2021-11-30

Balcóin

ón mbalcóin sléibhte as raon
sa balkona nedosegljive planine

ceo dlúth, mé ag léim ó chloch go cloch
magla, skacem sa kamena na kamen

cleitearnach éin a imíonn sa cheo
prhnuvsi, ptica nestaje u magli

i ngloine le haghaidh branda: sailchuacha
u casici od rakije: ljubicice

ar dhá thaobh an chlaí, fásann na caisearbháin mar a chéile
sa obe strane ograde maslacci jednako rastu

haiku aon líne 
le  Dimitar Anakiev
ar fáil ó Haiku Foundation

2021-11-29

Xu Beihong

an broigheall fiú
bréan dá chlúmh dubh
muir dhubh spéir dhubh
        é ag tnúth le do theacht
        a thaisce, soilsigh ár gcroí
even the cormorant
tired of its black plumage
black seas and black skies
        awaits Your appearance
        beloved, illuminate our hearts

2021-11-27

Burrow Beach

 

maidin gheal shamhraidh
scagtha ag samhraí
ó bhlianta eile

bright summer morning
filtered by mornings
of other years

2021-11-26

Kubota Utsubo

shinanobito
waga kyoosoo ni
matsuwarite
ooki yuki furu
Tookyo-no sora
tagann cumha orm
ag smaoineamh ar Shinano
mo ghaolta i gcéin
        sneachta ag titim gan stad
        clúdaítear spéartha Thóiceo
Tanka (5-7-5-7-7 siolla) de chuid Kubota Utsubo (1877 -1967)

2021-11-25

Robert Julian Onderdonk

Bluebonnets at Sunrise
Robert Julian Onderdonk
Date: 1917
dúisíonn na blátha
dúisíonn gach gas is peiteal
ag breacadh an lae
        dúisímse, a mhíle grá
        sa ghlóir atá ionatsa
the flowers awaken
each stem, each petal awakes
to the light of dawn
        i awaken, Belovèd
        to the glory that is You
τα άνθη ξυπνούν
βλαστοί, πέταλα ξυπνούν
στο φως της αυγής
        ξυπνώ, αγαπημένε
        στη δόξα που είσαι Εσύ

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2021-11-24

Albin Egger-Lienz

Toter Soldat aus der "Missa Eroica"
na saighdiúirí sin
cé sheolann chun a n-éaga iad
gan tú a fheiscint
        nocht do ghnúis dóibh, a lao dhil
        ligfidh siad a n-airm ar lár
tell me why they die
why do soldiers die and die
they could live for You
        Belovèd, show them Your face
        they will lay their guns aside

2021-11-23

Trí Dhán a Scríobhadh in Coorg *

'Satchi' agus Gabriel

 1. An Oíche Agus An Eilifint


In Coorg is deacair an eilifint a aithint
thar an oíche.
Ceapann tú go bhfuil sé ina oíche; ach
níl tú in ann teacht ar an ngealaigh.
Is dóigh leat gurb é an starrfhiaclach atá ann; ach
níl teacht agat ar na starrfhiacla.


An é gur chaill an oíche agus an eilifint iad
mar nach rabhadar in ann cuar na gealaí
a aithint thar chuar na starrfhiacaile?
 
Ach an chumhracht phlúchtach seo, meascán
de chána siúcra, caora fiáine agus Banríon
na hOíche is í faoi bhláth faoi sholas
na gealaí: an í cumhracht na hoíche í
nó cumhracht na heilifinte?

2. An  Kavery

Chuireamar an Kavery dínn cúpla uair.
Ní raibh inti tamall ach sruthán beag bídeach
i measc na gcarraigeacha,
lochán marbhuisce in áit eile agus
in áit eile fós í ina habhainn bhreá.

Ach ba iad na híomhánna céanna
a thit ar an uisce: bambúnna, crainn,
scamaill, sinne, droichead nár tógadh
bogha síne nach bhfacthas
i mbrionglóid órga aingil.
 
Ar nós íomhánna an domhain
a thiteann ar anam gach n-aon.

3. Foraoisí

Ghabh scata foraoisí trínn,
Scata éan ag eitilt, scata brúideanna ina dtáinrith.
Sheasamar gan chorraí, ag súil le gach leoithne,
go n-iompóimis inár gcrainn, go bpéacfadh duilleoga
ag súil go n-osclódh bláthanna
is go n-aibeodh torthaí.
 
Ghabh an Kavery tharainn, ár bhfréamhacha
a bhí dearmadta le fada againn á n-uisciú aici.

 K. Satchidanandan

 
*   Ceantar in Karnataka na hIndia is ea Coorg, nó Kodagu.
Sa Mhailéalaimis a scríobhadh na dánta seo.

2021-11-22

Uehara Konen

na hamhráin do chanadar
ár sinsir dhearmadta -
cúr easa
the songs they sang
our forgotten elders -
waterfall foam
歌いしは
昔(もと)の古老の―
滝の泡

Leagan Seapáinise Mariko Sumikura

2021-11-21

Waldritt

Waldritt, Margret Hofheinz-Döring, Aquarell, 1972
Peter Mauch / Galerie Brigitte Mauch Göppingen, CC BY-SA 3.0,
via Wikimedia Commons
tú 'fhágaint im' dhiaidh
is marcaíocht isteach san fhómhar
coillte fáilteacha
        éist: gáire na n-ioraí rua
        'tá sé as a mheabhair - arís'
to leave You behind
and ride into the autumn
the welcoming woods
        i hear the laughter of squirrels
        'he has lost his mind - again'

2021-11-20

Haiku

 



beach ag sú
sú-sú
cé a chloiseann í


the sucking bee . . .
suck-suck
who hears it


2021-11-19

Haiku

 


amach san fhómhar
cathaoir aonair ag feitheamh
le duine nár tháinig fós


2021-11-18

Don Hong-Oai

suíonn éan dubh
sa chroí . . .
leis féin
a dark bird
sits in the heart . . .
alone
ένα μαύρο πουλί
κάθεται μες στην καρδιά . . .
μοναχό

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise.

2021-11-17

Photo-Haiku

(Leabharlann Náisiúnta na hÉireann/ National Library of Ireland)
1953, Essex Street
a boy draws a cowboy
on a wall
1953, Sráid Essex
tarraingíonn garsún
buachaill bó ar bhalla

2021-11-16

Olga Rozanova

cé mise inniu
táim im’ rí inniu – rí triuf
an raghfá sa seans
        imreoidh mise leatsa
        má imríonn tusa liomsa
who am i today
today i’m the king of clubs
will you take a chance
        i’ll play with You, Belovèd
        question: will You play with me

2021-11-15

Murray Bookchin

Murray Bookchin, By Janet Biehl -
Own work, Public Domain, Link

Is dócha go bhféadfadh éinne ainrialaí a thabhairt air féin dá gceapfadh an duine sin go bhféadfaí an tsochaí a bhainistiú gan an stát. Agus nuair a deirim an stát - nílim ag caint ar institiúidí a bheith in easnamh ná sli ar bith chun an tsochaí a eagrú - tagraíonn an stát dáiríre do threalamh proifisiúnta daoine a chuirtear i leataobh chun an tsochaí a rith, teacht roimh an bpobal i rialú na sochaí. Bheadh an t-arm san áireamh ansin, giúistísí, polaiteoirí, ionadaithe a fhaigheann íocaíocht ar mhaithe le reachtaíocht a dhéanamh, agus comhlacht feidhmeach ansin a chuirtear i leataobh chomh maith ón tsochaí. Creideann ainrialaithe, mar ghrúpaí nó mar dhaoine aonair, gur cheart go mbeadh an tsochaí á rith go díreach ag na daoine.

2021-11-14

Fa-yen (法眼 Hõgen)

Isson Tanaka

Tar

Éan i ngarrán uaigneach is é ag cantain mar fhliúit.
Luascann an tsaileach gona snáitheanna órga.
Éiríonn an gleanntán sléibhe níos séimhe nuair a fhilleann na scamaill
Tugann leoithne léi cumhracht na mbláthanna aibreoige.
Tá an lá ar fad caite agam i mo shuí anseo go sámh
Agus gach aon chúram is smaoineamh díomhaoin glanta de m’aigne agam.
Ba mhaith liom a rá leat conas a mhothaím ach teipeann na focail orm.
Tar go dtí an garrán chugam; féachaimis ar nótaí a chéile

Fa-yen (法眼 Hõgen) Máistir Cha’n

2021-11-13

August von Pettenkofen

maidin dhuairc dhearóil
amhrán ar an raidió
ná goil, a bhean ó
        báisteach gan trua gan taise
        dúnéalta ar fhíor na spéire
dreary grey morning
a song on the radio
no woman no cry
        the streaming rain pitiless
        dark clouds on the horizon

2021-11-12

Kinoshita Rigen

machi o yuki
kodomo no soba o
tooru toki
mikan no ka seri
fuyu ga mata kuru
ag siúl síos an tsráid
faighim boladh táinséiríní
gabhann leanbh tharam
        braithimse sa chumhracht sin
        go bhfuil an geimhreadh ag teacht
Tanka (5-7-5-7-7 siolla) de chuid Kinoshita Rigen (1886 - 1925)

2021-11-10

Zuckerberg

 

Zuckerberg

Zuckerberg!
Mountain of sugar.
Has your name determined
that you must forever sweeten the pill?

Those teenage girls were sweet enough
before you came along
before your company, Instagram,
made them feel insecure about their bodies.
Mark, don't you know that beauty comes from within?

What's inside Facebook? Has it got a soul?
Does it know how to look into itself?
Show me the soul of Instagram, Mark.
What does it consist of? Algorithms?
I'm thinking of those teenage girls, Mark,
and some lines come to me from Hanshan:

Children, I beseech you
get out of the burning house now.


Zuckerberg

Zuckerberg!
Sliabh siúcra.
An ordaíonn do shloinne dhuit
an tseirbhe a fholú orainn?

Ní searbh a bhí na déagóirí sin
sular tháinís-se, tú féin
is do chomlachtsa, Instagram,
a d'fhág suaite faoina gcolainn féin iad.
Mark, nach eol duit gur istigh ionainn atá an áilleacht lonnaithe?

Facebook, cad atá istigh ann? 'Bhfuil anam ann?
An eol dó conas breathnú ann féin?
Taispeáin anam Instagram dom, Mark.
Cad go díreach atá ann? Algartaim?
Táim ag smaoineamh ar na déagóirí sin, Mark
agus ritheann línte de chuid Hanshan liom:
    
   A pháistí, impím oraibh,
   amach libh anois, tá an teach trí thine.

2021-11-09

Imeacht Thar Chlaí

Níl ach imeacht linn thar chlaí ann, is cuireadh chun gadaíochta
Rud nach linne a thógáil, an teas ionainn a stóráil,
Níl ach imeacht linn thar chlaí ann, babhta beag bradaíola,
Rud is gá dúinn a dhéanamh, nuair is fuar í an nead.

Cad is fiú an cur i gcéill, sé an t-uaigneas críoch an scéil
Maidir lenár ngrá, is eol dúinn, a stór
Aimseoimid é faoi rún, má thagann grá chugainn,
Is sin a bhfuil, mar ní scaoilfear linn, a stóirín, go deo.

Níl ach imeacht linn thar chlaí ann, is cuireadh chun gadaíochta
Rud nach linne a thógáil, an teas ionainn a stóráil,
Níl ach imeacht linn thar chlaí ann, babhta beag bradaíola,
Rud is gá dúinn a dhéanamh, nuair is fuar í an nead.

Níl ach imeacht linn thar chlaí ann, nuair is fuar í an nead.


It's a cheating situation, a stealing invitation
To take what's not really ours, to make it through the midnight hours
It's a cheating situation, just a cheap imitation
Doing what we have to do when there's no love at home

There's no use in pretending, there'll be a happy ending
Where our love's concerned, sweetheart, we both know
We'll take love where we find it, love and try to hide it 
It's all we got, for we know they're not gonna let us go

It's a cheating situation, a stealing invitation
To take what's not really ours, to make it through the midnight hours
It's a cheating situation, just a cheap imitation
Doing what we have to do when there's no love at home

It's a cheating situation when there's no love at home

2021-11-08

Tar éis an chuirfiú

 Tá ina mhaidin
cromann an spéir a ceann
go humhal go talamh
toisc páistí bheith ag dul ar scoil  . . .

Á folcadh féin san abhainn
cuireann an ghrian
turban d'ór sníofa uirthi féin
is seasann ar thaobh an bhóthair go gealgháireach
toisc páistí bheith ag dul ar scoil . . .

Canann gaotha beannachtaí
ar ghéaga úrghlasa
déanann ceoilíní na mbláthanna cumhra
cosáin chodlatacha a dhúiseacht
ó chúinne na seansráide
sméideann an peepul scáthach
a lámha
toisc páistí bheith ag dul ar scoil  . . .

Tagann aingil sholasmhara amach
tá an uile chonair ag drithliú
i láthair na huaire
gach póir den domhan
ag preabadh mar chroí máthar
an t-am ina shuí go suairc
ar dhíon leath-thite
colúir ag eitilt sa spéir
toisc páistí bheith ag dul ar scoil . . .

Nida Fazli

2021-11-07

Grágán

Ron Rosenstock
dom' shú isteach
sa chroílár ionam féin -
grágán
sucking me in
to the deep core of being -
tree stump

2021-11-06

Debiprasad Mukherjee

Debiprasad Mukherjee
an mó máthair
a bhí agam -
ó, a mháithríní!


how many mothers
have I had -
oh, dear dear mothers!

2021-11-05

Maja Feliksa Dziewanowska-Stepnowska

Malowidło przedstawiające wyścig konny na stacji SKM Sopot Wyścigi.
Maja Feliksa Dziewanowska-Stepnowska
domhan na mbuaiteoirí
is mar sin a bhí ó thús
déantar dearmad glan
        ar an gcréatur chun deiridh
        buaiteoirí? ní spéis liom iad
a world of winners
it's been so since ancient times
those who come in last
        how quickly they're forgotten
        victors? i've no time for them

2021-11-04

Kondo Yoshimi

yo wa ageshi
shiso no naka ni
mamorikite
ima koso senso o
nikumu kokoro yo
bhí an domhan ar fad
gafa le hidé-eolaíocht
níor osclaíos mo bhéal
        doirtfead anois óm' chroí, ámh,
        an fuath atá agam don chogadh

Tanka (5-7-5-7-7 siolla) de chuid Kondo Yoshimi (1913 - 2006)

2021-11-03

Súil

an tsúil seo
cad a fheiceann sé. . .
am atá thart    am atá le teacht?
this eye
what does it see . . .
the past    the future?

2021-11-02

Réalachas

Ní ceart smaoineamh ar leith
nó sraith de smaointe
a chaitheamh i dtraipisí
díreach ar an gcúis
nach bhfónann siad 
don chine daonna.
Má tá smaoineamh ann
caithfear na geataí a oscailt dó.
Mar, má dhúnann tú na geataí
brúfaidh an smaoineamh isteach
nó ar nós na cuileoige san fhabhalscéal
sciorrfaidh sé isteach
gan fhios don saol.
An réalachas sa litríocht
cuir i gcás.
Nuair a nocht sé ar dtús
bhí goimh ar an saol
is a mháthair.
Cén fáth ar gá dúinn
eolas a chur ar an salachar go léir?
Le fírinne, ní gá.
Ach, ó shleamhnaigh sé isteach
bhí bréag ullamh aige:
chuir sé é féin i gcomparáid
leis an bpaiteolaíocht,
mhaígh go raibh sé úsáideach,
fóinteach agus, dá réir sin,
tugadh áit dó.
Is léir do chách anois
nach fóinteach atá an réalachas
ach dochrach,
an-dochrach . . .
Is deacair an bonn a bhaint de, áfach.

Dán is ea Réalachas a cuireadh le chéile as sliocht próis a fuarthas i leabhar de chuid Leo Shestov (1866 – 1938).

2021-11-01

Gabriel Sainz

an rud a bhí ann ní hann dó
níorbh ann dó riamh . . .
scáil fhada
what was there is not there
it never was . . .
long shadow
何やらむ
そこにありしは
長い影

Leagan Seapáinise: mariko sumikura
whit wis thair's no thair
it nivver wis . . .
lang sheddae

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald