Posts mit dem Label Dylan werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Dylan werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2014-05-24

Ar an lá seo 24 Bealtaine

Ar an lá seo 24 Bealtaine, 1941, rugadh Bob Dylan

Ó, Murach Thú 

(Do Eithne)


Ó murach thú, ’stór, an doras ní aimseoinn
An t-urlár féin ní aithneoinn
Bheinnse lán de ghruaim, Ó, murach thú.

Ó murach thú, ’stóirín, bheinn im shuí liom féinig
’Súil le solas an lae
Is é ’lonrú
Ach Ó, an mbeadh sé nua, Ó murach thú?

Ó murach thú, do bheinn gan spéir, bheadh néalta ’g cruinniú,
Is gan do ghrá, ní bheinn aon áit is léir
Bheinn ar strae, Ó, murach thú
Is is fíor monuar.


Ó murach thú, do bheinn gan spéir, bheadh néalta ’g cruinniú,
Is gan do ghrá, ní bheinn aon áit is léir
Cá mbeinnse arú, Ó, murach thú.

Ó murach thú, geimhreadh fada bheadh ann
Ní chloisfinn spideoga ar chrann
Ó bheadh mise ’mithe amú
Ní bheadh ann ach an beag is fiú, Ó, murach thú
Ó murach thú, Ó, murach thú.

2013-12-02

2 Nollaig: Ar an lá seo, cailleadh Odetta Holmes

Ar an lá seo, 2 Nollaig, 2008, cailleadh Odetta Holmes i Nua-Eabhrac. Éist leis an leagan aici de Mr Tambourine Man de chuid Bhob Dylan. Tá a dhraíocht féin ag baint leis: 


Anois, can an leagan Gaeilge de! Athraigh siolla thall is abhus más maith leat. Ná bac cóipcheart! Is linne an teanga. Is linne an domhan!

'Fhir an Bhodhráin, hé!

CURFÁ:
 ’Fhir an bhodhráin, hé, can amhrán deas dúinn,
Mar níl néal orm is níl fonn orm bóthar a bhualadh.
’Fhir an bhodhráin, hé, can amhrán deas dúinn
Agus leanfad tríd an maidin thú go huaigneach.


Is tá impireacht na nóna ina gaineamh cheana féin
I bhfad i bhfad i gcéin
I mo staic anseo ach fós ní thagann néal,
Táim traochta agus alltacht orm, mo chos go daingean fúm
Ní thagann éinne chugam
Is tá an tsráid ró-lom ró-ársa lena samhlú

CURFÁ


Is tóg ar imram mé ar do long atá ar strae
Táim bodhar is táim dall, níl mothú i mo lámh,
Mo mhéara táid leathmharbh, is tá ana-fhonn imeachta
Ar mo bhróga.
Soir is siar is cuma liom, táim ullamh le dul as
Im pharáidse féin go pras, seol áthas chugam go fras
Is geallaim bheith i bpáirt leis


CURFÁ

Cé go gcloisfeá sceitimíní agus gaetha geala ón ngrian
Ná ceap go bhfuilim dian, ag éalú atáim ón bpian
Seachas spéir níl fál ar bith ar Éirinn.
Is má chloiseann tú burdúinín nó dáinín nó haiku
Fear grinn ’tá ann arú, is níl uaidh gan dabht ach scriú
(Dá bhodhrán an dtuigeann tú), b’fhéidir nach bhfuil ann ach
Saoi – nó ‘b’fhéidir éigsín

CURFÁ

Beir leat mé ag rámhaillí trí aigne an cheo
Go dtí na laethanta fadó, na duilleoga is iad ag reo,
Na crainn is iad ag feo, amach go Dún an Óir,
An brón ag dul thar fóir, ag dul le báiní.
Uch! Rincimis faoin spéir gheal ghorm, leathlámh ag sméideadh léi
Na tonnta móra glé, is an gaineamh lán de ghreann
Is gach cuimhne is gach dán ’mithe síos go tóin poill
Fág slán le gach aon lá go dtí amárach.

CURFÁ

2013-01-08

Mar a bheadh cloch ar fán

Tráth den saol, a chroí, gléasta mar ríon
Is chaith tú pinginí chuig bacaigh, nach fíor dhom?
Bhíodh daoine á rá, ‘Hé, a ghrá, hé titfidh tú!’
Níor ghlac tú leo dáiríre
Bhí tú riamh ag gáire
Faoin dream dar leat a bhí gan náire
Cá bhfuil an chaint anois
Conas a tharla an bhris
Cad as a dtiocfaidh an bia le cur i do bhéal?

Mínigh an scéal
Mínigh an scéal
Is tú ar seachrán
I do bhard gan dán
Mar a bheadh cloch ar fán

Ar scoth na scoileanna a d’fhreastail tú is cinnte
Ach tá’s agat, a mhaoineach, bhí tú uaigneach
Is níl eolas dá laghad agatsa ar na sráideanna
Ach beidh ort fháil amach a chroí faoi mar is dual duit
Ní raibh tú sásta géilleadh riamh
D’Oisín Mac Cool, nach dtuigeann tú, a Niamh,
Nach ndreapfaidh tusa eisean mar shliabh,
Mar nach bhfuil seisean in ann a shúile a iamh
Ní shásódh scilling eisean – ná luaigh réal.

Mínigh an scéal
Mínigh an scéal
Is tú ar seachrán
I do bhard gan dán
Mar a bheadh cloch ar fán.

Níor bhreathnaigh tusa timpeall riamh chun féachaint ar an bhfeairín bocht grinn
A bhí sásta dul i mbun na gcleas duit
Níor thuig tú do leas ní raibh sin go deas
Is ligint do dhaoine eile bheith i mbun dreas duit
Ar muin an chapaill chróim duit is do thaidhleoir leat
In airde ar a ghuaillí bhí cineál cat
Id bhéal sea bhí do theanga ag at
An pleidhce amadáin fut fat
Bhearrfadh sé féasóg de luchóg trína néal.

Mínigh an scéal
Mínigh an scéal
Is tú ar seachrán
I do bhard gan dán
Mar a bheadh cloch ar fán.

Banphrionsa Thír na nÓg is do chairde ag díol na bpóg
Lucht óil is ceoil sea nach bhfuil siad thar barr
Is gach saghas féirín deas á malartú acu
Fág slán anois ag an bhfáinne óir, sea fág é ag an bpawn
Is cuimhin liom fós an straois
A chuirteá ort faoi Oisín bocht, is é a bhí lán de bhaois
Níl faic agat anois is tú ag dul in aois
Madra dofheicthe thú, bitseach thú is tú fós ar éill.

Mínigh an scéal
Mínigh an scéal
Is tú ar seachrán
I do bhard gan dán
Mar a bheadh cloch ar fán.
Like A Rolling Stone le Bob Dylan aistrithe d'IMRAM ag Gabriel Rosenstock

2012-12-14

‘Fhir an Bhodhráin, hé!

CURFÁ:

’Fhir an bhodhráin, hé, can amhrán deas dúinn,
Mar níl néal orm is níl fonn orm a bheith ag triall.
’Fhir an bhodhráin, hé, can amhrán deas dúinn
Agus leanfad tríd an maidin thú go deireadh slí
.

Is tá impireacht na nóna ina gaineamh cheana féin
I bhfad i bhfad i gcéin
I mo staic anseo ach fós ní thagann néal,
Táim traochta agus alltacht orm, mo chos go daingean fúm
Ní thagann éinne chugam
Is tá an tsráid rólom ró-ársa lena samhlú

CURFÁ

Is tóg ar imram mé ar do long atá ar strae
Táim bodhar is táim dall, níl mothú i mo lámh,
Mo mhéara táid leathmharbh, is tá ana fhonn imeachta
Ar mo bhróga.
Soir is siar is cuma liom, táim ullamh le dul as
Im pharáidse féin go pras, seol áthas chugam go fras
Is geallaim bheith i bpáirt leis

CURFÁ

Cé go gcloisfeá sceitimíní agus gaetha geala ón ngrian
Ná ceap go bhfuilim dian, ag éalú atáim ón bpian
Seachas spéir níl fál ar bith ar Éirinn.
Is má chloiseann tu burdúinín nó dáinín nó haiku
Fear grinn ’tá ann arú, is níl uaidh gan dabht ach scriú
Dá bhodhrán an dtuigeann tú, b’fhéidir nach bhfuil ann ach
Saoi nó ‘b’fhéidir éigsín

CURFÁ

Beir leat mé ag rámhaillí trí aigne an cheo
Go dtí na laethanta fadó, na duilleoga is iad ag reo,
Na crainn is iad ag feo, amach go Dún an Óir,
An brón ag dul thar fóir, ag dul le báiní.
Uch! Rincimis faoin spéir gheal ghorm, leathlámh ag sméideadh léi
Na tonnta móra glé, is an gaineamh lán de ghreann
Is gach cuimhne is gach dán ’mithe síos go tóin poill
Fág slán le gach aon lá go dtí amárach.

CURFÁ

Mr Tambourine Man le Bob Dylan
Ceann eile ó Fhéile IMRAM 2009

2012-12-13

Ag Cnagadh ar Dhoras Neimhe

'Mhama, bain an comhartha díom,
'Mhama níl sé ag teastáil,
Ag éirí dorcha atá an oích'
Is ag cnagadh ar dhoras Neimhe atáim.

Ag cnagadh ar dhoras Neimhe atáim
Ag cnagadh ar dhoras Neimhe atáim
Ag cnagadh ar dhoras Neimhe atáim
Ag cnagadh ar dhoras Neimhe atáim.

'Mhama cuir na gunnaí sa chré
'Mhama níl siad ag teastáil,
Seo chugainn na néaltaí dú’ ón spéir
Is ag cnagadh ar dhoras Neimhe atáim.

Ag cnagadh ar dhoras Neimhe atáim
Ag cnagadh ar dhoras Neimhe atáim
Ag cnagadh ar dhoras Neimhe atáim
Ag cnagadh ar dhoras Neimhe atáim

Knocking on Heaven's Door le Bob Dylan, aistrithe d'fhéile IMRAM i 2009.