2021-06-14

Ní leanaí leat iad do chuid leanaí.

 Ní leanaí leat iad do chuid leanaí.
Clann mhac is clann iníonacha na Beatha iad is í ag tnúth léi féin.
Tríbhse ach ní uaibh a thángadar,
Agus cé gur faraibh atá siad ní libh iad.
 
Féadann sibh bhur ngrá a thabhairt dóibh ach ní bhur gcuid smaointe,
Mar tá a gcuid smaointe féin acu.
Féadann sibh díon dá gcolainn a chur ar fáil dóibh ach ní dá n-anam,
Mar is i dtigh an lae amárach atá cónaí ar a n-anam, nach féidir cuairt a thabhairt air, fiú i dtaibhreamh.
D’fhéadfá tabhairt faoi bheith cosúil leo, ach ná tabhair faoi iadsan a bheith cosúil leatsa.
Mar ní ghabhann an saol siar agus ní chrochann thart leis an lá inné.
Is sibhse na boghanna óna dteilgtear bhur leanaí mar shaigheada beo.
Feiceann an boghdóir an marc ar chonair na síoraíochta, agus lúbann Sé lena neart thú chun go raghadh A shaigheada i bhfad agus go mear.
Lúbtar faoi lámh an Bhoghdóra thú ar mhaithe le lúcháir;
Má tá grá Aige don tsaighead a eitlíonn, tá grá Aige chomh maith don bhogha atá socair.

Kahlil Gibran

2021-06-13

Peter's denial,
Anton Robert Leinweber (1845-1921),
1919, Gouache on paper

scairt an choiligh . . .
an scairt a chuir Peadar
ag sileadh na ndeor

2021-06-12

Ní Gealach í a Gnúis, Ná Ní Loiteoga


Ní gealach í a gnúis, ná ní loiteoga
iad a dhá súil, ní d'ór a géaga:
Feoil is cnámha í. D'inis na filí bréaga!
Á, is geal linn í, creidimid an t-éitheach, leoga.

Bhratrhari
(a bhláthaigh sa chúigiú haois)

 

2021-06-11

Ní Déarfad ach an Méid Seo

Bhláthaíomar
san Earrach

Duilleoga Dé
is ea ár gcolainn.

Tig leis an tsúil séasúir shamhalta an bháis is na beatha
a fhulaingt

Ach an t--anam, a thaisce, déarfad lom amach é,
is é Dia féin é

Ní chaillfear sinne
mura gcaillfear
Eisean

Naomh Treasa d'Avila

2021-06-10

Breocharn an Fhile

 I ndomhan a chaitheann púicín

Seo mé chun an druma síora í a bhualadh
– Bhikku Nanamoli

Ní hé seo an chéad dán
Atá tógtha amach as an sean-chomhad deannachúil agam.
Tá roinnt dánta ann atá fós úr
Agus boladh nua na bpotaí cré uathu.

Agnaye swaha!

Sé ofráil tosaigh dod bhreocharnsa é
An t-aistear i dtreo na beithe
Is na neamh-bheithe

Bhí tú anseo go dtí inné
Agus sa dath buí i gcúinne
Na nduilleog seasann tú anois mar pheann im ghlac
Sa scríobadh a dheineann sé ar pháipéar
Is tú an ghaoth ag seoladh léi trím ghaothrán
Bolaímse thú mar a bholóinn spíosraí géara


Agnaye swaha!

Sé seo an dara hofráil agam
do do bhreocharnsa.

Tá an bád san fharraige
Tá na héisc sa líon
Tá na héisc á marú ag an iascaire
Scáil á tréigean is ea gorm
Rud is ea bád a théann go tóin poill
Iasc mise duitse

Agnaye swaha!

Tá tusa in iarsmaí an dáin seo
Le chéile a scríobhamar é, nach cuimhin leat?

Na focail
An t-aer
Crónán ár n-anála.
Tá tusa anseo istigh
I snáithíní mo chuid smaointe
I síoraíocht mo ghrása
Duit

Agnaye swaha!

Agus go deo deo is choíche
Is sa dán seo a bheidh tú
Sa bhosca folamh
Sna duilleoga a thit den chrann
Is i mboladh na spíosraí nach bhfanann san aer.

2021-06-09

Súdaireacht ná Fuáil Níor Thuigeas Riamh

Súdaireacht ná fuail níor thuigeas riamh,
 cé go dtagann daoine chugam ag lorg bróg.
Níl snáthaid agam chun na poill a dhéanamh
ná uirlis agam a ghearrfadh an snáth.
  Bíonn daoine eile ag fuáil, snaidhmthe i lúb na lúb
     is mise, gan snaidhm, saor.
Leanaimse orm á rá Ram agus Ram, arsa Ravidas
 agus tugann an Bás aire dá ghnó féin.

Ravidas

 

2021-06-08

Ar sise le cara mná

 Ar seisean liom: Fan dílis.
Is d’fhanas dílis dó go docht
dílseacht a mhéadaigh le gach bac.
Ata, teann, ullamh
mhothaíos go dlúth ionam é
líon a láithreacht as láthair
go hiomlán mé.
 
Go tobann –
an doirteadh beag seo,
rud gan tábhacht dar leis.
A tharraingt amach asam go grod
an craiceann féin á bhaint díom.
 
Péist talún mé ag lúbarnaíl
i mbogoighear dearg
oscailte
do na spéartha laomtha

Priya Sarukkai Chabria

2021-06-07

Haiku


 
Covid...
an domhan go léir
faoi cheilt

Coivid...
the whole world
in purdah

2021-06-05

Chugam Aniar Thú

Do mhaide haca, do ríomhaire
gan gíocs i do sheomra
do leaba chomh mín le síoda, gan roc
do bhord in ord is in eagar, gach rud ina áit
agus sa chúinne, ar an urlár, péire cuarán
       balbh, ciúin
 
Ar mhaithe leat féin, chuireas chun bealaigh thú
in aghaidh mo thola
ach ón lá a d’imís
tá an croí uaigneach seo, na súile cráite seo
ag tnúth le do theacht
 
Ó, tar, sea tar
is cuir gach aon ní bun os cionn arís
sa seomra néata seo
cuir ceol ar siúl chomh hard agus is mian leat
tóg raic is cuma liom
ach lig dom tú a bhrath arís sa tigh seo
 
Chugam aniar thú
ní thabharfaidh mé amach duit arís go deo

Tarannum Riyaz

2021-06-04

Vasile Popescu

an trasalváin -
níl éinne ná aon ní
nach bhfeictear
transylvania -
nothing or nobody
goes unobserved
トランシルバニア
何も 誰も
見られずにゆく

Leagan Seapáinise Mariko Sumikura
transylvania -
naethin or naebodie
gaes unsein

Leagan Albainise John McDonald

2021-06-03

Ag Feitheamh le Rusty

 An tseanbhean a fheiceann tú
ag gliúcaíocht amach as fuinneog an íoslaigh
sí mo mháthair í.
Tá sí ag feitheamh le Rusty, gadhairín
a bhuaileann isteach chuici uaireanta
ón tsráid.
Is cuma má thagann Rusty nó mura dtagann.
An rud is tábhachtaí ná an feitheamh
a leanfadh uaireanta go dtí an clapsholas
a mheascann go mall leis na scáthanna ar an tsráid.
 
Dúisíonn mo mháthair go tobann um meán oíche
chun an ruaig a chur ar na cait atá ag troid faoin leaba.
Síothlaíonn an glór sula n-éiríonn sí.
De réir a chéile tuigeann sí
gur i seomra beag in íoslach atá sí
seachas sa sráidbhaile ina raibh comh-chearta
ag madraí fáin, cait, lucha
is baill an teaghlaigh go léir sa tigh.


Tá sí os cionn ochtó, go leor fadhbanna aici
mar a thuigfeá, an féinmheas ag laghdú.
Níl feidhm léi níos mó, streachailt leis an tuairim sin.

An lá cheana nuair a chuas isteach chuici
go ciúin
shuigh sí ansin agus na súile druidte aici
leabhar beag oscailte aici ar a glúine.
B’fhéidir gur ag machnamh a bhí sí
ar véarsaí an Naoú Gúrú a bhí díreach léite aici:
níl i gcaidreamh daonna ach seachmall
níl sa chruinne ach boilgeog a éiríonn is a phléascann
tá Rama imithe, Ravana imithe,
níl aon ní buan,
Aontacht leis Siúd an fhírinne,
an t-aon fhírinne  . . .
 
Bhí loinnir ina gnúis
cheapfá gur foilsíodh rud éigin di.
Scar a beola le gáire muiníneach.
 
Cuireann fothram mo chuid coiscéimeanna isteach uirthi.
Osclaíonn a súile agus féachann sí orm láithreach.
Géilleann a cuntanós d’aoibh mháthartha.
An chéad cheist a chuireann sí orm an raibh dóthain codlata agam aréir.
Tá sí fós buartha faoin nós atá agam an iomarca a léamh.
Liosta mór fada gearán ansin:
Tá gach éinne anseo ar nós cuma liom,
níl éinne ann a labhródh léi, níl am ag na páistí,
gan ach Béarla ar an teilifís . . .
Caithfidh sí dul ar ais go Punjab i mbliana
féachaint an bhfuil gach rud i gceart
sa bhaile, caithfidh sí.
Ach ní thagann gearán ar bith óna béal.
Éiríonn a clár éadain teann, na súile ag iarraidh
deora a cheilt.
 
De réir a chéile tosnaíonn sí ag caint arís
faoin mbean bhéal dorais
atá níos sine ná í, níos mó céille aici
agus atá ag feitheamh chomh maith le Rusty beag
is é ar fán lasmuigh ar an tsráid.

Ajmer Rode

2021-06-02

An Fáidh

Leabhar 26 fabhalscéal scríofa mar dhánta próis é An Fáidh le Kahlil Gibran, file agus fealsamh Liobánach-Mheiriceánach. Ba sa bhliain 1923 a foilsíodh ar dtús é agus is é an saothar is iomráití de chuid Gibran é. Aistríodh go breis is 100 teanga é, ceann de na leabhair is mó a aistríodh riamh. Ní raibh sé riamh as cló. 

Cuirtear an Fáidh Almustafa in aithne dúinn i dtosach an leabhair. Dosaen bliain atá sé ag feitheamh leis an long a thabharfaidh abhaile é. Sula n-imíonn sé, iarrann cuid d'áitreabhaigh na cathrach Orfalaís air a thuiscint do choincheapa áirithe a roinnt leo den uair dheireanach ("Labhair linn faoi..."). Tugann an Fáidh 26 seanmóir uaidh a bhaineann le buncheisteanna na beatha, is e sin an grá, an pósadh, leanaí, déirc, ithe is ól, obair, áthas is brón, tithe, éadach, díol agus ceannach, coiriúlacht agus pionós, dlíthe, saoirse, réasún agus paisean, pian, féin-eolas, teagasc, cairdeas, caint, am, maith is olc, paidreoireacht, pléisiúr, áilleacht, reiligiún, agus i ndeireadh na dála, an bás. Sa chaibidil dheireanach, tá ceist cad is brí le brí fite fuaite ina bhriathra scoir.


The Prophet is a book of 26 fables written in English prose poetry by the Lebanese-American poet and philosopher Kahlil Gibran. It was first published in 1923 and is Gibran's best known work. The Prophet has been translated into over 100 languages, making it one of the most translated books in history. It has never been out of print. 

The narrative introduces us to the Prophet Almustafa, who has waited twelve years for his ship, which will finally take him back to his homeland. Before leaving, some inhabitants of the city of Orphalese ask him to convey to them his insights on various topics for the last time ("Speak to us of..."). The Prophet relates 26 sermons that deal with basic questions of human life, namely love, marriage, children, giving, eating and drinking, work, joy and sorrow, houses, clothes, buying and selling, crime and punish-ment, laws, freedom, reason and passion, pain, self-knowledge, teaching, friendship, talking, time, good and evil, prayer, pleasure, beauty, religion, and finally death. In the final chapter, Almustafa interweaves a discussion about the question of meaning into his parting words.

An Fáidh
Kahlil Gibran
Traschruthaithe ag Gabriel Rosenstock
Evertype 2021&
ISBN 978-1-78201-249-8 

Smaoineamh an Lae

Tá 'riail an dlí' ann chun leas an chaipitleachais a chosaint, in ainm an oird phoiblí, na slándála agus an daonlathais. Trí lipéid ar nós 'sceimhlitheoir' a úsáid agus 'antoisceach' is féidir a rá faoi shaghsanna áirithe gníomhaíochtaí go bhfuil siad as miosúr ar fad, imithe thar fóir ón easaontú dlisteanach go dtí gníomhaíocht choiriúil.

Tom Anderson





2021-06-01

Tá gach duine ina Dhia

Tá gach duine ina Dhia


Tá gach duine ina Dhia dar liom!
        duáilce ná fabht
        ní léir do mo shúil níos mó.

Síor-ríméad anois é
        an saol a bhí lán d'fhulaingt;
        suaimhneach é mo chroí mar linn lán,
                ag cur thar maoil.

An aghaidh is a scáil
        ag faire ar a chéile;
        is éagsúil iad, ach is ionann.

Agus nuair a dhoirteann an sruthán san aigéan  . . .
        ní hann níos mó don sruthán!

Tukaram

All men to me are god-like Gods!


All men to me are god-like Gods!
        My eyes no longer see
        vice or fault.

Life on this suffering earth
        is now endless delight;
        the heart at rest and full,
                overflowing.

In the mirror, the face and its reflection
        watch each other;
        different, but one.

And, when the stream pours into the ocean...
        no more stream!

By Tukaram

(1608 - 1649)

English version by Ivan M. Granger

Real Thirst: Poetry of the Spiritual Journey by Ivan M. Granger


Also available through Wordery Free shipping anywhere in the world