Sráideanna na cathrach seo againne
Dronnach ar nós na gcamall,
guagach ar nós na mban,
in aimhréidh mar ghruaig sa ghaoth,
ársa mar chreidimh an domhain,
seansiúlta mar pháláis
agus a gcuid clós á ní
i lár mhí Iúil
ag scata Sathrasáid is iad crón glórach
gona sála heine-dhearga;
sráideanna a n-éiríonn leo
ceithre ráithe na bliana a léiriú
ar nós féilire leathanach scaoilte.
Anseo, ar feadh an chosáin,
tá Feabhra ag scuabadh léi ó thuaidh –
cosúil le gluaisteán buile allúrach,
ach díreach timpeall an chúinne
tá crann cainchí faoi bhláth;
athraíonn sráideanna go tobann ag crosbhóithre
ón Eoraip go dtí an Áise, ón Áise go dtí an Eoraip.
(Seo anois asal a d’éalaigh
ó charbhánlann ársa, uisce aige á ól
as lochán ón tríú mílaois).
I ndiaidh polaiteoirí a ainmníodh
an chéad leath de na sráideanna seo,
i ndiaidh filí an dara leath –
ní thig le sráideanna ná le páistí
a n-ainmneacha féin a roghnú.
Agus táimid ag siúl ar a bhfuaid
faoi mar ba mhúsaem amuigh faoin aer é
agus comharthaí leathcheilte
le feiceáil anseo is ansiúd:
Bhí Cónaí Orm Anseo, Mo Chéad Phóg
Is de dhuirleoga ar leith iad na sráideanna seo againne
is dár gcroíthe iad.
Alta Talib-Zada (ainm cleite Alina Talybova) – An Asarbaiseáin