Mar is eol go forleathan, tá fógra faighte ag FEASTA go mbeidh deireadh leis an deontas a fhaigheann an iris ó Fhoras na Gaeilge ar an 30 Meitheamh 2014.
Tugann Foras na Gaeilge iris eagraíochta ar FEASTA. Diúltaíonn FEASTA don lipéad sin. Ní nuachtlitir eagraíochta an iris seo: ‘Ní gá gurb ionann na tuairimí a nochtar in aon áit san iris seo agus tuairimí Chonradh na Gaeilge’ ár mana, agus ó 1948 anall tá FEASTA ag feidhmiú go leanúnach mar reiviú smaointeachais.
Ar ndóigh, mar reiviú den smaointeachas Éireannach, tá sé mar aidhm ag Feasta, mar a bhí ag an gConradh riamh, an Ghaeilge a choimeád á labhairt in Éirinn agus an litríocht a chothú inti. Iompaíonn FEASTA an saol ina shaol Gaeilge, oiread agus a bhfuil san ar a chumas mar iris, ar mhaithe le léitheoirí agus scríbhneoirí na teanga.
Níl brabús le déanamh ar litríocht, filíocht ná gearrscéalaíocht a chur i gcló ach ar ócáid annamh. Dá ainneoin sin, gnó riachtanach is ea cothú na litríochta in aon sibhialtacht gur fiú sibhialtacht a thabhairt uirthi.
Éiríonn ceist an dtuigeann Foras na Gaeilge go bhfuil a leithéid de dhualgas gnó air mar institiúid, mar phátrún Gaeilge, de chuid an stáit? Nó ar chóir go mbeadh aon bhaint ag an bhForas leis an soláthar a dheineann an stát d’iris mar seo? Ní béarlagair atá uainn: ‘reading is migrating on line’, ‘scheme for a lifestyle magazine-type on-line publication’ agus araile.
Ar eagla aon mhíthuisceana, níl locht ag FEASTA ar a bheith ar fáil ar líne. Bíonn 8,000 - 10,000 focal den ábhar as Feasta ar fáil ag www.feasta.ie go rialta, cheana féin, mar is eol don bhForas, mar áis dár léitheoirí, mar phoiblíocht dár scríbhneoirí, mar theagmháil le cairde na Gaeilge thar lear agus mar bhunachar do lucht ollscoile.
Is amhlaidh nach dtaitníonn ‘fís’ an Fhorais linne: an saol a iompó ina ‘ghearróg’ ar líne, a cheapfá. Is buille trom é ar léamh agus scríobh agus cothú na Gaeilge agus na litríochta Gaeilge. Ní féidir nach eol d’aon duine tuisceanach é sin. Focal a thaitníonn leis an bhForas is ea ‘comhthéacs’. Sea, seo comhthéacs: má chuirtear deireadh le scata beag irisí i dteanga a labhraíonn billiún daoine, ní faic é. Má chuirtear deireadh le scata beag irisí i dteanga teanntaithe, faoi bhrú leanúnach, mar atá an Ghaeilge, is tubaist é.
Leanfaidh FEASTA de bheith ag cur ardán ar fáil go leanúnach, ámh, do ghearrscéalaíocht na Gaeilge, d’fhilíocht na Gaeilge, agus don léirmheastóireacht agus don phoiblíocht ar leabhair Ghaeilge — d’aigne na Gaeilge. B’in ár ngnó sularbh ann don bhForas.
Éagsúlacht seachas aoinghnéitheacht atá uainn. Tá irisí staire, seandálaíochta agus ealaíne as Béarla ar fud na tíre, cuir i gcás, a fhaigheann tacaíocht ó fhoinse éigin sa chóras stáit. Níl éinne ag rá gur chóir a gcuid ábhar a bheith ar líne amháin, nó ag bagairt báis orthusan? Saoirse na héagsúlachta atá ó phobal na Gaeilge chomh maith, agus óna scríbhneoirí cruthaitheacha. Is cóir a bheith i dtaithí ar na forbairtí teicneolaíochta is déanaí, gan dabht: agus b’fhiú don bhForas luí isteach go rábach ar chumas phobal na teanga sa teicneolaíocht sin a éascú, seachas a bheith ag cur isteach ar an bpobal céanna lena gcuid físeanna easnamhacha don léitheoireacht. Ní hionann blúiríní ar líne agus leabhar nó alt téagartha ar iris chlóite a léamh!
Chabhródh roinnt síntiús gan dabht – agus beidh FEASTA ann i Meitheamh 2015 má fhaightear lántacaíocht lucht na Gaeilge tríd an iris a cheannach.
An bhfuil 100 síntiúsóir breise ann a chuirfidh táille Bliana €75 go dtí :
Bainisteoir Feasta,
Donnchadh Ó hAodha,
Cúil Aodha,
Maigh Chromtha,
Co. Chorcaí.
Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir, 26 Bealtaine 2014