2018-03-31

Haiku le Issa on mbliain 1814

Cad a tharla sa bhliain 1814?

  • Tosnaíonn misinéirí ar an Maoris a bhreacadh síos den chéad uair
  • Rugadh Richard D’Alton : 
 ‘The three past years, during leisure moments, have been devoted by me to know the Irish language, with which I was previously utterly unacquainted. The labour was severe and often abandoned, almost with despair, because I could not find correct books to study from. The rules for pronunciation were a jumble of contradictions, owing to the misspellings of words, the confounding of radical and adventitious letters, and the want and misplacing of marks. All these errors caused a false reading, which made a babel of the language, brought the laugh of the Irish-speaking listener on the reader, and thus forced him to resign all further attempts towards attaining his Mother tongue.’ (ainm.ie)
  • Rugadh an file Úcránach Taras  Shevchenko
  • Rugadh an scríbhneoir Éireannach Sheridan Le Fanu
  • Rugadh an scríbhneoir Rúiseach Mikhail Lermontov
  • Rugadh Seán Pléimeann, scoláire Gaeilge
  • Cailleadh an tírghráthóir Thomas Davis
  • Cailleadh Johann Gottlieb Fichte, fealsamh Gearmánach
  • Cailleadh Theophilius O’Flanagan, scoláire Gaeilge

Agus sa bhliain 1814 chum Issa an haiku seo:
 

éanlaith uisce
leath ina gcodladh –
an domhan ar snámh

.水鳥よ今のうき世に寝ぼけるな

mizudori yo ima no ukiyo ni nebokeru na


Cad is brí le ukiyo, ‘domhan ar snámh’?

2018-03-28

Crann

Jason Symes
faoi mar a fhanann crann
le grian na maidine
d'fhanamarna
    lena chéile . . .
    oíche fhada na síoraíochta
as a tree waits
for the morning sun
we have waited
    for one another . . .
    long night of eternity
όπως το δέντρο
τον ήλιο του πρωιού
περιμέναμε
    ο ένας για τον άλλον. . .
    μακρά αιώνια νύχτα

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

Filí Haiku Nach nDéanfar Dearmad Orthu

2018-03-27

Féar le linn Gorta

Triomach uafásach
is tá na héin tar éis na crainn
a fhágaint agus na seangáin
a gcuid cnoc seangán
N'fheadair éinne cá bhfuilid
d'imigh na doirse
sea bhailíodar leo
bailithe leo go deo

Triomach uafásach
agus seasann beithígh go ciúin
ag stánadh ar a chéile

Féachann Daid ina thimpeall
agus ar seisean -
Triomach mar é
ní raibh riamh cheana
féar an basti féin
feoite fiú amháin
Níor chuala caint riamh
ar bhás an fhéir . . .
ar sé agus titeann dá thost.
Amach liom
sa tóir ar fhéar
Féachaim thart
ar an bhféarach seasc
mé ag breathnú i dtoibreacha
suas síos na sráideanna
na crosbhóithre
ach ní thagaim
ar an nglaise is lú
Tagaim ar chrúiscíní folmha
buicéid, liacha, trinsiúir
féachaim isteach sna crúiscíní
i súile na ndaoine
ach ní fheicim puinn féir
Sa deireadh i ndiaidh cuardaigh fhada
ar fud na lonnaíochta
abhaile liom is díomá orm
agus sa draein thirim in aice leis an tobar
i measc píosaí de ghloine bhriste
faighim spléachadh ar phonc glas
an féar é?
Sea, féar atá ann
deinim amach -

Nuair a théim abhaile
tugaim an dea-scéala do m'athair
agus tagann luisne ina ghrua
fiú sa dorchadas -
'Tá dóchas ann i gcónaí
má tá féar ann  . . .'
Ar sé faoina anáil
is báitear ansin ina chuid smaointe é

Kedarnath Singh

2018-03-26

Bob Dylan: Athrú na nGardaí/ Changing of the Guards


Sé bliana déag
Sé bhratach déag is iad aontaithe sa pháirc
An t-aoire maith faoi bhrón
Baothdhána, mná agus fir gan treoir
Sciatháin á leathadh faoi dhuilleoga.

Glaonn fortún
Do shiúil mé amach as scáth, ‘dtí an margadh
Ceannaithe ann, gadaithe ann, is cumhacht ag teastáil,
Nach cumhra í, nós na móinéar ’nar rugadh í,
Roimh Lá Fhéile Eoin, gar don túr

An ghealach gan chroí
An captaen ann os cionn an mhór-cheiliúrtha
Smaointe á gcur go dtí an ainnir mhín
A cuntanós dubh nach n-insíonn rud ar bith fúithi
Tá an captaen thíos ach creideann sé i gcónaí go mbeidh an grá binn

Do lomadh í
Í stróicthe idir Iúpatar is Apalló
Do tháinig teachtaire le filiméala dubh
Bhí sí ar an staighre is b’éigean dom í a leanacht
I ’leanacht síos thar an scairdeán, a caille á hardú

Do sheas mé ansin go lag
Is chuas thar an léirscrios i ngach claí
Na greamanna á gcneasú faoin tatú i gcruth croí
Sagairt gan mhaith agus feall gach óg-chaillí
Na blátha á dtabhairt amach ’thugas duit mar fhéirín.

Pálás na scáthán
Is frithchaitheamh na saighdiúirí
An ród gan chríoch is clingíní na ndeor
Gach seomra lom agus cosaint ar a cuimhní
Agus glór na n-aingeal, éisteann le gach sprid ón am fadó.

Dúisíonn sí é
Dhá lá ina dhiaidh sin, an ghrian ag briseadh
Na seanslabhraí, labhras sléibhe, is carraig mhór
Is iarrann sí air a rá léi gach céim atá roimhe
Í tarraingthe síos, is greim aici ar a chuid gruaige mar ór.


A chairde, ar sé.
Níl aon ghá agam le bhur n-eagraíocht, shnasas bhur mbróg’
Bhogas bhur sléibhte, oraibh mo shúil
Tá Parthas á dhó,
Beidh oraibh réiteach le haghaidh bhur ndeireadh nó -
An misneach a fháil ionaibh le haghaidh an garda á athrú.

Tiocfaidh síth
Le suaimhneas séimh is niamhracht ar na rothaí teo
Ach ní tairbhe dhúinn é le titim na n-íol fann
Is géilleann an bás fuar is a thaibhse ag cúlú
Idir an Rí is Banríon na Lann.

2018-03-25

Co. an Chláir/ Co. Clare

Ron Rosenstock
osna...
tráthnóna fada ag socrú síos
i gCoill an Droma Mhóir
a sigh...
the long evening settles down
in Dromore Wood

2018-03-24

Haiku (5-7-5) le Alvaro Cardona-Hine

Muga a léiríonn cás ina gcoinnítear criogar

criogair criogair criog-
air criogair criogair criogair
criogair criogair criog



Féach freisin:

2018-03-23

Graifítí an Lae

Ní saill gan fiacha é réabhlóid. Is é is réabhlóid ann ná streachailt idir an todhchaí agus an t-am atá caite.

Fidel Castro


2018-03-22

Solas

Grianghraif: Jason Symes
is go tobann
i lár mhí Feabhra
chuimhníos ort
    m'aigne líonta
    leis an samhradh
and then suddenly
in the month of February
I thought of you
    my mind flooded
    with summer
και τότε ξάφνου
μες στον Φλεβάρη μήνα
σκέφτηκα εσένα
    πλημμύρισε ο νους μου
    έγινε καλοκαίρι

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou
is gu h-obann
am meadhan a’ Ghearrain
chuimhnich mi ort fhèin
    m’ inntinn air a lìonadh
    leis an t-samhradh

Leagan Gaeilge na hAlban: Rody Gorman

2018-03-21

Haiku le Issa ón mbliain 1815

Ealaín: Basuki Abdullah
an gort ríse sin agat
an gort seo agamsa . . .
an ghlaise chéanna


君が田も我田も同じ青み哉

kimi ga ta mo waga ta mo onaji aomi kana

2018-03-20

Jason Symes

Grianghraf: Jason Symes
tugann sí uaithi iad go léir
gach aon íomhá inti...
Abhainn na Life
she gives them all away
all her reflected images...
the Liffey
bidh i gan toirt air falbh uile,
a h-uile h-ìomhaigh innte -
Abhainn na Life

Leagan Gaeilge na hAlban: Rody Gorman

2018-03-19

Mise agus mo Phearsa Féin

Tarlaíonn sé ar uairibh
go mbraithim níos soiléire ná riamh
gur i gcomhluadar mo phearsan féin
atáim.
Tugann sé sin sólás, misneach
agus uchtach dom,
díreach faoi mar a thugann mo scáth féin
go dearbh, uchtach dom' cholainn thríthoiseach.

Tarlaíonn sé ar uairibh, dáiríre
go mbraithim níos soiléire ná riamh
gur i gcomhluadar mo phearsan féin
atáim.
Stopaim
ag cúinne sráide chun casadh ar chlé
agus fiafraím díom féin cad a thitfeadh amach
dá siúlfadh mo phearsa féin ar dheis.
Níor tharla sé sin go dtí seo
ach tá an cheist fós gan réiteach.



Myself and My Person


There are moments
when I feel more clearly than ever
that I am in the company
of my own person.
This comforts and reassures me,
this heartens me,
just as my tridimensional body
is heartened by my own authentic shadow.

There are moments
when I really feel more clearly than ever
that I am in the company
of my own person.

I stop
at a street corner to turn left
and I wonder what would happen
if my own person walked to the right.

Until now that has not happened
but it does not settle the question.
 
-- as Talking to My Body, le Anna Swir / Czeslaw Milosz agus Leonard Nathan a chuir Béarla air

2018-03-18

Graifítí an Lae

An gníomh is réabhlóidí a d’fhéadfadh éinne a dhéanamh ná an fhírinne a insint.

Howard Zinn

2018-03-11

Mo Ghoa-sa

Manohar Sardessai


Is geall le brídeog í mo Ghoa-sa
Bráisléid ghlasa ar a géaga
Oíche ghormghlas réaltógach
É mo Ghoa-sa

Is geall le leanbh é mo Ghoa-sa
Is é suite in ucht na gcnoc
Bachlóg mogra é
Ar chraobh na mara

Is pictiúr é Goa
Ar dhath an tuair cheatha
Brionglóid é Goa
Is cuimhní fite tríthi

Seomra oscailte Kuber
Lán de dhiamaint é Goa
Tóirse ar lasadh é
A chomórann bua na beatha

Coiscéim bheag é Goa
Ar chosán an domhain
Is ceol é
A bhfuil rithim chosmach á lorg aige

Sé is Goa ann ná an phailm atá fréamhaithe
Im' chroíse á santú agam go séimh
Maoin mhór é Goa
Luach saothair na ndea-ghníomhartha go léir


My Goa

 

My Goa is like a bride
Green1 bangles2 in her arms
An azure starry night
Is my Goa

My Goa is like a child
In the lap of the hills
My Goa is a mogra3 bud
On the branch of the sea

Goa is a picture
The colour of the rainbow
Goa is a dream
Woven with memories

Goa is Kuber’s4
Diamond-laden open room
Goa is the burning torch
Of life’s victory

Goa is a tiny footstep
On the earth’s pathway
Goa is music
Seeking the cosmic rhythm

Goa is a gentle longing
For the palms5 rooted in my heart
Goa is the great wealth
The reward of my lives’ good deeds6

_______________________________
1 ‘Green’ (panchvea) It may have derived from pachu (emerald). The plural form pachvo may have given panchvea (Ameeta Agshikar)
2 Bangles (chuddo), a set of five green bangles worn by the bride
3 Mogra – jasmine. A white flower with a soft fragrance
4 Kuber – God of wealth
5 Palms – (Kavthe) refer to the tender newly planted coconut tree
6 “Lives” refers to punnya, that is, one’s good deeds done over a lifetime. In Hindu belief, there is a reward for the accumulated good deeds of the individual after many rebirths.

2018-03-10

Sráid Uí Chonaill

Sráid Uí Chonaill


An teip Uasal, ní raghaidh amú
A bua féin aici, is léir
Tagann aoibhneas ó ghlúin go glúin
Anuas chugainn ó ré go ré.
An Áilleacht féin gan tuiscint tá,
Is gleoite í anseo ba dhóigh leat:
Longa bána thíos cois trá
Na mairbh is a mbrionglóidí.

Gabriel Rosenstock


O’ Connell Street


A Noble failure is not vain
But hath a victory of its own
A bright delectance from the slain
Is down the generations thrown.
And, more than Beauty understands
Has made her lovelier here, it seems;
I see white ships that crowd her strands,
For mine are all the dead men’s dreams.

Francis Ledwidge (19. 8. 1887 – 31. 7. 1917)

2018-03-09

Haiku

嚏して心曇天へと紛る  大塚 凱

kusame shite kokoro donten e to magiru


sraoth  . . .
deintear cuid den spéir scamallach
de mo chroí        

Gai Ohtsuka


2018-03-08

Dánta le Shuntaro Tanikawa

鳥羽 1


何ひとつ書く事はない
私の肉体は陽にさらされている
私の妻は美しい
私の子供たちは健康だ

本当の事を言おうか
詩人のふりはしてるが
私は詩人ではない

私は造られそしてここに放置されている
岩の間にほら太陽があんなに落ちて
海はかえって昏い

この白昼の静寂のほかに
君に告げたい事はない
たとえ君がその国で血を流していようと
ああこの不変の眩しさ!

 

Toba 1


Níl faic agam le scríobh ina thaobh
Mo cholainn nochta faoin ngréin
Is álainn í mo chéile mná
Tá na páistí folláin

Lig dom an fhírinne a insint duit
Ní file mé
Ag ligint orm atáim

Cruthaíodh mé, is fágadh anseo mé
Féach, an ghrian ina caise i measc na mbollán
Ag éirí níos dorcha atá an mhuir

Seachas séimhe seo an mheán lae
Níl faic is mian liom a rá leat
Fiú más ag cur fola i do thír féin atá tú
Á, an loinnir shíoraí seo!

 

Toba 2


Ní mian liom an nóiméad seo a bheith ina shíoraíocht
Is leor an nóiméad seo a bheith agam faoi mar atá sé
Tá bealach agam féin fiú chun breith ar an móimint éalaitheach seo
Tá an ghrian ag bogadh ar aghaidh cheana féin

Scríofa ar ghaineamh
Atá na focail seo sin uile
Ní le mo mhéara
Ach lem’ chroí aerach a dhorchaíonn i bhfaiteadh na súl

Tá mo pháistí dealraitheach liom
Ní dealraitheach liom atá mo pháistí
Is cuma liom, bealach amháin nó bealach eile

Fágadh mo chroí i dteannta sliogán mara, púróga is píosaí
De bhuidéil bhriste ar bhruach uisce
Ar phláinéad atá chomh crua is chomh soghonta liom féin

 

Tuama an Fhile


Bhí fear óg ann uair
A mhair ar an bhfilíocht
Scríobhadh sé dán molta le haghaidh bainise
Scríobhadh dán le greanadh ar leac uaighe dá gcaillfí duine


Is iomaí comhartha buíochais a tugadh dó
Tugadh ciseán uibheacha dó
Nó léine nua
Nó glanadh amach a sheomra dó mura raibh aon rud eile le tabhairt dó

Brea sásta a bhí sé le pé féirín a bronnadh air
Ghabh sé buíochas le cách
Leis an tseanbhean as an bhfáinne óir a thug sí dó
Leis an ngearrchaile as an mbábóg pháipéir a dhein sí féin dó.

Bhí ainm air
Ach an File a ghlaoití air. Níor úsáideadh a ainm riamh
Chuir sé sin as dó ar dtús ach
Chuaigh sé i dtaithí air de réir a chéile

Leath a cháil i gcéin is i gcóngar is tháinig orduithe isteach
An té ar thaitin cait leo bhí dánta uaidh faoi chait
An beadaí bhí dánta uaidh faoi bhia
An leannán bhí dánta uaidh faoin ngrá

Níor dhiúltaigh sé d’iarratas ar bith dá dheacra é
Shuíodh sé ag an sean-bhord corrach sin
Ag stánadh roimhe ar feadh tamaill
Agus tháinig an dán chuige ar chuma éigin

Bhí meas an domhain mhóir ag gach éinne ar a chuid dánta
Dánta a chuirfeadh ag gol os ard thú
Dánta a chuirfeadh ag gáire id’ ghealt thú
Dánta a chuirfeadh ag machnamh go maidin thú

Cuireadh an-chuid ceisteanna air
“Cá bhfuair tú bua na scríbhneoireachta?”
“Cad is gá dom a léamh le bheith i m’fhile?”
“Cad as a dtagann an friotal álainn go léir?”

 Freagra níor tháinig.
Ní fhéadfadh sé freagra a thabhairt, fiú dá mba mhaith leis é.
Ní dúirt sé ach, “N’fheadarsa ach oiread.”
Dúirt gach éinne gur duine deas ab ea é.

Lá amháin tháinig bean óg chun é a fheiscint.
Bhí a chuid dánta léite aici is theastaigh uaithi bualadh leis.
Thit sé i ngrá léi chomh luath is a leag súil uirthi
Chum dán gan dua is thiomnaigh di é.

Nuair a léigh sise an dán bhraith sí mar nár bhraith riamh cheana.
Ní raibh a fhios aici an gliondar nó dobrón a bhí uirthi
Theastaigh uaithi réaltaí na hoíche a stoitheadh lena cuid ingne
Bhraith sí gur theastaigh uaithi filleadh ar an am sular rugadh í.

Ní mothú daonna é seo, an chéad rud a rith léi
Is rud diaga é nó murab ea is rud diabhalta
Phóg sé í mar a dhéanfadh leoithne
Níor thuig sí an i ngrá leis siúd nó lena chuid filíochta a bhí sí.

Bhíodar in aontíos le chéile ón lá san ar aghaidh
Nuair a réitigh sí bricfeasta dó, chum seisean dán faoin mbricfeasta
Nuair a phioc sí caora fiáine, dán faoi chaora fiáine a scríobh sé
Nuair a bhain sí di a cuid éadaigh, chum sé dán faoina háilleacht

Bhí sí bródúil as mar fhile
Dar léi go raibh sé i bhfad níos tábhachtaí dán a scríobh
Ná an talamh a threabhadh, meaisín a thógáil
Seodra a dhíol, nó bheith i do rí

Ach bhraith sí uaigneach, leis, ó am go ham
Dá mbrisfí pláta costasach
Ní bheadh goimh air, thabharfadh sé sólás di
Bhí áthas uirthi, ach fós féin bhí rud éigin in easnamh

Nuair d’inis sí dó faoina mamó a bhí fágtha ina diaidh aici
Tháinig deora lena shúile
Ach bhí glandearmad déanta aige mar gheall air an lá arna mhárach
Bhí sé sin cineál aisteach, dar léi

Bhí sí sásta mar sin féin
Theastaigh uaithi a bheith leis go Lá Philib an Chleite
Agus nuair d’inis sí an méid sin dó, d’fháisc sé lena ucht í
A shúile dírithe ar an imigéin, ní uirthi siúd

Leis féin a bhíodh sé i gcónaí is é i mbun filíochta
Ní raibh cairde ar bith aige
Nuair nach ag scríobh filíochta a bhí sé
Bhí an chuma air go raibh leamhas air

Ní aithneodh sé copóg thar neantóg
Mar sin féin scríobh sé go leor dánta faoi bhláthanna
Tugadh go leor síolta bláthanna dó mar chomhartha buíochais
Chuir sise bláthanna ag fás sa chlós

Tráthnóna amháin bhí cumha uirthi is gan fhios aici cén fáth
Chloígh sí leis agus chaoin go faíoch
Ar an bpointe boise chum sé dán faoi dheora a cinn
Stróic sise an dán is chaith uaithi é

Bhí cuma bhrónach air
D’fhéach sise ar a aghaidh, í ag gol níos tréine ná riamh, is bhéic
“Abair rud éigin nach dán é –
Rud ar bith, abair amach é!”

D’fhan sé ina thost, go tromchroíoch
“Níl faic le rá agat, an bhfuil?
Gan substaint atá tú
Gabhann gach rud tríot, sin uile.”

“Ní mhairimse ach sa spás seo anois,” ar sé
“Inné ná amárach níl agamsa
I m’aislingse níl aon ní ann
Mar tá an domhan seo ró-thorthúil is ró-álainn!”

Bhuail sí lena dhá dorn é
Arís is arís eile go tréan
Gur éirigh a cholainn glé –
Dofheicthe, mar aer, a chroí, a inchinn, a phutóga.

Is fuair sí radharc tríd ar shráidbhaile
Ba léir di páistí ag imirt folach bíog
Ba léir di leannáin i ngreim docht a chéile
Ba léir di Mam agus pota á chorraí aici

Fuair sí radharc ar fheidhmeannach a bhí ar meisce
Siúinéir agus lomán aige á shábhadh
Seanfhear agus é leath-phlúchta ag casachtach
Leac uaighe ar tí titim as a chéile

Tháinig sí chuici féin agus í ina seasamh
Cois leac uaighe ina haonar
Bhí an spéir ghorm chomh fairsing is a bhí riamh
Is gan oiread is siolla amháin greanta ar an leac.

~~~~~~~~


Sliocht as agallamh leis an bhfile:


“You know, there’s this ‘collective unconscious’  Jung talks about. Perhaps I had come to believe that all of us would be connected at the level of such a collective unconscious. If so, I thought to myself, I would be able to connect with others, or would want to connect to others, to the extent that I could touch upon the depths far below my consciousness . . . And, in terms of my relationships with readers, I probably thought that I would or should be able to engage with them, not at a conscious level, or through the left brain, but through the right brain . . . you see, the left brain controls reason and intellect, right? Generally people form relationships with others through it, I mean, in day-to-day reality. But my thinking was, “Couldn’t we make a profound connection, in poetry, through the right brain, that is, in the realm that acts for the amorphous and the intuitive?” So from around this time, probably, I was beginning to think along the line of Jung’s collective unconscious. . . .”

 
This is how I have been writing poetry 1942–2009 (Nanaroku-sha, Tóiceo, 2010)

2018-03-07

Trocknet nicht, trocknet nicht

File: Goethe
Cumadóir: Schubert

Trocknet nicht, trocknet nicht


Trocknet nicht, trocknet nicht,
Thränen der ewigen Liebe!
Ach! nur dem halbgetrockneten Auge
Wie öde, wie todt die Welt ihm erscheint!
Trocknet nicht, trocknet nicht,
Thränen unglücklicher Liebe!

Ná triomaigh, ná triomaigh


Ná triomaigh, ná triomaigh
Deora na dianseirce síoraí!
Uch! Fiú an tsúil atá leath-thriomaithe
Nach leamh di nach marbh atá an saol!
Ná triomaigh, ná triomaigh,
Deora an ghrá 'tá gan ghliondar!

2018-03-06

An Úire


An Úire

The Freshness by Rumi

Translated by Coleman Barks


When it's cold and raining,
you are more beautiful.
Is áille thú
sa bhfuacht, faoin bhfearthainn.
And the snow brings me
even closer to your lips.
Is tugann an sneachta níos cóngaraí fós
do do bheola mé.
The inner secret, that which was never born,
you are that freshness, and I am with you now.
Rún na rún nár rugadh riamh,
tusa an úire sin is táim farat faoi láthair.
I can't explain the goings,
or the comings. You enter suddenly,
Níl míniú agam ar an teacht
ná ar an imeacht. Isteach leat go tobann,
and I am nowhere again.
Inside the majesty.
is nílimse áit ar bith
arís. Sa mhórgacht sin.

Art by Sandra Rilova

2018-03-05

The Irish Genocide/ Cinedhíothú na nGael

mionghné/ detail: 'Gorta'
Lucy Davidson.
éamh na marbh . . .
níl guth ag na daoine
atá beo
the dead cry out . . .
voiceless the ones
still alive

2018-03-04

Jaya Radha



Sé do bheatha
A Bhanríon Vrindavan
Is tú ár máithrín
Réalt gheal san fhirmimint
A shoilseoidh ionainn
Go lá an bhrácha
Mo ghairm thú
is tú foinse ár n-áthais!

2018-03-03

Manuel Carrillo

Manuel Carrillo
an gcloiseann tú é?
smeacharnach caointe
an domhain chéasta
can you hear it?
uncontrollable sobbing
of the crucified earth
μπορείς ν' ακούσεις;
αχαλίνωτος λυγμός
σταυρωμένης γης

Leagan Gréigise:Sarah Thilykou
Is eol dúinn go raibh an chruthaíocht go léir le chéile go dtí anois ag cneadach le tinneas mar a bheadh sí ar a leaba luí seoil.

Rómhánaigh 8:22

2018-03-02

Loitiméireacht

Loitiméireacht

Deineadh loitiméireacht ar an bhfógra dhátheangach
a sheasann go huaigneach leis féin
agus tú ag teacht isteach i nGleann na nGabhar
Tá an Béarla – Glengower – scriosta
agus níl fágtha ach Gleann na nGabhar.
Daoine atá ag iarraidh Glengower a bhaint amach
tá mearbhall ceart anois orthu
níl a fhios acu ó thalamh an domhain cá bhfuilid
féachann an áit ar nós Glengower
tá na siopaí is na pubanna céanna ann
an séipéal folamh is an reilig lán
an dealbh . . . ach
an féidir a bheith lánchinnte?

Tagann Coiste Forbartha an Bhaile le chéile
agus iad ar fad ag tarraingt na gcos
ní ardaítear an cheist in aon chor
tar éis an tsaoil, cé a dhéanfadh a leithéid?
níl ach fanaiceach teanga amháin ar an mbaile –
an Cathaoirleach – agus tar éis uair an chloig
gan mórán in aon chor a rá
cuirtear an cruinniú ar athlá.

 

Vandalism


The bilingual sign standing so lonely
by itself as you approach Glengower
has been vandalized.
The English – Glengower –has been destroyed
all that’s left is Gleann na nGabhar.
People trying to reach Glengower
don’t know the hell where they are
shops and pubs are still standing
the empty church, the graveyard that’s full,
the statue  . . . yes,  but
can one be perfectly sure?

The Development Committee convenes
all dragging their feet
the question isn’t even brought up
after all, who would perpetrate such an act?
the town boasts only one language fanatic –
the Chairman – and after a full hour
with nothing of any consequence spoken
the meeting is postponed.

2018-03-01

Der stürmische Morgen

File: Wilhelm Müller
Cumadóir: Franz Schubert

Maidin na Stoirme

Féach mar tá c’laith na spéire
Stróicthe ag an ngaoth!
Is stróicthe atá na néalta
Ag strus is callshaoth.

Is dearg iad gach lasair
A léimeann lán de bhrí.
An bhfeacaís riamh aon mhaidin
Chomh fiáin léi riamh!


Ag breathnú ar na spéartha
Atá an croí im’ chliabh –
Is péinteálann sé pictiúr
Den gheimhreadh fuar is fiáin!

Der stürmische Morgen

Wie hat der Sturm zerrissen
Des Himmels graues Kleid!
Die Wolkenfetzen flattern
Umher im mattem Streit.

Und rothe Feuerflammen
Ziehn zwischen ihnen hin.
Das nenn' ich einen Morgen
So recht nach meinem Sinn!

Mein Herz sieht an dem Himmel
Gemahlt sein eignes Bild -
Es ist nichts als der Winter,
Der Winter kalt und wild!