2023-11-30

Anraith Óir

Masc cruach (c.1914-15)
Amadeo de Souza-Cardoso

Gearrscéal a scríobh Uncail Toby
Chuir sé isteach é i gcomórtas.

Tá an moltóir fós á léamh:
‘Níl bun ná barr leis an scéal!

Tá rudaí aige nach bhfuil san fhoclóir . . .
Mar shampla, anraith óir!

Is ag magadh fúinn atá an scríbhneoir,
Tá sé ag dul thar fóir!' arsa an moltóir.




2023-11-29

Uncail Toby ina Mhealltóir Nathracha

José Tapiro - Mealltóir nathracha 


‘Is iomaí ceird a d’fhoghlaim mé!’
Arsa Toby liomsa lá,
‘Agus nuair a tháinig mé abhaile go hÉirinn
Lena leath acu ní raibh gá.
Mealladh nathracha, cuir i gcás,
Bhí sé deacair jab a fháil:
Níl nathracha ar bith in Éirinn –
Sé sin, taobh amuigh den Dáil 




2023-11-28

Preab Uafásach a Baineadh as Uncail Toby

 Artichoke (1915)
Reijer Stolk

Baineadh preab uafásach as Uncail Toby,
Bhí an fear bocht chomh bán le do léine!
‘Chonaic mé bl-bl – rud uafásach –
Ná habair le héinne!’

Baineadh preab uafásach as Uncail Toby,
Bhí allas fuar lena chlár éadain!
‘Chonaic mé rud uafásach – bl- bl –
Ná habair le héinne!’

Baineadh preab uafásach as Uncail Toby,
‘An rud is scanrúla in Éirinn!
Chonaic mé rud uafásach – bl-bl –
Ná habair le héinne!’

Baineadh preab uafásach as Uncail Toby,
An créatúr, bhí sé an-trína chéile!
‘Bl-Bliosán, a chonaic mé! Bl-Bliosán mór gránna –
Ná habair le héinne!’





2023-11-27

Insíonn Uncail Toby Faoin Tromluí a Tháinig Air

 Allan M’Aulay (1823)
Horace Vernet 

Tromluí a tháinig ormsa aréir
Is mé i mo chodladh go sámh:
Albanach a shleamhnaigh tríd an bhfuinneog
Agus claíomh geal géar ina lámh.
Mo chreachsa thàinig!’ arsa mise leis
I nGaeilge na nGarbhchríoch:
‘Ní shábhálfaidh an Ghàidlig thú,’ ar seisean
Agus mo chloigeann do bhain díom!


2023-11-26

Aingeal Gortaithe

Haavoittunut enkeli 
Hugo Simberg 


Nuair a bhí Uncail Toby óg
Tharla eachtra nach ndearúdfaidh sé go deo:
Chonaic sé féin agus cara leis
Aingeal bán ag teacht amach as an gceo.

‘Cabhraígi liom!’ arsa an t-aingeal,
‘Nílimse in ann eitilt níos mó:
Thit mé is ghortaigh mé mo chloigeann!’
Arsa Toby léi, ‘Ó, bhó!’

Dhein siad sínteán breá ansin di
Is d’iompair siad í ar an ród.
Nuair a shroich siad an baile sa deireadh
Réitigh siad anraith di mar lón.

Níorbh fhada gur tháinig biseach uirthi:
‘A chairde,’ arsa an t-aingilín leo,
‘Tá ormsa filleadh ar na flaithis,
Beidh mé an-an-bhuíoch díbh go deo!’

2023-11-25

Comharsa Shaibhir


James Tissot - Prosperity [Mr. Lionel Lawson]

Bhí comharsa ag Uncail Toby
milliúnaí mór is dócha:
‘An mbeadh fiche euro le spáráil agat?’
arsa Toby lena chomharsa.

Arsa an milliúnaí mór ar ais leis :
‘Bíodh a fhios agatsa, a Toby,
fear saibhir mise inniu
mar nár chuireas lámh riamh i mo phóca!’



2023-11-24

Club Pingin is Feoirling

 The Mount (1880s)
Ruger Donoho (American, 1858-1916)


Is ball é Uncail Toby
Den Chlub Pingin is Feoirling.

Amach leo an Domhnach deireanach de gach mí
Agus iad ag rothaíocht thart i dTuaisceart Chiarraí.

Gléasann siad go léir mar sheanfhondúirí don pháirt
Agus tagann siad abhaile tráthnóna Dé Máirt.

(Is minic i ndiaidh na n-eachtraí sin go mbíonn Uncail Toby i bpian:
'Tá an diallait dian ar mo thóinín bocht . . . an-an-dian!')

Ní maith leo cnoic ach is breá leo imeacht le fána.
Stopann siad le haghaidh tae i mBaile an Bhuinneánaigh.

‘Is fearr é ná galf – míle uair!’ arsa Uncail Toby,
‘Ní lucht gnó sinne! Níl againne ach Pingin is Feoirling!'

 

2023-11-23

Giorria (Dán Próis)

Feldhase, Albrecht Dürer 

Táim beagnach cinnte, arsa Toby, táim beagnach cinnte go bhfaca mé giorria ar maidin. Tá daoine ann agus ní fhaca siad giorria riamh! An gcreidfeá é sin! Bhuel, ní duine acu sin mise. Chonaic mise giorria ar maidin. Ar ndóigh, nílim 100% cinnte gur giorria a bhí ann. B’fhéidir gur speabhraídí a bhí orm! An raibh speabhraídí riamh ortsa? Bhuel, is cuma faoi sin anois. Chuir an giorria sin ag smaoineamh mé. An raibh an giorria sin – más giorria a bhí ann – an raibh sé á rá leis féin: ’Hmmm . . . an bhfaca mise Uncail Toby díreach anois? Nó an speabhraídí atá orm?’ An é sin a dúirt an giorria leis féin? An dtuigeann tú cad atá á rá agam? Chloisfeá daoine uaireanta agus iad á rá, ‘Chonaic mé X nó chonaic mé Y ar maidin’. Sea, chonaic a déarfainn! Táim cinnte go bhfaca! Ní fhaca siad faic. Speabhraídí a bhí orthu! Tá daoine áirithe ann agus réitíonn siad anraith giorria dóibh féin. Uch! Smaoinigh air! Bhí oideas ag an gcócaire cáiliúil Mrs Beeton. Conas anraith giorria a dhéanamh? An chéad chéim, ar sise:’Beir ar ghiorria!’ Ar thuig Mrs Beeton cé chomh deacair is atá sé breith ar ghiorria? Feiceann tú giorria agus imíonn sé i bhfaiteadh na súl. Sin a tharla do mo ghiorriasa ar maidin. Thosaigh mé ag tochas mo chinn agus ag fiafraí díom féin, ‘Ach bhfaca mise giorria anois díreach?’ Chuimlíos mo dhá shúil. Nuair a d’fhéachas arís, bhí an giorria imithe. Faoi mar a shlogfadh an talamh é! An raibh sé ann in aon chor? Sin í an cheist.

2023-11-22

Eagla : Comhairle ó Uncail Toby

Nächtliche Angst (Eagla oíche) 1942
Karl Wiener

Ná bíodh eagla ort istoíche,
Seans nach bhfuil ann ach glór na gaoithe

Nó an teach agus é ag baint searradh as féin
I ndeireadh an lae!

Nuair a bhí cónaí ar dhaoine istigh i bpluais
An uair sin cinnte bhí siad i nguais
Agus cúis acu le bheith ar crith
Uair ar bith!

Téann d’eaglasa siar go dtí an uair úd
Is tú id’ dhuine bocht i bpluais, i do shuí sa chlúid.

2023-11-20

haiku

néal scoite
i ndomhan dá chuid féin
gealach lae

broken-off cloud
in its own world
day moon


2023-11-19

bac scríbhneora / writer's block

bac scríbhneora:
díreach anois an ghrian
trí na dallóga lataí
                                                     


                  pană de idei -
                  raze abia acum      
                  prin jaluzele 
                                                 
 Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2023-11-18

tanka



is maith is cuimhim liom
ar do shlí amach a bhís
le haghaidh oíche bháil
     conas a fhéachaim, a stór? 
     ó, is tú Banríon Sheabá



Photo-Tanka by Gabriel Rosenstock & Jason Symes

2023-11-17

bóín Dé



an bóín Dé
atá ar a clár éadain?
bean Indiach ag an margadh 

O gărgăriță
pe fruntea ei, oare?
Indiancă la piață
Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

Cearrbhach / gambler


alas!
he saw nothing
but the gambling den


mo chreach! 
ní fhaca sé faic
ach an phluais chearrbhachais


2023-11-14

Kerouac



haiku schmaiku
cad atáthar ag iarraidh a rá liom 
ó lá go lá


haiku shmaiku 
I can't understand 
the intention of reality

Haiku by Kerouac 
Irish by Rosenstock 
Art by Symes 

2023-11-13

lánléargas / enlightenment

Enlightenment is:
do what you want 
eat what there is



lánléargas:
 dein do rogha rud
 ith a bhfuil ann

Haiku by Kerouac 
Irish by Rosenstock 
Art by Symes 

2023-11-12

nádúr an Bhúda


Does a dog
have the Buddha-nature?
Water is water

an bhfuil nádúr an Bhúda
ag gadhar
uisce is ea uisce

Haiku by Kerouac 
Irish by Rosenstock 
Art by Symes 


2023-11-11

cén lá é?


Well here I am, 
2 P.M. - 
What day is it?


bhuel seo mé
2 pm - 
cén lá é?

Haiku by Kerouac 
Irish by Rosenstock 
Art by Symes 

2023-11-10

eyes / súile


Why'd I open my eyes? 
Because
I wanted to

tuige
ar osclaíos mo shúile?
mar gur theastaigh uaim

Haiku by Kerouac 
Irish by Rosenstock 
Art by Symes 

2023-11-09

Wednesday / Céadaoin


Wednesday
 blah blah blah
my mind hurts

Dé Céadaoin
bléa bléa 
gortaíonn m'aigne

Haiku by Kerouac 
Irish by Rosenstock 
Art by Symes 

2023-11-08

swans / ealaí

Stephen's Green 
bourgeois swans
and their self-contentment


Faiche Stiabhna 
ealaí búirgéiseacha 
agus a bhféinsástacht




2023-11-07

trash / bruscar


táimid ar fad sa silteán
 cuid againn ag breathnú 
ar an mbruscar


We are all in the gutter 
some of us are looking 
at the trash

Haiku by Rosenstock 
Art by Symes 


2023-11-06

gadhar / dog


the dog yawned 
and almost swallowed
my Dharma

tháinig méanfach ar an ngadhar 
agus is beag nár shlog sé
an darma orm

Haiku by Kerouac 
Irish by Rosenstock 
Art by Symes 

2023-11-05

Kerouac


The clouds assume 
as I assume,
Faces of hermits

cuma an díthreabhaigh
ar na scamaill
mo dhála féin

haiku by Kerouac
irish by Rosenstock 
art by Symes 

2023-11-04

Senryu


uaisliú
cá ndeachaigh
na fiailí go léir!


gentrification . . .
where have all
the weeds gone!

gentrificare. . .
cum de au dispărut
toate buruienile!  
                                                                         Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob



2023-11-03

Kerouac


Why'd I open my eyes?
 Because
I wanted to

tuige
ar osclaíos mo shúile? 
mar gur theastaigh uaim

Haiku by Kerouac 
Irish by Rosenstock 
Art by Symes 

2023-11-02

Photo-Haiku: Abbas

Abbas

none to fight?
fight with shadows
to the end

níl céile comhraic agat?
troid le scáileanna
go dtí an deireadh

About his photography Abbas wrote:
My photography is a reflection, which comes to life in action and leads to meditation. Spontaneity – the suspended moment – intervenes during action, in the viewfinder. A reflection on the subject precedes it. A meditation on finality follows it, and it is here, during this exalting and fragile moment, that the real photographic writing develops, sequencing the images. For this reason a writer's spirit is necessary to this enterprise. Isn't photography "writing with light"? But with the difference that while the writer possesses his word, the photographer is himself possessed by his photo, by the limit of the real which he must transcend so as not to become its prisoner.

2023-11-01

haiku


Alexander Rodchenko

fóill
ar d'anáil, fan!
a Ghaibriéil


hold
your breath!
not yet, Gabriel