Posts mit dem Label Bob Marley werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Bob Marley werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
2019-08-24
Graifítí an Lae - Bob Marley
b'fhearr bás a fháil ag troid ar son na saoirse ná a bheith i do chime gach lá de do shaol.
2014-10-11
Bob Marley: Eacsadas
Eacsadas.Eacsadas: Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Ó-ó-ó, yé-éé!.Beidh na daoine anuas ort (Canathaobh?!) Nuair a lonróidh Jah. (Há-há-há-há-há-há-há!) Mura bhfuil tu ’mithe ar fán (Cén fáth?) Tá gach aon ní ceart, tá Seo seo linn ag siúl – go deimhin – trí bhóithre na nDúl. Mar is sinne an ghlúin (Canathaobh?!). (Sinn’ a shiúil tríd an mbuairt), sinn’ a shiúil tríd an mbuairt Eacsadas, go breá! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Ó, yé! Ó-úú, yé! Go breá! Eacsadas: Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Ó, yé! Yé-yé-yé, bhuel! Uth! Oscail do shúile, féach isteach An bhfuil tú sásta (leis an saol ’tá agat)? Uth! Feicimid ‘’bhfuil romhainn, uth! Agus cad as dúinn Slán leis an mBablóin Ár dtriall ar ár nAithreacha Aon, do, trí: Eacsadas: tá lucht Jah ag gluaiseacht! Ó, yé! (Tá lucht Jah ag gluaiseacht!) Cuir chugainn arís ár ndeartháir Maois! (Tá lucht Jah ag gluaiseacht!) Ón Muir Rua anall! (Tá lucht Jah ag gluaiseacht!) Cuir chugainn arís ár ndeartháir Maois! (Tá lucht Jah ag gluaiseacht!) Ón Muir Rua anall! (Tá lucht Jah ag gluaiseacht!) Eacsadas, go breá! Úú-úú-Ó! Úú-Ó! (Tá lucht Jah ag gluaiseacht!) Ó, yé! Eacsadas! Eacsadas! Go breá! Eacsadas! Anois, anois! Eacsadas! Eacsadas! Ó, yé-é-é-é-é-é-á! Eacsadas! Eacsadas! Go breá! Eacsadas! Uth-uth-uth-uth! Gluais! Gluais! Gluais! Gluais! Gluais! Gluiais! Oscail do shúile, féach isteach, An bhfuil tú sásta (leis an saol ’tá agat)? Feicimid ‘’bhfuil romhainn, uth! Agus cad as dúinn Slán leis an mBablóin, slán! Ár dtriall ar ár nAithreacha Eacsadas, go breá! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Eacsadas: Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Gluais! Gluais! Gluais! Gluais! Gluais! Gluais! Gluais! Jah ’teacht lán de cholg- Deireadh leis an daor Stop le cos ar bolg Sclábhaithe bheith saor Eacsadas, go breá, go breá! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Ó,yé! Eacsadas: Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Ó, anois, anois! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Gluais! Gluais! Gluais! Gluais! Gluais! Gluais! Uth-uth-uth-uth! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Tá lucht Jah ag gluaiseacht! |
2014-10-06
AMHRÁIN NA SAOIRSE: TIONSCADAL BOB MARLEY
Mair ní ar do shon féin ach ar son daoine eile an soiscéal a bhí ag an bhfáidh reggae Bob Marley, duine de mhóroirfidigh an 20ú haois. Athruithe sóisialta agus réabhlóid spioradálta a d'éiligh sé ina chuid amhrán agus san am céanna lig sé dá chuid éisteoirí a mbuairt a dhearmad agus damhsa leis an gceol.
Cuirfidh Amhráin na Saoirse: Tionscadal Bob Marley an chuid is fearr dá shaothar i láthair. Gaeilge ghleoite curtha ag Gabriel Rosenstock ar na liricí, Liam Ó Maonlaí agus an banna reggae Béal Feirsteach Bréag, Steve Cooney, Natty Wailer, Justine Nantale, Esosa Ighodaro agus Zeenat Sarumi a chanfaidh. Íomhánna breátha ar scáileán le Margaret Lonergan.
Dé hAoine 10 Deireadh Fómhair
Pavilion Theatre, Dún Laoghaire
Cead isteach/admission €20/18
Booking (01) 231 2929 or online at www.paviliontheatre.ie
or www.entertainment.ie/imram
2014-10-02
AMHRÁIN NA SAOIRSE: TIONSCADAL BOB MARLEY
Dé hAoine 10 Deireadh Fómhair
Pavilion Theatre, Dún Laoghaire
Cead isteach/admission €20/18
Booking (01) 231 2929 or online at www.paviliontheatre.ie
Mair ní ar do shon féin ach ar son daoine eile an soiscéal a bhí ag an bhfáidh reggae Bob Marley, duine de mhóroirfidigh an 20ú haois. Athruithe sóisialta agus réabhlóid spioradálta a d'éiligh sé ina chuid amhrán agus san am céanna lig sé dá chuid éisteoirí a mbuairt a dhearmad agus damhsa leis an gceol.
Cuirfidh Amhráin na Saoirse: Tionscadal Bob Marley an chuid is fearr dá shaothar i láthair. Gaeilge ghleoite curtha ag Gabriel Rosenstock ar na liricí, Liam Ó Maonlaí agus an banna reggae Béal Feirsteach Bréag a chanfaidh. Íomhánna breátha ar scáileán le Margaret Lonergan.
Pavilion Theatre, Dún Laoghaire
Cead isteach/admission €20/18
Booking (01) 231 2929 or online at www.paviliontheatre.ie
AMHRÁIN NA SAOIRSE: TIONSCADAL BOB MARLEY
Mair ní ar do shon féin ach ar son daoine eile an soiscéal a bhí ag an bhfáidh reggae Bob Marley, duine de mhóroirfidigh an 20ú haois. Athruithe sóisialta agus réabhlóid spioradálta a d'éiligh sé ina chuid amhrán agus san am céanna lig sé dá chuid éisteoirí a mbuairt a dhearmad agus damhsa leis an gceol.
Cuirfidh Amhráin na Saoirse: Tionscadal Bob Marley an chuid is fearr dá shaothar i láthair. Gaeilge ghleoite curtha ag Gabriel Rosenstock ar na liricí, Liam Ó Maonlaí agus an banna reggae Béal Feirsteach Bréag a chanfaidh. Íomhánna breátha ar scáileán le Margaret Lonergan.
REDEMPTION SONGS: THE BOB MARLEY PROJECT
‘Live for yourself and you will live in vain. Live for others and you will live again’.
So declared reggae prophet Bob Marley, one of the 20th century’s most charismatic performers. His songs advocated social change and spiritual revolution, whilst allowing his listeners to forget their troubles and dance.
Redemption Songs: The Bob Marley Project features the very best of Marley’s music, from the cutting edge politics of ‘So Much Trouble in the World’ to the hymnal ‘No Woman, No Cry’ and the sweet pop of ‘Is this love?’ and ‘Three little birds’. Transcreated into exquisite Irish by Gabriel Rosenstock, they will be performed by Liam Ó Maonlaí and acclaimed Belfast reggae band Bréag. Margaret Lonergan has created stunning screen projections of the lyrics..
Redemption Songs: The Bob Marley Project features the very best of Marley’s music, from the cutting edge politics of ‘So Much Trouble in the World’ to the hymnal ‘No Woman, No Cry’ and the sweet pop of ‘Is this love?’ and ‘Three little birds’. Transcreated into exquisite Irish by Gabriel Rosenstock, they will be performed by Liam Ó Maonlaí and acclaimed Belfast reggae band Bréag. Margaret Lonergan has created stunning screen projections of the lyrics..
2014-07-06
Bob Marley - Ár
Go dtí go mbeidh an dearcadh go bhfuil cine amháin in uachtar
is cin' eile
thíos in íochtar
i ndeireadh thiar
is go deo na ndeor
gan aon chreidiúint
agus tréigthe -
gach aon áit beidh ár -
deirim ár.
Go dtí nach mbeidh a thuilleadh
céad ghrád is dara grád i measc na náisiún trí chéile
agus an dath atá ar chraiceann
a bheith ar aon tábhacht leis an dath atá ar do shúile -
deirim ár.
Go dtí go mbeidh ár gcearta daonna
ar fáil go cothrom is do chách
is cuma cé thú féin -
beidh 'na ár.
Go dtí an lá sin
aisling na síochána
saoránacht an domhain
an mhoráltacht idirnáisiúnt' i réim
ní bheidh ann ach aisling bhaoth i mbéal na gaoithe sin an méid
aisling gan a lá
gach aon áit anois ár - ár.
Agus go dtí go mbeidh na réimis anuaisle sin
agus an t-ansmacht in Angóla
in Mósaimbíc
an Afraic Theas
an chos ar bolg
curtha ó mhaith
scriosta go hiomlán -
bhuel, gach ait beidh an t-ár-
deirim ár
Ár san oirthear
ár san iarthar
ár ó thuaidh
ár ó dheas -
ár - ár -
ráflaí faoi ár
go dtí an lá sin
beidh Mór-Roinn na hAfraice
gan síocháin
troidfidh an tAfracach - dar linn is riachtanas é -
is beidh an bua againn
is muinín againn as
as an mbua sin.
An mhaith in aghaidh an oilc
maith in aghaidh an oilc, yé
maith in aghaidh an oilc,
maith in aghaidh an oilc, yé!
maith in aghaidh an oilc -
maith in aghaidh an oilc, yé!
2014-07-02
Is this love? le Bob Marley
Is seo mo ghrá dhuit le ceart is cóir
Is seo mo ghrá dhuit, gach aon lá 's mé 'dul thar fóir
Beimid le chéile is ní bheidh an tigh gan díon
Mo leaba aonair mar thearmann íon
Sa seomra céanna, Jah, tabhair dúinn builín
An é grá, an é grá,
an é grá, an é grá a mhothaímse?
[X2]
Is gá a rá, gá a rá, is gá a rá
Caithfear a rá, caithfear a rá, caithfear é 'rá
Táimse thar a bheith sásta
Is seo mé ag lorg do ghrásta
Is seo mo ghrá dhuit le ceart is cóir
Is seo mo ghrá dhuit, gach aon lá 's mé 'dul thar fóir
Beimid le chéile is ní bheidh an tigh gan díon
Mo leaba aonair mar thearmann íon
Sa seomra céanna, Jah, tabhair dúinn builín
An é grá, an é grá,
an é grá, an é grá a mhothaímse?
[X2]
Ó, sea, is eol, sea is eol, sea is eol dom [X2]
Táimse thar a bheith sásta
Is seo mé ag lorg do ghrásta
Is seo mo ghrá dhuit le ceart is cóir
Is seo mo ghrá dhuit, gach aon lá 's mé 'dul thar fóir
Beimid le chéile is ní bheidh an tigh gan díon
Mo leaba aonair mar thearmann íon
Sa seomra céanna, Jah, tabhair dúinn builín
Mo leaba aonair mar thearmann íon
2014-05-16
Bob Marley: Luíochán Istoí’
Ú-ú-wí, úú-wí, úú-wá)
Táid ag troid ar son cumhacht’ (úú-wí, úú-wí, úú-wá)
Ach ní heol dóibh an uair (úú-wí, úú-wí, úú-wá)
Féach an bhreab is an gunnán agus airgead,
Díspeagadh á dheanamh
Ar ár n-onóir, sea.
Níl d’eolas againn
Ach focail na máistrí
Táimidne aineolach
Is roimh bhréaga cuirtear fáilte (siú-bí, dú-wá)
Trína gcleasa polaitiúla (siú-bí, dú-wá)
Táimidne stiúgtha (siú-bí, dú-wá)
Agus má tá greim bia uait (siú-bí, dú-wá)
Beidh do dheartháir féin ina namhaid agat, bhue-ell!
Luíochán istoí’
Féachann gunnaí im’ threo
Luíochán istoí’
Tá siad ag scaoileadh liom anois.
Á gcosaint ag a Mhórgacht.
(Ú-ú-wí, úú-wí, úú-wá-úú
(Ú-ú-wí, úú-wí, úú-wí) úú-wá! Úú-wá!
Ú-ú-wí, úú-wí, úú-wá-úú
Ú-ú-wí, úú-wí, úú-wá-á!
Bhuel, is eol dúinn
Nithe nach ndeir siad linn;
Nílimidne dall, dáiríre
Is níl teacht acu orainn;
Tríd an gcumhacht atá ó Jah (siú-bí, dú-wá)
Bímid ag teacht i dtír (siú-bí, dú-wá)
Tríd an gcumhacht atá ó Jah (siú-bí, dú-wá)
Is féidir teacht tríd.
Yé, an luíochán seo istoí’
Ceaptha ag an tsochaí;
Luíochán istoí’
Ag iarraidh mé a chloí;
Luíochán istoí’
Pé rud a cheannaíonn an bhreab;
Luíochán istoí’
Ceaptha ag an tsochaí;
Luíochán istoí’ . . .
Táid ag troid ar son cumhacht’ (úú-wí, úú-wí, úú-wá)
Ach ní heol dóibh an uair (úú-wí, úú-wí, úú-wá)
Féach an bhreab is an gunnán agus airgead,
Díspeagadh á dheanamh
Ar ár n-onóir, sea.
Níl d’eolas againn
Ach focail na máistrí
Táimidne aineolach
Is roimh bhréaga cuirtear fáilte (siú-bí, dú-wá)
Trína gcleasa polaitiúla (siú-bí, dú-wá)
Táimidne stiúgtha (siú-bí, dú-wá)
Agus má tá greim bia uait (siú-bí, dú-wá)
Beidh do dheartháir féin ina namhaid agat, bhue-ell!
Luíochán istoí’
Féachann gunnaí im’ threo
Luíochán istoí’
Tá siad ag scaoileadh liom anois.
Á gcosaint ag a Mhórgacht.
(Ú-ú-wí, úú-wí, úú-wá-úú
(Ú-ú-wí, úú-wí, úú-wí) úú-wá! Úú-wá!
Ú-ú-wí, úú-wí, úú-wá-úú
Ú-ú-wí, úú-wí, úú-wá-á!
Bhuel, is eol dúinn
Nithe nach ndeir siad linn;
Nílimidne dall, dáiríre
Is níl teacht acu orainn;
Tríd an gcumhacht atá ó Jah (siú-bí, dú-wá)
Bímid ag teacht i dtír (siú-bí, dú-wá)
Tríd an gcumhacht atá ó Jah (siú-bí, dú-wá)
Is féidir teacht tríd.
Yé, an luíochán seo istoí’
Ceaptha ag an tsochaí;
Luíochán istoí’
Ag iarraidh mé a chloí;
Luíochán istoí’
Pé rud a cheannaíonn an bhreab;
Luíochán istoí’
Ceaptha ag an tsochaí;
Luíochán istoí’ . . .
Bob Marley: Tá an domhan seo lán de bhuairt
Tá an domhan seo lán de bhuairt
Tá an domhan seo lán de bhuairt
Beannaithe an mhaidin
Grian Jah ag éirí arís eile
An tslí a bhfuil an domhan seo
Cá bhfios cad a tharlódh.
An duine ag seoladh ar an long ‘Mé Féin’
É dul i dtreo na gréin’,
Milliún míle ón saol mar ’tá
Duitse níl grá, domsa níl grá.
Tá an domhan seo lán de bhuairt
Tá an domhan seo lán de bhuairt
Níl le déanamh ach: bheith fial flaithiúil (tabhair beagáinín)
Bheith fial flaithiúil (tabhair beagáinín), bheith fial flaithiúil (tabhair beagáinín)
Is arís, yé-á! Bheith fial flaithiúil (tabhair beagáinín)
Yé-á! Tabhair beagáinín. Yé!
Tá an réiteach agat is dóigh leat
Ach níl ann ach cineál brionglóide!
Roimh duit an taoide a sheiceáil
Bí cinnte gan an chloch choirnéil
‘Fhágáil i do dhéidh, é-é-é-é!
Ná diúltaímis don lá
Úú, Ú-wí, in antráth;
Lucht na sráide sinne ag caint
Yé, lucht na sráid’ i gcoimhlint
Iad ina suí ar bhuama ama! Bum-búm-búm! Búm-búm-búm!)
Tá an t-am i ngiorracht dúinn: Búm-búm-búm! Búm-búm-bum!
Tá a bhfuil thuas ag teacht anuas! Búm-búm-búm! Búm-búm-bum!
Gach rud timpeall faoi lánluas. Búm-búm-búm! Búm-búm-búm!
Tá an domhan seo lán de bhuairt
Tá an domhan seo lán de bhuairt
Tá an domhan seo lán de bhuairt.
Tá an-chuid buartha (tá an domhan seo lán de bhuairt)
Tá an-chuid buartha
Tá an chuid buartha (domhan seo lán de bhuairt)
Tá an-chuid buartha
Tá an-chuid buartha
Tá an-chuid buartha (domhan seo lán de bhuairt)
Tá an domhan seo, tá an domhan seo lán (domhan seo lán de bhuairt)
Tá an domhan seo lán de bhuairt
Tá an domhan seo lán de bhuairt.
2014-05-15
Bob Marley: Seáinín ’sé bhí fónta
(Wú-ú-ú-ú! Wú-ú-ú-ú! Wúúú!)
Féach an bhean ag silt na ndeor
Mar gur lámhachadh a mac ar an tsráid agus d’éag
Urchair iomraill
Féach an bhean ag silt na ndeor
Ghabh duine thar bráid ’bhí suaite go leor
Ag máthair seo na ndeor –ó
Féachaint an féidir aon rud a rá
Cad is tuarastal an pheaca ann ach bás, yé!
Beatha againn ó Jah (Jah)
Ar sí: “Ah-um, is – is fíor!
“Seáinín ’sé bhí fónta,” Is – is fíór! (riamh ní dhearna dochar)
“Seáinín ’sé bhí fón- fón- fón- fón- fón- fón- fón- fón- fón- fón-fón-ta” (Seáinín sé bhí fónta)
Ar sí – de liú – ú-ú-ú-ú-ú-ú-ú!
Wú-ú! Féach an bhean ag silt na ndeor,
Mar gur lámhachadh a mac ar an tsráid agus d’éag
Sé an córas is cúis leis (cúis leis).
Féach an bhean ag silt na ndeor
Chuaigh mé thar bráid, monuar go deo
’Sí a thóg ana-ghleo:
Óó-úú-wú-á, aidhe (á-á), yé, is eol dom (á-á)
Sea is eol, is eol dom: Seáinín ’sé bhí fónta
Sea ar ndóigh, dom is eol: Seáinín sé bhí fónta
Sea ar ndóigh, mm-mm-mm-mm-mm. (Riamh ní dhearna dochar)
Á! Á! Seáinín ’sé bhí fónta
Grá na máthar dá bunóc, ar sí, (Riamh ní dhearna dochar)
Grá é sin nach n-imeodh! (Seáinín ’sé bhí fónta)
Wú-hú-hú-ó, arsa sí os ard – (Riamh ní dhearna dochar)
Ar sí, ó bhó! Ar sí, yé! (Seáinín ’sé bhí fónta)
Grá na máthar dá bunóc
Grá é sin nach n-imeodh! (Riamh ní dhearna dochar)
Ó bhó, bhó! (Seáinín ’sé bhí fónta)
Bob Marley: Rúndiamhair Nádúrtha
Tá rúndiamhair nádúrtha
’Séideadh tríd an aer
Éist leat go cúramach is cloisfidh tú í
An é seo an chéad troimpéad
An é an troimpéad scoir
Beidh a thuilleadh fós ag fulaingt
Is a thuilleadh gheobhaidh bás
Cá bhfios cén fáth
Mar níl cúrsaí mar a bhíodar tráth
Ní bréag ’táim á rá
Caithfidh gach duine aghaidh a thabhairt ar an lá.
Bíodh go lorgaímse freagra
Ar gach ceist atá ag cách
Maith is eol dom féin nach féidir
Breith arís ar shean-lá
Ní bréag a rá
Tá rundiamhair nádúrtha
’Séideadh tríd an aer
Ní fhanfaidh thíos
Éist leat go cúramach is cloisfidh tú í
An rúndiamhair nádúrtha
’Séideadh tríd an aer.
An é seo an chéad troimpéad
An é an troimpéad scoir
Beidh a thuilleadh fós ag fulaingt
Is a thuilleadh gheobhaidh bás
Cá bhfios cén fáth
Tá rúndiamhair nádúrtha
’Séideadh tríd an aer
Ní bréag ’táim á rá
Éist leat go cúramach is cloisfidh tú í
Tá rúndiamhair nádúrtha
’Séideadh tríd an aer
2014-05-14
Bob Marley: Trí Éinín Bheag’
Ná bíodh aon imní ort
Mar beidh gach aon diabhal ní mar is cóir a bheith.
Canaim: Ná bíodh aon imní ort
Mar beidh gach aon diabhal ní mar is cóir a bheith.
Dhúisíos ar maidin
Gáire ar aghaidh na gréin’,
Trí éinín bheag’
Sheas siad sa tairseach
’Canadh go binn
Is do chan siad glan is úr
Á rá, ‘seo í mo theachtaireacht chugat:
’Canadh: Ná bíodh aon imní ort
Mar beidh gach aon diabhal ní mar is cóir a bheith.
’Canadh: Ná bíodh aon, ná bíodh aon imní ort,
Mar beidh gach aon diabhal ní mar is cóir a bheith.
Dhúisíos ar maidin
Gáire ar aghaidh na gréin’,
Trí éinín bheag’
Sheas siad sa tairseach
’Canadh go binn
Is do chan siad glan is úr
Á rá, Seo í mo theachtaireacht chugat:
’Canadh: Ná bíodh aon imní ort, Ó!
Beidh gach aon diabhal ní mar is cóir a bheith. Ná bíodh aon –
Canaim: ‘Ná bíodh aon imní ort’ – Ní bheidh muise!
Mar beidh gach aon diabhal ní mar is cóir a bheith.
’Canadh: Ná bíodh aon imní ort, Ó!
Beidh gach aon diabhal ní mar is cóir a bheith. Ná bíodh aon –
Canaim: ‘Ná bíodh aon imní ort’ – Ní bheidh muise!
Canaim: ‘Ná bíodh aon imní ort’ – Ní bheidh muise!
Mar beidh gach aon diabhal ní mar is cóir a bheith.
Canaim: ‘Ná bíodh aon imní ort, ná bíodh!
Mar beidh gach aon diabhal ní mar is cóir a bheith.
Bob Marley: Rac, a bháibín
Báibín, báibín, go dtí ar ball: (óóó-húú, óóó-húú)
Ó, ’bháibín, ’bháibín, is ná bí mall. Ó, ’bháibín.
Is beidh mé ag do thigh, ceathrú chun a hocht. (óóó-húúú, óóó-húuú)
Ó a bháibín is creid ionam go docht!
Is geallaim duit, beimid ag racáil, ’bháibín, racáil ’bháibín, anocht;
Ag racáil, ’bháibín, racáil, ’bháibín, anocht;
Sea ag racáil, ’bháibín, racáil, ’bháibín, anocht,
’Bháibín, racáil, ’bháibín, racáil, ’bháibín, anocht.
Wó-ó, neá neá-neá, neá neá-neá, neá neá!
Seo ag siúl sinn faoin ngealach lán
Lenár ngrá atá slán.
Ó aidhe aidhe aidhe yé!
Ó, beimidne sona sámh
Saoirse á móramh sa ghrá
Tagaimis le chéile, a bháb anocht
A stóirín, sea muis’ tagaimis le chéile, ’bháibín, anocht
Sea ní mor dúinn teacht le chéile, ’bháb, anocht. Teacht le chéile, ’bháb!
Ní mór dúinn teacht le chéile, anocht!
’Bháibín, go dtí ar ball, an é nach cuimhin leat?
’Bháibín, ’bháibín, is ná bí mall. Is bí in am.
Is beidh mé ag do thigh, ceathrú chun a hocht. Ó, ’bháibín.
’Bháibín, ’bháibín, creid ionam go docht! A- nois.
Táimid dul ag racáil – racáil!
Racáil, ’bháibín, racáil, ’bháibín, anocht.
Seo linn, racáil, ’bháibín, racáil, ’bháibín, anocht.
Táimid chun racáil, ’bháibín, wó! Racáil, ’bháibín, anocht.
Seo linn, racáil, ’bháibín, éé! Racáil, ’bháibín, anocht.
Sea beidh orainn teacht le chéile, ’bháb, anocht
’Bháibín, ’bháibín, wó! Sea ní mór dúinn teacht le chéile, anocht.
Sea ní mór dúinn teacht le chéile, ’bháb, anocht. Siúráilte . . .
Sea ní mor dúinn teacht le chéile,’bháb, anocht. Wó!
Racáil, ’bháibín, racáil, ’bháibín, anocht.
Racáil, ’bháibín, racáil, ’bháibín, anocht
Sinn ag racáil,’bháibín. Racáil, ’bháibín, anocht!
Éé! Racáil, ’bháibín, Ó, ’bháibín! Racáil, ’bháibín, anocht!
Ó! Caithfear teacht le chéile, ’bháb, anocht!
Caithfear teacht le chéile, ’bháb, anocht!
Ó sea caithfear teacht le chéile, ’bháb, anocht.
Caithfear teacht le chéile, ’bháb, Éé! Ó-ó,’bháibín! Anocht!
Ó, bháibín, ’bháibín, go dtí ar ball
Racáil, bháibín, racáil, ’bháibín, anocht
Racáil, ’bháibín racáil, ’bháibín, anocht,
’Bháibín, ’bháibín, is ná bí mall!
Racáil, ’bháibín, racáil, ’bháibín, anocht
Racáil, bháibín, racáil, ’bháibín, anocht! A –nois!
Is beidh mé ag do thigh, ceathrú chun a hocht.
Racáil, ’bháibín racáil, ’bháibín, anocht,
Racáil, ’bháibín racáil, ’bháibín, anocht,
Ó, ’stóirín!
2014-05-13
Bob Marley: Ná Goil, a Bhean Ó
Ná goil, a bhean, ó
Ná goil, a bhean, ó
Ná goil, a bhean, ó
Ná goil, a bhean, ó!
Mar-mar-mar is cuimhin liom nuair a shuímis beirt
Sa chlós rialtais úd in Trenchtown
Na fimínigh á dtabhairt faoi ndeara againn – yé –
Ag meascadh leis na dea-dhaoine ann – yé –
Cairde maithe, ó, cuid acu faoin bhfód
Ó shin, a stór, yé
Sa todhchaí seo ná dearmad an t-am fadó,
Triomaigh deor’ ó inné. Yé.
Ná goil, a bhean, ó
Ná goil, a bhean, ó. Éé , yé!
A stór mo chléibh, ná sil aon deoir
Ná goil, a bhean, ó. Éé.
Sea sea sea is cuimhin liom nuair a shuímis beirt
Sa chlós rialtais úd in Trenchtown, yé
Is lasadh Georgie tine theolaí
Ó sea, connadh a’ dó feadh na hoíche, yé!
Is bhíodh leite bhuí le hithe yé,
Roinninn leat go fial í, yé!
Níl ach cosa agam a ritheann
Agus mar sin ’threabhfaidh mé tríd.
Is mé amuigh –
Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart
Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart
Beidh gach aon ní í gcóir is i gceart, yé
Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart!
Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart –á
Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart!
Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart, yé!
Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart.
Sea, ná, goil a bhean, ó
Ná goil, a bhean, ó
A stór mo chléibh, a stór mo chléibh, ná sil aon deoir,
Ná goil, a bhean, ó. Éé.
Ná goil a – ná goil a – ná goil, a bhean, ó,
Ná goil a bhean, ó,
Seo an curfá duit, a ghrá –
A stór mo – a stóirín ó, led thoil ná sil deoir –
Ná goil a bhean, ó.
Bob Marley: Ar Ball (Soon Come)
Ar ball!
Nuair a chuirim glaoch
Sé deir siad liomsa: ‘Ar ball, ar ball!’
Glaoim ort sa bhaile
Ní maith liomsa crochadh thart
Ná daoine dom bhrú thart
Tá mé mothálach sea tá
Ní maith liom an – ‘Ar ball!’
Glaoim ort ar an bhfón
Sé deir siad liomsa ‘Ar ball, ar ball!’
Glaoim ort is tú sa bhaile
Sé deir siad liomsa: ‘Ar ball, ar ball!’
Ní maith liomsa crochadh thart
Ná daoine dom bhrú thart
Tá mé mothálach, sea tá
Ní maith liom an – ‘Ar ball!’
Glaoim ort is tú sa bhaile
Sé deir siad liomsa: ‘Ar ball, ar ball!’
Glaoim ort is tú sa bhaile
Sé deir siad liomsa: ‘Ar ball, ar ball!’
Ní maith liomsa crochadh thart
Ná daoine dom bhrú thart
Tá mé mothálach, sea tá
Ní maith liom an – ‘Ar ball!’
2014-05-12
Bob Marley: Stop an Traein
Stop an traein: imeoidh mé – inniu!
Stop an traein: imeoidh mé – ar aon nós!
Stop an traein: imeoidh mé. Is dúirt mé
Ní fada ár dtriall más fíor dom nó nach fíor;
Dúirt mé nach fada ár dtriall más fíor dom nó nach fior.
Is is uaigneach mé, sea ón gcliabhán
Ag teagasc mo mhuntire ’s iad tá dall;
Is bíodh gur dheineas-sa a lán
Ní raibh an sonas dom i ndán.
Ní mór dom a rá:
Stop an traein: Imeoidh mé – anois, a stór
Stop an traein: Imeoidh mé – cad tá ’gat le rá!
Stop an traein: Imeoidh mé. Agus dúrt:
Ní fada ár dtriall más fíor dom nó nach fíor;
Dúrt nach fada ár dtriall más fíor dom nó nach fíor.
Téann cuid soir, is cuid acu siar
Cuid acu ’seasamh i leataobh
Cuid acu sách, ach formhór acu is seang
Tá siad chomh tréigthe le fidil gan sreang.
Mar sin, stop í:
Stop an traein: Imeoidh mé – ’meoidh, mm-hh,
Stop an traein: Imeoidh mé – cuma liom!
Stop an traein: Imeoidh mé. Agus dúrt:
Ní fada ár dtriall más fíor dom nó nach fíor;
Dúrt nach fada ár dtriall más fíor dom nó nach fíor.
Stop an traein: Imeoidh mé –’meoidh!
Stop an traein: Imeoidh mé – sin deireadh!
Stop an traein: Imeoidh mé – tá saol níos fearr ann!
Ní fada ár dtriall más fíor dom nó nach fíor;
Dúrt nach fada ár dtriall más fíor dom nó nach fíor.
Bob Marley: Feitheamh gan Chúis
Wait In Vain
Feitheamh gan Chúis
Aon, dó, trí:Ní mian liom feitheamh le do ghrá gan chúis
Ní mian liom feitheamh le do ghrá gan chúis
An chéad uair domsa súil a leagan ort, a stór, sea,
Sé dúirt mo chroí, ‘Níos mó!’
Ach is eol dom nach cloch ar do phaidrín mé
Mothaímse go breá mar sin féin:
Mar sin ná ceap nach bhfuil ionam ach puipéad
Mar is mian liom maireachtáil gan téad.
Ná caith liomsa mar gham, mar amadán
Abair liom cad tá dúinne i ndán, sea.
Ní mian liom feitheamh le do ghrá gan chúis
Ní mian liom feitheamh le do ghrá gan chúis
Ní mian liom feitheamh le do ghrá gan chúis
Má tá samhradh abhus
Táimse ag feitheamh thall
An geimhreadh ‘bhus
Is mise ag feitheamh thall.
Mar a dúrt:
Táim trí bliana anois ag cnagadh nó níos mó
Is tá cnagadh ionam fós:
Ú, ‘stór, Ú, ‘stór, an dtarlóidh sé?
Cad tá le déanamh, an gcnagfaidh mé níos mó?
Ar ndóigh, an saol seo tá sé lán de chrá
Ach is faoiseamh é do ghrá:
Deor’ im shúil’ á ndó – deor’ im shúil’ á ndó
Mé ag feitheamh – is ag feitheamh sea níos mó,
Féach!
Ní mian liom feitheamh le do ghrá gan chúis
Ní mian liom feitheamh le do ghrá gan chúis
Ní mian liom feitheamh le do ghrá gan chúis
Ní mian liom feitheamh le do ghrá gan chúis
Ní mian liom feitheamh le do ghrá gan chúis, Ó!
Is ní mian liom – is ní mian liom – is ní mian liom – is ní mian liom –
Ní mian liom feitheamh gan chúis.
Is ní mian liom – is ní mian liom – is ní mian liom – is ní mian liom –
Ní mian liom feitheamh gan chúis
Sea, sea ní mian liom, sea ní mian liom, sea ní mian liom, sea ní mian liom
Sea, ní mian liom – ní mian liom feitheamh gan chúis
Sea ní, sea ní, sea ní mian liom, sea ní mian liom, Sea ní mian liom –sea ní mian liom –ní mian liom feitheamh gan chúis
Sea sea sea ní, sea ní, sea ní mian liom – sea ní mian liom – sea ní mian liom –
Sea ní mian liom – ní mian liom feitheamh gan chúis
Le do ghrá is leis sin amháin, sea ní mian liom, sea ní mian liom –
Sea ní mian liom, sea ní mian liom – ní mian liom feitheamh gan chúis
Sé mo ghrá a chuir ruaig ort
Le grá Jah mé ag feitheamh seal, sea ní mian liom, sea ní mian liom
Sea ní mian liom – sea ní mian liom – ní mian liom feitheamh gan chúis:
Sé mo ghrá a chuir ruaig ort.
2014-05-11
Bob Marley, ar lean
Seans go bhfuil an leabhar Bob Marley: Herald of a Postcolonial World le Jason Toynbee (Polity Press, 2007) spéisiúil go maith. Is maith liom an teideal. Níl léite de agamsa ach an méid a ligeann Google dúinn a léamh ar líne. An cuid den Bhablóin é Google? Theastaigh ó Bhob Marley (1945-1981) go gcuirfí deireadh leis an mBablóin. (Ní hé seo an áit chun an bhrí a bhain sé as an téarma áirithe sin a mhíniú ach ‘domhan an chaipitleachais’ is brí leis am mBablóin go hachomair. Déan do chuid taighde féin, más maith leat, faoi na cúrsaí sin. Mar shampla Bob Marley agus na cúiseanna ar theastaigh ón CIA é a fheallmharú etc etc). Ní hin is cás linn anseo ach roinnt dá chuid amhrán a fhoilsiú i nGaeilge, ar an mblag seo, agus beagán a rá faoin gceoltóir reggae is mó a bhí riamh ann.
Deirtear gur thiomáin sé BMW ní chun a léiriú don domhan mór cé chomh saibhir is a bhí buachaill seo an gheiteo anois ach toisc gur sheas BMW do Bob Marley and the Wailers! Is maith liom an scéal sin. Ach cén fáth ‘the Wailers?’ Mar go raibh dream sa Bhíobla ag caoineadh ar son na saoirse. Is beag ó thaobh meoin is stíle de, dáiríre, idir na línte seo as Irimia sa Bhíobla agus liricí Bhob Marley:
Sea, tá an caoineadh le clos as Sión:
“Cé mar atáimid sladta!
Cé mar atáimid náirithe go deo!”
Gníomhaí teanga ab ea é, leis, ina shlí féin. Bhí smeadar maith de Bhéarla na Banríona aige ach is pidsean a labhair sé agus a chan sé den chuid is mó. Ní bheadh Béarla na Banríona, teanga impiriúil, ag teacht leis an bhfealsúnacht Phan-Afracach a bhí aige. (Cuireadh breis is milliún Afracach go hIamáice chun sclábhaíocht a dhéanamh ar na feirmeacha siúcra ann). B’ionann úsáid an phidsin agus a bheith dílis dá dhúchas agus seasamh in aghaidh an aonchineálachais chultúrtha a chuireann an domhandú chun cinn.
Bhí filí ag scríobh sa ‘patwa’ (patois) mar a thugann siad air, Louise Bennett-Coverly, abair, agus bhíodar tamall fada gan aitheantas ceart a fháil ón mbuannaíocht nach raibh an saghas sin cainte uathu:
Wat a joyful news, Miss Mattie
I feel like me heart gwine burs
Jamaica people colonizin
Englan in reverse.
By de hundred, by de tousan
From country and from town,
By de ship-load, by de plane-load
Jamaica is Englan boun.
Dem a pour out a Jamaica
Everybody future plan
Is fe get a big-time job
An settle in de mother lan.
What a islan! What a people!
Man an woman, old an young
Jus a pack dem bag an baggage
An tun history upside dung!
(Agus mar sin de)
Marley, an Rastaféarach, ardsagart na gluaiseachta sin agus féar nó ‘kaya’ (raithneach) mar naomh-shacraimint aige. Marley, an
t-aislingeach a thug faoin domhan ar fad a aontú trí mheán an cheoil. Marley, veigeatórach, fáidh, chomh mór le fáidh ar bith as an mBíobla, Irimia san áireamh.
Live at the Rainbow, London, 1977 an físeán a roghnaigh an New York Times dá chapsúl ama a osclófar i gceann míle bliain:
‘Aondomhan, aonghrá’ an soiscéal a bhí aige. Amhrán an Chéid ab ea One Love dar le Time Magazine (sa bhliain 2000) agus Amhrán na Mílaoise ab ea é dar leis an mBBC.
An ‘aon domhan’ a bheidh ann i gceann míle bliain? An mbeidh éinne ann chun an capsúl ama a oscailt? Géillimse do shoiscéal sin Bhob Marley. Níl mórán spéise agam i mionghnéithe an chreidimh aige, ar ndóigh. Ní chreidim gur Dia ab ea a Mhórgacht Haile Selassie na hAetóipe, cuir i gcás, ach amháin sa mhéid gur déithe sinn go léir, ar deoraíocht.
Ba é an chéad phoplaoch é ón Tríú Domhan agus thug sé uchtach do phobail ar fud na cruinne a raibh lóchrann sa dorchadas uathu. Go dtí an lá inniu, coinníonn Bundúchasaigh na hAstráile lóchrann beannaithe ar lasadh dó. (Níor de shliocht na ndaor Afracach é athair Marley, dála an scéil, ach duine den chine ceal).
Nuair a bhí an ailse á ídiú, d’impigh sé ar Jah (Dia) deireadh a chur lena fhulaingt. Thosaigh a bhean ag canadh dó. Thosaigh sí ag caoineadh ansin. ‘Ná caoin,’ ar sé, ‘lean ort ag canadh.’
Arbh é an féar ba thrúig bháis dó? Is dóigh leis an Rastaféarach go molann an Bíobla dúinn féar, nó ganja, a chaitheamh, nó a ithe, agus is chun ‘na ciníocha a leigheas’ é (Apacailipsis Eoin, 22.2). Níor leigheasadh go fóill iad. Bímis ag feitheamh!
Ar an lá seo 11 Bealtaine
2014-02-06
Ar an lá seo, 6 Feabhra,
Ar an lá seo, 6 Feabhra, 1945, rugadh Bob Marley.
Ná Goil, a Bhean Ó
No Woman No Cry
Ná goil, a bhean, ó
Ná goil, a bhean, ó
Ná goil, a bhean, ó
Ná goil, a bhean, ó!
Mar-mar-mar is cuimhin liom nuair a shuímis beirt
Sa chlós rialtais úd in Trenchtown
Na fimínigh á dtabhairt faoi ndeara againn – yé –
Ag meascadh leis na dea-dhaoine ann – yé –
Cairde maithe, ó, cuid acu faoin bhfód
Ó shin, a stór, yé
Sa todhchaí seo ná dearmad an t-am fadó,
Triomaigh deoir’ ó inné. Yé.
Ná goil, a bhean, ó
Ná goil, a bhean, ó. Éé , yé!
A stór mo chléibh, ná sil aon deoir
Ná goil, a bhean, ó. Éé.
Sea sea sea is cuimhin liom nuair a shuímis beirt
Sa chlós rialtais úd in Trenchtown, yé
Is lasadh Georgie tine theolaí
Ó sea, connadh a’ dó feadh na hoíche, yé!
Is bhíodh leite bhuí le hithe yé,
Roinninn leat go fial í, yé!
Níl ach cosa agam a ritheann
Agus mar sin ’threabhfaidh mé tríd.
Is mé amuigh –
Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart
Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart
Beidh gach aon ní í gcóir is i gceart, yé
Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart!
Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart –á
Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart!
Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart, yé!
Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart.
Sea, ná, goil a bhean, ó
Ná goil, a bhean, ó
A stór mo chléibh, a stór mo chléibh, ná sil aon deoir,
Ná goil, a bhean, ó. Éé.
Ná goil a – ná goil a – ná goil, a bhean, ó,
Ná goil a bhean, ó,
Seo an curfá duit, a ghrá –
A stór mo – a stóirín ó, led thoil ná sil deoir –
Ná goil a bhean, ó.
Abonnieren
Posts (Atom)



