An fiú Bob Marley a aistriú go Gaeilge? Ceist mhaith. Cad is fiú rud ar bith a aistriú go Gaeilge an freagra atá air sin. An bhfuil teachtaireacht ag Marley dúinn? Tá. Sa chéad amhrán anseo, deir sé ‘Éirigh, Seas Suas!’ Tá sé ráite ansin aige!  
Éirigh, Seas Suas
Éirigh, seas suas: seas ar son na gceart 
Éirigh, seas suas: seas ar son na gceart 
Éirigh, seas suas: seas ar son na gceart 
Éirigh, seas suas: is ná caill do neart! 
 
’Phraetsálaí, ná habair 
Gur thíos faoin gcré atá neamh. 
Tuigim nach eol duit 
Nach bhfuil an saol seo leamh. 
Tá i bhfad níos mó ann ná ór 
Leath an scéil seo níor insíodh é fós: 
’Nois déanfaidh tú an beart, ééé! 
Seas ar son na gceart. Seo leat! 
 
Éirigh, seas suas: seas ar son na gceart 
Éirigh, seas suas: is ná caill do neart 
Éirigh, seas suas: seas ar son na gceart 
Éirigh, seas suas: is ná caill do neart. 
 
Creideann a lán 
Go dtiocfaidh Dia anuas 
Fágfaidh sé sinn gan bhuairt 
Gan aon bhrón, gan chorrabhuais. 
Ach más eol duit nach bhfuil sé leamh 
Ar an saol seo gheobhaidh tú neamh: 
’Nois déanfaidh tú an beart, 
Seas suas ar son na gceart. Jah. 
 
Éirigh, seas suas! (Jah, Jah!) 
Seas ar son na gceart! (Ó-Úúú!) 
Éirigh, seas suas! (Éirigh, seas suas!)  
Is ná caill do neart! (A Dhia na bhFeart!) 
Seas ar son na gceart! (A Thiarna!) 
Éirigh, seas suas! (Múscail do mhisneach!) 
Is ná caill do neart! (Yé!) 
 
 
Táimid bailithe bréan den chluiche seo, tá – 
Fáil bháis is dul ar neamh in ainm Íosa, Jah. 
Tuigimidne an rud ceart – 
Is duine beo é Dia na bhFeart! 
Uaireanta bíonn an dubh ina gheal 
Ach ní mhaireann an dallamullóg ach seal. 
Anois ná caill do neart (Cad a dhéanfaidh sibh?) 
Táimid chun seasamh ’son na gceart! (Yé, yé, yé) 
 
 
Éist liom mar sin: 
Éirigh, seas suas! (Teacht na maidine! Dein an beart!) 
Seas ar son na gceart! (Seas ar son ár gceart!) 
Éirigh, seas suas! 
Is ná caill do neart! (A Dhia na bhFeart, ná caill do neart!) 
Éirigh, seas suas! (Éirigh, seas suas!) 
Seas ar son na gceart! (Éirigh, seas suas) 
Éirigh, seas suas! ( . . .) 
Is ná caill do neart! (Éirigh, seas suas!) 
Éirigh, seas suas! (. . .) 
Seas ar son na gceart! 
Éirigh, seas suas! 
Is ná caill do neart . . . 
 
 
 |