like snow or smoke

i mbun dianmhachnaimh dó
d’fhéadfadh machnóir nithe a fheiscint  . ..
sneachta, gal


meditate on him as OM . . .
cross the sea of darkness
at ease

machnaigh air mar OM . . .
cuir an mhuir dhorcha dhíot
gan dua

2022-09-17

2022-09-16

Cearc

 


Is cearc thú!
arsa an coileach  . . .
is bhí an chearc ar fad aige!

2022-09-15

Ná lig siolla uait

 

Ná lig siolla uait a ghortódh éinne
cónaíonn ár dTiarna Dia i gcroí gach n-aon
croí neach eile ná bris go deo, a dhuine
óir i gcroí an uile dhuine againn, dar fia
lonraíonn péarla

Baba Sheikh Farid

2022-09-14

An chamhaoir

Ron Rosenstock
an chamhaoir i Maracó . . .
an solas a lorg
san uile ní
dawn in Morocco ...
seeking the light
in all things
αυγή Μαρόκο . . .
ψάχνοντας το φως
σε όλα τα πράγματα

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2022-09-13

Leon Bonnat

Iób ag lorg an bháis
mar chiste rúnda is a chuir a mhallacht
ar an lá a rugadh é
        a shearc, cén fáth nár lig tú dó
        spléachadh a fháil ar do niamhracht
Job who searched for death
like a hidden treasure
who cursed the day he was born
        beloved, why did you not grant him
        a vision of your radiance

2022-09-12

James McNeill Whistler

nach iontach tú i gcéin
gar dom nach iontach
a shearc! . . . . an ní a fheiceann an tsúil
        an aigne: im' dhúiseacht, fá shuan
        cad is ea thú, cén áit dáiríre
how wonderfully far away
how wonderfully near You are
beloved! . . . what the eye sees
        what the mind sees: awake, asleep
        what are You, where are You really

2022-09-11

Edgar Degas

míle bliain
a thóg sé orthu nó níos mó
an tréad a tháinig abhaile
        i bhfaiteadh na súl bhíos id' láthairse
        a shearc, cén fhaid a bhíos ar strae
it has taken them
a thousand years or more
the returning herd
        in the blink of an eye i came to You
        beloved, how long was i away

2022-09-10

Lawrence Alma Tadema

an rabhais i measc na maenad
na mná úd a théadh ar fán
ar chaithis an clogad tairbh
        chun onóir a thabhairt dod' dhia
        luímse fúm id' thuirse-se
were You among the maenads
the roving ones
did You wear a bull-helmet
        to honour Your god
        i lie down in Your complete exhaustion

2022-09-09

Henri Fantin-Latour

nimfeanna abhann
níos sine ná an abhainn féin
snámhaid, a chuid
        is iad ag déanamh iontais
        dár mídhílseacht is dár ndíchuimhne
river nymphs
older than the river itself
they swim, beloved
        and wonder at our faithlessness
        and our forgetfulness

2022-09-08

Beocht a chur le Gaeilge scríofa agus labhartha le haghaidh iar-bhunscoileanna (Preasráiteas)


I gcomhar le hIMRAM, tá dhá thionscnamh nua spreagúla seolta ag Éigse Éireann a bhfuil mar aidhm acu an Ghaeilge a spreagadh mar chuid dá gclár iar-bhunscoile. Is comórtas píolótach trí Ghaeilge é Guth na hÉigse. Mar chuid de Guth na hÉigseComórtas Labhartha Filíochta agus Comórtas Duais Bashō Haiku, comórtas haiku Béarla agus Gaeilge. 

Tá na comórtais oscailte anois agus tá Poetry Ireland agus IMRAM ag iarraidh ar gach múinteoir iar-bhunscoile a gcuid daltaí a bheith páirteach iontu. 
 
Is comórtas píolótach Comórtas Labhartha Filíochta d’Iarbhunscoileanna é Guth na hÉigse, atá bunaithe ar an gComórtas Labhairt Filíochta, Poetry Aloud, a bhfuil an-rath air. Chuir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Éigse Éireann tús le Poetry Aloud in 2007. Tá sé mar aidhm ag Guth na hÉigse mic léinn a spreagadh ar fud oileán na hÉireann chun dánta Gaeilge a fhoghlaim de ghlanmheabhair agus ansin na dánta a rá os ard ag babhtaí ceannais, cluichí ceannais réigiúnacha agus ag craobh náisiúnta a bheidh ar siúl i mí na Samhna mar chuid d’Fhéile Litríochta Gaeilge IMRAM 2022. 
 
Dúirt Liam Carson, Stiúrthóir Fhéile Litríochta Gaeilge 2022 IMRAM, 
"Tá lúcháir orainn a bheith ag comhoibriú le hÉigse Éireann ar an dá chlár ríthábhachtacha Ghaeilge seo d’iar-bhunscoileanna. Tá súil againn go dtacóidh Guth na hÉigse agus Comórtas Filíochta Duais Bashō Haiku le forbairt teanga agus sult a bhaint as an nGaeilge a úsáid mar theanga labhartha agus scríofa sna blianta amach romhainn”. 
 
Fáiltíonn Comórtas Filíochta Duais Bashō Haiku roimh dhaltaí iar-bhunscoile haiku a chumadh, i mBéarla nó i nGaeilge nó go dátheangach, agus a gcuid haiku a chur isteach le haghaidh breithiúnais faoin 24 Deireadh Fómhair 2022. 
 
Is é an haiku an fhoirm fhileata is giorra ar domhan a tháinig chun cinn sa tSeapáin sa 17ú hAois, cruthaithe ar dtús ag an máistir haiku Bashō. Scríobhtar dánta Haiku i dtrí líne de ghnáth agus tá seacht siolla déag ar a mhéad iontu. Is é an file, drámadóir, scríbhneoir haiku agus ball d’Aosdána, Gabriel Rosenstock a bheidh i mbun moltóireachta. 
 
Dúirt Jane O’Hanlon, Oifigeach Oideachais le haghaidh Éigse Éireann, 
"Is deis ar leith é Guth na hÉigse agus Duais Basho do rannpháirtithe óga dul i ngleic leis an bhFilíocht agus leis an nGaeilge ar bhealach nuálach taitneamhach. Tá súil againn go gcuirfidh sé seo le tuiscint daoine óga ar an teanga agus lena muinín in úsáid na Gaeilge. Is cuid fíor-thábhachtach den taithí seo é páirt a ghlacadh i bhFéile IMRAM, rud a bhfuilimid ag tnúth go mór leis". 
 
Tá sé mar aidhm ag an dá thionscnamh phíolótacha tacú le forbairt na Gaeilge i scoileanna trí chlár spreagúil a chur ar fáil agus feachtas foghlama dearfach a bhunú a bheidh dírithe ar an nGaeilge mar theanga bheo inár féidir sult a bhaint as Gaeilge a labhairt agus a scríobh go héifeachtach agus le bród. 
 
Tá iontrálacha oscailte anois don dá chomórtas. 
 
Is é an 4 Deireadh Fómhair 2022 an spriocdháta d’iontrálacha Guth na hÉigse agus leanann an spriocdháta do Chomórtas Filíochta Duais Bashō Haiku ina dhiaidh sin ar an 24 Deireadh Fómhair 2022. 
 
Tá foirmeacha iontrála agus sonraí don dá chomórtas ar fáil ar www.poetryireland.ie  - 
  • Duais Bashō Haiku Poetry Competition anseo
  • Guth na hÉigse anseo
 
Fiona Ní Ghloínn ag eigse@poetryireland.ie nó ar 086 3913343 
 

Poetry Ireland/ Éigse Éireann

Cothaíonn Éigse Éireann dáimh idir daoine agus an fhilíocht. An sprioc atá againn ná barr feabhais a bhaint amach maidir le filíocht a léamh, a scríobh agus a léiriú ar fud oileán na hÉireann. 
Faigheann Éigse Éireann tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus tá an-chaidreamh againn le hionaid ealaíne, féilte, scoileanna, coláistí agus siopaí leabhar ag baile agus i gcéin.

IMRAM 

Saothraíonn IMRAM chun litríocht na Gaeilge a chur i gceartlár an tsaoil phoiblí in Éirinn, trí fhéile bhliantúil nuálach a eagrú, a ndéanfar ardán idirnáisiúnta di, a thacaíonn le scríbhneoirí, a spreagann díospóireacht agus a mheallann cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an diaspóra. 

Nicolae Grigorescu

caith uait an scáthán
féach isteach im' shúilese
ionamsa atá d'fhíoríomhá
        nach dtagann aois uirthi
        nach mbaineann foirm léi fiú
throw away the mirror
look into my eyes
see Your true image in me
        ageless, beloved, beyond form
        constant and unwavering

2022-09-07

Charles Hermans

a shearc, manaigh ag obair
ag guí, nó sult á bhaint acu
as seo siúd is uile - rud ar bith! -
        ach a n-aigne is a gcroí
        a threorú uaitse
beloved, monks that work
and pray, or amuse themselves
with this and that and - anything!
        anything to take their minds
        and hearts away from You

Luimneach



Séasúr gruama an cheo
Is Jacob Rees-Mogg, mo leo
         Tá gás - is é te -
          Ag Uimhir a Deich
A mhairfidh, a deir sé, go deo!

                  ~

Season of mist and fog
Oh yes, and Jacob Rees-Mogg
         His energy plan
         To extract with a fan
All the gas in the Downing Street bog

2022-09-06

Theodor Philipsen

nuair a bhí cead a gcos ag beithígh
slán lenár ré órga, a shearc
cad atá déanta den domhan againn
        i ndomhain eile an mbeidh daoine
        is ainmhithe teanntaithe i gcás
when cattle were free to roam
that was our time, beloved
what have we made of our world
        are they planning cages
        in other worlds for men and beasts