2021-06-03

Ag Feitheamh le Rusty

 An tseanbhean a fheiceann tú
ag gliúcaíocht amach as fuinneog an íoslaigh
sí mo mháthair í.
Tá sí ag feitheamh le Rusty, gadhairín
a bhuaileann isteach chuici uaireanta
ón tsráid.
Is cuma má thagann Rusty nó mura dtagann.
An rud is tábhachtaí ná an feitheamh
a leanfadh uaireanta go dtí an clapsholas
a mheascann go mall leis na scáthanna ar an tsráid.
 
Dúisíonn mo mháthair go tobann um meán oíche
chun an ruaig a chur ar na cait atá ag troid faoin leaba.
Síothlaíonn an glór sula n-éiríonn sí.
De réir a chéile tuigeann sí
gur i seomra beag in íoslach atá sí
seachas sa sráidbhaile ina raibh comh-chearta
ag madraí fáin, cait, lucha
is baill an teaghlaigh go léir sa tigh.


Tá sí os cionn ochtó, go leor fadhbanna aici
mar a thuigfeá, an féinmheas ag laghdú.
Níl feidhm léi níos mó, streachailt leis an tuairim sin.

An lá cheana nuair a chuas isteach chuici
go ciúin
shuigh sí ansin agus na súile druidte aici
leabhar beag oscailte aici ar a glúine.
B’fhéidir gur ag machnamh a bhí sí
ar véarsaí an Naoú Gúrú a bhí díreach léite aici:
níl i gcaidreamh daonna ach seachmall
níl sa chruinne ach boilgeog a éiríonn is a phléascann
tá Rama imithe, Ravana imithe,
níl aon ní buan,
Aontacht leis Siúd an fhírinne,
an t-aon fhírinne  . . .
 
Bhí loinnir ina gnúis
cheapfá gur foilsíodh rud éigin di.
Scar a beola le gáire muiníneach.
 
Cuireann fothram mo chuid coiscéimeanna isteach uirthi.
Osclaíonn a súile agus féachann sí orm láithreach.
Géilleann a cuntanós d’aoibh mháthartha.
An chéad cheist a chuireann sí orm an raibh dóthain codlata agam aréir.
Tá sí fós buartha faoin nós atá agam an iomarca a léamh.
Liosta mór fada gearán ansin:
Tá gach éinne anseo ar nós cuma liom,
níl éinne ann a labhródh léi, níl am ag na páistí,
gan ach Béarla ar an teilifís . . .
Caithfidh sí dul ar ais go Punjab i mbliana
féachaint an bhfuil gach rud i gceart
sa bhaile, caithfidh sí.
Ach ní thagann gearán ar bith óna béal.
Éiríonn a clár éadain teann, na súile ag iarraidh
deora a cheilt.
 
De réir a chéile tosnaíonn sí ag caint arís
faoin mbean bhéal dorais
atá níos sine ná í, níos mó céille aici
agus atá ag feitheamh chomh maith le Rusty beag
is é ar fán lasmuigh ar an tsráid.

Ajmer Rode