2025-03-20

Leabhar Beannaithe (II)

 

Níl filíocht ar bith chomh dídhaonnaithe le haiku. In áit bhraistintí agus mhothúcháin an ealaíontóra, tugtar ainmneacha nithe dúinn. Ní dánta iad in aon chor, de réir chaighdeáin an Iarthair - is mó de liosta giorraithe iad. Mar a deir an file-chriticeoir Kenneth Yasuda, ní thugann file Haiku brí dúinn, tugann sé nithe dúinn a bhfuil brí leo; ní dhéanann sé cur síos ar nithe, cuireann sé i láthair iad. Agus murab ionann agus drámaí No, aisteach go leor níl siombalachas ar bith ag baint leis an Haiku . . .
Tógaimis mar shampla, dán de chuid Basho a chum sé ag uaigh duine dá mhic léinn ionúine:

tsuka mo ugoke
waga naku koe wa
aki-no-kazethe

crith, a uaigh, crith
olagón mo ghuthasa
gaoth an fhómhair


Níl mothúcháin á nochtadh anseo, díreach comparáid idir a ghuth caointeach, rud sealadach, agus gaoth shíoraí an fhómhair. Soicind Zen, soicind aitheantais, gan mhothú ná féintrua, ach mar sin féin spreagtar ár gcomhbhá.

Tuilleadh: