2013-04-29

Soiscéal an fhile haiku

An bhfuil creideamh áirithe ag an bhfile haiku (is é sin le rá creideamh haiku, anuas ar pé creideamh foirmiúil a bheadh aige, an Búdachas, an Chríostaíocht etc, má tá a leithéid aige in aon chor?) Tá go deimhin agus tá sé ráite go maith ag an máistir haiku

Santoka:

“Ná cloígh leis an am atá thart agus ná bí ag súil leis an am atá le teacht. Bí buíoch as gach lá dá dtagann, is leor sin.” Ní gá duit a bheith i d’fhile haiku chun géilleadh don ráiteas sin.

Bhí Santoka beo bocht cuid mhaith dá shaol:

an cat ag caoineadh
le teann ocrais
níl faic agam dó

Tá rud éigin an-lom ar fad sna haiku a chum sé agus é ag siúl na sléibhte leis féin:

éirí na gealaí
nílim ag súil
le haon ní

Is beag duine againn nach bhfuil ag súil le rud éigin, le saibhreas, le cáil, le sonas nó le pléisiúr éigin – tá an cholainn santach, tá an aigne santach – samhlaigh an té nach bhfuil ag súil le haon ní! Is aisteach an staid aigne é sin, déarfadh a lán. Mínádúrtha fiú amháin. Ach déarfadh lucht Zen a mhalairt – gurb é do nádúr ceart é ach na sraitheanna go léir a chruthaíonn an ego a chaitheamh uait.

Má ba bheo bocht féin é, níor dhearmad sé a bhuíochas a chur in iúl don Bhúda agus dá thuismitheoirí:
tráta agam
le hofráil don Bhúda
do m’athair is dom mháthair

Dhá chreideamh a chuaigh i bhfeidhm ar an haiku is ea an Búdachas agus Sinteo. Ómós don dúlra agus ómós do na sinsir a chuaigh romhainn, sin is Sinteo ann go hachomair. Agus arís:

piocaim bláth
gan ainm
ofrálaim don Bhúda é

Nach iontach! Thug sé an-chur síos dúinn ar a chuid fánaíochta, cur síos lom ar shaol lom:

lón
an lae inniu
uisce – sin uile

Saol na déirce é saol an mhanaigh go minic:

fuaim fhuar
na leathphingine
a chaitear i mo threo

Saol uaigneach:

oíche fhada
deineann tafann an ghadhair
níos faide fós í

Radharc aige ó am go ham ar imeachtaí an domhain mhóir. Cad atá ar siúl ag daoine na laethanta seo? Ó, an seanscéal i gcónaí:

filleann saighdiúirí
ar an tSeapáin
lámha, cosa, fágtha acu sa tSín

Agus filleann Santoka ar an déirc:

clocha sneachta, leis,
im bhabhla
déirce

Bhí haiku againn cheana ar an mblag seo faoin bpréachán, haiku leis an máistir Issa. Seo Santoka:

grág préacháin
is táimse, leis,
i m’aonar

Fógra: Ceardlann Aistriúcháin Liteartha: Gearmáinis go Gaeilge

Tá an Geothe Institit i mBaile Átha Cliath ag lorg  aistritheoir atá ag tosú amach ar a ngairm nó nach bhfuil taithí acu ar aistriúcháin liteartha agus a bhfuil Gearmáinis agus Gaeilge acu le páirt a ghlacadh i gceardlann aistriucháin liteartha.

Eolas thíos

Zeitraum des Workshops: 09.-13.09.2013 (zur Information: vom 04.-15.09.2013 Literaturfestival in Berlin)

Ort des Workshops: Literarisches Colloquium Berlin

Ziel: Probeübersetzung  "Leben" von David Wagner (Preis der Leipziger Buchmesse)

Workshop Leitung: Karen Nölle

David Wagner wird an 1 oder 2 Tagen selbst anwesend sein und kann Fragen zum Werk beantworten
Es sollte ein(e) Nachwuchs-Übersetzer(in) gefunden werden – Übersetzung vom Deutschen ins Irische
Anfang August sollte es ein Gespräch mit möglichen Kandidaten geben
Der Workshop wird komplett finanziert – alle Reisekosten und der gesamte Workshop

Teilnehmer sind neben unserem Kandidaten Übersetzer aus Großbritannien, Dänemark, Schweden, Finnland, Norwegen und Niederlande

Breis eolais agus iarratais:
Evi Rockstroh
Head Librarian
Goethe-Institut Irland
37 Merrion Square
Dublin 2
Ireland
Tel.: +353-1-602 4402
Email: rockstroh@dublin.goethe.org

2013-04-28

Máistir Issa: Haiku

Íomhá ó Wikimedia le nottsexminer
       lá fada
       gabhann préachán thar bráid -
       a ghob ar leathadh
Haiku suaithinseach ón mbliain 1809. Táim an-cheanúil ar an haiku áirithe sin mar tá an préachán ina thótam agam féin.  D'fhoilsigh sagart leabhar dar teideal Tótamas in Éirinn sa bhliain 1961, an tAthair Seán Mac Suibhne. Is beag caint a chuala mé riamh i dtaobh an leabhair sin. Is cuid den chultúr 'Nua-Aoiseach' anois é an tótamas agus déarfadh an t-antraipeolaí nach tótamas ceart in aon chor é go leor de agus bheadh an ceart aige. Mar sin féin, má oibríonn sé - agus mura bhfuil daoine ag cur dallamullóg orthu féin ina thaobh - níl aon dochar ann, is dócha.
Tá tuilleadh eolais ar fail faoin bpréachán mar thótam ar an suíomh seo a leanas: www.birdclan.org/crow.html

K.Satchidanandan: An Suantraí

A leanbán mo chléibh, go deo níor shíleas
gur mar seo a thiocfá ar an saol.
Bhí suantraí coinnithe agam duit,
is gúna beag a dheineas le mo dhá lámh féin
agus glac bláthanna.

Bhí taibhreamh agam go dtiocfá
is dlaoi scamaill ar foluain
os do chionn
agus póg ó aingeal
ar do chlár éadain.
Coiscéimeanna Allah a chuala mé
gach aon uair a bhog tú ionam.

Tháinig deireadh go tobann le gach aon ní:
thánadar le bratacha is le tóirsí
thánadar is claíomh nó trírinn ina lámh acu
cheanglaíodar mo lámha is mo chosa
is gearradh im dhá leath mé.

Ar chloígh tusa leis an bplacaint
nuair a stracadar amach as mo cholainn thú?
Ar dhruid tú do shúile níos dlúithe
na súile beaga sin a bhí ag taibhreamh
faoi shruthán is solas na gealaí air?
Nuair a chaitheadar isteach sa teach sin trí thine thú
ar fhágais slán agam i nguth gealbhain
nár chuala éinne ach an t-aos sí?
Ar mhuirnigh an tine thú is a cumhracht spíosraí
le méara santail is lus na gréine?
Ar luasc leoithne thú
i gcliabhán óir an loiscthe?
Ar bhraithis arraing saoil
in aon nóiméad dóite amháin
fiú sular rugadh thú?
Cén mháthair a thabharfadh leanbh
ar an saol
le tabhairt don bhreocharn.
Cén bhéic a d’iompódh ina luaithreach
sular ghearr tríd an aer.
Slán is céad. Níor mhaith liomsa
go n-athshaolófaí mise i ndomhan
a coisceadh ortsa.
Agus sibhse, a mháithreacha na tíre seo,
ná tugaíg’ leanaí ar an saol dorcha seo
arís.





(Sa Mhailéalaimis a scríobhadh ar dtús, teanga Kerala. Dán as sraith dánta a bhain le cinedhíothú na Moslamach i nGujarat, Márta, 2002. Tuilleadh dánta leis an bhfile céanna: http://www.amazon.com/K-Satchidanandan-Rogha-Selected-ebook/dp/B007A0FTMW)

Máistir Issa: Haiku

gealach Shinano
is fionnuisce -
sa bhaile!


    .我宿はしなのの月と清水哉
    waga yado wa shinano no tsuki to shimizu kana

Haiku ón mbliain 1813. Ceantar bocht i measc na sléibhte ab ea Shinano ach ba leor solas na gealaí agus uisce glé ón tobairín chun Issa a shásamh.

2013-04-27

Amy Winehouse: Tiocfaidh ár lá!

Tiocfaidh ár lá
beidh againn gach aon ní
beidh an ríméad
ag bualadh inár gcroí

Ná habair liomsa
go bhfuilimse ró-óg -
is seo dhuit póg
póigín uaimse

Tiocfaidh ár lá
ach fanacht tamaillín
níl deora uainn
ach gáire soilbhir binn

Tá cúis lenár mbrionglóid
mar tá an grá seo buan
mar bhárc sa chuan
tiocfaidh ár lá

Tá cúis lenár mbrionglóid
mar tá an grá seo buan
mar bhárc sa chuan
Tiocfaidh ár lá ...

Tiocfaidh ár lá
Tiocfaidh ár lá
Tiocfaidh ar lá
Tiocfaidh ar lá!

2013-04-24

Máistir Issa: haiku

   is ciúin
   mar a bhláthaigh na lilí . . .
   canann fuiseog
                              
Haiku ciúin ón mbliain 1810. Ceann de na cleasa atá ag an haijin, an máistir haiku, is ea dhá rud éagsúla a chur os ár gcomhair  is gan aon bhaint acu lena chéile, dáiríre; ach fós féin is é bua an haiku ná go samhlaíonn an léitheoir íogair go bhfuil ceangal éigin eatarthu mar sin féin - go deimhin, go bhfuil ceangal idir gach aon ní. Sin sin! (Seanbhrí le 'shin-shin' na Seapáinise is ea 'go ciúin)   
 
.しんしんとゆりの咲けり鳴雲雀  

shin-shin to yuri no saki keri naku hibari

2013-04-19

Féile Bhéal an Buillí: Duais Cholmcille

Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal na mBuillí
Fèis Eadar-nàiseanta Bàrdachd Bhéal na mBuillí,
Strokestown International Poetry Festival
3 - 5 Bealtaine / Cèitean 2013

3 Scots Gaelic and 3 Irish Language Poets on Strokestown International Shortlist
Triúr filí Gáidhlige agus triúr filí Gaeilge ar ghearrliosta idirnáisiúnta Bhéal na mBuillí.

Na Duaiseanna Filíochta Gaeilge / Gáidhlige is mó ar domhan urraithe ag Colmcille, an clár comhpháirtíochta idir Foras na Gaeilge agus Bord Gàidhlig na hAlban,le bronnadh ar an Domhnach, 5 Bealtaine 2013 i dTeach na Páirce, Béal na mBuillí (Strokestown), Co. Ros Comáin.

Tar éis dhá mhí a chaitheamh i mbun dian-léitheoireachta, tá an gearrliosta le haghaidh Dhuais Cholmcille 2013 curtha ar fáil ag an moltóir Caoimhín Mac Giolla Léith do stiúrthóir na Féile Idirnáisiúnta Filíochta i mBéal na mBuillí, Co. Ros Comáin, Martin Dyar.

Seo iad, má sea, in ord aibítre, na filí atá roghnaithe ar ghearrliosta Dhuais Idirnáisiúnta Cholmcille 2013, maraon le hainmneacha a ndánta, agus comhghairdeas leo uilig:

Maoilios Caimbeul, An t-Eilean Sgitheanach, Albain: 'Samhla agus Mothachadh.' 
Peter Mackay, Albain: 'An Tubaist.'  
Lewis MacKinnon, Nova Scotia, Ceanada: ‘Làmhan a Chaidh a Bheantainn.’
Greagoir Ó Dúill, Baile Átha Cliath, Éire: 'Boeing 737.'
Peadar Ó hUallaigh, Corca Dhuibhne, Ciarraí, Éire: 'Banphrionsa.'
Gabriel Rosenstock, Baile Átha Cliath, Éire: ‘Lannaigh faoi Dhroichead Uí Chonaill.'

Fógrófar torthaí deiridh Dhuais Idirnáisiúnta Cholmcille 2013, agus bronnfar na duaiseanna de €2,000, €1,500 agus €1,000 don chéad, don dara, agus don tríú dán i nGaeilge nó i nGáidhlig i dTeach na Páirce, Béal na mBuillí (Strokestown), Co. Ros Comáin, tráthnóna an 5ú Bealtaine, ag 4.00p.m., mar chuid den bhféile idirnáisiúnta, Strokestown International Poetry Festival 2013.

(Is iad Michael Schmidt agus Iggy McGovern a roghnaigh an gearrliosta Béarla don: 2013 Strokestown International Poetry Award. Fógrófar ainm an bhuaiteora sin ar an 4 Bealtaine ag Strokestown Park House le linn na féile. Is í Eleanor Tiernan a roghnaigh an gearrliosta don Percy French Comic Poetry Award).

Eolas faoi Fhéile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal na mBuilí
Tá Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal na mBuillí ar siúl anois le cúig bliana déag. Ar an gcéad deireadh seachtaine i mí Bhealtaine a eagraítear an fhéile i mBéal na mBuillí nó Strokestown, Co. Ros Comáin, baile beag a sholáthraíonn ardán idirnáisiúnta don bhfilíocht is airde caighdeáin i mBéarla, i nGaeilge agus i nGàidhlig. Bíonn idir fhilí aitheanta agus guthanna nua le clos thar an trí lá, tráth a mbíonn breis agus scór léitheoireachtaí ar siúl, féasta filíochta ó mhaidin go hard-tráthnóna. Bíonn na searmanais bhronnta duaise ina ngné lárnach d’fhéile Strokestown i gcónaí, agus iad in ionad an-oiriúnach, Strokestown Park House.

Soláthraíonn Colmcille, an clár comhpháirtíochta idir Foras na Gaeilge agus Bord Gàidhlig na hAlban, urraíocht le haghaidh Dhuais Cholmcille: bíonn príomh-dhuaiseanna de €2,000, €1,500 agus €1,000, i gceist le haghaidh dáin i nGaeilge nó i nGáidhlig na hAlban nach bhfuil níos faide ná seachtó líne, agus nár foilsíodh cheana.

Tuilleadh eolais faoin bhféile le fáil ag
Strokestown Poetry Festival, Béal Átha na mBuillí, Co. Ros Comáin, Éire.  
Teil: 071 9633759 (10am - 1pm) R-phost: scda@eircom.net strokestownpoetry.org

2013-04-16

Haiga: Sky over Lough Cullen, Co. Mayo

Íomhá Ron Rosenstock

néalta . . .
i súile an imircigh . . .
néalta fáin
clouds . . .
in an emigrant’s eyes . . .
stray clouds

2013-04-15

Czesław Miłosz: Dóchas

DÓCHAS

Is é is dóchas ann nuair is dóigh leat
nach taibhreamh é an domhan ach feoil bheo,
nach éitheach iad an radharc, an tadhall, an éisteacht,
is an uile ní atá feicthe anseo agat
gur geall le gairdín é is tú ag breathnú air ón ngeata.

Níl cead isteach agat. Ach is cinnte go bhfuil sé ann.
Dá mbeadh ar ár gcumas féachaint air le grinneas is le gaois
cá bhfios nach dtiocfaimis áit éigin sa ghairdín
ar bhláth nua aisteach éigin agus réalt nár ainmníodh fós.

Deir daoine áirithe nach ceart ár súile a thrust
nach bhfuil aon ní ann dáiríre ach dealramh éigin.
Sin iad an dream atá gan dóchas.
Is dóigh leo a luaithe is a iompóimid uaidh
go dtéann an domhan as, laistiar dár ndroim
sciobtha mar dhea ag baicle gadaithe.

Hope

Hope is with you when you believe
The earth is not a dream but living flesh,
That sight, touch, and hearing do not lie,
That all things you have ever seen here
Are like a garden looked at from a gate.

You cannot enter. But you're sure it's there.
Could we but look more clearly and wisely
We might discover somewhere in the garden
A strange new flower and an unnamed star.

Some people say we should not trust our eyes,
That there is nothing, just a seeming,
These are the ones who have no hope.
They think that the moment we turn away,
The world, behind our backs, ceases to exist,
As if snatched up by the hands of thieves.


Tuamaí Marinid

Íomhá Ron Rosenstock

Tuamaí Marinid –
cén fhaid anois ag sileadh solais iad
na crainn?
Marinid Tombs –
for how long have trees
been weeping light?

2013-04-14

Issa Haiku

ag ligint air nach bhfeiceann sé
aghaidh a mhná -
iomrascálaí cloíte

pretending not to see
his wife's face...
defeated wrestler
-Issa, 1824

2013-04-13

Croí an Bhúda

Íomhá mckaysavage
Ní gá bheith soir is siar ar nós na dtonn.
Sé an sáile céanna é, tuileadh nó trá.
Cad is fiú casadh ar ais chun uisce a fháil
Nuair is ag rith i ngach treo atá sé id ghaor.
Croí an Bhúda nó muintir an domhain seo...
'Bhfuil difear eatarthu?


Dán na Báistí

Mion-fheidhmeannach ab ea Chiang Chieh sa Ríora Sung agus nuair a tháinig na Mongólaigh i gcumhacht, dhiúltaigh sé baint a bheith aige leis an réimeas nua. Bheadh sé ina dhíthreabhach as sin amach. Tháinig mé ar an dán seo leis i ndíolaim a thug mo mhac dom mar bhronntanas, The New Directions Anthology of Classical Chinese Poetry. Kenneth Rexroth a dhein an leagan Béarla de. Tá leagan eile de (agus leagan i mBéarla na hAlban) ar fáil sa díolaim seo

Níl ach 100 dán de chuid Chian Chieh againn agus tá cúis mhaith leis sin. Bhí scata filí óga ann sa 19ú haois agus meas chomh mór sin acu ar a shaothar gur scriosadar na dánta sin nach rabhadar féin ró-shásta leo!

Dán na Báistí

Tráth le linn m’óige is mé im luí
chuala mé an bháisteach ag titim ar dhíon
drúthlainne. Solas na gcoinnle
ag lonrú ar shíoda is ar chraiceann síodúil.
Ina dhiaidh sin chuala mé í ar dhíon chábán an bháidín
is mé ag seoladh ar an Abhainn Mhór, faoi
scamaill ísle agus na géanna fiáine ag éamh
le linn  anfa an Fhómhair. Cloisim anois í
arís ar dhíon na mainistreach.
                                                Tá mo chuid gruaige liath.
Ríméad – buairt – teacht le chéile – scarúint –
faoi mar nárbh ann dóibh riamh. Ní mar a chéile aon ní
ach amháin an bháisteach is í ag titim ina slaodanna
ar na tíleanna i gcaitheamh na hoíche go léir.

Chiang Chieh (c. 1245 -1310)

2013-04-11

Ceaití Ní Bheildiúin: Frog

Heqet le Djahuti
Frog

Frog ag machnamh mé
a shuíonn gan chorraí

ag sú focal ó shláthach
trí mo chraiceann tanaí.

Guím ar Heqet na hÉigipte,
bandia na bhfrog,

bandia na mban-chabhartha,
dánta mo chuid ubhán

a sheoladh slán
ina mbád beag páir ar an saol.



Frog

A meditating frog am I
sitting silently

sucking syllables muddily
through paper-thin skin

I pray to Heqet of Egypt
goddess of frogs

goddess of midwives
help them to float -

these slimy verses
in their tiny paper boat

(Translated by Gabriel Rosenstock)

2013-04-09

Tairseach an Rí: Dráma le W.B. Yeats i Seanscoil Sailearna

Gliogáil le méadú  
Tairseach an Rí
Dráma le W.B. Yeats aistrithe ag Gabriel Rosenstock
Á léiriú ag Diarmuid de Faoite
8 i.n.
13 &  14 Aibreáin
Seanscoil Sailearna

2013-04-08

Rithim an Ama (Bobby Sands; Gaeilge le Gabriel Rosenstock)

Gliogáil le méadú. PDF anseo.

An máistir mór Haiku, Basho,

gé fhiáin
scartha tamall óna compánach
ag scamaill


Faighimid léargas ar mhíorúiltí an domhain sa haiku, míorúiltí beaga is móra an dúlra i gcaitheamh na bliana, agus léargas orainn féin chomh maith. Uaireanta, imíonn nithe ó léargas – an ghé sa haiku seo agus scamaill á ceilt, tamall. Is iad na tamaillíní sin is cás leis an haijin, an máistir haiku, tamaillíní léargais, tamaillíní lánléargais, tamaillíní neamhléargais is na tamaillíní eatarthu.

ar ghéag lom
thuirling préachán
tráthnóna fómhair


Loime! Rud lán de Zen is ea an loime chéanna. Lomlán! Faightear sa Chríostaíocht leis é: ‘Lom sé é féin…’ (Litir Naomh Pól chuig na Filipigh, 2.7) Féach cé chomh lom is atá an haiku thuas. Bhí Basho 36 ag an am agus tuiscint cheart anois aige dá ghairm – cé nár stop sé riamh dá éabhlóid mar fhile haiku.

Chun dul isteach i loime an radhairc sin, bhí ar Bhasho féin a bheith lom, istigh ann féin. Bhí air é féin a lomadh, rud a dhein, an bóthar fada bán a thabhairt air féin, cúl a thabhairt lena bhothán, arís is arís eile, a bheith ina chreatlach bheo ag imeacht ó áit go háit.

Tá loime sa radharc agus tá loime san fhoirm, sa struchtúr, an loime sin a mheabhródh luathliricí dúlra na Gaeilge duit. Tugtar faoi deara an friotal lom simplí neamhornáideach ann.

Haiku ón mbliain 1680 is ea é. Tá sé neamhchoitianta sa mhéid is go bhfuil an briathar ann san aimsir chaite. Is gnách gur san aimsir láithreach a bhíonn an briathar; breactar síos an feiniméan san aimsir láithreach, díreach agus é ag tarlú, gan smaoineamh, faoi mar a tharraingeodh laoch samurai an claíomh as an truaill. I bhfaiteadh na súl! B’in an chomhairle a thug Basho féin dá dheisceabail haiku. (Thuig sé an chlaimhteoireacht ach roghnaigh sé bealach an haiku ina háit).

Uaireanta tagraítear don fhiach dubh seachas don phréachán sa haiku thuas. Deir an Zen-Mháistir Suzuki Daisetz faoin haiku seo a d’athraigh stair an haiku sa mhéid is gur thug sé uaisleacht is doimhneacht don fhoirm, tréithe a bhí in easnamh uirthi cuid mhaith go dtí sin:

“There is a great Beyond in the lonely raven perching on the dead branch of a tree. All things come out of an unknown abyss of mystery and through every one of them we can have a peep into the abyss....”



Tá sé ráite go diail aige. Tá’s agamsa daoine a bhíonn ag caitheamh anuas ar an haiku. ‘Níl faic ann!’ Caint den saghas sin. Ag caitheamh anuas orthu féin a bhíonn siad.

Tagann gach aon ní as aibhéis mhistéireach nach eol dúinn agus osclaíonn an dea-haiku an aibhéis sin don léitheoir íogair, an léitheoir oscailte.

 (Sliocht as ábhar leabhair ar an máistir haiku, Matsuo Basho)

Cá bhfaigheann Gabriel Rosenstock iad?

'Cá bhfaigheann Gabriel Rosenstock iad? Cá bhfaigheann sé na filí domhanda seo a éisteann le ceol na cruinne agus a bhuaileann ar aon bhuille lena chuisle féin? Tá daonnacht bhuile sna dánta seo ó Rati Saxena, daonnacht a uaislíonn sinn má táimid umhal go leor chun éisteacht leo. Tá bá sna dánta seo leis an saol ar fad, bá bhaineann sa chéad áit, ach bá le gach neach beo - an damhán alla, an seangán, an t-ulchabhán - gan trácht ar thuiscint don neamhbheo chomh maith céanna. Má tá "cluiche na cumhrachta" á imirt ar fud na coda is fearr díobh seo, is é "cluiche na blastachta" atá buaite ag Rosenstock ina chuid leaganacha máistriúla. Pósadh é seo idir ceann de theangacha fairsinge an domhain, agus ceann dá mhionteangacha móra. Is álainn an pósadh é.'

Alan Titley, Aibreáin 2013

2013-04-06

Máistir Issa: Haiku

lá sneachta
an teampall ag cur thar maoil
le colúir is gealbhain
   (ón mbliain1825)

.雪の日や堂にぎっしり鳩雀
yuki no hi ya dô ni gisshiri hato suzume

2013-04-05

Amhrán Lonrach na Scál/Radiant Song of Shadows

Yasar Koç Photography

Amhrán Lonrach na Scál

Nuair nach bhfuil ann ach imlíne
scáil
scáthchruth
in aghaidh spéartha suaite
sin í an uair chun folús na beatha a tholladh
agus patrún do shaoil a fheiscint
mar atá: scáth-phuipéadóireacht!

Cúig éan i gcrann
de scáileanna iad, sin uile: éist,
amhrán lonrach na scál á chanadh acu don domhan mór
Radiant Song of Shadows

When there is only an outline
a shadow
a silhouette
against turbulent skies
this is the time to penetrate the emptiness of existence
to see the pattern of one's life
for what it is: shadow puppetry!

Five birds in a tree
all made of shadow, that's all
singing a radiant shadow song to the great wide world

Guímís!

Paidreacha na Gaeilge
Prayers in Irish
Eag. Donla uí Bhraonáin
(Cois Life €12m bog)

Bailiúchán an-bhreá de phaidreacha ár sinsir atá sa leabhar seo agus é maisithe le saothar suaithinseach de chuid Evie Hone. Is minic na paidreacha seo ina ndánta nó tionchar na filíochta orthu. An t-ainchreidmheach féin, chaithfeadh sé a admháil go bhfuil áilleacht ar leith ag baint le go leor dár bpaidreacha dúchais.Is seoda ealaíne chomh maith le bheith ina seoda spioradálta iad.
Tá soineantacht sna paidreacha seo nach bhfaightear mórán a thuilleadh, soineantacht atá ruaigthe ag an smairteáltacht:


A Ghobnait an dúchais
A bhíodh i mBaile Bhuirne,
Go dtaga tú chugamsa
Le do chabhair is le do chúnamh.


Simplí go leor ach is ina simplíocht atá cumhacht agus áilleacht na paidre sin. Is dócha, dáiríre, gur meascán a bhíonn ann go minic sna paidreacha seo den Chríostaíocht agus d’orthaí draíochta na Réamh-Chríostaíochta agus sin a thugann blas ar leith dóibh, dar liom. Seans gur chabhraigh an Eaglais Chaitliceach le meath na bpaidreacha dúchais – agus le meath na Gaeilge trí chéile – agus gur scaipeadh liotúirge nár oir chomh maith sin don mheon dúchasach. D’fhéadfá an rud céanna a rá, gan dabht, faoi chúrsaí ailtireachta is dealbhóireachta sa tír seo agus páirt na  n-eaglaisí i dtréigint an dúchais.
Ar nós aon réimse eile den bhéaloideas – amhráin, scéalta, piseoga agus seanfhocail san áireamh – is deacair, uaireanta, nóiméad a gcumtha a shamhlú. Cen saghas daoine a chum na paidreacha seo? Cathain a dheineadar é? An chéad rud ar maidin? An rud deireanach istoíche? Ar tháinig na paidreacha uathu go nádúrtha, mar a thagann an chaint, nó ar deineadh saothrú orthu? Agus conas a scaipeadh iad?
Gnáthdhaoine cráifeacha a chum, is dócha, nuair a bhí an chráifeacht níos coitianta ná mar atá sí inniu. Agus cathain a stop an nós, is é sin le rá, cathain a tháinig deireadh le paidreacha a chumadh? An mná is mó a chum na paidreacha seo? Nó fir? Níl a fhios agam.
Duine a chum paidir nó dhó, an ndúirt sé leis féin lá liath éigin, ‘Sin sin, nílimse chun aon phaidir eile a chumadh go deo na ndeor.’ Agus cén fáth a ndéarfadh sé é sin? Nó, abraimis, daoine a raibh de nós acu paidreacha dúchais a rá, cathain a dúradar leo féin nó leis an líon tí, ‘Sin sin. No more prayers. No more Irish!’ Is scanrúil an smaoineamh é. An é gur cheap daoine áirithe go rabhadar éirithe róshofaisticiúil dá leithéid?


Seans gur mheath na paidreacha go mall in áiteanna áirithe agus go mb’fhéidir nach raibh fágtha ach gibiris ina n-áit. Bhí nath ag mo sheanathair agus nuair a d’inis mo mháthair dom ina thaobh mheasas gur leathghibiris a bhí ann, ‘A Thiarna Dia is a Rí na Tine’; n’fheadar, arsa mise léi, ar chuala tú i gceart é mar gur dócha gur ‘A Rí na Cruinne’ a bhí ann an chéad lá.
An rud nádúrtha é paidir a chumadh, paidir a rá? Deinim amach gurb ea. Agus an bhfuil rud éigin mínádúrtha ag baint le daoine a bhfuil domhan na bpaidreacha séanta acu? Tá, b’fhéidir. Scríobhas féin paidir, nó ortha, tráth, agus mé in Thekaddy na hIndia. Bhíos cráite ar fad ag muiscítí:
          

Ortha in Aghaidh na Muiscítí
 
A Naomh Colm Cille a raibh peata cuileoige agat
Cosain sinn, impímid ort, ar na diabhail bheaga go léir
Mo chreach is mo chás!
Atá ag teacht idir sinn agus codladh na hoíche.
Múin míneas dóibh agus béasa
Agus tabhair slán sinn as ucht Dé
Sine agus gach neach eile atá i bpéin anocht in Thekaddy,
Áiméan.

Ar oibrigh sé mar ortha? An freagra ar leathanach 145 den leabhar Ólann mo Mhiúil as an nGainséis!


Féach anois ar an bpaidir álainn seo a leanas, Beannú an Tí. Samhlaigh fear an tí nó bean an tí á rá, nó b’fhéidir an bheirt acu á rá as béal a chéile. Cén taom a bhuail iad in aon chor gur stop siad á rá?


Go mbeannaí Dia an teach seo óna bhun go dtí a bharr,
Go mbeannaí sé gach fardoras, gach cloch is gach clár,
Go mbeannaí sé an teallach, an bord ar a leagtar bia,
Go mbeannaí sé gach seomra i gcomhair sámhchodladh na hoíche.
Go mbeannaí sé an doras a osclóimid go fial
Don strainséar is don bhochtán chomh maith is dár ngaol,
Go mbeannaí sé na fuinneoga a ligeann dúinn an léas
Ó sholas geal na gréine, na gealaí is na réalta,
Go mbeannaí sé na frathacha in airde os ár gcionn
Is fós gach balla daingean atá ár dtimpeallú inniu.
Go bhfana síocháin dá réir sin dár gcomharsana, cion is grá.
Go mbeannaí Dia an mhuirear seo agam agus a choimeád ó bhaol,
Is go stiúra sé sinn uile go dtí a ríbhrú féin.


Ceist. An bhfuil an phaidir sin á rá ag éinne níos mó? Mura bhfuil, nárbh fhiú an phaidir sin – agus scata eile paidreacha atá sa leabhar aoibhinn seo – nárbh fhiú í a chur ar fáil i bhfoirm eile le go bhféadfaí é a chrochadh sa bhaile, pé acu as adhmad, as canbhás, as éadach nó eile a dhéanfaí é? Tá paidreacha breátha anseo agus bheidís an-oiriúnach le crochadh i mbialanna agus in ionaid oibre, dar liom.
Ach, ar ndóigh, mairimid i saol an-ait ar fad, an-cheartaiseach agus is dócha go mbeadh gearáin ann agus chaithfí iad a bhaint anuas.
Is paidir é Beannú an Tí, áfach, a bheadh oiriúnach do thithe ar fud an domhain. Ní bheadh sé as áit san Afraic ná sa tSín: nach rud an-bhunúsach ar fad é a bhfuil ráite sa phaidir ó thús deireadh?


Féach ar an bpaidir seo:

Ná hamharc go minic ar do bhróig,
Is ná déan stró ar do bhrat,
Siúl go huiríseal i ród
Agus beannaigh faoi dhó don duine bocht.


Má tá paidreacha sa leabhar seo a bhaineann le hÉirinn amháin agus le naoimh de chuid na tíre seo, tá, leis, paidreacha ar nós na paidre thuas atá uilíoch amach is amach. Níl aon rud sa phaidir thuas atá ag teacht salach ar an mBúdachas ná ar aon mhórchreideamh eile.

Hsu Yun: Linn an Scátháin ar Shliabh Taibó in Shanxi


Mirror Pond on Mount Taibo in Shanxi

The water and my mind have both settled down
Into perfect stillness.
Sun and moon shine bright in it.
At night I see in the surface
The enormous face of my old familiar moon.
I don't think you've ever met the source of this reflection.
All shrillness fades into the sound of silence.
But now and then a puff of mist floats across the mirror.
It confuses me a little
But not enough to make me forget to forget my cares.

English version by Zen Buddhist Order of Hsu Yun

Linn an Scátháin ar Shliabh Taibó in Shanxi

Shíothlaigh an t-uisce is m'aigne araon
i dtost foirfe.
Lonraíonn grian is gealach go glé inti.
Feicim ar a dromchla istoíche
aghaidh ollmhór na gealaí úd is eol dom.
Ní dóigh liom gur theagmhaigh tú riamh le foinse na scáile sin.
Imíonn gach glór caol i bhfuaim an chiúnais
ach anois is arís gabhann puth cheo thar an scáthán.
Bím ábhairín suaite aici
Ach ní chomh suaite sin is go ndearúdfainn mo bhuairt a dhearúd.

2013-04-04

SOEN: Dánta Zen ón gCoiré

Agus aird an domhain arís ar an gCóiré, féachaimis ar roinnt dánta le Máistrí Soen (Zen) a scríobadh in aimsir síochána agus in aimsir chogaidh.

Dúiseacht
le Wongam (1226-1292), Teagascóir Náisiúnta na Cóiré

 Is lom iad géaga an fhómhair
   agus is lag é taitneamh na gréine
Is ciúin iad na sléibhte
   agus iad cumhdaithe le sioc geal
Tá an doras dúnta, mé i mo shuí,
   i mo chodladh is mé ag taibhreamh
Is dúisím de phreib
   ar chloisint na bpréachán dom sa choill

Dílleachta
le Cheongheodang (1520- 1604)

Tá do mháthair imithe, a phréacháin bhig
Is coscrach í do ghrágaíl ghoil
Cad is féidir a rá le héan?
Smaoineamh is ea é sin a rith liom inniu


Crann sa Chlós
le Cheongheodang
 
Fuaim na báistí istoíche ar an sliabh
músclaítear an fánaí as a thaibhreamh
osclaíonn sé an fhuinneog is feiceann an crann sa chlós
míle duilleog is aon fhuaim amháin an fhómhair


Ceoltóir
le Cheongheodang

Tháinig tú an tráthnóna earraigh seo
chun an liúit a sheinm dom.
Éanlaith ag canadh san áit ina dtiteann na bláthanna.
Bun os cionn, scáil an tsléibhe san abhainn.

 
Cuairt ar an Seanfhód
le Cheongheodang

Cailleadh mo thuismitheoirí agus mé an-óg agus d’fhágas an baile agus mé deich mbliana d’aois. In aois a cúig bliana is tríocha dom, d’fhilleas ar an sráidbhaile is ní raibh comharsa ar bith le feiceáil, theas ná thuaidh. Bhí an talamh treafa, an crann maoildeirge agus an eorna is iad ag luascadh sa ghaoth anoir. Bhuail cumha mé agus scríobhas an véarsa seo ar bhalla fothraigh. D’fhanas oíche amháin ann agus d’fhilleas ansin ar an sliabh


Seo ar ais mé, sa bhaile, tar éis tríocha bliain.
Tá daoine imithe ar shlí na fírinne, tithe ina bhfothraigh, an sráidbhaile bánaithe.
Na sléibhte glasa an tráthnóna earraigh seo, balbh.
An gcloisim cuach aonair áit éigin ag glaoch?
Agus mé ag siúl thar bráid, tá buachaillí is cailíní
ag gliúcaíocht trí na fuinneoga páipéir,
seanóirí agus a gcuid gruaige ar nós an ghrúis ag fiafraí cé leis mé,
deora leo nuair a chloiseann siad an t-ainm a bhí orm san áit seo.
Agus amach san oíche bhí an ghealach ar crochadh sa spéir mhuir-dhorcha.


Lá Lomtha mo chuid Gruaige

le Cheongheodang

Scór bliain ó shin, buachaill a raibh lé aige leis an staidéar
chinn sé ar rud ait a dhéanamh
nuair a tuigeadh dó nach raibh sa chruinne go léir ach folús
agus nach raibh sa cholainn ach seachmall

Scór bliain ó shin is ar snámh a bhí sé i bhfarraige ghoirt an tsaoil
clú agus maoin á santú aige.
Oíche amháin thug sé cluas do bhriathra Zen
agus an mhaidin dár gcionn thug a fholt dubh don lann airgid.


Ag Teacht Ón Sliabh Anuas
leis an Máistir Cheongnae (1548 -1623)

Nuair a thugas an sliabh orm féin bhí na spruitíní ann,
Anois tá mo shúile lán de chrainn scarlóideacha.
An t-am i láthair agus an t-am d’imigh tharainn, roinntear an saol eatarthu.
Ná codail dhá oíche faoin gcrann céanna
An foláireamh a thug mo Bhúda-sa dom.
Bhíodh grús aonair i bhfeighil na mainistreach
Seo anois ar eite é is an gleann ar fad a fhágáil aige ina dhiaidh.


Sólás don Domhan
leis an Máistir Cheongnae

Seo chugainn isteach fear buile
Is deir sé go bhfuil an domhan i dtrioblóid.
Tá spiorad an áir ar fud an tsráidbhaile,
Na goirt ag cur thar maoil leo siúd a cailleadh den ocras.
Coimhlint armtha ag éirí níos measa in aghaidh an lae,
Gaolta fiú is gan atrua acu dá chéile.
Dualgais corvée níos troime in aghaidh na bliana
Scaipeadh na mionéan ar mhná is ar pháistí.


Im Chónaí ar an Sliabh
le Heobaekdang (1593-1661)

Sléibhte, aibhneacha, neamh is talamh, an ghealach,
Seo is siúd: is cuma leo go léir mar gheall ar a chéile.
Tá an scéal amuigh go bhfuil an t-earrach ann,
Caitíní sailí scaipthe ar fud na háite.


Ar an Iargúil
le Wolbong (1624 - ?)

Is fada mé beo i measc ceo is néalta
Luibheanna agam á n-ithe – beagán de bhlas an domhain.
Im leaba fhuar, is eol dom an ceobhrán tais,
Is eol dom an clós is é sleamhain faoin gcaonach.
An ré alpach ag taitneamh go glé ar mo bhothán.
Níl gradam ar bith ar an iargúil
Ach ní raibh uaim riamh ach m’ainm a cheilt.

2013-04-03

An Máistir Issa: Haiku

beannachtaí ag titim
ar Shliabh Togakushi . . .
maidhm bháistí 
(1813)

.ござるぞよ戸隠山の御夕立
gozaru zo yo togakushiyama no o-yûdachi

The White Road/ An Bóthar Bán

(In Memoriam M.H.)
A bilingual meditation on Hartnett’s Tao 
Gabriel Rosenstock 

Sliocht as (an extract)

Taoi anois sa Tao 
gan tús gan chríoch 
sa ghuairneán thar eolas. 
Gach a raibh ar eolas agat 
is a d’fhágais gan ainm 
corraíonn an uile ní. 

You are now in the Tao 
beginningless, endless, 
the whirl beyond knowing. 
All that you knew 
and left  unnamed 
moves all else. 

Is tú anois an learóg 
is í cromtha faoin ngaoth 

Now you are the 
windbowed larch 

Cá dtiocfaimid ort 
mura dtiocfaimid ort sa ghaoth?

Where shall we find you 
if not in the wind?

2013-04-02

Giúis/Pine

Yasar Koç Photography

GIÚIS

Giúis léi féin
súnn an solas
súnn an dorchadas -
gan idirdhealú eatarthu
PINE

A pine alone
absorbing light
aborbing darkness -
without distinction!

An Máistir Issa: Haiku

dathanna an fhómhair um thráthnóna
    bogha síne sa ghleann
      ag dul as 
 
  ( haiku ó bhliain éigin sna 1790í )

.夕紅葉谷残虹の消へかかる
yûmomiji tani zankô no kie kakaru

2013-04-01

Dán do Hatto/A poem for Hatto


Rud ab ea é nach bhfaca mé cheana

do Hatto

Rud ab ea é nach bhfaca mé cheana
Lon dubh
Ag piocadh as éan dá chineál féin
Ó thráth go chéile féachann sé i leataobh
San áit ina bhfuilimse
Ciontach mar dhea
Loinnir fhuar ina shúil
Ciontacht dá laghad ní bhraitheann sé ar ndóigh
Is cuma gur éan dá chineál féin a thit go talamh
Níl geis ar bith ann
A choiscfeadh lon dubh ar éan dá chineál féin a chéasadh

Is mar sin, leis, le briathra a ghoineann
Conas a éiríonn siad
Conas a ligtear dóibh éalú
As cuas éigin sa chroí nár caitheadh solas fós air?
It was something I hadn’t seen before

for Hatto

It was something I hadn’t seen before
A blackbird
Pecking at one of its own
Now and again it would look to one side
To where I was
As if in guilt
A cold glint in its eye
But of course it knew no guilt at all
It didn’t matter that one of its kind had fallen to the ground
No taboo exists
Forbidding a blackbird to torture one of its own

And so it is with hurtful words
How do they arise
How do we allow them escape
From some cavern in the heart not yet explored?