2025-03-05

Gallchnó Á Rolladh ag an gCat

HAIKU BREÁTHA ÓN tSEAPÁIN

torigoe ka kuchibue ka kaze hikarikeri

giolc éin
nó duine ag feadaíl?
lonraíonn an ghaoth

Chikako Yoshida

tampopo no wata o tatashimeōno haka

síolta an chaisearbháin
ag eitilt uaidh
tuama an rí

Hiroko Kudo

amadare to iu akatoki no haru no oto

braonta báistí
fuaim na camhaoire
san earrach  

Shu Mayuzumi (1930-2020)

kekkai no ishidan noboru haru no shika

ceantar beannaithe
fianna earraigh
ag dreapadh na gcéimeanna cloch

Miwako Fujimoto

tobeba kie tomareba hikari hachi no hane

imíonn siad as san aer
lonraíonn nuair a ghlacann scíth
sciatháin na mbeach

Keishu Ogawa

kage oite mizu shizukanaru sakura kana

leagann a scáil
ar dhromchla an uisce chiúin
crann silíní faoi bhláth

Shugetsu Ishihara

oki hikari fune hikari kaze hikarikeri

lonraíonn an fharraige mhór
lonraíonn longa
lonraíonn an ghaoth

Yuki Horimoto

yorokobi o tsutsumu katachi ni chūrippu

lúcháir
rapáilte acu
tiúilipí

Eiko Nagashima

troisc thriomaithe
ar comhfhad
ar crochadh faoin ngrian

Kgga Hosokawa (1924-1989)

kasha nagashi haru no mikazuki hikaridasu

traein lastais fhada
corrán gealaí an earraigh
ag lonrú

Hakyo Ishida (1913 – 1969)

fukakai na koto mata hitotsu haru no yoru

mistéir
arís . . .
oíche earraigh

Nahoko Sakagami

haru ga kite higure ga sukini narinikeri

tá an t-earrach tagtha
mé ag éirí ceanúil
ar an gcontráth

ShūMayuzumi (1930-2020)

musasabi ya ōkiku narishi yoru no yama

iora eitilte−
sliabh faoi bhrat na hoíche
ag éirí níos mó

Toshio Mitsuhashi (1920 – 2001)

haha to ko no toranpu kitsune naku yo nari

máthair agus leanbh
ag imirt cártaí istoíche
tafann sionnaigh

Takako Hashimoto (1899-1963)

kan-tamago teikoku hoteru shefu ga waru

ubh gheimhridh
á briseadh ag cócaire
san Óstán Impiriúil

Akitoshi Moriya

fuyu-chō ni sora no aosa no omotakari

féileacán geimhridh
luíonn gorm na spéire
go trom air

Eiko Nagashima

uruki yoki koro no iro shite fuyu-sumire

dath
na seanlaethanta orthu
sailchuacha geimhridh

Ryuta Iida (1920 -2007)

furimukeba hoshi fueteiru kareki-michi

féachaim siar
líon na réaltaí ag dul i méid
sráid na gcrann feoite

Yuka Shimada

niwatori no shita no mijikaki shigure kana

sicín
agus teanga ghearr aici
mionfhearthainn gheimhridh

Haruya Yamaguchi

mizu nonde kokoku no samusa hirogarinu

ag ól uisce
fuaire cheantar na lochanna
ag leathnú ionam

Sumio Mori (1919 -2010)

fuyu no bara gyūnyū yorimo shizuka naru

rósanna geimhridh
is ciúine ná bainne
iad

Yukiko Endo

fukurō no mori ga gekka ni fukuraminu

foraois na n-ulchabhán
ag at
faoin ngealach

Etsuko Ohishi

hi ga hanare kokoro hanaruru fuyu no chō

an ghrian á thréigean
a anam á thréigean
féileacán geimhridh

Eriko Tsugawa

sayuru yo no remon o hitotsu futokoro ni

oíche fhuar
líomóid
i mo phóca brollaigh

Yuji Kinoshita (1914 -1965)

tōrei no mado shiro-neko wa hakkōsu

lá breá sa gheimhreadh
lonraíonn cat bán
ar leac na fuinneoige

Minako Tsuji

samukute samukute hoshi no mukō ni iru gotoshi

fuar feannaideach
braithim go bhfuilim imithe
lastall de na réaltaí

Ayuta Watanabe

temoto made yami no kiteiru fuyu-akane

an dorchadas ag druidim liom
fuineadh gréine
sa gheimhreadh

Machiko Hirose

tomodachi no inai ningyō fuyu-sumire

bábóg
gan aon chairde aici
sailchuach gheimhridh

Yayoi Miyake

hakuchō no chakusui koko no kyori tamochi

tuirlingíonn ealaí ar an uisce
iad ag coinneáil siar
óna chéile

Mai Nishimiya

rittō ya isu hitotsu aru furuhonya

tús an gheimhridh–
siopa leabhar athláimhe
cathaoir amháin istigh ann

Yukari Saisho

ichijiku ni ame no nioi no nokoriori

pomagránait
boladh báistí
uaithi 

Yumiko Katayama

kōmori no tobikaeritaru tsuki no naka

sciathán leathair
eitlíonn agus taispeánann a bholg
don ghealach

Shuson Kato (1905-1993)

hoshi tonde daremoga sukoshi oiteyuku

réaltareatha
gach éinne ag éirí
beagáinín níos sine

Jin Shionoya

kabutomushi chikyū o sokonawazuni aruku

ciaróg ag siúl
gan dochar á dhéanamh aici
don talamh

Kiyoko Uda

hotaru niwa hotaru no jikan arinikeri


am lampróige ann
don lampróg

Tazuko Shibata

mi no naka no makkuragari no hotaru-gari

dorchadas iomlán
istigh ionam . . .
ag seilg lampróg

Biwao Kawahara

hiyakusho no funsui goji ni tomarikeri

scairdeán
halla an bhaile
stopann sé ar a cúig a chlog

Minu Kashiwabara

kaze o yomu soburi mo arite katatsumuri

cheapfá uaireanta
go raibh an ghaoth á léamh aige
seilide

Tomita Onda

shibaraku kikeri neko ga korobasu kurumi no ne

d’éisteas tamall
leis an bhfuaim–
gallchnó á rolladh ag an gcat   

Hakyo Ishida (1913 -1969)