Posts mit dem Label dánta werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label dánta werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2021-03-12

Boatman! take these songs from me.

Físeán de dhánta Gaeilge-Béarla as leabhar dátheangach nár foilsíodh fós, leabhar dar teideal Boatman! take these songs from me.

Tá cur síos déanta ar an tionscadal seo leis an ealaíontóir Masood Hussain, An Chaismír, ar YouTube ag an Ollamh Kabir, Ollamh le Béarla, King's College, Londain.

2021-03-10

2013-03-31

An Chonair

Íomhá Yaşar Koç

AN CHONAIR

Cá dtabharfaidh
   an chonair seo mé
      amach sa todhchaí
         siar ar bhóithrín na smaointe?
            feofaidh an páipéar ar a bhfuil an dán seo scríofa
               agus cad a dhéanfar de?
                  ní mhairfidh an dán
                     ná an té a chum -
                        an chonair féin
                           imeoidh
THE PATH

Where is this going
   this path
      into the future?
         into the past?
            the paper on which this poem is written will crumble
               and dissolve
                  into what?
                     the poem itself will fade -
                        into what?
                        the poet too
                           and the winding path
ΤΟ ΜΟΝΟΠΑΤΙ


Προς τα πού πηγαίνει
   το μονοπάτι αυτό
      προς το μέλλον;
         προς το παρελθόν;
            το χαρτί όπου είναι γραμμένο το ποίημα θα γίνει κομμάτια
               και θα διαλυθεί
                  σε τι;
                     το ίδιο το ποίημα θα ξεθωριάσει -
                        σε τι;
                           ο ποιητής επίσης
                              και το ελικοειδές μονοπάτι
Gréigís Yiorgos Chouliaras

2012-12-22

Guthanna Beannaithe: dhá ríomhleabhar saor in aisce

Tá Gabriel den tuairim le fada an lá gur cheart go mbeadh níos mó de litríocht an domhain ar fáil inár dteanga féin. Chomh maith leis sin, is dóigh leis gur cheart go mbeadh go leor den ábhar sin ar fáil saor in aisce!
Na focail seo thíos le Crowfoot (mar a thugtar air sa Bhéarla), cuir i gcás. Ba cheart go mbeadh teacht againn go léir ar a leithéid:

Fís Dheireanach
Splanc lampróige san oíche í an bheatha
Anáil an bhuabhaill sa gheimhreadh
Scáth beag a ritheann tríd an bhféar
Is é ag dul ar neamhní le fuineadh gréine

Tá dhá PDF leis seo, Guthanna Beannaithe an Domhain, le híoslódáil saor in aisce. Cuirfear ábhar eile ar fáil amach anseo.

 

2012-12-20

As: The Last Sasquatch: Tostanna Gorma

(c) Gary Halvorson, Oregon State Archives

Tostanna Gorma

Néalta ag gluaiseacht na huiscí gorma glé anonn
á tharraingt i gcéin
amach as an saol
amach as féin
i gcéin
isteach sna tostanna gorma
tostanna a shíneann thar thostanna níos goirme fós
go dtí an pointe briste

lasair ghorm a anama ag rince san uisce
sa spéir
Blue Silences

Clouds moving across clear blue waters
drawing him away
out of this world
out of himself
away
into blue silences
silences stretching over silences bluer still
stretching to breaking point

his spirit's blue flame dancing in the waters
in the sky

2012-12-15

The Last Sasquatch: An Dorchadas Deiridh

An chéad leabhar filíochta eile ó Ghabriel, leabhar dátheangach a bheidh ann, i nGaeilge agus i mBéarla agus an teideal atá air ná The Last Sasquatch. Uair éigin sa bhliain 2013 a shiúlfaidh an sasquatch deireanach inár measc.
The Final Darkness

for a long time
the sasquatch stares
at the dying sun
then hurries back to the woods
all night he wonders
is this it
the final darkness
An Dorchadas Deiridh

ar feadh tamaill fhada
stánann an sasquatch
ar an ngrian ag éag
is brostaíonn ansin ar ais chun na coille
is é ag déanamh iontais ar feadh na hoíche
an é seo é
an dorchadas deiridh

2012-11-28

Rilke: Panhala: I bhfáinní atá ag leathnú amach a mhairim


I bhfáinní atá ag leathnú amach a mhairim
ag leathnú ar fud na cruinne.
D'fhéadfadh nach gcríochnóinnse an ciorcal áirithe seo
ach tugaimse mé féin dó.

Timpeall ar Dhia i bhfáinne mé, an túr príomhordúil,
is mar sin a bhíos riamh anall
agus n'fheadarsa fós: an fabhcún mé,
anfa nó móramhrán
Ich lebe mein Leben in wachsenden Ringen,
die sich über die Dinge ziehn.
Ich werde den letzten vielleicht nicht vollbringen,
aber versuchen will ich ihn.

Ich kreise um Gott, um den uralten Turm,
und ich kreise jahrtausendelang;
und ich weiß noch nicht: bin ich ein Falke, ein Sturm
oder ein großer Gesang.
I live my life in widening circles
that reach out across the world.
I may not complete this last one
but I give myself to it.

I circle around God, around the primordial tower.
I've been circling for thousands of years
and I still don't know: am I a falcon,
a storm, or a great song?
Leagan Gaeilge: Gabriel Rosenstock
Bunleagan: Rainer Maria Rilke, 20.9.1899, Berlin-Schmargendorf
Rilke’s Book of Hours:Love Poems to God, translated by Anita Barrows and Joanna Macy

2012-11-27

Krishnamurphy

Tá trí leabhar filíochta scríofa ag Gabriel ina bhfuil Krishnamurphy mar chuid den teideal, Eachtraí Krishnamurphy, Krishnamurphy Ambaist! agus Tuairiscíonn Krishnamurphy ó Bhagdad. Coiscéim a d'fhoilsigh. Tá leabhar Béarla, leis, aige dar teideal The Pleasantries of Krishnamurphy a foilsíodh thall i sean-Sasana. Persona dá chuid is ea Krishnamurphy a ligeann dó rudaí a rá nach ndéarfadh sé féin, a deir sé, sa ghnáthshlí. Imeartas focail ar Krishnamurti is ea an t-ainm Krishnamurphy, ar ndóigh. Bhí beirt mhaistrí den ainm sin ann, Jiddu Krishnamurti agus UG Krishnamurti. D'fhógair UG Krishnamurti nach raibh aon chóipcheart ar aon rud a scríobh sé. "B'ait an mac é, " arsa Gabriel. "D'fhoghlaimíos a lán uaidh. Deir daoine go raibh sé glan as a mheabhair ach mhaígh sé féin nach raibh aon mheabhair aige."

2012-11-25

Hemant Divate: Foláireamh Víris

 File avant-garde a rugadh sa bhliain 1967 é Hemant Divate. Cáil air mar eagarthóir, mar fhoilsitheoir agus mar aistritheoir. Aistríodh a chuid dánta go Fraincis, Spáinnis, Urdúis, Gúisearáitis, Beangáilis, Hiondúis, Tamailis, Teileagúis, Cannadais, Mailéalaimis agus Gearmáinis. Tá sé ag cur faoi in Mumbai. In agallamh leis sa Mumbai Mirror, thug Hemant le fios go raibh an domhandú  trí mheán an Bhéarla ag cur isteach ar fhilíocht na Maraitise agus go bhfuil an téama sin go tréan ag tríocha éigin dá chomhfhilí Maraitise. 
Deir sé go bhfuil ‘clónáil’ ar siúl, fiú i measc na bhfilí, agus an indibhidiúlacht i mbaol dá dheasca sin. An bhfuil ‘clónáil’ i ndán don fhilíocht Ghaeilge chomh maith? An bhfuil rian na clónála uirthi cheana féin? A léitheoir dhil, tá ceisteanna á n-ardú anseo agam. Níl a fhios agam an bhfuil na freagraí ag éinne. Is tábhachtaí ceisteanna ná freagraí, ar shlí.
Ceist eile mar sin. An bhfuil éifeacht ar bith ar an bhfilíocht a aistrítear – ó Mharaitis go Béarla agus ó Bhéarla go Gaeilge sa chás seo – ar na teangacha sin faoi seach? An cuid d’fhilíocht an Bhéarla nó fiú den fhilíocht Angla-Indiach anois é Divate de thairbhe na leaganacha Béarla de na bundánta Maraitise a dhein an file nótáilte Dilip Chitre? An cuid d’fhilíocht na Gaeilge anois é chomh maith? Tá daoine ann a ligfeadh isteach é, mé féin ina measc, agus daoine eile a déarfadh, ‘Fan amach uainn, níl tú uainn, ní bhaineann tú linn, níl na dintiúir agat agus ní bheidh go brách!’
Cad a bhí ar aigne ag Goethe nuair a thagair sé do Weltliteratur? Litríocht dhomhanda, litríocht an domhain, an litríocht sin a tharchéimníonn ach nach séanann a fréamhacha dúchais, d’fhéadfá a rá. Thagair Hemant don ‘chlónáil’, focal níos scanrúla ná ‘caighdeánú’, an focal a d’úsáid Auerbach in aiste leis ar Weltliteratur (The Centennial Review, Vol. XIII, No. 1, Winter 1969). Ach is é an rud céanna é sa deireadh, clónáil, caighdeánú. Cén chosaint atá ina n-aghaidh? Faobhar a chur ar do theanga? Sea, ach sa troid in aghaidh na clónála is í dínit an duine féin atá á cosaint againn agus is í an dínit chéanna atá fite fuaite lenár ndúchas an tsaighead is géire sa bholgán saighead againn chomh maith.
Réamhrá as an leabhar a fhoilseofar i 2013.

Agus Scaoilfear Saor Ar Bhlúire Páipéir Mé

Cé atá ag scríobh dáin
Agus poill ann
Nach féidir a líonadh
Fiú má phacáiltear le focail iad
(Poill –
An ciúnas san inchinn, fiú, tá siad ann)


Tá an teilifís ar siúl
Is an páiste ag damhsa os a comhair
Tóin thar ceann, ceann thar tóin
Na cainéil á n-athrú aige
Táim an-mhíshásta leis
An ceart dom léasadh a thabhairt dó, nó –?
D’fhágfadh léasadh fiú
Poll sa chiúnas
Is bheadh poll sa chiúnas leis
Mura dtabharfainn léasadh dó.


Tá mé ar buile
Bhain seangán plaic asam
Tá sé basctha agam
Brúite basctha
Táim ar buile.
An scríobhfaidh mé an dán seo?
Nó an ndéanfaidh mé roinnt sceitsí don ghasúr
A ainm, slacán cruicéid, liathróid, scuab fiacla, Colgate, teilifíseán
Táim ar buile
Tá an teilifis ar siúl
Caithfidh mé smidiríní a dhéanamh den scáileán
Tá an páiste ag béicíl
Táimse ag tafann air
Tá a mhéar á sá i bpoll aige
Níl orm ach veist
Táim ag iarraidh na poill a dhúnadh
Leis an dán, leis na focail seo
Ag púscadh aníos ionam

Tá an teilifís á lasadh is á múchadh ag Dhullu leis an gcianrialtán
Tá sé á rá liomsa na cainéil a athrú ceann i ndiaidh a chéile
Go dtí go dtiocfaidh sé ar an gcainéal is rogha leis
Is gearr go mbeidh fuath aige
Don chainéal sin
Tá dán á scríobh agam
Breacaim síos focal, is focal eile
Tá ceanndánacht an bhuachalla do mo lasadh is do mo mhúchadhsa
Táim ciaptha cráite
Cathain a thiocfaidh an dán amach?
Táim ag baint díoscáin as mo chuid fiacla go corrabhuaiseach
Neomat ar bith anois
Tiocfar ar an bpoll a bhfuilim sa tóir air
Tiocfad asam féin im ghuairneán gaoithe
Agus scaoilfear saor ar bhlúire páipéir mé.

2012-11-24

Sráideanna na cathrach seo againne

Bhíos i gCaisleán Smolenice, Smolenický zámok, sa tSlóvaic i mbliana (5-12 Iúil) agus scata filí im theannta. Ag aistriú a chéile a bhíomar agus is é LAF (Literature Across Frontiers) a d’eagraigh an Cheardlann. Seo ceann de na dánta a d'aistrigh mé: beidh breis ar fáil anseo diaidh ar ndiaidh.


Sráideanna na cathrach seo againne

Dronnach ar nós na gcamall,
guagach ar nós na mban,
                 in aimhréidh mar ghruaig sa ghaoth,
                    ársa mar chreidimh an domhain,
                seansiúlta mar pháláis
                    agus a gcuid clós á ní
                    i lár mhí Iúil
                ag scata Sathrasáid is iad crón glórach
                    gona sála heine-dhearga;
                sráideanna a n-éiríonn leo
                    ceithre ráithe na bliana a léiriú
                ar nós féilire leathanach scaoilte.
                Anseo, ar feadh an chosáin,
                tá Feabhra ag scuabadh léi ó thuaidh –
                cosúil le gluaisteán buile allúrach,
ach díreach timpeall an chúinne
tá crann cainchí faoi bhláth;
athraíonn sráideanna go tobann ag crosbhóithre
ón Eoraip go dtí an Áise, ón Áise go dtí an Eoraip.
    (Seo anois asal a d’éalaigh
    ó charbhánlann ársa, uisce aige á ól
    as lochán ón tríú mílaois).

I ndiaidh polaiteoirí a ainmníodh
an chéad leath de na sráideanna seo,
i ndiaidh filí an dara leath –
ní thig le sráideanna ná le páistí
    a n-ainmneacha féin a roghnú.

                Agus táimid ag siúl ar a bhfuaid
                    faoi mar ba mhúsaem amuigh faoin aer é
                agus comharthaí leathcheilte
le feiceáil anseo is ansiúd:
Bhí Cónaí Orm Anseo, Mo Chéad Phóg

                Is de dhuirleoga ar leith iad na sráideanna seo againne
                    is dár gcroíthe iad.

Alta Talib-Zada (ainm cleite Alina Talybova) – An Asarbaiseáin

2012-11-22

Éist leis an bhFile!

Tá taifid de Ghabriel ag léamh a shaothar féin, Rogha Rosenstock, ar fáil saor in aisce ó Chló Iar Chonnacht. Féach anseo:

". . scothshaothar cruthaitheach a chuimsíonn breis agus scór bliain.
                                                                                                    - Anois

Rogha Rosenstock is a sprawling collection of intimate and tortuous vignettes carefully selected by the poet himself . . . he strives to put eyes and tongue into every dumb and inanimate object . . .

                                                                                         - The Irish Times

Tá soiléireacht súiloscailte an ‘See-r’ le feiceáil ar an saothar seo ar fad; é ina dhúiseacht, i dtiúin leis na diamhrachtaí; ina airdeallaí.

These poems display the vision of the ‘see-r’, in tune with the mysteries of the world."

2012-11-19

Dánta Cúig Líne le Mariko Sumikura

As Kyoto na Seapáine do Mariko Sumikura. Ball den Japan Poets Club, an Kansai Poets' Association agus Stiúrthóir Japan Universal Poets Association. Príomh-Eagarthóir Poetic Bridge: AMA-HASHI (天橋).  
Foilseacháin: 
Kokoro Kaoru Hito (Bean an Chroí Chumhra), 
Yume Tsumugu Hito (Bean ag Sníomh Taibhreamh),
Hikari Oru Hito (Bean ag Fí Solais,) 
Ai Matou Hito ( Bean a Chaitheann an Grá) 
agus an leabhar as a dtagann na dánta cúig líne seo,
Tsuchi Daku Masurao (Fear a Mhuirníonn an Domhan).

Focal neamhchoitianta is ea masurao. Focal atá caite amach, nach mór. Duine fearúil is brí leis. Mascalach. Is focal é a chuala óna béal féin go minic nuair a bhuaileas léi in Kyoto, cathair a raibh an-tionchar ag a muintir uirthi ón meánaois ar aghaidh. Ní haon mhascalach mná ise, áfach, ach duine fíneáilte idir chorp chleite is sciathán. Saothar léi aistrithe go Béarla, Rómáinis, Eabhrais, Spáinnis, Fraincis agus Gaeilge. Ghlac sí páirt i bhféilte filíochta ar nós Struga na Macadóine. Aistí foilsithe aici ar an bhfealsamh Maria Zambrano. Leabhar filíochta Béarla liom Uttering Her Name (Salmon Poetry, 2009) aistrithe go Seapáinis aici

Duilleoga Tite

An bhféadfadh sé a bheith ceart
Go satlófaí
Ar dhuilleoga glioscarnacha
Mar iad
Is go ndéanfaí dusta díobh?
Drúcht na hOíche

Nach séimh é,
An drúcht a thugann an ceobhrán leis
Feictear sa ghealach chruinn é
Agus neadaíonn sé i measc na nduilleog,
Go dtí go sileann ar pheitil an róis.
Tinte Fá Shuan

Bíonn an luaithreach
Cneasta leis an tine.
An tAm
Tá súil agam
Cneasta leis an ngrá.
Cárta Poist

Imíonn cárta poist
Chuig ceann scríbe ar bith
Bíodh is go n-iompraíonn sé
Grá a bhfuil meáchan mór
Ann.
Dorn

Is geall le dorn í
An fhéachaint sin
Id shúil
Buaileann tú go tréan
Ar an doras
Atá in íochtar mo chroí.
Guth

Bíodh is nach gcuirtear
Adaimh an aeir
Ag imeacht soir siar,
An gcloiseann tú mé
Ag labhairt leat?
Amárach

An bhfuil ré nua
I ndán dúinn go luath
Nó an laethanta leamha a bheidh ag teacht
I ndiaidh a chéile?
Cad a thabharfaidh an lá amárach leis?
Litir Ghrá

“Aithne na teileapaite ar a chéile”
Frásaí á scríobh
Go híogair
Fiú na focail atá mílitrithe agat
Is aoibhinn lem chroí iad.
Saol

Saol lonrach na héigse!
Is mian leo teacht ar an saol
A deir na dánta.
Is mian leo a bheith beo
A deir na dánta.
Loiteog Bhán

Bláth sa láib!
Is tú bláth
Na loiteoige báine
Ag éirí aníos
Im chroí go tréan!
Cuisle

Cóngarach i gcéin!
I bhfad ón áit seo
Ar an taobh eile den domhan.
I bhfad uait,
Do chuisle i mo chlos.
Buairt

Is mé ag éisteacht le monabhar na nduilleog
Táim buartha fút
Is tú san imigéin.
Nuair a thiteann an fhearthainn
Nuair a shéideann an ghaoth.

2012-11-16

Leonard Cohen: Aintiún

Do sholáthar Gabriel aistriúcháin ar shaothar Leonard Cohen don Tionscadal Cohen de chuid IMRAM. Seo thíos ceann acu sin.

Do chan na héin
ag breacadh an lae
"Ba chóir daoibh
tabhairt faoi nua-ré!
Ná smaoinígí
ar an lá inné
ná ar a bhfuil i ndán."
Á, troidfear cogaí
arís 's arís
an colmán
beidh sí i gcás arís
díolfar í
arís 's arís
is daor é an colm bán.

Buail na cloig ag a bhfuil an chling
Déan dearmad ar an íobairt íon
Tá scoilt, tá scoilt san uile ní
A ligeann solas tríd.


Bhí comharthaí uainn
is bhí siad ann
an feall sa bhreith
an pósadh fann
Sea, ba bhaintreach é
gach uile rialtas cam -
ba léir é do chách


Ní thig liom níos mó
a bheith leis an slua
is boic mhóra, marfóirí,
is iad ag guí, monuar!
Ach do ghair siad, ghair siad chucu
an scamall fuar
agus cloisfidh siad m'amhrán:


Buail na cloig ina bhfuil an chling
Déan dearmad ar an íobairt íon
Tá scoilt, tá scoilt san uile ní
A ligeann solas tríd.
 
Níl in aon chuid den pháirt
ach cuid den iomlán
d'fhéadfá dul ag máirseáil
gan druma ann
aimseoidh gach uile chroí
mór-rún an ghrá –
mar theifeach 's é ar fán.


Buail na cloig ina bhfuil an chling
Déan dearmad ar an íobairt íon
Tá scoilt, tá scoilt san uile ní
A ligeann solas tríd.

Buail na cloig ina bhfuil an chling
Déan dearmad ar an íobairt íon
Tá scoilt, tá scoilt san uile ní
A ligeann solas tríd.
A ligeann solas tríd.
A ligeann solas tríd.


Anthem, le Leonard Cohen, aistrithe ag Gabriel Rosenstock.

2012-11-09

An tOchtapas

Ba sa bhliain 1977 a d'fhoilsigh Gabriel Rosenstock an leabhar véarsaí An tOchtapas. Le déanaí chonaic sé netsuke anghrách: fíor bheag ornáideach nó miondealbh bhán atá greanta as eabhar is ea netsuke, focal Seapáinise.
Cad a bhí sa netsuke áirithe sin ach  bean nocht agus í i ngleic le hochtapas. Thosaigh Gabriel ag scríobh arís faoin ochtapas - véarsaí do dhaoine fásta an uair seo.
 Chuir a aistritheoir Seapáinise Mariko Sumikura Seapáinis orthu. Tá siad leath ag smaoineamh ar leabhar a chur amach. Réamhbhlaiseadh eisiach anseo!
Tugtar senryu ar véarsaíocht éadrom den sórt seo, é an-chosúil leis an haiku. Tá breis is céad senryu sa stíl seo cumtha ag Gabriel (ina shamhlaíonn sé é féin mar ochtapas!)
I m'ochtapas kamikaze
tumaimse ionat-
cailltear ionat mé!

神風飛行士蛸
君に溺れ
死んでいく
nach mílítheach atá tú
cad a dheineas leat in aon chor?
ochtapas-vaimpír!

青ざめて
何したというの
蛸 吸血鬼
bainim plaic as do leis
agus as an leis eile -
ochtapas-zombaí!

君の腿を噛み
もうひとつをー
蛸ゾンビ
cloisim do ghuthanna
de shíor -
ochtapas scitsifréineach

まだ耳につく
君の声
蛸 統合失調症患者
dúisigh, a ghrá,
is mé an t-ochtapas -
an píobaire!

起きよ 愛しいひと
僕だよ
蛸 バグパイプ吹き

Mira: Faoin Aistear Sin a Scríobhaimse

I write of that Journey


I remember how my mother would hold me.
I would look up at her sometimes and see her weep.

I understand now what was happening.
Love so strong a force
it broke the cage
and she disappeared from everything
for a blessed
moment

All actions have evolved
from the taste of flight
the hope of freedom
moves our cells
and limbs

Unable to live on the earth, Mira ventured out alone in the sky,
I write of that journey
of becoming as
free as
God.

Don't forget love;
it will bring all the madness you need
to unfurl yourself across
the universe

Faoin Aistear Sin a Scríobhaimse


Is cuimhin liom mar a mhuirníodh mo mháthair mé.
D'fhéachainn uirthi uaireanta is d'fheicinn ag caoineadh í.

Tuigim anois cad a bhí ag tarlú
Bhí an grá chomh láidir sin
gur briseadh an cás
agus chuaigh gach aon ní ar ceal di
ar feadh meandair
bheannaithe.

As blas na heitilte
a eascraíonn an uile ghníomh;
dóchas as saoirse
a chorraíonn ár gcealla
ár ngéaga

Ní don saol seo a rugadh Mira, ghabh sí léi féin chun na spéire.
Faoin aistear sin a scríobhaimse
faoi a bheith
chomh saor
le Dia.

Ná dearmad an grá
is é a thabharfaidh duit an ghealtacht is gá
chun tú féin a leathnú
ar fud na cruinne.
Leagan Béarla: Love Poems from God: Twelve Sacred Voices from the East and West by Daniel Ladinsky

2012-11-08

Dán an lae

I measc na ríomhphost a fhaigheann Gabriel gach lá, tá seirbhísí a chuireann dán ar fáil in aghaidh an lae, Panhala ceann acu agus an ceann eile Poetry Chaikhana.
"Is mar sin a chuirimse tús leis an lá - gach lá. Is gnách go gcuirim Gaeilge ar na dánta sin. Is cleachtadh teanga, cleachtadh Gaeilge agus cleachtadh spioradálta é! Duine de mhórfhilí bhakti an domhain í Mira, an banphrionsa Indiach a thug a croí do Krishna. Is é is brí le bhakti ná deabhóid. 

Ceann de na leabhair is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná Speaking of Shiva (Penguin Classics). Bhíos óg go maith ag an am ach cuireadh an síol agus sa bhliain 2000 phléasc bhakti ionam agus mé in Koeln na Gearmáine: chailleas mo chiall, buíochas mór le Dia, scríobhas 200 dán i mBéarla agus thugas neo-bhakti ar an stíl sin. Blianta fada ina dhiaidh sin, d'fhoilsigh Salmon Poetry leagan ciorraithe den saothar sin faoin teideal Uttering Her Name. Tá scata filí bhakti sna díolamaí Guthanna Beannaithe an Domhain (Coiscéim). Ó na seirbhísí Panhala agus Poetry Chaikhana a lán den ábhar sna leabhair sin nó leanaim na naisc a thugann siad.
Ó am go chéile cuirim YouTube le Krishna Das ar siúl, amhránaí bhakti. Is Meiriceánach é. Glanann sé amach an croí! 

Dileep Jhaveri: Do Picasso

Múin dom conas filíocht a scríobh

Le líne dhíreach
amháin conas focal
a oscailt
agus saoirse a thabhairt d’ilbhríonna draíochta
atá trinsithe i gcóid righne
is scaoil lastall den am iad

Léirigh dom an difríocht atá idir báine
agus báine chun go n-athróinn
ó anáil go hanáil
nocht an aontacht dom atá i mbándearg agus i ngorm
i dtreo is go mbogfainn ón mbeatha go dtí an solas
oil mé chun breathnú ar neamhní
mar a dhéanfadh éan nó iasc istoíche nó isló
léim ón nóiméad seo chun na síoraíochta
chun go gcuirfinn síos ar shúile an leannáin is a ndath

Mínigh dom conas a dhéantar den chré is den duilleog
seomra dorcha agus lampa is conas
a shleamhnaíonn an tost síos an staighre le bheith ina fhís
conas a dhéantar nocht de bhean
trí ligean do dhathanna i ndiaidh dathanna titim ina meallta
is ina bpaistí agus seo chugainn anois í agus ceol á timpeallú

Beir leat mé go dtí an áit sin ina ndéantar broinn
den tonn agus úll den bhriathar
agus iad curtha ina aice a chéile ar an mbord
treoraigh chun na foraoise mé ina bhfuil fuinneoga briste trína
bhféachann mná mealltacha ar nós 
buillí ar an druma nó naoimh ag guí

Lem dhá chluas bíodh teagmháil agam
le fuaimeanna agus go mblaise mo dhá shúil
fuil íobartha
lig dom scréacha a bholú

Trí do chailéideascóp lonrach
lig do mo chuid litreacha súnás, bás agus
an tsíoraíocht a fheiscint agus iad leata cheana féin
ar an bpár bán

Dileep Jhaveri, File as Mumbai
Leabhar dá chuid filíochta, aistrithe ag Gabriel Rosenstock, le foilsiú i 2013

2012-11-07

Fóta Haiga: Moore Hall

Íomhá le Ron Rosenstock
Moore Hall
the caw of a rook
could flatten it
Moore Hall
ba dhóigh leat go leagfadh
grág préacháin é

2012-11-05

Taoi Ionam/ You are in me

Brightest of beings
In sun-surprised February
Flower out of season
You illuminate the night
A falling star
Shower after shower
My sky is empty now
You are in me
           A bhé luisneach
A ghrian gan choinne i mí Feabhra
A bhth roimh am
Soilsíonn Tú an oíche
Titeann Tú Id réalta reatha
Sprais i ndiaidh spraise
Is tá mo spéirse anois lom
Taoi ionam

As/From:
Bliain an Bhandé
Year of the Goddess
Gabriel Rosenstock
ISBN 9781904556663
Dedalus 2007

Ríomhleabhar:eBook ó Original Writing

Munir Niazi: Gaotha ar Fán

Macalla

I bhfad ón domhan seo,
i bhfad ón bhfiabhras is ón gcallán,
tá croí ar fán
dála éagaoin na gaoithe.

I bhfad ón mbruach
an chéad liú cráite
ina chuilithín báite.
Macalla aonair ar fán

Baazgasht
Oíche Dhearóil

Os cionn na heoclaipe
I bhforaois fhairsing na réaltaí creathacha
Gabhann an ghealach ar fán léi féin go huaigneach.

Gustaí gaoithe ag monabhar
Is iad i ngleic le géaga fuara na heoclaipe.

Faoi bhun an chrainn,
Duilleoga feoite ar snámh san aer

Shab-i-Viran
Gaotha Ar Fán
Munir Niazi
Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge air.
Coiscéim 2006

rLeabhar (méadaithe) foilsithe i 2012 ag Original Writing.