2021-08-31

Renata Al-Ghoul

Renata Al-Ghoul, Kaktus
im' neach deilgneach
atáim anois, a thaisce
ní aithneofá mé
        sé seo baile na héigse
        baile ceart na fáistine
a strange prickly thing
is what i'm now, Beloved
You wouldn't know me
        this is the home of poetry
        here is where prophecy thrives

2021-08-30

Summertime/ Samhradh

Photo-Haiku: Jason Symes/ Gabriel Rosenstock


 samhradh gan srian
fadó fadó...
ciúnas

freewheeling summers
of long ago...
silence

2021-08-29

Dán do John Zerzan / Poem for John Zerzan

 


Rincfimid fós ar na cloig
is ar na ríomhairí, a John
déanfar seanváls
nó Fallaí Luimnigh
is na cloig is na ríomhairí go léir
ina smidiríní

Tiocfaidh an lá
ligfear dúinn análú
gan cead a lorg ó éinne
saor fá dheoidh
gan chlog
gan ríomhaire
is am go leor againn
chun na croibh phréacháin a thabhairt faoi deara
ár bpáistí
agus dán a scríobh
chomh fiáin leis an gcéad dán a scríobhadh ar an ngaoth

We'll get to dance yet, John
on clocks and computers 
we'll dance a slow waltz
or The Walls of Limerick
crush clocks and computers
beneath our dancing feet

That day will come
and we shall be able to breathe
free at last 
no clock
no computer
and we'll have time
to notice all the buttercups
our children
and compose a poem
as wild as that first poem written on the wind


2021-08-28

Jankel Adler

Jankel Adler, No Man's Land, 1943
nach nochtfá, a stór
as an gclapsholas síoraí
is m'ainm a rá
        éiríonn sé gruama i d'éagmais
        éagruthach agus gan bhrí
will You not appear
from the never-ending dusk
and whisper my name
        without You the world grows dark
        dark, amorphous, meaningless

2021-08-27

Teifigh

Ivan Milev, Teifigh, 1926
tagaid as duifean
imíonn siad as sa duifean
cad tá á dtiomáint
        cuirimid lámh lenár gcroí
        sreang dheilgneach 'na thimpeall
they come from the gloom
and vanish into the gloom
fleeing we know not
        we put a hand to our heart
        it's surrounded by barbed wire

2021-08-26

Haiku

Banksy
tá gach duine sa bhád amháin
ach an féidir an captaen
a thrust?
we are all
in the same boat
but can we trust the captain?

2021-08-25

Ealta Druideanna

Tá cruinniú éigin ar tí tosú
ar imeall an tráthnóna,

an comhfhios ag ráthú
agus an lá ag dul ó léas,

gach bricín ann féin,
an toil á cur féin in iúl,

foirmítear an scáinne bheo
le lúbadh is le lonrú

mar íomhá thréigthe
de na Saighneáin.

Ina gceann is ina gceann
tiocfaidh siad chun scíthe

i gcathair duilleog,
lonnaíocht cleití.

David Cooke

2021-08-24

Hoca Ali Riza

a shearc, is eol duit
go mbead ar sceabha i gcónaí
ar fiar más maith leat
        dírigh mé (más áil leat) ach
        claonfad an treo eile ansin
Beloved, you know
i shall always be aslant
askew, if you like
        straighten me up (if You can)
        i shall lean the other way

2021-08-23

Tháinig do Leabhar / Your Book Arrived

 

Your Book Arrived

for Sabitha Satchi

Your book arrived from New Delhi
I knew at once it was your book
and I smiled at the delivery guy
he was not accustomed to such a smile
and smiled back, abashed
indeed, my smile surprised myself.
I wanted to open the book in his presence
and say, Don't go
you've got to hear this:
'Dear Comrade, the day the poet died
it was raining outside. Black
and brown horses were grazing
on the overgrown meadow
near the flooded river ...'

But, I let him go, Sabitha
he had other packages to deliver
among them - who knows? - perishable goods.

Tháinig do Leabhar

do Sabitha Satchi

Tháinig do leabhar ó Dheilí Nua
Bhí a fhios agam ar an toirt gurbh é do leabharsa é
agus dheineas meangadh gáire leis an bhfear seachadta
ní raibh taithí aige ar mheangadh gáire
is dhein sé meangadh gáire ar ais liom agus cotadh air
go deimhin, chuir mo mheangadh gáire iontas orm féin.
Theastaigh uaim an leabhar a oscailt láithreach
agus a rá leis, Ná himigh
caitfidh tú éisteacht leis seo:
'A Chomrádaí dhil, bhí sé ag cur báistí 
an lá a cailleadh an file. Bhí capaill
dhubha is capaill dhonna ar iníor
sa mhóinéar a bhí ina fhásach
gar don abhainn a bhí ina tulca...'

Ach scaoileas leis, a Sabitha
bhí pacáistí eile aige le seachadadh
ina measc - cá bhfios? - earraí a lobhann.

2021-08-08

Yamamura Toyonari

leis na milliúin bliain
mé ag feitheamh go himníoch
le bheith im' dhuine
        chun go gcanfainn duit, a shearc
        agus d'ainmse a rá
for millions of years
i have waited anxiously
to be a human
        to sing to You, Beloved
        to utter Your name, at last

2021-08-07

Conas péire cuarán nua a cheansú

ná coinnigh le chéile iad
ná lig dóibh labhairt lena chéile
 
d’fhéadfaidís ceardchumann a bhunú
 
ná fág go deo iad gar
do chlog balla, leabhair ar an dlí, féilire, bratach náisiúnta
portráid de gandhi ná nuachtán
ar eagla go bhfaighidís amach faoi
lá na saoirse, satyagraha,
laethanta saoire, uaireanta oibre, íosphá agus
caimiléireacht
 
ná tabhair chun an teampaill iad
gheobhaidís amach láithreach go bhfuil tú lag
gur dia bréige é do dhia-sa agus luífidh siad ort
 
ná tabhair in aice leis an mbord seomra bia go deo iad
d’fhéadfaidís bia a lorg
nó an drochshúil a chaitheamh ar do dhinnéar blasta
 
úsáid ar dtús iad le haghaidh siúlóidí gearra
ansin cuir leis an bhfad de réir a chéile
 
na bíodh a fhios acu go deo an méid oibre is gá dóibh a dhéanamh
scaoil na strapaí teanna
lig dóibh a bheith sona
 
tá siad ag éirí níos mó
smear roinnt sean-ola ar na strapaí garbha
le go mbraithfidís ungtha
 
oibrithe maithe ceansaithe anois iad
ullamh chun ragobair a dhéanamh
 
do do chosa ramhra

Gopal Honnalgere (1942-2003)

2021-08-06

White Lily, Vinalhaven, Maine

Ron Rosenstock
gabhann milliún bliain thart
in aon soicind amháin . . .
dúiseacht an anama
a million years
fly by in a second . . .
the soul's awakening

2021-08-05

Ferdynand Ruszczyc



tusa an teach solais
mo dhoircheacht is cúis leat
tá mé ag brath ort
        tá tusa ag brath ormsa
        grá dorcha dod' chothú
You are the lighthouse
my darkness created You
we need each other
        what's Your purpose without me
        dark love it is that feeds You

2021-08-04

Taj Mahal

Ar éigean má thugann na páistí faoi deara é
Is iad ag dul ar scoil, é ar a chromada
san abhainn mar tharbh dronnach

a ruball á bhagairt aige ó am go ham
ar an slua de thurasóirí
cosnochta. Tá siad bailithe leo anois,

an t-impire agus an bhanríon ab ansa leis,
le trí chéad bliain
nó mar sin. Ach an lasair mharmair seo

gealach eile an Domhain, féach
mar a chuimlíonn sí salann mín luachmhar
le créacht an ghrá leatromaigh



R. Parthasarathy

2021-08-03

Eduardo Viana

is leor d'ainmse
is critheann sreanga an ghiotáir
tugtar éisteacht dóibh
        is é d'ainmse, a shearc
        a chraobhscaoileann a gcuid rún
Your name is enough
and the guitar strings tremble
they long to be heard
        it is Your name, beloved
        that releases their secret

2021-08-02

Vajda Lajos

briathra na saoithe
an bhfanfaidh siad, a chuisle
tar éis mionchainte
        táid cheana á leá i dtost
        basctha brúite 'na neamhní
the words of the wise
will they rise above chatter
and remain, my love
        no, they dissolve in silence
        and break into nothingness

2021-08-01

Paula Modersohn-Becker

is bóthar fada é
bhíos anseo cheana, a chuid
aithním gach casadh
        ach nílim in ann dul siar
        níl thiar ansin ach taibhsí
ah, it's a long road
and yes, i've been here before
i know every turn
        and yet i cannot go back
        nothing behind me but ghosts