Macalla I bhfad ón domhan seo, i bhfad ón bhfiabhras is ón gcallán, tá croí ar fán dála éagaoin na gaoithe. I bhfad ón mbruach an chéad liú cráite ina chuilithín báite. Macalla aonair ar fán
Baazgasht
|
|
Oíche Dhearóil Os cionn na heoclaipe I bhforaois fhairsing na réaltaí creathacha Gabhann an ghealach ar fán léi féin go huaigneach. Gustaí gaoithe ag monabhar Is iad i ngleic le géaga fuara na heoclaipe. Faoi bhun an chrainn, Duilleoga feoite ar snámh san aer
Shab-i-Viran
| |
Munir Niazi
Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge air.
Coiscéim 2006
rLeabhar (méadaithe) foilsithe i 2012 ag Original Writing.