Posts mit dem Label Dileep Jhaveri werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Dileep Jhaveri werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2019-09-19

Dán leis an bhfile Gúisearáitise Dileep Jhaveri

ABHATÁR


Crainn na ndearg-bhréag,
duilleoga lasracha,
bláthanna luaithe.
Treoraigh mé, duine éigin, as an bhforaois seo.

Táim ar fán de shíor,
cúpla focal tais á iompar agam,
im’ bhacach ar chonair cheoch,
mo chosa gearrtha
ag soithí meirgeacha, tíleanna briste, béilí leath-chócaráilte,
giobal, scréachacha gan dídean, cnámha briste,
colainneacha cromtha a iompaíonn ina gclocha má leagtar lámh orthu.

Mé ar fán gach lá
im’ thaibhse dhom as am briotach éigin
nó dia dorcha anaithnid éigin
nach féidir a shásamh, stiúgtha,
nach n-aithníonn é féin
grian chaillte
nó an bás.
Treoraigh mé,
duine éigin
ó na coillte seo
de scátháin scoilte othrasacha púscacha loiscneacha
amach as an bhforaois seo.

Dileep Jhaveri

2017-07-10

Mo Gháire

Tá mo gháire caillte agam
     N’fheadar cén áit.


Chuireadh mo gháire mé ag doirteadh caife orm féin
Thosnaínn ag sraothartach, seile á spraeáil agam, deora
liom is strainc orm
Dhíríodh mo gháire orm
daoine ag stánadh orm go fiosrach ón slua
Bhí sé tógálach, fiú ar an nguthán
Gan cúis ar bith thagadh sé chugam de ruathar
is mé a bhaint as mo sheasamh
mar a bheadh gaoth ag bogadh os cionn bláthanna féir
nó mhoillíodh go suaimhneach ar nós sholas na gréine
i mí na Nollag ar phánaí fuinneoige.

Conas a chuirfinn síos air?
Coinín i dtor?
Féileacán os comhair scátháin?
Srutháinín ag rith thar phúróga?
Gráinní gainimh ag glioscarnach i ndiaidh tonnáin tráite?
Deilfeanna ag princeam?
Lonrú an arbhair scilte?
Braonta báistí? Réaltaí?

An gorméan a bhí ann?
eascann leictreach?
scornlus?
arietta?
splanc neoin?
páirc feileastram?
criosantamam?
astaróideach?
siorcón?
braon dúigh?
siosarnach páipéir?
script folaigh?

Ar cheil an sneachta é?
Ar bascadh faoi ghluaisteáin ar luas tríd an ngreallach é?
Ar stop comharthaí é?
Ar scanraigh bitseach é is an oíche ina dúiseacht aici?
Ar chuir fia-chailleach i gcás é?
Ar chuir an clog ina thost é?

Cá raghainn sa tóir ar mo gháire caillte
anois nuair atá bodhaire is daille is pairilis
sa mhullach orm?
Níl ionam ach anáil thais
carn cnámh i ngeimhle
gearradh domhain gan fuil
neascóid gan phian
fréamh gan ghas
macalla gan liú

An lá ag dul ó léas is níl na lampaí sráide lasta
abair liom, duine éigin!
An nochtfaidh an chamhaoir é nuair a bháfar an ceo?
An taibhreamh a bhí ann? An bhfuilim im’ dhúiseacht anois?
An foláireamh a bhí ann? An bhfuilim slán anois?
An gealtacht a bhí ann? An slán dom anois?

Dileep Jhaveri

My Laughter

I have lost my laughter
     I do not know where

Laughter used to make coffee spill over my lap
I would start sneezing and spray spit – with tears streaming from screwed up eyes
It used to point at me
quizzical faces from the crowd would stare at me
It was infectious even on the telephone
Without any reason it used to come rushing
and joggle me
like wind moving over grass flowers
Languidly it used to linger
like December sunlight over windowpanes

How can I describe it?
A rabbit in the bush?
A butterfly before a mirror?
A streamlet leaping over pebbles?
Glistening sand grains after a wave ripples away?
Gamboling dolphins?
Corn gleaming beneath shucks?
Raindrops? Stars?

Was it a bluebird?
an electric eel?
a bellflower?
an arietta?
a neon spark?
an iris park?
a chrysanthemum?
an asteroid?
a zircon?
an ink drop?
a rustling paper?
an invisible script?

Did the snow bury it?
Did cars speeding in the slush crush it?
Did signals halt it?
Did the bitch keeping awake the whole night frighten it?
Did a witch encage it?
Did the clock silence it?

Where will I search for my lost laughter,
now when deafness and blindness and paralysis
have piled on me?
I am merely a moist breath
a heap of shackled bones
a laceration without blood
abscess without pain
root without stem
echo without a cry

Daylight is gone and street lamps unlit
tell me, someone!
Will it emerge at dawn after mist drowns at dusk?
Was it a dream? Am I awake now?
Was it a warning? Am I safe now?
Was it madness? Am I cured now?

Dileep Jhaveri [Trans. Bill Wolak]

 

2014-03-08

Gujarati anthology, e-book NOW AVAILABLE AR FÁIL ANOIS

Ar fáil ó/Available from: Kobo Books

Díolaim shuaithinseach de nuafhilíocht na Gúisearáitise a thiomsaigh an file Dileep Jhaveri. An t-eagrán Gaeilge seo in eagar ag Micheál Ó hAodha i gcomhar le Gabriel Rosenstock.

Emblazoned with a breathtaking cover by Gulam Mohammed Sheikh, this scintillating anthology of contemporary Gujarati poetry gleaned by poet Dileep Jhaveri now finds a distant home in this volume of Irish-language translations, by various hands, edited by Mícheál Ó hAodha

2014-01-02

Ag teacht go luath: Briathar Á Dhéanamh As Anáil

Briathar Á Dhéanamh As Anáil
Filíocht Chomhaimseartha na Gúisearáitise

 
 
In Eagar Ag Dileep Jhaveri

An tEagrán Gaeilge in eagar ag Mícheál Ó hAodha
i gcomhar le Gabriel Rosenstock

2012-11-08

Dileep Jhaveri: Do Picasso

Múin dom conas filíocht a scríobh

Le líne dhíreach
amháin conas focal
a oscailt
agus saoirse a thabhairt d’ilbhríonna draíochta
atá trinsithe i gcóid righne
is scaoil lastall den am iad

Léirigh dom an difríocht atá idir báine
agus báine chun go n-athróinn
ó anáil go hanáil
nocht an aontacht dom atá i mbándearg agus i ngorm
i dtreo is go mbogfainn ón mbeatha go dtí an solas
oil mé chun breathnú ar neamhní
mar a dhéanfadh éan nó iasc istoíche nó isló
léim ón nóiméad seo chun na síoraíochta
chun go gcuirfinn síos ar shúile an leannáin is a ndath

Mínigh dom conas a dhéantar den chré is den duilleog
seomra dorcha agus lampa is conas
a shleamhnaíonn an tost síos an staighre le bheith ina fhís
conas a dhéantar nocht de bhean
trí ligean do dhathanna i ndiaidh dathanna titim ina meallta
is ina bpaistí agus seo chugainn anois í agus ceol á timpeallú

Beir leat mé go dtí an áit sin ina ndéantar broinn
den tonn agus úll den bhriathar
agus iad curtha ina aice a chéile ar an mbord
treoraigh chun na foraoise mé ina bhfuil fuinneoga briste trína
bhféachann mná mealltacha ar nós 
buillí ar an druma nó naoimh ag guí

Lem dhá chluas bíodh teagmháil agam
le fuaimeanna agus go mblaise mo dhá shúil
fuil íobartha
lig dom scréacha a bholú

Trí do chailéideascóp lonrach
lig do mo chuid litreacha súnás, bás agus
an tsíoraíocht a fheiscint agus iad leata cheana féin
ar an bpár bán

Dileep Jhaveri, File as Mumbai
Leabhar dá chuid filíochta, aistrithe ag Gabriel Rosenstock, le foilsiú i 2013