Posts mit dem Label Duck Yard Lyricists werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Duck Yard Lyricists werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2021-02-12

Tamaillín Suaimhnis

Tá cónaí ormsa in áiléar, síleáil ghiúise,
páipéar balla agus móitíf aisteach Pheirseach air,
patrún cabhartha ó na saoithe ar an mbord cois leapa,
tocht Simmons, agus gaothrán síleála ollmhór,
ag casadh de shíor - raghfá as do cholainn!
Tá scoilt mhór sa chófra,
n'fheadar, ceapaim uaireanta go bhfuil teifeach i bhfolach ann.
Cúpla printíseach sa bheár fíona iad na comharsana béal dorais,
a gcanúint féin acu, agus iad róbhéasach ar fad dá n-aois.
Níl ach balla lasmuigh den taobhfhuinneog, ach i gcaitheamh an lae
doirteann an t-uafás solais tríd an bhfuinneog dín.
Ní chodlaím sa dara leath den oíche, bíonn fonn orm
féachaint tríd an bhfuinneog dín, agus spotaí geala ceocha
a aimsiú sa spéir.

Tá sé faoi mar dá mbeinn ar ais i ndúthaigh allta Shandong.
Ghabh déagóir go fáilí suas go dtí an díon,
cuaille ina ghlac, a bhun greamaitheach chun breith ar chiocádaí
ach is ag iarraidh breith ar réaltaí a bhí sé sa spéir íseal
agus ar feadh tamaillín mheas sé nach raibh aon neach beo 
chomh gar sin do neamh.

Chen Liang
Duck Yard Lyricists a chuir Béarla air: Meifu Wang, Michael Soper, Peter Micic & Johan Ramaekers



我的住处是间阁楼,顶子是松木的
壁纸的花纹波斯般诡异
床头柜浮雕着古代的人物
床是席梦思,吊扇硕大
它的旋转会让灵魂渐渐出窍
衣柜裂了很大的缝
让我经常怀疑有人在此藏匿
隔壁住着酒号的学徒
有多种口音,一律少年老成的面孔
边窗外是遮蔽的,白天会有光
从天窗强烈地投下来
后半夜睡不沉,依稀中
我会透过天窗,努力去寻找
天上那些模糊的亮点
这时候,我似乎又回到了山东乡间
一个少年偷偷爬上屋顶
用一根粘知了的杆子
去粘那些矮的星星,那一刻
他感觉自己是离星星最近的人

2021-02-05

Traein Ardluais

Nílim cinnte, ach ní hé an sráidbhaile san áit iasachta seo
Mo shráidbhailese. Scáthán atá sa spéir, domhan geimhriúil
Á lasadh aige. Gabhann seanóir thar bráid de rúid cois uisce,
Súil á coinneáil aige ar a thréad, an aimsir, an gort cruithneachta
Agus na goirt ríse uisciúla.

Tá damh ag ól. Níl ainm agam
Ar gach ainmhí díobh, faoi mar nach bhfuil ainm agam
Ar na daoine seo go léir ar an traein.
Tá bean ghalánta ag caoineadh, ag síodráil
Faoin bpósadh ar chlis air. Níl a hainm ar eolas agam,
Ach tá sí an-chosúil liom, le mo bhaile dúchais, le mo mhuintir
In áit iasachta mar seo, buailimid le chéile is scaraimid go tapaidh. Féach,
Na huaigheanna sa ghort cruithneachta, na tuamaí nua, na seantuamaí, an-dealraitheach lena chéile.

Ban Ruo
Leagan Béarla le Duck Yard Lyricists,  Meifu Wang, Michael Soper, Peter Micic & Johan Ramaekers.


Rugadh  in Xia'yi na Síne sa bhliain 1973. Is file, úrscéalaí agus gearrscéalaí í.

2020-07-13

Croí an Fhéir agam ar Iasacht

Guo Xiaoqi 郭晓琦
(r. 1973)
In Guanegou a bhíomar an lá sin.
Liath a bhí an spéir an lá sin, an t-aer fliuch agus milis, 
an t-uisce ag rith go ceolmhar.
In abar a bhíomar,
báite i sága fuatha agus grá, gan ar ár gcumas éalú.

Mé i gcéin faoi láthair,
agus is tusa an áit i mo shaolsa atá san imigéin. 
Nílim in ann ach a admháil duit, dar croí an fhéir atá thart ort. 
Nílim in ann ach croí na mbraonta drúchta a fháil ar iasacht is iad le fána an féar síos
chun admháil a dhéanamh. Lig dom, leis,
croí na bhfeithidí crónánacha sa mhothar a fháil ar iasacht, lig dom míniú a thabhairt duit. 

An brobh féir, nach simplí atá sé,
gile an drúchta,      
umhlaíocht na bhfeithidí, 
leis na trí croíthe sin is gaire don talamh, tabharfadsa mo shaol
iomlán is mé i ngrá leat.

Guo Xiaoqi 郭晓琦

[Is iad na Duck Yard Lyricists, a réitigh an leagan Béarla de: Meifu Wang, Michael Soper, Peter Micic & Johan Ramaekers]

2020-02-03

Siúlóid um Thráthnóna

Peng Jie
Tháinig an geimhreadh. Scuabamar na duilleoga tite isteach sa tinteán,
d'iompraíomar an grán buailte isteach sa siléar,
is chrochamar laindéir mhóra dhearga den pheargóla.
Trí bliana ó shin, nuair a cailleadh máthair Ma Deming;
bhíos-sa i lár úrscéal a scríobh ag an am.
Tar éis dinnéir, munar tháinig cuairteoirí go dtí an doras
nó munar glaodh Ma Deming chun na muilte iarainn le haghaidh ragoibre, théimis ag siúl lasmuigh den sráidbhaile.
Síos bóthar caol,
thar loch dorcha lonrach, faic idir sinn
is na crainn. Gan laindéar le feiscint, duine ná deoraí
gan ach an ghealach ár dtreorú
chuig talamh ard, is sinn ag seinm
ar an bhfliúit, na foinn ag léim
idir chraobhacha loma
sa chlapsholas go bánú an lae.

Peng Jie

Ó Bhéarla na Duck Yard Lyricists: Meifu Wang, Michael Soper, Peter Micic & Johan Ramaekers

夜晚的散步

冬天到了。我们把落叶扫进炉膛
粮食打好后运进地窖,把大红的灯笼
挂在高高的木架上。那是在三年前
马德明的母亲刚去世不久
我正在写一部长篇小说。
吃过晚饭后,如果没有人串门
马德明没有去镇上的铁厂加班
我们就去村外散步。沿着小路走下去
经过水光晦暗的湖泊,
一直到有树的地方。那里没有什么人
也没有什么灯,我们沿着月光
顺势攀往高处,成为那些
呜呜作响的手风琴,
在光秃秃的树枝上常常响到天亮。

彭杰






2019-11-03

An Prionsa

Nocht an Prionsa san iarnóin, ag bun an chnoic.
Sméid sé orm, i bhfad uaim,
shiúil i mo threo, agus chroith lámh liom.

Bhí sé díreach tar éis peata colúir a scaoileadh saor,
mar sin ba bhoige ná riamh í a lámh
agus ba gheall le spéir an fhómhair í a ghné.

Níl aithne ag mórán ar an bPrionsa seo.
Na cailíní a thug an leasainm sin air.
Ghlaodar orm uair amháin, á rá
"Bei Ye, gabh i leith, tá an Prionsa tagtha!"

Agus go deimhin, ina shuí ar stóilín adhmaid a bhí an Prionsa
tamall uaim. Aoibh an gháire air.
Thart air bhí cúpla cat ina luí go suairc.


Bei Ye           

[Na Duck Yard Lyricists a chuir Béarla air: Meifu Wang, Michael Soper, Peter Micic & Johan Ramaekers]

2019-10-20

FÉINBHAINISTIÚ

Tar éis scór éigin bliain a chaitheamh ag plé le bainistíocht
Ní thuigim fós conas bainistiú a dhéanamh orm féin.
Táim go maith i mbun rud a roinnt ina dhá nó ina thrí chuid,
go maith, leis, maidir le tosaíochtaí a leagan síos,
tallann a aimsiú agus a earcú.
 

Daoine a bhainistiú is ea cúrsaí a bhainistiú,
ach má dhírítear an fócas ormsa,
báitear gach aon ní in aigéan na héiginnteachta.


Is iad na nithe beaga go minic
a fhágann gach aon rud ina phraiseach.
D'fhéadfadh an rud sárluachmhar iompú ina dhusta laistigh de shoicind.

Tú féin a bhainistiú
agus daoine eile a bhainistiú
is dhá rud éagsúla iad.

B'fhéidir go bhfuil bainisteoir áit éigin domsa,
A deirim liom féin.
B'fhéidir nach nochtar i gceart cé sinn féin
go ndéantar bainistiú orainn.




(Na Duck Yard Lyricists a dhein an leagan Béarla: Meifu Wang, Michael Soper, Peter Micic & Johan Ramaekers)

Rugadh Ding Bai sa bhliain 1973 agus tá cónaí air in Shanghai. File, díolamóir agus peannaire.