2014-05-25

Ar an lá seo 25 Bealtaine

Ar an lá seo 25 Bealtaine, 1803, rugadh Ralph Waldo Emerson:
“Teanga is ea an Dúlra agus focal nua is ea gach fíric nua a fhoghlaimítear … Is mian liom an teanga seo a fhoghlaim, ní chun eolas a chur ar ghramadach nua ach chun go léifinn an leabhar mór atá scríofa sa teanga sin.”

“A bhfuil romhat is i do dhiaidh, ní faic é i gcomparáid lena bhfuil istigh ionat.”

“Nuair a bhíonn sé sách dorcha, is féidir na réaltaí a fheiceáil.”

“Déan do Bhíobla féin. Roghnaigh is bailigh na focail is na habairtí go léir a léigh tú is a bhí mar bhlosc stoic dar leat.”

“Is fuirist tuairim an tsaoil a leanúint i lár an tsaoil; is fuirist do thuairim féin a leanúint san iargúil; an té a choinníonn neamhspleáchas na hiargúlach go binn i lár an tslua, eisean an duine mór.”

“Aistear is ea an domhan seachas ceann scríbe.”

“Bí buíoch as gach aon rud maith a thagann i do threo agus cothaigh mar nós é – a bheith buíoch an t-am ar fad. Agus sa mhéid go bhfuil gach aon ní tar éis cur le do dhul chun cinn, bí buíoch as an uile ní.”

“Bhí gach aon ealaíontóir ina amaitéarach uair amháin.”

“Mura dtabharfaidh tú faoi rud nach bhfuil máistreacht cheana agat air, ní fhásfaidh tú.”

“Uaireanta is fearr scread ná tráchtas.”

“Breac síos ar do chroí –
Gach aon lá an lá is fearr sa bhliain.
Nach méanar don té ar leis an lá, is ní le héinne é an lá
Má tá sé lán de bhuairt is crá.”

“An aigne a bhfairsingíonn smaoineamh nua í, ní fhilleann riamh ar na seantoisí aici.”

“Tá léitheoireacht chruthaitheach ann chomh maith le scríbhneoireacht chruthaitheach.”

“Bímis ciúin d’fhonn cogar Dé a chlos.”

“Sainchoimhartha na gaoise i gcónaí is ea an mhíorúilt a aithint sa choitiantacht.”

“Scaip an séan!”

“De réir mar a théimid in aois, téaltaíonn an áilleacht isteach ionainn.”