Posts mit dem Label leabhar beannaithe werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label leabhar beannaithe werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2025-03-21

Leabhar Beannaithe (III)


 

"Cruthúnas ar shochaí mhíchothrom dhrocheagraithe is ea an bhochtaineacht, agus níl sna carthanais phoiblí againn ach an chéad spreagadh mall i gcoinsias an robálaí . . ." 

Sri Aurobindo

The existence of poverty is the proof of an unjust and ill-organised society, and our public charities are but the first tardy awakening in the conscience of a robber.”

 

 

Tuilleadh:

2025-03-20

Leabhar Beannaithe (II)

 

Níl filíocht ar bith chomh dídhaonnaithe le haiku. In áit bhraistintí agus mhothúcháin an ealaíontóra, tugtar ainmneacha nithe dúinn. Ní dánta iad in aon chor, de réir chaighdeáin an Iarthair - is mó de liosta giorraithe iad. Mar a deir an file-chriticeoir Kenneth Yasuda, ní thugann file Haiku brí dúinn, tugann sé nithe dúinn a bhfuil brí leo; ní dhéanann sé cur síos ar nithe, cuireann sé i láthair iad. Agus murab ionann agus drámaí No, aisteach go leor níl siombalachas ar bith ag baint leis an Haiku . . .
Tógaimis mar shampla, dán de chuid Basho a chum sé ag uaigh duine dá mhic léinn ionúine:

tsuka mo ugoke
waga naku koe wa
aki-no-kazethe

crith, a uaigh, crith
olagón mo ghuthasa
gaoth an fhómhair


Níl mothúcháin á nochtadh anseo, díreach comparáid idir a ghuth caointeach, rud sealadach, agus gaoth shíoraí an fhómhair. Soicind Zen, soicind aitheantais, gan mhothú ná féintrua, ach mar sin féin spreagtar ár gcomhbhá.

Tuilleadh:

2025-03-19

Leabhar Beannaithe (I)

 

An Máistir Xu Yun 
“A Chairde, lig dom scéilín a insint daoibh, scéilín a d'inis saoi dhom uair amháin. Ar seisean: "Bhíos tráth i dtír aineoil, ag siúl síos sráid nár aithníos. D'fhéachas thart. Ní rabhas in ann soir a aithint thar siar; chonaic mé beirt fhear agus chuas faoina ndéin. "Cá bhfuilim?" arsa mise. "Cé sibhse?" Arsa an chéad duine, "Is é seo an domhan ar a dtugtar Samsara, agus is mise an t-abhac is airde ann!" Agus arsa an fear eile, "Sea, agus is mise an fathach is lú ann!" Bhíos trína chéile i gceart mar is ar aon airde a bhíodar beirt.

Íoslódáil an ríomhleabhar Zen saor in aisce