2021-11-14

Fa-yen (法眼 Hõgen)

Isson Tanaka

Tar

Éan i ngarrán uaigneach is é ag cantain mar fhliúit.
Luascann an tsaileach gona snáitheanna órga.
Éiríonn an gleanntán sléibhe níos séimhe nuair a fhilleann na scamaill
Tugann leoithne léi cumhracht na mbláthanna aibreoige.
Tá an lá ar fad caite agam i mo shuí anseo go sámh
Agus gach aon chúram is smaoineamh díomhaoin glanta de m’aigne agam.
Ba mhaith liom a rá leat conas a mhothaím ach teipeann na focail orm.
Tar go dtí an garrán chugam; féachaimis ar nótaí a chéile

Fa-yen (法眼 Hõgen) Máistir Cha’n