2023-11-22

Eagla : Comhairle ó Uncail Toby

Nächtliche Angst (Eagla oíche) 1942
Karl Wiener

Ná bíodh eagla ort istoíche,
Seans nach bhfuil ann ach glór na gaoithe

Nó an teach agus é ag baint searradh as féin
I ndeireadh an lae!

Nuair a bhí cónaí ar dhaoine istigh i bpluais
An uair sin cinnte bhí siad i nguais
Agus cúis acu le bheith ar crith
Uair ar bith!

Téann d’eaglasa siar go dtí an uair úd
Is tú id’ dhuine bocht i bpluais, i do shuí sa chlúid.