2013-04-05

Guímís!

Paidreacha na Gaeilge
Prayers in Irish
Eag. Donla uí Bhraonáin
(Cois Life €12m bog)

Bailiúchán an-bhreá de phaidreacha ár sinsir atá sa leabhar seo agus é maisithe le saothar suaithinseach de chuid Evie Hone. Is minic na paidreacha seo ina ndánta nó tionchar na filíochta orthu. An t-ainchreidmheach féin, chaithfeadh sé a admháil go bhfuil áilleacht ar leith ag baint le go leor dár bpaidreacha dúchais.Is seoda ealaíne chomh maith le bheith ina seoda spioradálta iad.
Tá soineantacht sna paidreacha seo nach bhfaightear mórán a thuilleadh, soineantacht atá ruaigthe ag an smairteáltacht:


A Ghobnait an dúchais
A bhíodh i mBaile Bhuirne,
Go dtaga tú chugamsa
Le do chabhair is le do chúnamh.


Simplí go leor ach is ina simplíocht atá cumhacht agus áilleacht na paidre sin. Is dócha, dáiríre, gur meascán a bhíonn ann go minic sna paidreacha seo den Chríostaíocht agus d’orthaí draíochta na Réamh-Chríostaíochta agus sin a thugann blas ar leith dóibh, dar liom. Seans gur chabhraigh an Eaglais Chaitliceach le meath na bpaidreacha dúchais – agus le meath na Gaeilge trí chéile – agus gur scaipeadh liotúirge nár oir chomh maith sin don mheon dúchasach. D’fhéadfá an rud céanna a rá, gan dabht, faoi chúrsaí ailtireachta is dealbhóireachta sa tír seo agus páirt na  n-eaglaisí i dtréigint an dúchais.
Ar nós aon réimse eile den bhéaloideas – amhráin, scéalta, piseoga agus seanfhocail san áireamh – is deacair, uaireanta, nóiméad a gcumtha a shamhlú. Cen saghas daoine a chum na paidreacha seo? Cathain a dheineadar é? An chéad rud ar maidin? An rud deireanach istoíche? Ar tháinig na paidreacha uathu go nádúrtha, mar a thagann an chaint, nó ar deineadh saothrú orthu? Agus conas a scaipeadh iad?
Gnáthdhaoine cráifeacha a chum, is dócha, nuair a bhí an chráifeacht níos coitianta ná mar atá sí inniu. Agus cathain a stop an nós, is é sin le rá, cathain a tháinig deireadh le paidreacha a chumadh? An mná is mó a chum na paidreacha seo? Nó fir? Níl a fhios agam.
Duine a chum paidir nó dhó, an ndúirt sé leis féin lá liath éigin, ‘Sin sin, nílimse chun aon phaidir eile a chumadh go deo na ndeor.’ Agus cén fáth a ndéarfadh sé é sin? Nó, abraimis, daoine a raibh de nós acu paidreacha dúchais a rá, cathain a dúradar leo féin nó leis an líon tí, ‘Sin sin. No more prayers. No more Irish!’ Is scanrúil an smaoineamh é. An é gur cheap daoine áirithe go rabhadar éirithe róshofaisticiúil dá leithéid?


Seans gur mheath na paidreacha go mall in áiteanna áirithe agus go mb’fhéidir nach raibh fágtha ach gibiris ina n-áit. Bhí nath ag mo sheanathair agus nuair a d’inis mo mháthair dom ina thaobh mheasas gur leathghibiris a bhí ann, ‘A Thiarna Dia is a Rí na Tine’; n’fheadar, arsa mise léi, ar chuala tú i gceart é mar gur dócha gur ‘A Rí na Cruinne’ a bhí ann an chéad lá.
An rud nádúrtha é paidir a chumadh, paidir a rá? Deinim amach gurb ea. Agus an bhfuil rud éigin mínádúrtha ag baint le daoine a bhfuil domhan na bpaidreacha séanta acu? Tá, b’fhéidir. Scríobhas féin paidir, nó ortha, tráth, agus mé in Thekaddy na hIndia. Bhíos cráite ar fad ag muiscítí:
          

Ortha in Aghaidh na Muiscítí
 
A Naomh Colm Cille a raibh peata cuileoige agat
Cosain sinn, impímid ort, ar na diabhail bheaga go léir
Mo chreach is mo chás!
Atá ag teacht idir sinn agus codladh na hoíche.
Múin míneas dóibh agus béasa
Agus tabhair slán sinn as ucht Dé
Sine agus gach neach eile atá i bpéin anocht in Thekaddy,
Áiméan.

Ar oibrigh sé mar ortha? An freagra ar leathanach 145 den leabhar Ólann mo Mhiúil as an nGainséis!


Féach anois ar an bpaidir álainn seo a leanas, Beannú an Tí. Samhlaigh fear an tí nó bean an tí á rá, nó b’fhéidir an bheirt acu á rá as béal a chéile. Cén taom a bhuail iad in aon chor gur stop siad á rá?


Go mbeannaí Dia an teach seo óna bhun go dtí a bharr,
Go mbeannaí sé gach fardoras, gach cloch is gach clár,
Go mbeannaí sé an teallach, an bord ar a leagtar bia,
Go mbeannaí sé gach seomra i gcomhair sámhchodladh na hoíche.
Go mbeannaí sé an doras a osclóimid go fial
Don strainséar is don bhochtán chomh maith is dár ngaol,
Go mbeannaí sé na fuinneoga a ligeann dúinn an léas
Ó sholas geal na gréine, na gealaí is na réalta,
Go mbeannaí sé na frathacha in airde os ár gcionn
Is fós gach balla daingean atá ár dtimpeallú inniu.
Go bhfana síocháin dá réir sin dár gcomharsana, cion is grá.
Go mbeannaí Dia an mhuirear seo agam agus a choimeád ó bhaol,
Is go stiúra sé sinn uile go dtí a ríbhrú féin.


Ceist. An bhfuil an phaidir sin á rá ag éinne níos mó? Mura bhfuil, nárbh fhiú an phaidir sin – agus scata eile paidreacha atá sa leabhar aoibhinn seo – nárbh fhiú í a chur ar fáil i bhfoirm eile le go bhféadfaí é a chrochadh sa bhaile, pé acu as adhmad, as canbhás, as éadach nó eile a dhéanfaí é? Tá paidreacha breátha anseo agus bheidís an-oiriúnach le crochadh i mbialanna agus in ionaid oibre, dar liom.
Ach, ar ndóigh, mairimid i saol an-ait ar fad, an-cheartaiseach agus is dócha go mbeadh gearáin ann agus chaithfí iad a bhaint anuas.
Is paidir é Beannú an Tí, áfach, a bheadh oiriúnach do thithe ar fud an domhain. Ní bheadh sé as áit san Afraic ná sa tSín: nach rud an-bhunúsach ar fad é a bhfuil ráite sa phaidir ó thús deireadh?


Féach ar an bpaidir seo:

Ná hamharc go minic ar do bhróig,
Is ná déan stró ar do bhrat,
Siúl go huiríseal i ród
Agus beannaigh faoi dhó don duine bocht.


Má tá paidreacha sa leabhar seo a bhaineann le hÉirinn amháin agus le naoimh de chuid na tíre seo, tá, leis, paidreacha ar nós na paidre thuas atá uilíoch amach is amach. Níl aon rud sa phaidir thuas atá ag teacht salach ar an mBúdachas ná ar aon mhórchreideamh eile.