Posts mit dem Label Chögyam Trungpa Rinpoche werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Chögyam Trungpa Rinpoche werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2021-07-10

Bíonn bláth sona i gcónaí

 Bíonn bláth sona i gcónaí mar is álainn é.
Canann beacha amhrán an uaignis, amhrán na ndeor.
Eas uisce ag ionsaí na mara.
File séidte thall is abhus ag an ngaoth.
 
Cara gan taobh amuigh ná taobh istigh
Agus carraig nach bhfuil sona ná brónach
Is iad ag faire ar chorrán gealaí sa gheimhreadh
Ag fulaingt sa ghaoth fheannaideach.

Chögyam Trungpa

2015-01-11

Éist, Éist

Éist, éist le glór urlabhra na haigne féin,
Laistigh de bhroinn áilleacht an Fhómhair,
Agus glóir dhearg a gáire á léiriú ag an ngrian ag dul faoi.
Ag éisteacht leis an bhfliúit bhambú nach bhfuil á seinnt ag éinne,
Éist leis an ngiolcach atá ag luascadh sa ghaoth
Is le hamhrán ciúin an chuilithín.

Na deisceabail ag cur is ag cúiteamh,
Ní bhainfidh siad amach deireadh an chuilithín go deo.
Briathar an oide atá lastall den aigne –
Éist leis, níl teacht air,
Nuair a aimsítear é, fós níl le clos. 

Chögyam Trungpa Rinpoche