2020-06-30

Haiku in Aimsir na Paindéime ag Freagairt do Ghearrthacha Líonóile le Peeter Allik

Cóivid -19
an inchinn
á ní
an eol duit
foinse
gach galair?


ciúnas
aimsir na paindéime...
frog ag grágaíl
i lár na paindéime
fógraítear comhrialtas nua
in Éirinn


comhairle ón rialtas:
nigh do lámha
nigh do lámha
umhlaímis di!
banríon darb ainm
an eolaíocht

comhairle on rialtas nua
caith masc
i gcónaí
fógra tábhachtach ón rialtas:
tá gach rud
ag dul i bhfeabhas


Ealaíontóir Eastónach ab ea Peeter Allik (Meitheamh 28, 1966 – Nollaig 31, 2019)

2020-06-29

Nasrúidín

Seanmóin

Lá amháin, iarradh ar an Mullá Nasrúidín seanmóir a thabhairt. In airde leis ar an bpuilpid agus d’fhiafraigh de na fíréin, ‘An bhfuil a fhios agaibh cad atáim chun a rá libh?’ ‘Níl,’ arsa na fíréin. ‘Bhuel,’ arsa Nasrúidin, ‘níl aon fhonn ormsa labhairt le daoine nach bhfuil a fhios acu cad faoi a bheidh mé ag caint,’ agus bhailigh sé leis.

Bhí leathnáire ar an bpobal. Ghlaodar ar ais air an lá dár gcionn. Chuir sé an cheist chéanna orthu. ‘An bhfuil a fhios agaibh, etc  . . .’ ‘Tá!’ arsa an pobal.     ‘Bhuel,’ arsa Nasrúidín, ‘má tá a fhios agaibh cheana féin, ní chuirfidh mise mo chuid ama amú anseo!’ agus d’imigh sé.

Bhí an pobal suaite. Thug siad cuireadh dó teacht arís an tseachtain dár gcionn. Tháinig sé agus chuir sé an cheist chéanna arís orthu:

‘An bhfuil a fhios agaibh, etc  . . .?’

Bhí an pobal ullamh an uair seo. ‘Tá!’ arsa a leath acu. ‘Níl!’ arsa an leath eile.

Arsa an Mullá Nasrúidín leo: ‘Ligimis don dream a bhfuil a fhios acu é a insint don dream nach bhfuil!’ agus as go brách leis. 

Glasraí

Chuaigh an Mullá Nasrúidín isteach i ngairdín uair amháin.Phioc sé roinnt cairéad agus cúpla tornapa agus sháigh isteach i sac iad. Bhí an obair sin tugtha faoi deara ag an ngarraíodóir, áfach.

‘Cad sa diabhal atá ar siúl agatsa?’ ar seisean leis an Mullá.

‘Bhuel,’ arsa an Mullá, agus é ag smaoineamh as a sheasamh, ’bhí gaoth láidir ag séideadh le cúpla lá anuas agus scuabadh isteach sa ghairdín seo mé.’

‘Ach cé a stoith na glasraí?’

‘Cé a stoith na - ? Ó sea. Bhí an ghaoth do mo chaitheamh thall is abhus agus b’éigean dom greim a choimeád ar chúpla glasra, an dtuigeann tú, nó bheinn scuabtha ag an ngaoth ar nós eitleoige.’

‘Tuigim,’ arsa an garraíodóir, ‘ach cé a sháigh isteach sa sac iad?’

‘Cé a sháigh isteach sa -? Ó sea, an cheist chéanna a bhí ag déanamh scime dhom féin nuair a tháinig tú ar an láthair.’

Cearca

Lá amháin, i mBéalgrád, thug scata ógánach an Mullá Nasrúidín leo go dtí an folcadán. Bhí roinnt uibheacha i bhfolach acu. Nuair a bhíodar go léir istigh sa tigh allais, bhaineadar a gcuid éadaigh, isteach leo, shuíodar ar an mbinse, agus arsa duine acu ansin, ‘Cé atá in ann ubh a bhreith? An té nach bhfuil in ann ubh a bhreith, íocfaidh sé as an bhfolcadán.’

Leis sin, bhí raic an-mhór san áit agus na buachaillí ag grágaíl ar nós an diabhail. Níorbh fhada go raibh ubh an duine acu. Díreach ansin, scairt an Mullá Nasrúidín:’Coc-a-dúdal-dú!’

‘Cad atá ortsa?’ arsa na buachaillí.

‘San áit a mbíonn cearca bíonn coileach,’ ar seisean.

Bacach bocht

Tugadh ruainne aráin do bhacach lá, ach faic ina theannta. Bhí sé ag súil go gceannódh sé subh nó rud éigin blasta le cur air agus chuaigh ag lorg déirce sa tábhairne áitiúil.

Chuir fear an tábhairne an ruaig air. Shleamhnaigh an bacach isteach arís ar ball agus chonaic sé anraith á chócaráil sa chistin. Chuir sé an blúire aráin os cionn an phota chun go bhfágfadh an ghal blas éigin ar an arán.

Nocht fear an tábhairne, rug air agus chuir gadaíocht ina leith.

‘Níor ghoideas-sa faic,’ arsa an bacach, ‘ní raibh ansin ach an ghal ón súp, gal a bhí ag dul amú ar aon chaoi. Ní bhfuaireas ach an boladh, sin uile.’

‘Beidh ort íoc as an mboladh mar sin,’ arsa fear an tábhairne.

Ní raibh pingin rua ag an mbacach bocht ar ndóigh.

Tugadh os comhair na cúirte é. Bhí an giúistís ar saoire iascaireachta agus an Mullá Nasrúidín ag seasamh isteach ina áit.

‘Cás aisteach,’ arsa an Mullá leis an tábhairneoir. ‘Tá íocaíocht uait as boladh an anraith?’

‘Tá, a Mhullá!’

‘Íocfaidh mise as,’ arsa an Mulla Nasrúidin, ‘íocfaidh mé as boladh an anraith le fuaim an airgid.’

Tharraing sé amach cúpla bonn airgid as a phóca agus bhain clingeadh astu. Sháigh sé an t-airgead ar ais ina phóca ansin agus d’ordaigh go gcaithfí an tábhairneoir agus an bacach amach as seomra na cúirte.


Léigh tuilleadh:

2020-06-28

Onitsura





gabh i leith
gabh i leith, a deirim...
ach imíonn na lampróga leo

2020-06-27

Ahmed Morsi: Oud (Lute)

"Oud (Lute)"
Acrylic on canvas
200 x 155 cm
New York City - 1985
a shearc, mo chuid laoithe duit
is gaotha ar fán iad
a chan Munir Niazi
    gaotha cumhra ar fud na cruinne
    is gan áit a n-éagtha acu
beloved, my songs
for You are stray winds
spoken of by Munir Niazi
    perfumed winds that roam the earth
    and nowhere to die

2020-06-26

Smaoineamh an Lae



Léim isteach i dtine an fhéinfhollasaithe. Ní tine í a dhófaidh tú; dófar gach rud eile nach tusa é. 

MOOJI

2020-06-25

Múrmhaisiú & Haiku / The Mural and the Haiku

Annette,
The People’s Gallery,
Rossville Street,
Bogside, Derry
Annette!
a fhéileacáinín...
chuir piléar stop le d’eitilt
Annette!
little butterfly...
stopped in your flight by a bullet
Annette!
leptirić...
zaustavljena u svom letu metkom

Helena Peričić a thiontaigh go Cróitis

2020-06-24

Cósta Thuaidh na hÍoslainne

Ron Rosenstock
arís inniu...
nótaí duairce
ón éanlaith nach bhfeictear
today again...
sad notes
from invisible birds
σήμερα πάλι...
θλιμμένες νότες
από αόρατα πουλιά

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2020-06-23

Aimsigh Ionat Féin É

Cló an Leabhair Dhiaga
níl ann ach tú féin amháin

Scáthán Áilleacht an Rí
níl ann ach tú féin amháin

Níl aon ní ar domhan
lasmuigh díot féin

Pé ní atá á lorg agat
aimseoidh tú ionat féin é

Baba Afzal Kashani

2020-06-22

2020-06-21

Paidir

Nár lige dia


go n-éireoidh liom.
          

                      Mharódh sé m'aigne.

Is é a bheadh ann
           mionbhás
           is ansin scriosfaí

ar fad mé. Má éiríonn liom

                                 tabharfaidh mé aghaidh air. Ligfidh mé dó

dul tharam

                       os mo chionn agus tríom.

 Agus nuair a bheidh sé curtha
                       díom
                                                agam, iompód ionam féin

                      d'fhonn é 

a rianú. Ní

bheidh aon ní        aon ní fágtha

faic.
                      Mise amháin a bheidh fágtha.


David Tomas Martinez

Prayer

2020-06-20

Chiyo-ni






báisteach earraigh...
cuma álainn ag teacht
ar gach aon ní

2020-06-19

Ahmed Morsi - Adam and Eve, 1959.

Ahmed Morsi
Adam and Eve, 1959.
Oil on wood.
119 X 89cm
ní gá dúinn fanacht
fill ar an ngairdín im' theannta
tá port eile ag na héin ann
    teshuvah, a chanaid, fill
    cloiseann tú iad, cinnte, a shearc
we need not stay
return with me to the garden
birds there sing a different tune
    teshuvah! they sing, return
    beloved, surely You hear

2020-06-18

Klimt - Foraois

Klimt
ar strae ionat atáim
ná treoraigh ar ais mé
cuir amú a thuilleadh mé
    a shearc, ionatsa
    go dtí nach féidir triall níos mó
I am lost in You
do not show me the way back
lead me further astray
    in You: until, beloved
    there is no where else to go

2020-06-17

Nithe a Athraíonn, ní Bhaineann siad Linn

Nithe a athraíonn, ní bhaineann siad linn
Tá colainn eile, niamhracht eile ionainn
ar den gha Solais sin í nach n-athróidh choíche
Caithfear foghlaim conas meascadh leis is aontú
leis an ní atá gan athrú
Caithfear teacht ar an Taisce seo, an Fhírinne seo a thuiscint
Sé sin a thug ar an saol seo sinn
Ní mó ná adamh é an áit sin id’ chroí
inar fhoirmigh Dia 18,000 cruinne

Bawa Muhaiyaddeen


Connaught Rangers in India: Mutiny Centenary

Lady Butler's moving representation of recruiting for the Connaught Rangers in the west of Ireland.
Éire scriosta...
fir thréana ag teastáil
i gcríoch na Gainséise
Ireland in ruins...
strong men required
where the mighty Ganges flows








The 27th June 2020 marks the centenary of the Connaught Rangers Mutiny in India, when a group of Irish soldiers rebelled in opposition to Black-and-Tan atrocities in Ireland.

To commemorate this significant historical event the Liam and Tom O'Flaherty Society will host an online event with historian Dr Conor McNamara entitled “The Connaught Rangers Mutiny, 1920: the Legacies of a Doomed Revolt”. This talk will be broadcast on Saturday 27th June 2020 at 7.30pm through the society's Facebook page, to coincide with this historic occasion.

Galway born James Daly was the leader of the mutinous soldiers. The rebellion began on Sunday, 27 June 1920, when a small group of Rangers protested against British military atrocities in Ireland. Their refusal to obey orders spread to other garrisons. Joseph Hawes, from Kilrush,— veteran of the Western Front and Gallipoli— informed his Commanding Officer that the men would not return to duty until all British soldiers had left Ireland. He then hoisted the Irish Tricolour. On 1 July, around 30 members of the company attempted to retrieve their rifles from the company magazine. The soldiers on guard opened fire, killing two men.

The mutineers were court martialled, with fourteen sentenced to death by firing squad. However, the only soldier to suffer the death penalty was Private Daly. He was executed in Dagshai prison in northern India on 2 November 1920. He was twenty-one years young.

In his presentation, Conor McNamara will look at the personal legacies of the Connaught Rangers Mutiny. He will focus interest on the ordinary veterans who took part, many of whom returned to Ireland during the Civil War in 1923 following imprisonment in India and England. The lecture will show the typical experience of these veterans in terms of employment and emigration, participation in the independence struggle, enlistment in the IRA and the National Army during the Civil War and family life and ill health.

Dr McNamara has written extensively about the history of the West of Ireland and the Irish revolution, for which he received numerous national awards. He authored of a number of studies of post Famine Ireland, including War and Revolution in the West of Ireland, Galway 1913–22 (2018) and Liam Mellows, Soldier of the Irish Republic, Collected Writings 1913–22 (2019) and other noted studies concerned with this period. He has taught history at NUI Galway and the University of Minnesota, Dublin Programme, and was senior researcher at the University of Notre Dame, Keogh-Naughton Centre for Irish Studies. He is a native of County Galway and currently lives in New York.

Questions to Dr McNamara from the public can be submitted via the Society Facebook page until Sunday 21 June.

The Facebook page can be accessed at: fb.com/OFlahertySociety.


For further information contact:

Luke Callinan
+353 86 8309 431
lucasocallanain@gmail.com

2020-06-16

Ailibí

Glan lorg do mhéar den aer,
rinseáil an muga as ar ól tú
caife na hoíche aréir.
Réitigh an radharc san fhuinneog -
an cuirtín pluise a scuabann leis
scamall, spéir is sliabh.
Gearr an grianghraf as an bhfráma,
tóg an banda gruaige dearg as an bpróca oinicse
na spéaclaí ón deasc.

Déan an fhianaise a cheilt.
Siúil trí uisce.

Ní rabhais riamh anseo.


Ranjit Hoskote


Filíocht le Ranjit Hoskote

Jonahwhale
Central Time: Poems 2006-2014
I, Lalla: The Poems of Lal Ded
Vanishing Acts: New & Selected Poems 1985-2005
Feldnotizen des Magiers
Die Ankunft der Vögel

2020-06-15

Soin





nach fada
ón domhan scaipthe seo í . . .
gealach fhuar an tráthnóna

2020-06-14

Ahmed Morsi: Untitled/ 'Nostalgia Series'

Ahmed Morsi
Untitled/ 'Nostalgia Series'
1976
Etching & aquatint on zinc plates
15 X 15 cm
conas an t-uaigneas seo a bhrath
cén t-achar atá
idir dhá réalta
    an ghile sin ionatsa
    sula sroicheann sé mo chroíse
how to measure this loneliness
what is the distance
between two stars
    the light within You
    before it reaches my heart

2020-06-13

Leannáin

Ron Rosenstock
eachtraí an ghrá mhíchinniúnaigh
fós ar an ngaoth...
leannáin scéalaíochta
a story of doomed love
still heard on the wind...
legendary lovers
μοιραία αγάπη
ξακουστή στον άνεμο...
θρυλικοί εραστές

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2020-06-12

Haiku le Abhay K.


ag iarraidh an ghealach
    a ithe anocht ...
        néal-dragan

Abhay K.

2020-06-11

Dowson

Ní fada a mhairfidh, an gol is an gáire,
an grá, an dúil is an fuath:
Ní bheidh siad ionainn páirteach
nuair a raghaimid anonn.


Ní fada iad, laethanta an fhíona
is na rós,
as brionglóid cheobhránach
is aon chosán amháin é seal, ach fós
ag an mbun - brionglóid cheobhránach.


Féach anseo:

2020-06-10

Rún Gandhi

Grianghraf: Sehar Qazi
rún Gandhiji
ní éireofar as an agóidíocht...
go deo
Gandhiji's secret...
the protest
never ends
το μυστικό του Γκάντι...
διαμαρτυρία
που δεν τελειώνει

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2020-06-09

Ahmed Morsi - The Fortune Teller (1959)

The Fortune Teller (1959)
Oil on wood,
125 × 125 cm
nuair a chuala sí
mo laoithe dhuitse
chuir sí na cártaí i leataobh
        cad tá i ndán domsa, ar sise
        a shaineolaí an ghrá
when she heard my songs
for You, beloved
she put the cards aside
         tell me my fortune, she said
         you who have such knowledge of love

2020-06-08

Klimt / Crann Piorraí


borrtha le piorraí    an crann
borrtha le réaltaí    an spéir
borrtha le dánta     an leathanach
             ní fhaca éinne an crann
             ná an spéir ná an leathanach
bursting with pears    the tree
bursting with stars     the sky
bursting with poems    the page
             but none saw the tree
             or the sky or the page

2020-06-07

Dúloch

Grianghraf: Laura Jean Zito
labhras leis na duilleoga
a labhair leis an abhainn
a labhair leis an muir
    labhair an mhuir leis na réaltaí
    tá eolas faoinár ngrá anois ag cách
i whispered to the leaves
they whispered to the river
river spoke to the sea
    sea spoke to the stars
    now my love is known to all
το είπα στα φύλλα
εκείνα στο ποτάμι
στη θάλασσα αυτό
    στ' άστρα η θάλασσα, παντού
    τώρα γνωστή η αγάπη

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2020-06-06

2020-06-05

Ahmed Morsi - Horse Rider

Horse Rider, 1985
Acrylic on canvas
49 1/5 × 49 1/5 in
125 × 125 cm
ní raibh éinne romham
in Córdoba, a thaisce
an rabhas ródhéanach, róluath
     ní raibh éinne ag feitheamh liom
     in Córdoba...gealach fhuar
no one was there for me
in Córdoba, beloved
had i come too soon, too late
    no one waited for me
    in Córdoba...cold moon

2020-06-04

Nezahualcoyotl


Cailleadh an file agus rialóir Nezahualcoyotl inniu (4ú Meitheamh, 1472)
Tá dáinín iontach leis ar nóta 100 peso Meicsiceach. 


Is aoibhinn liom ceol an éin aithrise,
éan is ceithre chéad ghlór aige, 
is aoibhinn liom an dath atá ar shéad
is cumhracht chodlatach na mbláth
ach thar aon ní eile, 
is aoibhinn liom mo bhráithre, 
an cine daonna.



Leagan Spáinnise (ar an nóta thuas)        

Amo el canto del cenzontle,
pájaro de cuatrocientas voces;
amo el color del jade
y el enervante perfume de las flores,
pero más amo a mi hermano;
el hombre.


Haiku Aon Líne

sliabh ársa    féinaonrú uaibhreach

Ron Rosenstock

Nóta:
Ciallaíonn 'machu' ársa agus ciallaíonn 'picchu' sliabh.
Tar éis do Ron Rosenstock an grianghraf clasaiceach sin a ghlacadh, chuireas ar a shúile dó go bhfuil léarscáil na hÉireann le feiceáil ann!

2020-06-03

Waka le Jakuren (a cailleadh sa bhliain 1202)

Sabishisa 
Sabishisa wa
Sono iro to shi mo
Nakarikeri

Maki tatsu yama no
Aki no yūgure.
uaigneas -
níl aon ainm
ar a dhath

Giúiseanna ag éirí ar an sliabh,
clapsholas san fhómhar
Απομόνωση
Το χρώμα ιδιαίτερο
Δεν έχει όνομα.

Πεύκα ψηλά στο βουνό
Φθινόπωρο το βράδυ.

Sarah Thilykou a chuir Gréigis air

2020-06-02

In Memoriam George Floyd


Haiku: Gabriel Rosenstock (Ireland) 
Photograph: Ron Rosenstock (USA) 

    
lá gaoithe . . .
glacann George Floyd
a anáil dheireanach

Oíche Chiúin

Oíche chiúin is ea í.
Oíche chiúin
                    chun suí is éisteacht
le harraing an domhain.
                                     Nach
glórach atá sé.
                                     Ach
táim bréan bailithe
is dúnaim mo shúile
ar arraing an domhain,
mo chluasa
ar arraing an domhain.

Oíche chiúin
           chun buille mo chroí
a chlos is a thiompán cluaise
            á bhualadh aige
            istigh
ach táim bréan bailithe
              agus bodhar
              agus gan mhothú
Lig don oíche chiúin éisteacht.

(as leabhar nua le Kerry Shawn Keys, Black Ice)

2020-06-01

Shizunojo




síobadh sneachta...
a liacht sin haiku
nár scríobhadh fós