Ní chloistear mórán in Éirinn faoi Harry Hooton. Chun na firinne a rá, níl fhios agam ar chuala mé riamh á lua é. File Astrálach ab ea é a bhí chomh bocht sin nárbh acmhainn leis an ribín ar a chlóscríobhán a athrú sách minic. Samhlaigh a bheith ag scríobh dáin agus an cló chomh tréigthe sin nach bhfuil a fhios agat cad atá scríofa agat! Níl a fhios agat cad atá á scríobh agat, arsa a naimhde leis.
Bhí a thuairimí láidre féin aige. (Bhí gan dabht agus a fhios aige go raibh an-chuid daoine ann nach raibh tuairim faoin spéir acu, faoi rud ar bith – tuairimí daoine eile a bhí acu). Thaitin Wilde agus Whitman go mór leis. Drochmheas a bhí aige ar Joyce, rud a chuir olc ar na hollúna ollscoile a raibh Joyce á theagasc acu! Arsa Hooton ina dtaobh,
‘Má tá smaoineamh nua éagoiteann ag duine lasmuigh den ollscoil, is cancrán é; smaoineamh nua éagoiteann ag duine laistigh den ollscoil, míorúilt a bheadh ann.’
Féach ar na filí Astrálacha go léir atá liostaithe ag an Australian Poetry Library. Níl ár gcara ann. An fiú gearán a dhéanamh?